Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
agallamh interview
" Mar shampla, i mbliana chuaigh mé faoi agallamh raidió ag plé leis an gcúrsa Gaeilge san ollscoil agus faoi cheistiúchán i meánscoil i sráidbhaile gar do Lublin a bhain le hÉirinn agus an Aontas Eorpach.
sraith agallamh a series of interviews
" "Rinne mé sraith agallamh do Raidió na Gaeltachta an samhradh seo caite.
agallamh interview
" Mar shampla den mheon a bhaineann leis an Craobhchomórtas, in agallamh le nuachtán náisiúnta, dúirt iarchaptaen de chuid Chontae an Chláir nach raibh sa chluiche ceannais den tSraith Náisiúnta idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann (cluiche a moladh go hard) ach "cluiche taispeántais" agus go mbeadh "fíorchluiche" iománaíochta idir an Clár agus Tiobraid Árann i gCraobhchomórtas na Mumhan.
agallamh interview
" Níor stad mo ghuthán ag bualadh - b'éigean dom agallamh a dhéanamh leis an "Marion Finnucane Show" ar RTÉ 1, a raibh an cás mar phríomhscéal acu, dhá agallamh le Raidió na Gaeltachta agus le roinnt mhaith nuachtán.
agallamh interview
" Nach sampla maith é seo den chumhacht atá ag na meáin chumarsáide agus easpa cumhachta na ngnáthdhaoine? Is cuimhin liom nuair a rinne mé agallamh le deartháir de dhuine de Sheisear Birmingham don *Irish Post *i 1987.
agallamh interview
" "Gan amhras ar bith," a dúirt Maier in agallamh le gairid, "is iad muintir Chinnéide an scéal polaitiúil is mó ón ré seo agus is páirt lárnach de scéal Mheiriceá sa 20ú haois iad.
agallamh interview
" Thógfadh sé agallamh eile leis sin a phlé! AÓF: An ndéarfá go bhfuil tú ag síneadh do láimhe siar thar teorainn eile, teorainn an ama b'fhéidir, le bheith ag "windeáil" le hamhránaithe agus le filí ó aimsir eile, aimsir atá thart ar bhealach amháin ach atá fós beo sna hamhráin de réir mar atá siad á ngabháil anois? PNíU: Gan amhras ar bith.
agallamh eisiach exclusive interview
" Tá sé chomh mór sin ar a sháimhín só gur thoiligh sé agallamh eisiach a dhéanamh le Balor an Bhéil Bhinn do *Beo ar Éigean*.
agallamh eisiach exclusive interview
" Ar scor ar bith, seo chugaibh agallamh eisiach na míosa seo idir Seoirse Óg Mac Sceiche na Bóibéise agus Balor an Boicín Braobanta.
faoi agallamh being interviewed
" Bhí an tAire Spóirt faoi agallamh níos mó ná uair amháin in aghaidh an lae le gairid chun ceisteanna a fhreagairt faoin gceist fhíor-thromchúiseach seo.
agallamh interview
" Thaispeáin mé mo chárta ón nuachtán dó agus rinne mé agallamh gasta leis ar an chosán.
agallamh interview
" Bhí muid san aerfort in Fairbanks, Alasca an geimhreadh seo caite, agus mise ansin chun agallamh a dhéanamh do phost.
agallamh interview
" Bhí muid san aerfort in Fairbanks, Alasca an geimhreadh seo caite, agus mise ansin chun agallamh a dhéanamh do phost.
agallamh interview
" Is cuimhin liom agallamh a chur ar Gerry Adams i ndiaidh ceann de na géarchéimeanna sin a chráigh próiseas na síochána go leanúnach le blianta anuas.
agallaimh interviews
" Is léir ón gclár don deireadh seachtaine go bhfuil rogha ábhair ann do gach duine agus beidh díospóireachtaí, plé, agallaimh, ceardlanna agus siamsaíochtann, agus deiseanna oiliúint a fháil, líonrú a dhéanamh agus ceisteanna a chur.
agallamh foirmeálta formal interview
" Bhínn gléasta le aghaidh agallamh foirmeálta agus mé ag cur isteach ar chlár siamsaíochta.
agallamh interview
" Le déanaí cuireadh agallamh ar chúigear iarrthóirí don phost áirithe seo tar éis don liosta d’ocht n-iarrthóir déag a bheith giorraithe ó fógraíodh é.
agallaimh interviews
" Is léir ón gclár don deireadh seachtaine go bhfuil rogha ábhair ann do gach duine agus beidh díospóireachtaí, plé, agallaimh, ceardlanna agus siamsaíochtann, agus deiseanna oiliúint a fháil, líonrú a dhéanamh agus ceisteanna a chur.
agallaimh interviews
" Is léir ón gclár don deireadh seachtaine go bhfuil rogha ábhair ann do gach duine agus beidh díospóireachtaí, plé, agallaimh, ceardlanna agus siamsaíochtann, agus deiseanna oiliúint a fháil, líonrú a dhéanamh agus ceisteanna a chur.
agallamh eisiach exclusive interview
" Damnú ar a dhá shúil, cac an diabhail air agus marbhfháisc air fosta,” a ghuigh sé i ndiaidh dó agallamh eisiach a chur ar fhear an Pháirtí Dhaonlathaigh, an tAire le Dílárú agus Duainéis Náisiúnta.
le hiad a ullmhú don agallamh to prepare them for the interview
" Cuireann sé straitéis do na meáin chumarsáide le chéile do chomhlachtaí freisin agus cuireann sé oiliúint orthu le hiad a ullmhú don agallamh ar ‘Morning Ireland’ nó ‘Prime Time’.
dul faoi agallamh be interviewed
" Ní mór dul faoi agallamh le do chumas Gaeilge a mheas leis an deontas seo a fháil ach amháin sa chás gur éirigh le duine de do chuid páistí deontas Scéim Labhairt na Gaeilge a fháil.
curtha faoi agallamh interviewed
" Ach, sa deireadh bhí mé tagtha go dtí an pointe go raibh mór-Ghaeil Bhaile Átha Cliath go léir curtha faoi agallamh agam níos mó ná uair amháin.
agus déanamh agallamh doing interviews
" Bhíomar ar an ‘Ryan Tubridy Show’, dheineamar Corcaigh inné, 96 FM, beimid ag dul ar ‘Ardán’ (TG4), agus déanamh agallamh le go leor páipéar.
agallamh interview
" Tá an *News Letter *sásta ráitis ó na sceimhlitheoirí seo a chur i gcló ach ní fhaca mé riamh agallamh nó tagairt féin don ghrúpa POBAL a bhfuil sárobair déanta acu ag ullmhú don Acht.
agallamh a chur ar mholtóirí Chorn Uí Riada, to interview the judges of the Ó Riada Cup,
" “Cinnte, ó thaobh aithne a chur ar mhuintir na féile agus na daoine atá ag plé leis – deis a fháil, mar shampla, agallamh a chur ar mholtóirí Chorn Uí Riada, ceist a chur orthu cén fáth a ndearna siad an cinneadh seo nó an cinneadh siúd, cén tuiscint a bhí acu ar an sean-nós, cén chiall a bhain le stíleanna éagsúla sean-nóis a chur i gcomórtas lena chéile – ceisteanna mar sin a phlé.
chun go bhféadfainn agallamh a chur air so that I could interview him
" Chuir Ihimaera roinnt ama ar leataobh chun go bhféadfainn agallamh a chur air maidin Aoine amháin le linn bhriseadh lárthéarma Ollscoil Auckland, áit a bhfuil sé ag obair.
cúpla uair le linn an agallaimh a few times during the interview
" ” Deir sé go magúil go mbeadh an-rath ar an Ghaeilge arís dá mba rud é gur chuir na Sasanaigh Éirinn ar fad faoi chois!Cuirim ceist ar Krauss cúpla uair le linn an agallaimh cad é is féidir linn a dhéanamh leis an taoide a chasadh agus stop a chur le meath na dteangacha.
ábhar agallaimh interview material
" Ar ábhar agallaimh do *Beo!* é Bob? Scéal cinnte.
agallamh interview
" “Ar chláir amháin chuir mé agallamh ar bhuíonta ceoil ón bPolainn a bhí ag teacht anseo, ar chlár eile chuireamar triúr cailíní Polannacha ar choinne le hÉireannaigh agus labhair mé leo go léir faoin eachtra agus faoi na tuairimí a bhí acu dá chéile, agus na difríochtaí idir Polannaigh agus Éireannaigh.
i gcomhair agallaimh don iris. to do an interview for the magazine.
" Bhuaileamar leo i lár na cathrach i gcomhair agallaimh don iris.
an t-agallamh the interview
" Cuireadh an t-agallamh ar Mhairéad Farrell cúpla mí sular maraíodh í i nGiobráltar.
In agallamh In an interview
" In agallamh san *Irish Times* in 2002, dúirt sé: “*I had intended to do a little bit of TV now and again, but TV is an all-consuming animal.
sraith agallamh le mná céimiúla a series of interviews with distingushed women
" 50), ar sraith agallamh le mná céimiúla atá déanta ag Máire Ní Néill é.
le linn agallaimh during an interview
" Maítear gur cuireadh tús leis an díospóireacht seo sa bhliain 1988 de bharr ráitis a rinne John Howard le linn agallaimh ar an raidió.
níl oiread is agallamh amháin there hasn't been even one interview
" Tá coinníoll teanga leagtha ar 112 teach i nGaeltacht Chiarraí faoi Alt 47 den Acht Pleanála ón bhliain 2003 anall ach cé go dtéann cuid de na forbairtí siar go 2004 níl oiread is agallamh amháin curtha ar úinéir tí go dtí seo.
agallaimh Ghaeilge Irish language interviews
"agallaimh Ghaeilge déanta ag seacht nduine dhéag; d’éirigh le deichniúr acu agus theip ar sheachtar.
agallamh interview
"agallamh eisiach againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí, mar atá agallamh idir Ian an Bhéil Mhór agus Balor na Súile Nimhe; nó mar a déarfadh Ian féin: idir Ian an Bhéil Bhinn agus Balor an Bhéil Mhóir; nó mar déarfadh Balor féin: idir Ian an Bhéil Nimhe agus.
chuir agallamh ar dhaoine spéisiúla she interviewed interesting people
" Thaistil sí go gach cearn den tír agus chuir agallamh ar dhaoine spéisiúla faoin saol a bhí caite acu.
agallamh interview
" Nuair a fuair mé scairt gutháin ó Eoghan Ó Néill, iriseoir ar Raidió Fáilte, Béal Feirste, ag tús mhí an Mhárta, shíl mé go raibh sé ag iarraidh labhairt liom faoi Learpholl a bheith mar Chathair Chultúrtha na hEorpa 2008, mar bhí agallamh déanta agam faoin ábhar ar Raidió na Gaeltachta cúpla lá roimhe sin.
bíonn sé i mbun an cheamara agus na n-agallamh, he does the camera and the interviews
" Is furasta a mhíniú céard is "físiriseoireacht" ann: déanann an físiriseoir chuile rud! Déanann sé an taighde agus an tiomáint; bíonn sé i mbun an cheamara agus na n-agallamh, agus go minic, na heagarthóireachta.
ar chuir an t-agallamh isteach uirthi did the interview upset her
" Nuair a bhí an t-agallamh thart, d’fhiafraigh mé di ar chuir an t-agallamh isteach uirthi an uair seo.
agallamh interview
" Ach ba léir dom i ndiaidh agallamh a chur ar Julian de Spáinn, atá ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge ó bhí 2006 ann, gur fear gnímh é – ní fhéadfadh mo chara a rá riamh gur duine de na *Anoraks* é! Chuir mé agallamh air ag tús na míosa seo, agus tar éis dom éisteacht leis an téip, rith rud éigin liom: cuireann de Spáinn agus an méid atá bainte amach aige – i gcomhar le daoine eile, dar ndóigh – ré órga na heagraíochta Gael Linn i gcuimhne dom.
ag cur agallaimh interviewing
" Ach caidé faoi Mharti Maranach Marbhánta Morrissey, laoch tuisceanach na gcomhfhreagraithe spóirt, a bhí ag cur agallaimh ar Phaddy ag an am agus a chinntigh go ndúirt Paddy an méid a dúirt sé faoi dhó agus faoi thrí go soiléir? Ba chuma gur ghlac Paddy go fonnmhar leis an bhonn ina dhiaidh sin agus gur chroch sé leis abhaile é go bródúil, bhí an méid a dúirt sé go borb agus go grod díreach i ndiaidh an bhabhta mar ábhar comhrá ag gach duine, a bhuíochas sin do Mharti Maranach Marbhánta Mearsmaointeach Morrissey.
agallamh interview
" Benjamin Emanuel in agallamh leis an nuachtán Eabhraise Ma'ariv: "Obviously he will influence the president to be pro-Israel.
coinne agallaimh interview meeting
" Turas chun na Seapáine faoin Nollaig a thug orainn an coinne agallaimh seo a chur ar athló go dtí mí Eanáir.
ag cur agallaimh ar aíonna interviewing guests
" com/theunwantedtrio Obair chraoltóireachta Labhair Cathy faoina seal i mbun cláir raidió, Irish Heartbeat, a raibh Dervish ina bhanna ceoil tí agus a raibh Cathy í féin ag cur agallaimh ar aíonna an chláir, leithéidí an tSeanadóra David Norris, John Spillane, Séamas Ó Beaglaoich, Frankie Gavin, Kíla, John Carthy agus Matt Molloy, Máirtín O Connor, The Celtic Tenors, Máire Ní Bhraonáin, The Sawdoctors, Róisín O Reilly, Paddy Maloney agus na Chieftains, Danú, Susan Mc Keown agus Brian Kennedy.
agallamh interview
" Mar fhreagra ar na ceisteanna a tháinig chun solais, mhínigh Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, in agallamh fiche bomaite le Nuacht TG4 - ar craoladh na príomhphointí as i lár mí Eanáir - gur thar tréimhse de bhlianta a déanadh an t-iarratas seo agus gur dócha gur tríd an Roinn Airgeadais nó an Roinn Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta a rinneadh é.
agallamh interview
" In agallamh leis an Jerusalem Post i 2004, d’fhógair Arnon Soffer, déimeagrafaí in Ollscoil Haifa agus comhairleoir do Sharon, amach go neamhbhalb: “*Those people will become even bigger animals than they are today, with the aid of an insane fundamentalist Islam.
agallamh interview
" Is cuimhin liom clár raidió a craoladh anseo cúpla bliain ó shin, clár inar cuireadh agallamh ar dhaoine a bhí ag obair ar na mótarbhealaí sa Fhrainc - sna stáisiúin seirbhíse mar shampla, nó ag cabhrú le tiománaithe ar chlis a gcuid feithicilí orthu agus ar uile.
agallamh interview
" Bhí Paddy McIlkenny (nach maireann), deartháir Richard (nach maireann), ó Sheisear Birmingham, i Londain roimh an achomharc san Ard-Chúirt ansin agus rinne mé agallamh leis.
agallamh an interview
" Tá roinnt mhaith de seo agus agallamh le Nico fá dtaobh de, le feiceáil ar Youtube.
agallamh an interview
" Lia na Linne inár nDiaidh Agus na smaointe seo im cheann, smaoiníos siar ar agallamh leis an ndochtúir Francach, Alfred Tomatis, a léigh mé i leabhar dar teideal, Music – Physician for Times to Come (eag.
agallamh interview
" Bhí preasagallamh ag príomhaire Iarthair na hAstráile, Colin Barnett - atá ina bhall den Pháirtí Liobrálach - ar an lá céanna inar mhaígh sé gur tharla an pléascadh de dheasca gur steall daoine ar bord peitreal d’aon turas ar fud an bháid.
agallaimh interview
" Tá straitéis suimiúil á leanúint ag an dá phríomhpháirtí, Fine Gael agus Fianna Fáil, sa mhéid go bhfuil iarrthóirí i gceantracha áirithe roghnaithe trí phróiséas agallaimh seachas theacht frí chóras cruinnithe áitiúla de bhaill an pháirtí.
agallaimh interviews
" Go cinnte, is scéal ‘tigín go teach mór’ a scéalsa, agus lá a hainmnithe bhí meáin Nua-Eabhrac lán le agallaimh le daoine ina ceantar dúchais (an Bronx) agus sna hiarscoileanna, ag rá go mba mhór an t-uchtach a tugadh dóibh nuair a chuala siad gur ainmníodh í don chúirt.
agallamh interview
" Dúirt Cynthia McKinney, iarrthóir an Pháirtí Ghlais sa toghchán uachtaránachta i 2008, in agallamh ar na mallaibh nach raibh ach triúr nó ceathrar, nó cúigear b’fhéidir, as 535 ball i gComhdháil SAM a bhíonn sé de mhisneach acu vótáil in aghaidh Iosrael.
agallaimh interview
" Cad é mar atá an saol agat i ndiaidh na dtoghchán? An bhfuil tú fós compordach mar cheannaire ar an tír seo? Biffo: Bhuel, a Bhaloir, ní miste dom a rá ag tús an agallaimh seo nach mise ceannaire na tíre ar chor ar bith.
agallamh interview
" ” Is é foinse na géarchéime geilleagraí ná ‘comhdhearcadh’ a cuireadh ina luí orainn ár muinín a chur ann, a mhaíonn Jeff Gates in agallamh le Beo! Dar le Gates, a bhí ina abhóide don Choiste Airgeadais de chuid Seanad na Stát Aontaithe ó 1980 go 1987, go ndearna an dearcadh seo an-dochar do thromlach mór na ndaoine ar mhaithe le mionlach fíorbheag.
agallamh interview
" Seachain an fear díolacháin In agallamh ar theilifís Astrálach i mí Lúnasa, 2001, mí roimh 9/11, dúirt Richard Perle, a bhí ina chathaoirleach ar an mBord Polasaí um Chosaint ag an am, go raibh SAM buartha faoi trí thír: na tíortha céanna a d’ainmnigh Bush mar “ais an oilc” bliain ina dhiaidh sin.
agallamh interview
" Cé gur lú i bhfad líon na ndaoine a bhíonn timpeall an Oireachtais le linn sos an tsamhraidh, ba dheacair teacht ar áit chiúin go leor leis an agallamh a thaifeadadh gan an iomarca torainn a bheith sa chúlra orainn.
agallamh interview(s)
" Tá an tAthair Mallin fós beo agus ina chónaí i Hong Kong, ach rinne sé cúpla agallamh don chlár nuair a tháinig sé abhaile le déanaí.
agallamh interview
" Mar a dúirt an tUascán Ó Sáirsint, comhghleacaí le Molt Ó Gorm Liath sa Chomhaontas Glas: “Is ionann pictiúr agus míle focal, agus is ionann agallamh liomsa agus céad míle focal.
agallamh interview
" " Mhol an tAire Ó Cuív a leithéid de struchtúr dornán míonna ó shin in agallamh le Nuacht 24 inar dhúirt sé go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta a bheith ag feidhmiú ar bonn náisiúnta mar Údarás na Gaeilge feasta agus go nglacfaidís go leor d’obair Fhoras na Gaeilge orthu féin.
agallamh interview
" org/wiki/The_White_Ribbon) Deir Haneke in agallamh le ‘Sight and Sound’ gur suim leis an ceangal idir phiúratánachas Liútarach thuaisceart na Gearmáine agus ‘cosaint’ na Naitsithe sin a mhaígh dá gcosaint féin nach raibh ach ord agus eagar á chur i bhfeidhm acu trí orduithe dleathacha a leanúint.
agallamh interview
" San agallamh a rinne mé le Jeff Gates, an príomhshaineolaí airgeadais agus údar Guilt By Association, mhínigh sé cén chaoi ar cuireadh dallamullóg ar mhuintir SAM (http://www.
agallamh beirte dialogue
" ‘La Belle Dame Sans Merci’, ráite mar chluiche gnéis, mar agallamh beirte, véarsa an duine ag Fanny agus John fá seach dá chéile i seomra leathdhorcha atá ar tinneall le craos agus gá agus pian atá fisiciúil agus spioradálta san am céanna – Eros agus Agape i mbaclainn soineanta a chéile.
agallamh interview
" An Fotheidealóir An fotheidealóir a scríobhas “*I put fear on him*” (mar a tharla, creid é nó ná creid) ar an abairt Ghaeilge “Chuir mé agallamh air”, caithfear a cheartú nó déanfaidh sé mórán mar é arís.
agallamh interview
" Tá an cás i mbéal na meán cumarsáide - níl a fhios agam an bhfuil sé i mbéal na ndaoine - cionn is gur foilsíodh leabhar Ed Moloney, Voices from the Grave, ina bhfuil agallamh le Brendan Hughes, iarchara Gerry Adams agus iarcheannaire de chuid an IRA.
agallamh interview
" com, scéal faoin bhagairt, inar chuir sé agallamh ar Chesser.
agallaimh interviews
" Bunaíodh Cartlann: *An Irish Political Archive* i Sasana i Mí Bealtaine 2001 chun ábhar a bhain leis an fheachtas abhus (i Sasana), mar bhileoga, dialanna, leabhair, póstaeir , agallaimh ar téip agus mar sin de, a bhailiú agus a chaomhnú.
Agallamh Beirte dialogue
" Seo mar a bhí scríofa: Réaltaí an Oireachtais ========= - Seisiún Ceoil le Meaití Jó Shéamuis agus Johnny Óg Connolly - Lúibín le Ray Mac Meánaois agus Joe Lena Ó Doornail - Seisiún Amhránaíochta le Gearóid Ó Mórghuth & Emer de Barra - Damhsa ar an Sean-Nós ar Bhairille le Brains Ó Cuinneagáin - Agallamh Beirte le Ray Mac Meánaois agus Joe Lena Ó Doornail - Tuilleadh Ceoil le Meaití Jó, Johnny Óg, Ray agus Gearóid - Ranganna Gaeilge Uladh le Joe agus Ray - Ranganna Gaeilge Bhaile Átha Cliath le Gearóid & Emer de Barra - Ranganna Seana-Ghaeilge Chonamara le Meaití Jó agus Johnny Óg - Ranganna Gaeilge Nua Mheiriceá le Brains Ó Cuinneagáin - Ranganna Bladair le Joe, Ray, Mí, Fá, Só, Lá… “In ainm Chroim!” arsa Balor leis féin, “Seo tromluí cinnte.
agallamh interview
" In agallamh foirmeálta le Nuacht TG4, thug Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Éamon Gilmore, le fios go neamhbhalbh nach mbeadh sé i bhfách leis an bheartas ábhar roghnach a dhéanamh den teanga i ndiaidh an teastais shóisearaigh.
agallamh an interview
" In agallamh a rinne Karlin Lillington san Irish Times le Alan Smeaton ó Ionad Próiseáil Físe Digitigh, chuir sé go beacht an fhadhb leis an idirlíon ar an teilifís: ní gníomh grúpa é brabhsáil traidisiúnta ach is gníomh grúpa é breathnú ar an teilifís.
i mbun agallaimh being interviewed
" I ndáiríre ámh, ní raibh baint ag an tagairt a rinne an láithreoir, Jay Leno, leis an rí-rá a tháinig as Gaillimh i mí Meán Fomhair, nuair a cuireadh meisce i leith an Taoisigh agus é i mbun agallaimh ar chlár raidió.
agallamh interview
" *“The epicenter of a lot of the foreign espionage activity was Chicago,”* a dúirt iaraistritheoir FBI Sibel Edmonds in agallamh leis an iris *The American Conservative.
agallamh interview
" Ach ar chóir go mbeadh aon imní ar Netanyahu roimh Uachtarán SAM? In agallamh le teilifís Iosraelach i mbliana, fiafraíodh de Obama faoin bhfaitíos atá ar Iosraeligh go dtréigfeadh SAM iad.
cuireadh faoi agallamh was interviewed
" “Is é an deireadh seachtaine is measa,” a dúirt duine amháin a cuireadh faoi agallamh mar chuid den staidéar.
hagallamh beirte dual singing bout
" Bhí ardmheas le fada an lá ag na Briotánaigh ar a gcuid ceoil, ón kan ar diskan (canadh agus freagra) cosúil le hagallamh beirte ach i bhfoirm amhráin, gan trácht ar an bhféile idircheilteach i Lorient chuile bhliain, áit a mbíonn an biniou (píobaí Briotánacha) agus an bombarde (feadóg) le cloisteáil i measc uirlisí ceoil na dtíortha ceilteacha eile.
agallamh an interview
" In agallamh a thug sé don nuachtán Le Monde, dúirt Jean-Marie Sevestre, a bhfuil siopa leabhar aige in Montpellier, go bhfuil ráchairt ollmhór ar ‘Indignez-vous!’.
ag cur agallaimh ar interviewing
" Bhí sé ag cur agallaimh ar chuid den dream óg daoine a raibh saothar acu sa taispeántas.
Cuireadh faoi agallamh é he was interviewed
" Cuireadh faoi agallamh é ag stáisiúin teilifíse ar nós BBC, ITN, Al Jazeera agus Press TV.
agallamh interview
" Feictear domsa gur mar iarsmaoineamh a cuireadh agallamh le hiníon le Micheál Ó Seighin, Bríd, isteach nó chun coinníollacha TG4 a chomhlíonadh.
ag iarraidh agallamh looking an interview
" Inseoidh mé daoibh: Agus gach iriseoir sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar an Taoiseach nua, bhí siad ag scríobh isteach chuig ceanncheathrú Fhine Gael, nó ag bualadh ar dhoras theach an cheannaire, nó ag cur téacsanna gan stad chuig cairde dá gcuid i gcúirt na Léine Goirme.
agallaimh interviews
" * Chuir na meáin agallaimh ar McKeon tar éis an tsearmanais agus dhearbhaigh seisean arís is arís eile go bhfuil sé i bhfách leis an bhratach a athrú.
agallamh interview
" In agallamh le clár raidió Giúdach, dúirt an Seanadóir Charles Schumer gur chreid sé gur thug HaShem (focal a úsáideann Giúdaigh Cheartchreidmheacha do Dhia) dó a ainm—a chiallaíonn ‘cosantóir’—ionas go bhféadfadh sé leas Iosrael a chosaint i gComhdháil SAM.
hagallaimh interview
" “Bhí daoine as gach cearn den domhan ansin agus bhí sé beartaithe againn mar chuid den chás cúirte, cuairt a thabhairt ar Caguan le hagallaimh a dhéanamh le daoine a raibh a fhios acu faoin triúr Éireannach.
agallamh a chur ar interviewing
" Tá Balor na Súile Nimhe agus an Bhréantais Nimhiúil i ndiaidh agallamh a chur ar an iar-Thaoiseach, Bertie Ó Hernia.
agallamh eisiach exclusive interview
" In ainneoin go maíonn eagarthóir aineolach na liaróige seo a mhalairt, is agallamh eisiach é seo.
chuireas agallamh air I interviewed him
" Mar a theip Éamonn orainn: =============== Nuair a ceapadh é ina Aire Sóisearach sa mbliain 1997, chuireas agallamh air don iris Pléaráca ’97 faoi na freagrachtaí nua a bheadh air maidir leis an nGaeltacht.
faoi agallamh being interviewed
" Frainc Reidy, saineolaí cúrsaí míleata an raidió, a bhí faoi agallamh agus é ag caint faoin gcruinniú a bhí ar siúl i Halla Pobail Chamuis an oíche roimhe sin faoi mhuilte gaoithe atá beartaithe don cheantar.
agallamh interview
" Má roghnófar é, deir sé go pléifidh sé le cuid de na hábhair atá faoi chaibidil san agallamh seo ach cad é na tosaíochtaí a bheadh aige? “B'fhéidir an tsaoránacht a dheimhniú, is é sin an bhéim a leagan ar an tsaorántacht.
agallamh a chur air to interview him
" Bhí Fear na Súile Nimhe ar cuairt, a léitheoirí; ar cuairt faoi rún, nó ba é Balor na Súile Nimhe an t-aon iriseoir Éireannach amháin a fuair cuireadh ar leith ó Bheairic Ó Bama chun agallamh a chur air san Oifig Ubhach, sula dtiocfaidh sé anseo ar a chuairt stáit.
agallamh an interview
" Ní fhéadfadh sí comhrá a choinneáil suas ná agallamh a dhéanamh sa dteanga náisiúnta, gan na ceisteanna a bheith tugtha di roimh ré, le go mbeadh sí in ann na freagraí a chleachtadh.
hagallaimh bheirte free rhyming couplets for twosomes
" Agus bainfidh mé sult mór as gach gné de, cé acu scéalaíocht, amhránaíocht, na lúibíní, nó na hagallaimh bheirte, na rincí, cibé atá i gceist.
cuireadh faoi agallamh interviewed
" An Fhírinne Ghlan ========= Caithfear a rá go bhfuil gach imreoir agus daoine eile a cuireadh faoi agallamh le haghaidh an leabhair seo an-oscailte agus macánta ina gcuid scagtha agus tuairimíochta.
agallamh eisiach an exclusive interview
" Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil an tír seo i gcruachás, ach an aon leithscéal é sin le Coimisinéir Fiacla a cheapadh? Agus é ag iarraidh go mbeidh tuiscint níos fearr aige féin agus ag an phobal ar ról an Choimisinéara Fiacla, samhlaíodh do Bhalor nárbh fhearr rud a dhéanfadh sé ná agallamh eisiach a chur ar an duine seo nach bhfuil mórán cainte faoi, ná faoina oifig, i measc Ghaeil na hÉireann, ach go mbeidh an-chaint faoi go luath.
agallamh interview
" Oibríonn an chuid is mó d’fhoireann Raidió na Life ar bhonn deonach agus bíonn éagsúlacht deiseanna ar fáil d’oibrithe ann mar sin idir léamh na nuachta, thuairiscí le déanamh ar ócáidí speisialta, daoine a chur faoi agallamh, eagarthóireacht is thaighde.
agallamh interview
" Cúpla lá ina dhiaidh sin in agallamh le Nuacht TG4 ar an ábhar, chuir an tAire Stáit McGinley in iúl nach raibh aon chinneadh déanta faoin mholadh seo.
trí agallaimh by interview
" Tapaíodh an deis i mBaile na hAbhann chun tacú le clár faisnéise den scoth, a insíonn scéal tubaisteach Thuaisceart Éireann trí agallaimh le banghníomhaí polaitiúil géarintinneach.