Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aighneacht submission
" Cuirtear aighneacht chuig an Údarás um Ard-Oideachas faoi Scéim na Spriocthionscnamh le haghaidh maoinithe gach bliain.
aighneachtaí submissions
" Mar aon le grúpaí éagsúla ar nós ACRA, léirigh Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre ina n-aighneachtaí go bhfuilid go mór i bhfábhar deireadh a chur le cíos talún.
aighneacht a shíniú sign a petition
" Is féidir libh dul i dteagmháil leis na polaiteoirí a bhfuil aithne agaibh orthu; scríobh díreach chuig an Rialtas; nó dul ar líne agus aighneacht a shíniú ag: www.
aighneachtaí submissions
" I gcás na Teamhrach, tá foláireamh tugtha go soiléir ag na seandálaithe, lucht acadúil agus ag muintir na háite sna haighneachtaí a rinne siad chuig an mBord Pleanála.
aighneacht submission
" Deir sé san aighneacht: "Why was the whole route not surveyed … the archaeological section of the EIS falls a long way short of the amount of preparatory research … it would be grossly erroneous to think that we now have the full picture … it has revealed a little more of the tip of this particular iceberg.
200 aighneacht 200 submissions
" Cén dóigh a bhféadfadh Enda Kenny, mar shampla, cur i gcoinne an moladh go n-aistreofaí 164 post ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go Cnoc Mhuire, ina dháilcheantar féin? Nuair a bhí caint ar dhílárú i dtús ama, i bhfad sular fhógair Charlie McCreevy a chuid féiríní, cuireadh os cionn 200 aighneacht faoina bhráid ag déanamh stocaireachta d’áiteanna éagsúla ar fud na tíre.
neart aighneachtaí plenty of submissions
" Anuas air sin, chuir siad neart aighneachtaí faoi bhráid an Rialtais ag cur i gcoinne phleananna an Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell dlíthe ólacháin na tíre a athrú agus ceadúnais a thabhairt le haghaidh caife-bheár.
cuireadh breis is 8,000 aighneacht faoi bhráid an lucht eagraithe more than 8,000 submissions were submitted to the organisers
" Chuir an rialtas fáilte roimh ionchur ón bpobal i gcoitinne, agus cuireadh breis is 8,000 aighneacht faoi bhráid an lucht eagraithe.
haighneachtaí submissions
" Tá tuilleadh fianaise ar fáil ó na haighneachtaí a chur na Ranna Rialtais éagsúla faoi bhráid na buíne speisialta a bhí ag déanamh staidéir ar chaiteachas sa tseirbhís phoiblí (nó an Bord Snip Nua) faoin athrú o bhonn a bheas ag teacht ar shaol na Gaeilge is na Gaeltachta sna blianta beaga amach romhainn.
aighneachtaí submissions
" An córas oideachais An bhfuil laige ollmhór sa dréachtstraitéis maidir le cúrsaí oideachais? Bhí go leor acu siúd a chuir aighneachtaí faoi bhráid an choiste den tuairim go bhfuil an scéal amhlaidh.
aighneachtaí submissions
" Beidh an punann scéimeanna socruithe faoi threoir na straitéise lárnaí seo agus déanfar athbhreithniú air ar bhonn bliantúil, bunaithe ar bhaint amach na dtorthaí beartaithe agus ar aighneachtaí a éileoidh Foras na Gaeilge gach bliain ó earnáil na Gaeilge.
aighneachtaí submissions
" “Scríobh muid sraith de thuairiscí ar an ábhar sin agus rinne muid aighneachtaí leis na craoltóirí féin agus le Rialtas na Breataine, chomh maith le bheith páirteach san Fheachtas Náisiúnta Teilifíse ó dheas agus i gCoiste Bunaithe Theilifís na Gaeilge.
aighneacht submission(s)
" Cuireadh próiséas comhairleacháin ar bun faoinar glacadh le 59 aighneacht ar fad ó eagraíochtaí agus ó chorrdhuine aonar.
aighneacht submission(s)
" Fuair an bord bainisteoireachta 172 aighneacht mar fhreagra ar an dréachtphlean, 153 acu mar thoradh ar an moladh faoi dhreapadh na carraige.
aighneacht submission
" San aighneacht atá feicthe ag Balor an Bhéil Bhinn, deir siad go bhfuil sé doiligh go leor ar mhúinteoirí ranganna leathuair an chloig ar fhad a mhúineadh gan a bheith ag rith amach chuig an leithreas; agus nach cóir go mbeadh orthu cur suas le heitiltí atá dhá uair an chloig ar fhad, gan a bheith i scuaine mhór fhada ar eitleán, agus gan ach leithreas amháin ann.
aighneachtaí submissions
" Níor mhór an cheist a chur, cad chuige ar dhiúltaigh an rialtas do bhreis is tríocha ceann de na moltaí sin? An raibh fiúntas ar bith leis an phróiseas fhadálach chomhairliúcháin - idir chruinnithe pobail, aighneachtaí srl.
aighneacht scríofa a written submission
" Is é an chéad chéim eile go mbeidh ar gach coiste contae aighneacht scríofa a chur faoi bhráid na hardoifige faoi 24 Feabhra.
aighneacht submissions
" D’fhreastail tuairim is 4,600 duine ar na cruinnithe seo agus fuair an coiste corradh is 3,500 aighneacht scríofa chomh maith.
aighneacht láidir a chur le chéile to put together a solid submission
" Seo an deis aighneacht láidir a chur le chéile, sínithe ag na mílte le cur os comhair Comhairle na nAirí Eorpacha, nuair a bheas siad bailithe anseo faoi chathaoirleacht na hÉireann.
aighneacht a submission
" Chuir an Chomhairle um Inimircigh na hÉireann aighneacht faoi bhráid an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí le déanaí a léiríonn roinnt de na mórfhadhbanna i gcóras inimirce na tíre seo.
aighneacht a sheol submission sent
" Ins an aighneacht a sheol an Cumann Cógaisíochta agus Cúram Leighis (IPHA) chuig an Roinn, cuirim i gcás, dúradh go gcosnódh sé €10,000 in aghaidh na bliana ar gach táirge, fóirsteanacht an téacs a fhéachaint, nó mar a thugann siad féin air, 'user readability testing'.
a chur an aighneacht ba théagartha who submitted the most substantial submission
" An tAire Dukes ====== Ach b'é an tAire Airgeadais, Alan Dukes, a chur an aighneacht ba théagartha faoi bhráid an Taoisigh.