Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag teacht i méadaíocht growing up
" An Náisiúnachas Úr ======= Ba chomhartha é an ráiteas sin go raibh an "Náisiúnachas Úr" ag teacht i méadaíocht.
ag teacht i dtír ar taking advantage of
" Is álainn iad na moscanna anseo ach meabhraíonn na foirgnimh eile Beirlín dom, Oirthear Bheirlín aimsir an Chumannachais, agus is é a deir siad ná, "Nach téagartha sinn anois! Nach orainn atá an rath!" Is ea, tá Teamhair ina féar agus féach an Traí mar atá … An bhfuiltear ag teacht i dtír ar Indiaigh ar bhealaí eile fós? Chonaiceamar saothar an-bhreá le healaíontóir Indiach anseo, déanta as adhmad, iad ar díol ar 250 dirham an ceann, abair tríocha punt.
ag teacht i mbun a méide coming into its own
" Bhain siad go háithrid leis an chéad ghlúin a fuair ardoideachas fríd mheán na Fionlainnise, nach raibh ach ag teacht i mbun a méide mar theanga chultúrtha san am sin.
ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír taking advantage of the weakest group in the country
" Ní féidir le feidhmeannaigh RTÉ a bheith ag gearán leis na polaiteoirí maidir leis an nganntan airgid atá orthu, agus ag an am céanna bheith ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír chun na milliúin euro in ioncam fógraíochta a shaothrú.
ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha taking advantage of its natural resources
" Níl an dara rogha anois ag na Naisiúin Aontaithe ach teacht i gcabhair ar Mheiriceá le cinntiú go ndéanfar an Iaráic a riaradh go cothrom agus nach mbeidh comhlachtaí móra ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha, idir an ola agus acmhainní eile nach í.
ag teacht i dtír ar taking advantage of
" Tá sé mícheart, ar ndóigh, chomh mícheart le polaiteoirí measúla a bheith ag iarraidh íocaíochtaí ar son a bpatrúnachta - na daoine seo a bheadh ag tabhairt amach fá pharamílitigh ar thaobh amháin agus ag teacht i dtír ar a stádas mar fheisirí ar an taobh eile.
ag teacht i dtír ar taking advantage of
" Tá sé féin, le cois a chomhghleacaí Michael Daly, go láidir den tuairim gur ar mhaithe leo féin a bhíonn go leor de na coimeádaithe ealaíne agus na gnólachtaí móra, agus go bhfuil siad ag teacht i dtír ar phíosaí ealaíne atá faoina gcúram ar mhaithe lena leas féin.
ag teacht i dtír ar taking advantage of
" Go deimhin, bhí an córas sa nGearmáin réasúnta maith ag teacht i dtír ar bhuntáistí an chaipitleachais agus an tsóisialachais araon.
ag teacht i bhfeidhm coming into force
" Amannta is míbhuntáiste é an córas daonlathach seo toisc go mbíonn athruithe tábhachtacha mall ag teacht i bhfeidhm, ach is gné thábhachtach é freisin den CLG toisc go dtugann sé úinéireacht an chumainn do na gnáthbhaill, agus ar an gcaoi sin Cumann Lúthchleas Gael a choinneáil láidir sa phobal.
ag teacht i bhfeidhm being implemented
" Is gearr go mbeidh na hathruithe sin ag teacht i bhfeidhm agus beidh sé suimiúil a fheiceáil cén difríocht a dhéanfaidh siad do chaighdeán agus do ghluaiseacht na gcluichí.
ag teacht i dtír ar taking advantage of
" Ach is é an rud is suntasaí faoi ná go bhfuil sé ag teacht i dtír ar an obair atá déanta cheana féin sa Eoraip i réimse na dteangacha.
ag iarraidh teacht i bhfóir ar dhaoine trying to help people
" Bhí cuid acu a raibh an saol fágtha acu, tuilleadh as a gcéill le pian, daoine eile a bhí balbh leis an eagla, agus tuilleadh arís a bhí ag siortadh thart fríd chonamar an charráiste ag iarraidh teacht i bhfóir ar dhaoine nach raibh tarrtháil le déanamh orthu.
ag teacht i dtír ar taking advantage of
" Ina theannta sin, níl siad ag teacht i dtír ar an chultúr mór fíona atá sa tír anois, ná baol air.
ag teacht i mbláth. beginning to blossom.
" Maíonn na heasaontóirí go bhfuil an poblachtánachas marbh, ar ndóigh, ach is cosúil go bhfuil an fhís agus an straitéis a chruthaigh Adams agus a gcomhghleacaithe agus iad i gCampa na Ceise Fada sna 1970í ag teacht i mbláth.
ag teacht i dtír ar an tslí taking advantage of the way
" Creidim go bhfuil deis iontach ann anois d’eagras nua nó do dhuine cruthaitheach lipéad nua don aois seo a bhunú – nó seanlipéad a atheagrú – ag úsáid na nuatheicneolaíochta agus an idirlín, agus ag teacht i dtír ar an tslí a bhfuil go leor daoine ann a bhfuil tallann acu nach bhfuil ceangailte le lipéad ar bith.
ag teacht i dtír taking advantage of, utilising
" Ach níl muid ag teacht i dtír ar an spéis ata acu sa cheol, agus níl muid ag cur réimse leathan ceoil ar fáil dóibh.
ag teacht i dtír ar an fheiniméan, taking advantage of the phenomenon
" Mar gheall ar go bhfuil an oiread sin spéise á léiriú ann, ní haon ionadh é go bhfuil comhlachtaí agus eagraíochtaí móra gnó san fhíorshaol – Reuters, Nike agus Sony, cuir i gcás – ag teacht i dtír ar an fheiniméan, agus tá leithéidí úinéirí dánlann ealaíne agus ealaíontóirí i measc iad siúd ar mian leo a gcuid féin den ghnó a bheith acu.
ag teacht i dtír ar a bhfuil ar siúl taking advantage of what is happening
" htm) le fios, tá comhlachtaí áirithe Éireannacha ag teacht i dtír ar a bhfuil ar siúl san earnáil cheana féin.
ag teacht i dtír ar an dea-thoil taking advantage of the goodwill
" **Imeachtaí eile**Le cois na n-imeachtaí a bhfuil baint dhíreach acu le Seachtain na Gaeilge, bíonn eagraíochtaí agus tionscadail eile ag teacht i dtír ar an dea-thoil i leith na teanga a bhíonn i gceist le linn choicís na féile.
ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí. taking advantage of the threat of narcotic terrorism.
" Thart faoin am seo, agus bagairt na Sóivéadach ag dul i léig, thosaigh rialtas Reagan-Bush ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí.
ag teacht i dtír. coming inland
" “*Failt erriu dys Mannin”* (Fáilte romhat go Manainn) a bhí scríofa ar chomhartha agus mé ag teacht i dtír.
ag teacht i dtír ar ár n-imní taking advantage of our worry
" Ach an bhfuil aon chontúirt ann go bhfuiltear ag teacht i dtír ar ár n-imní? An féidir muinín iomlán a bheith againn as ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe? Nó an bhféadfadh aidhmeanna folaigh a bheith ag cuid acu? Ina óráid ag tús Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) sa bhliain 1992, dúirt an fear a bhí ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, Maurice Strong: “*.
ag teacht i dtír benefitting
" An Spéis ina Leithscéal Tá iontas le feiceáil ar aghaidheanna na gcuairteoirí agus iad ag siúl thart go ciúin machnamhach ag grinniú na marbhán agus na mball coirp éagsúil atá ar taispeáint agus is mar gheall ar an spéis ollmhór seo a chosnaíonn Premier Exhibitions iad féin ón ghearán go bhfuil siad ag teacht i dtír ar na mairbh agus ag tacú leis an sárú atá á dhéanamh ar chearta daonna sa tSín.
ag teacht i gcló forming
" A Uachtaráin, sílim go n-aithním an aghaidh eile sin atá ag teacht i gcló – an ghruaig liath, na súile gorma glinniúla, an gealgháire glic sin.
ag teacht i dtír landing, coming ashore
" Nuair a thosaigh iarrthóirí na hÁise ag teacht i dtír as báid neamhúdaraithe ag lorg tearmainn go luath sna nóchaidí, cuireadh i bhfeidhm beartas na coinneála éigeantaí, ar bhonn tacaíochta dépháirtí.
ag teacht i réim coming to power
" Go deimhin, agus í ag teacht i réim, tá an Bhrasaíl ar thairseach ré nua mar chumhacht domhanda.
ag teacht i dtreis gaining strength
" Sin rud atá ar siúl i láthair na huaire, agus tá na Briotánaigh ag teacht i dtreis ina n-oidreacht ceilteach.
ag teacht i gcabhair ar coming to the aid of
" Dar leo tá siad tinn tuirseach fosta de bheith ag teacht i gcabhair ar na náisiúin Eorpacha eile a chaith a maoin go rabairneach.
ag teacht i ndáil a chéile meeting each other
" An Dáil ==== Ciallaíonn an focal dúchasach Toronto áit na gcruinnithe agus is cathair mar a tuairisc í mar sin mar is minic daoine ag teacht i ndáil a chéile anseo.
ag teacht i dtreis anois coming into its own
" An é an meath ar an scríobh agus ar an léitheoireacht a tháinig le himpireacht an idirlín is cionsiocair leis seo? Nó an é nach bhfuil an méid spéise céanna i gcúrsaí staire sa lá atá inniu ann agus a bhíodh achar gairid ó shin? An bhfuil an ghlúin nua atá ag teacht i dtreis anois níos dírithe ar an am i láthair ná ar oidhreacht choiteann an duine? Glúin Úr agus Gluaiseacht Úr =============== Más mar sin é, bheadh cosúlachtaí móra idir ghluin óg an lae inniu agus glúin Kerouac.
ag eagrú teacht i dtír organizing the landing
" Tá Wallasey ar an leathinis Cilgwri, idir na haibhneacha Merswy agus Dyfrdwy, os comhair Learpholl, agus bhí Méara an bhaile, Moira McLaughlin i láthair chun fáilte a chur roimh an Ollamh Stephen Harding, atá ag eagrú teacht i dtír an bháid sa cheantar agus tá Paul Mercer atá ina chúntóir ag bunáit an togra: Haugesund san Iorua.
ag teacht i ndáil comhairle lena chéile coming together to discuss
" Is fada siar anois a thosaigh dhá thaobh an phobail i nDoire ag teacht i ndáil comhairle lena chéile lena gcuid fadhbanna a réiteach.
don ghlúin atá ag teacht i méadaíocht the next generation
" Óir tá teachtaireacht láidir á tabhairt ag na Gardaí don ghlúin atá ag teacht i méadaíocht sa Ghaeltacht faoi láthair – ’sé sin go gcaithfidh siad a gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh trí mheán an Bhéarla.
aos óg atá ag teacht i méadaíocht the generation now growing up
" Is beag an t-ualach a bheas san aos óg atá ag teacht i méadaíocht sa Ghaeltacht faoi láthair ar an státchiste sna blianta beaga amach romhainn.
ag teacht i gCabhair ar an tSaoránacht coming to aid citizenship
" Ach cén bhrí atá leis an tsaoránacht ó thaobh an linbh de mura bhfuil ceart aige a bheith tógtha ag a thuismitheoirí in aonad teaghlaigh ina thír dhúchais? An tAE ag teacht i gCabhair ar an tSaoránacht ===================== D’fhág breithiúnas na Cúirte Uachtaraí go raibh ar inimircigh nár chomhlíon coinníollacha an IBC/05 Scheme imeacht as an tír.
suaimhneas agus ciall ag teacht i réim peace and sense coming to the fore
" Ní fheicfimid suaimhneas agus ciall ag teacht i réim go dtí sin.
bhí sé ag teacht i méadaíocht when he was growing up
" Deir sé nach raibh aon deacracht aige féin an teanga a fhoghlaim nuair a bhí sé ag teacht i méadaíocht i dTiobraid Árann ach gur beag tairbhe a bhí sa Ghaeilge dá chomhscoláirí a chuaigh ar an bhád bhán go Sasana.
a bheadh ag iarraidh teacht i dtír ar which would trying to make a living from
" D'fhéadfadh an Bord ceadúnais a eisiúint (nó a aisghairm dá mba ghá) do chomhlachtaí a bheadh ag iarraidh teacht i dtír ar an fhuinneamh ghaoithe.
ag teacht i méadaíochta growing up
" Ní raibh an ghlúin úr a bhí ag teacht i méadaíochta i ndiaidh an chogaidh ábalta a gcuid sinsir a a leanstan chuig na longchlóis Cois Chluaidh.
ag teacht ar ghaolta i bhfad amach find distant relations
" Tá an teanga ina chonstaic fosta,” ar sé cé go n-admhaíonn sé go bhfuil an t-ollfhás faoi ghnóthaí cumarsáide ina chuidiú agus Airgintínigh ag teacht ar ghaolta i bhfad amach fríd an idirlíon.
ag teacht i dtír ar taking advantage of
" Tá an nua-theicneolaíocht ag cabhrú leis na comhlachtaí geallghlacadóireachta a mbrabús a mhéadú go mór agus tá comhlachtaí áirithe teilifíse ag teacht i dtír ar an teicneolaíocht chomh maith chun ioncam a shaothrú.
ag teacht i dtír ar an bhfisic taking advantage of physics
" Tá lucht cruthaithe na gcluichí ríomhaireachta ag teacht i dtír ar an bhfisic anois, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, chun domhain níos réadúla a chruthú.
ag teacht i dtír orthu taking advantage of them
" Ach an bhfuil Collins féin ag teacht i dtír orthu chomh maith, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann.
níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin, the opposition is not managing to take advantage of those difficulties,
" Tá go leor deacrachtaí ag rialtas na hAstráile ach níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin, mar a mhíníonnn Dáithí Ó Colchúin.