Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ailtire architect
" Tá seanchathair Bhilbao, gona sráideanna cúnga agus seanchearnóga, ann don té nach dtaitníonn ailtireacht nua-aoiseach shuimiúil dhúshlánach leis.
ailtire architect
" Tá an t-ailtire cáiliúil Maya Lin ag cuidiú leo sa phróiseas deacair seo.
ailtire architect
" "Líon Tí" ab ainm dó agus bhí ailtire, cócaire agus garraíodóir ar an chlár agus Áine á chur i láthair.
na hailtirí a dhear the architects who designed
" Ní sna nóchaidí amháin, áfach, a baineadh duaiseanna - bronnadh duais idirnáisiúnta Union Internationale des Architects 2002 ar na hailtirí a dhear Plean Creatlach Ailtireachta do cheantar Bharra an Teampaill.
ailtirí architects
" Ba é sin fís Adenaur agus ailtirí eile na hEorpa tar éis an dara cogadh domhanda.
ailtirí architects
" Ba bhreá liom ailtirí uile na seascaidí a chur i líne os comhair mheitheal láimhe! Tá sé dochreidte go bhfuil an Amharclann Náisiúnta istigh san fhoirgneamh sin, leis an méid airgid atá sa tír sa lá atá inniu ann.
ailtire architect
" Tá sé beartaithe 236 tionscadal a chur ar siúl sa chathair i rith na bliana a chlúdóidh ocht réimse éagsúla ealaíne: ceol, ailtireacht/dearadh, litríocht, cúrsaí amharclainne/damhsa, féilte, scannáin/na meáin agus spórt.
Ailtirí na hAiséirí Architects of the Resurrection
" Thug an Cogadh sonc ar aghaidh do dhreamanna éagsúla easaontais, ina measc Ailtirí na hAiséirí de chuid Ghearóid Uí Chuinneagáin.
a dhear an t-ailtire Frank Gehry which the architect Frank Gehry designed
" In ainneoin go bhfuil Maidrid ag diúltú don iarratas, ag rá go bhfuil an pictiúr ró-shobhriste lena bhogadh thart, tá tacaíocht láidir ann, go háirithe agus comóradh 70ú bliain na buamála i ndiaidh a bheith ann, don tuairim gur cheart an pictiúr a thaispeáint sa Guggenhéim- an dánlann iontach a dhear an t-ailtire Frank Gehry do mhuintir Bilbao.
mar ailtire as an architect
" Tá Daire ag éirí as a phost mar ailtire sa gcaoi is gur féidir leis a chuid fuinnimh agus a chuid ama a dhíriú ar an gceol agus ar Slide.
an t-ailtire the architect
" Tá teach neamhghnách agus nua-aimseartha aici a dhear an t-ailtire Gokay Deveci.
ailtirí Chomhaontú an Chéasta, the architects of the Good Friday Agreement,
" Ní chreidim go raibh a leithéid i gceist ag ailtirí Chomhaontú an Chéasta, iad siúd ar theastaigh uathu “comhurraim” a bhunú go diongbháilte ó thuaidh.
ailtire architect
" Reáchtáladh comórtas idirnáisiúnta le plean don chathair nua a choimisiúnú agus bhuaigh ailtire Meiriceánach, Walter Burley Griffin, é sa bhliain 1912.
le hailtirí with architects
" Tá muid i ndiaidh dul i ndáil chomhairle le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, leis an Aire (Éamon Ó Cuiv - an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) agus le hailtirí maidir leis an bplean seo.
ailtire architect
" “Rinne mé ealaín don A- leibhéal agus nuair a bhí mé ag freastal ar an ollscoil, rinne me beagáinín fosta, ach tá achan rud i gcúrsaí ailtireachta dírithe ar na ríomhairí anois.
hailtirí architects
" Ba iad na hailtirí clúiteacha O Donnell agus Tuomey as Baile Átha Claith a dhear an foirgneamh agus thuill an dearadh álainn nuálaíoch a rinne siad aitheantas mór ag an 11ú Biennale Idirnaisiúnta d’Ailtireacht sa Veinéis anuraidh.
ailtire architect
" Le ciall cheannaithe, agus é fásta ina ailtire, tuigeann sé ansan nach dtugann bealach an Nádúir/na Caoithiúlachta aon fhaoiseamh don chréacht anama istigh.
ailtire architect
" Oileadh ina ailtire é agus go luath i ndiaidh dó an chéim a bhaint amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath chuaigh sé go Harvard mar aoí-scoláire.
ailtirí éagsúla various architects
" Bhí ailtirí éagsúla freagrach as an dearadh agus as an tógáil, a thosaigh i 2009 agus a chosain £90 milliún, ina measc Eric Kuhne agus Mark Evans ó Civic Arts/Eric R.
t-ailtire architect
" Ar an dóigh chéanna, úsáídeann an t-ailtire Nua-Mheicsiceach, Mike Reynolds, seanbhoinn chairr, cré agus cannaí alúmanaim i ndearadh a chuid tithe nuálacha.
ailtire architect
" ”* Maidir le costaisí an stáit a íoc dúirt Oifig an Ard-Aighne go raibh sé soiléir nach ndíolfaí iad ó tharla go raibh tuarastal an Uasail Uí Mhonacháin á n-íoc leis taobh amuigh don stát (bhí sé ag obair mar ailtire i nDoire) agus nach bhféadfaí an teach soghluaiste a ghabháil.
ailtire de bhunadh na hÉireann an architect of Irish extraction
" Agus ná déanaimís dearmad gur ailtire de bhunadh na hÉireann, James Hoban, a dhear an Teach Bán.
ailtirí an bhunreachta againne architects of our constitution
" *’ Muna mbíonn na Meiriceánaigh in ann smaointí Madison i leith an t-idirlíon a thuiscint nó smaointí Abraham Lincoln i leith ‘affirmative action’ sna hollscoileanna, is amhlaidh an scéal linne ó thaobh chuspóirí de Valera, an Ardeaspaig Mc Quaide, John Hearne nó Maurice Moynihan de, ailtirí an bhunreachta againne.
ailtirí architects
" Chuaigh Úna Nic Gabhann chun cainte le beirt ailtirí i mBéal Feirste a bhfuil neart gradam bainte acu le roinnt blianta anuas agus a bhfuil a gcion féin á dhéanamh acu ar son na Gaeilge.
ailtire architect
" Bhí Ciara Nic Gabhann ag caint le Michael Doherty, ailtire agus ealaíontóir as Béal Feirste a bhfuil bonn faoi thiar i gcondae a shinsir, Tír Chonaill, le tamall de bhlianta.