Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aimsíodh an fhianaise the evidence was discovered
" Ach ní i mí an Aibreáin a aimsíodh an fhianaise seo sa Chartlann Náisiúnta agus ní hé Michael Heney a d'aimsigh í.
a aimsiú to find
" Mar sin, tá seans ag chuile dhuine a bhfuil suim aige sa Ghaeilge foghlaimeoirí eile a aimsiú.
í a aimsiú pick her out
" Ach má bhíodh áthas air í a aimsiú lena shúile cinn sa mbuíon daltaí scoile, bhí an oiread eile áthais air gan blas dá hainm a bheith ar eolas aige, chreid sé, óir b'amhlaidh a theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin.
a aimsiú to find
" Caithfear daoine fuinniúla, éirimiúla a aimsiú agus oiliúint a chur orthu sa dóigh is go mbeidh siad ábalta tabhairt faoin obair seo.
aimsíodh an t-eolas the information was found
" Nuair a theip ar oifigigh de chuid BSL eolas cruinn a chur ar fáil faoi cá háit sa chontae a raibh gá le seirbhís ardvóltais 110 kV, chuir cigire an Bhoird Pleanála an éisteacht ar athló go dtí gur aimsíodh an t-eolas thar thréimhse deireadh seachtaine i mBaile Átha Cliath.
a aimsiú to find
" Tá sé an-tábhachtach bealaí a aimsiú chun é seo a dhéanamh agus tá mná níos fearr chuige ná fir.
a aimsiú to find
" Go fóill, tá sé doiligh d'ár mballghrúpaí am a aimsiú le díriú isteach ar na ceisteanna straitéiseacha.
a aimsiú find
" Bíonn na stáisiúin i gcónaí gnóthach agus sa tranglam caithfidh tú an t-ardán agus an traein cheart a aimsiú.
a aimsiú to find
" Tá scéimeanna FÁS ag stáisiúin phobail eile go fóill, leithéidí NEAR FM áta lonnaithe i mBaile Átha Cliath chomh maith, ach theip ar Raidió na Life daoine a aimsiú de bharr gur athraigh FÁS na rialacha.
a aimsiú find
" Agus tá an rialtas ag iarraidh tuilleadh oileán a aimsiú a thógfadh cúpla céad anseo, cúpla céad ansiúd.
aimsithe discovered
" Laistigh de dhá nóiméad eile bhí dhá chúl aimsithe ag na *Dubs*! Ar ais le Cill Chainnigh ar an ionsaí chun cúl agus cúilín a aimsiú agus an scór ná 3-14 in aghaidh 2-12.
d'aimsigh sé stiúrthóir he found a director
" Nuair a bhí an dráma críochnaithe aige, d'aimsigh sé stiúrthóir, Paul Brennan, agus chaith siad beirt roinnt seachtainí ag cur snasa air i seomra suí Dhiarmuda i gContae an Chláir.
ag aimsiú na riachtanas finding out the needs
" Idir an dá linn, tá na teagascóirí ag comhoibriú le Breacadh, ag aimsiú na riachtanas atá ann ó thaobh ábhair phraiticiúil theagaisc de, le gur féidir le Breacadh ábhar tráthúil, éifeachtach a fhorbairt d'fhoghlaimeoirí fásta litearthachta sa Ghaeltacht.
sular aimsigh siad before they found
" B'éigean don fhoireann tarrthála streachailt trí shneachta domhain agus gaoth láidir ar feadh cúig huaire sular aimsigh siad na coirp.
a aimsiú to find
" B'fhéidir go n-éireodh liom a leithéid a aimsiú sa deireadh - áit a bhfuil grá agam dó agus a thugann grá ar ais dom, áit ar féidir liom mo chuid fréamhacha a chur síos agus cur fúm.
a aimsiú to find
" Bertie Bábánta Sruthbhalbh is fearr leis bheith ag amharc air, a fhios maith ag Balor gurb é is cúis leis an mhaolteanga agus é ag caint le tuairisceoir tréitheach ná go mbíonn sé ag cuntas na veirteabraí leis an áit is fearr a aimsiú fá choinne na scine.
a aimsiú to find
" Is fíric é go bhfuil níos mó múinteoirí a bhfuil oiliúint faighte acu nach bhfuil ag obair ná mar atá ag obair - agus tá súil agam go mbeidh muid ábalta na cúiseanna atá leis seo a aimsiú.
nár aimsigh a cheird who didn't find his trade
" "Tá cur síos breá ag Breandán Ó hEithir i gcolún éigin a scríobh sé i bhfad siar ar iriseoir mar dhuine nár aimsigh a cheird, nó a théann i mbun a cheirde toisc nach léir dó nó di céard ba cheart dó a dhéanamh.
iad a aimsiú to find them
" Bhí Rialtas Shasana ag iarraidh iadsan agus Éireannaigh eile ar rugadh orthu i Sasana a chur isteach in arm Shasana ach bhí sé deacair dóibh iad a aimsiú i measc na bpríosúnach eile, mar thug siad ainmneacha bréige ag glaoch an rolla agus mar sin de.
a d'aimsigh which picked us out
" Focal níor tháinig as a béal siúd ach oiread, ná cor níor bhain sí as a leiceann ach a súile ag tabhairt sciuirde timpeall ó dhuine go duine nó gur chaith sí fuíoll a hamhairc i dtreo na bhflaitheas nuair a d'aimsigh muid amharc a chéile.
a aimsiú to find
" Tá mórán stró curtha ag daoine orthu féin ag ullmhú agus ag cur le chéile an dá cháipéis seo ach an bhfuil sé chomh deacair sin tosaíocht éigin a aimsiú le todhchaí na Gaeltachta a chinntiú? Inár dtuairimne, tá cinneadh amháin bunúsach le déanamh ag an Rialtas agus ag na húdaráis chuí! Níl an dara rogha ag an Stát, má tá sé dáiríre faoi shlánú na Gaeilge, ach infheistíocht shubstaintiúil a dhéanamh sa chóras réamhscolaíochta agus i naíonraí na Gaeltachta.
a aimsiú to find
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
tá slite aimsithe aige he has found ways
" Deir siad fós leis ó am go chéile gan a bheith ag seinm liricí Béarla ach tá slite aimsithe aige le déileáil leis seo.
an áit a aimsiú to find the place
" Cuireann sé ionadh ar dhaoine eile go bhfuil eolas acu faoi Ráth Cairn nuair nach féidir leo an áit a aimsiú ar léarscáileanna áirithe.
an loch a aimsiú to find the lake
" Téann siad go dtí cnoc darb ainm 'The Old Man' chun campáil in aice le ceann de na lochanna atá faoina bharr, ach níl siad ábalta an loch a aimsiú.
a aimsiú to find
" Scríbhneoirí óga/nua a aimsiú a bhfuil splanc ina gcuid scríbhneoireachta.
nuair a d'aimsigh DJ Carey cúilín iontach when DJ Carey scored a great point
" Ba chuma faoi sin, mar nuair a d'aimsigh DJ Carey cúilín iontach i bhfad amach ar an gcliathán deas, tar éis dó dul thar beirt Chláiríneach agus an sliotar a smachtú ar a chamán amhail is dá mbeadh sé ina ghairdín féin ar chúl an tí, b'éigean dom seasamh suas agus bualadh bos a thabhairt dó faoi mar a rinne na mílte eile.
bunbhrí na hiomána don duine óg a aimsiú to find the primary meaning of hurling for the young person
" Sílim gur éirigh leis an duine sin bunbhrí na hiomána don duine óg a aimsiú: ní fir iad ach fathaigh.
mhargaí nua a aimsiú to find new markets
" Ba mhaith liom oibriú ar mhargaí nua a aimsiú don pháipéar - tá sé sin fíorthábhachtach dúinn.
réiteach a aimsiú to find a solution
" Is é an tuairim choitianta anois gur cheart do Mheiriceá agus don Bhreatain seasamh siar ar feadh tréimhse eile agus deis a chur ar fáil réiteach a aimsiú, seachas an lámh láidir a úsáid ar an toirt.
a aimsiú to find
" Is é is sprioc do *Transcript *ná lucht léitheoireachta a aimsiú do scoth na n-údar ar fud na hEorpa nach mbíonn díol an-mhór ar leabhra ina dteanga dhúchais.
an baile foirfe a aimsiú to find the perfect home
" Ach dealraíonn sé ó mhana The Villages, "An Baile is Cairdiúla i Florida do Lucht Scoir", go bhfuil daoine de shíor ag iarraidh an baile foirfe a aimsiú, ag iarraidh an chuid dheireanach sin den bhrionglóid *clichéd *Mheiriceánach a bhaint amach.
is a d'aimsigh siad as they found
" Tá dhá mhí imithe in 2003 agus tá an Garda Síochána tar éis dhá oiread den druga cócaon a aimsiú i mbliana is a d'aimsigh siad le linn na bliana ar fad anuraidh.
aimsithe discovered
" Níl aon ábhar ceimiceach ar nós meatadóin fós aimsithe ach oiread is féidir a thabhairt d'andúiligh cócaoin.
aimsithe found, discovered
" I gCúige Mumhan, beidh an Clár i gcoinne Thiobraid Árann sa chéad bhabhta agus is dóigh go mbeidh coimhlint ghéar eatarthu, ach muna mbíonn cúpla tosach nua ar fónamh aimsithe ag Contae an Chláir gan mhoill, ní móide go mbuafaidh siad ar Thiobraid Árann i mbliana.
a d'aimsigh eochair an dorais sin who found the key of that door
" Láidir go fisiciúil ======= Cé go bhfuil córas an chúldorais againn le roinnt blianta anuas, agus Craobh na hÉireann buaite uair amháin ag foireann a d'aimsigh eochair an dorais sin (Uíbh Fhailí i l998), ní dóigh liom féin go stopfaidh aon fhoireann eile Tiobraid Árann nó Cill Chainnigh i mbliana ó Chraobh na hÉireann a bhaint amach (seachas má chastar ar a chéile iad roimh an gcluiche ceannais, dar ndóigh).
aimsithe found
" Fiú má mharaítear Saddam Hussein go luath, níl ceannaire oiriúnach aimsithe ag na comhghuaillithe le cur ina áit, duine a n-éireodh leis muintir na hIaráice a aontú le chéile faoi aon cheannasaíocht amháin.
duine eile a aimsiú to find another person
" Bhíos féin ag múineadh Gaeilge thar lear agus go minic bhíodh sé deacair ag mic léinn teacht ar mhúinteoir; agus go minic nuair a thagadh, d'imíodh an múinteoir sin tar éis tréimhse agus bhíodh sé deacair duine eile a aimsiú.
aimsíonn siad a chéile they find each other
" Imríonn siad dá chéile agus ar son a chéile agus aimsíonn siad a chéile le pasanna iontacha, idir fhada is ghearr.
é a aimsiú to find it
" Má bhíonn a fhios agat cad is ciall le "Druim Fada" ar an léarscáil, beidh níos mó seans agat é a aimsiú nuair a bheas tú amuigh ar na sléibhte.
chun láthair an iriseora a aimsiú agus a ionsaí to find and attack the location of the journalist
" Baineadh roinnt de na fóin sin de na hiriseoirí ag tús an chogaidh toisc go raibh eagla ar arm Mheiriceá go bhféadfadh arm na hIaráice na comharthaí a bhí ag teacht uathu a úsáid chun láthair an iriseora a aimsiú agus a ionsaí.
as fuascailt na ceiste a aimsiú for finding a solution to the problem
" Ach nuair a bhí sé díreach ar tí comhghairdeachas a dhéanamh leis féin as fuascailt na ceiste a aimsiú, nár smaoinigh sé nach raibh liombó ar bith ann níos mó, gur chuir comhdháil easpag nó cruinniú cairdinéal éicint ar ceal go deo é in aon deireadh seachtaine fada oibre amháin, nach raibh slí ann do leanbh ná do dhuine, ní áirim leathchos strae a bheadh gan foscadh ná dídean sa dá shaol an dá lá is a mhairfeadh fear na leathchoise.
go n-aimsíonn siad they find
" Siúlann na mná ar deiseal agus na fir ar tuathal, timpeall na cearnóige, agus iad ag déanamh géarstaidéir ar a chéile go dtí go n-aimsíonn siad an duine a bhfuil dúil acu ann.
margadh a aimsiú dó to find a market for it
" Ach mar chomhúinéir ar chomhlacht foilsitheoireachta í féin anois, is é sin Cois Life a bhunaigh sí lena cara Seán Ó Cearnaigh i 1995, an mbíonn imní áirithe uirthi faoin todhchaí atá ann d'fhoilseacháin Ghaeilge mar *Comhar*? "Tá dúshlán faoi leith ag baint le haon rud a bhaineann leis an nGaeilge i gcló ó thaobh margadh a aimsiú dó.
an Catalpa a aimsiú to find the Catalpa
" Tháinig gála go tobann orthu agus thóg sé ocht n-uaire fichead orthu an Catalpa a aimsiú.
Aimsigh an Turasóir Meiriceánach Find the American Tourist
" " Chuig Aerfort na Sionainne a chuaigh sé ansin le páirt a ghlacadh sa spórt úr is mó ráchairt ar chlár imeachtaí samhraidh na hÉireann: "Aimsigh an Turasóir Meiriceánach".
atá in ann an long a aimsiú who can find the ship
" Tá $10,000 á thairiscint ag eagras cearta ainmhithe d'aon duine atá in ann an long a aimsiú.
aimsithe found
" Go leor múinteoirí nua a bheith aimsithe againn.
a aimsítear that are found
" Mar shampla, baintear úsáid as trealamh a dhéanann tomhas ar leibhéal Carbóin-14 chun aois ábhar orgánach a mheas, agus tá teicneolaíocht na grianghrafadóireachta á húsáid le fada chun taifead a dhéanamh ar na rudaí a aimsítear.
í a aimsiú to find it
" Caithfidh tú í a aimsiú ar dtús, ach tá na Gaeilgeoirí an-chairdiúil agus tá an-chraic ag baint leis an teanga," arsa Paul.
ní mór an t-airgead a aimsiú in áit éigin the money must be found somewhere
" Agus an borradh mór geilleagrach tráite go maith faoin am seo, áfach, ní mór an t-airgead a aimsiú in áit éigin.
bealaí nua a aimsiú to find new ways
" Is é dúshlán an CLG ná an fhís a bhí ann i gcónaí a choinneáil beo agus bealaí nua a aimsiú chun an t-iománaí nó an peileadóir óg a mhealladh agus a shásamh.
a aimsiú to find
" * Ró-éasca atá sé na poill i bplean McCreevy a aimsiú, agus is orthu sin a bhí cuid mhaith den tráchtaireacht dírithe go dtí seo.
leis na seoda ceilte a aimsiú to find the hidden jewels
" Is mór an trua go gcaithfidh an té a dteastaíonn an "chluas eile" uaidh dul ar a lorg - ach níl an t-am ag an gcuid is mó de na daoine siopaí ceirníní a chíoradh leis na seoda ceilte a aimsiú.
slí éigin a aimsiú to find some way
" Nach mbeadh sé i bhfad níb fearr dá gcuirfí teorainn leis an mhéid daoine a scaoilfí isteach sa tír ach, ar a laghad, go ndéanfaí iarracht slí éigin a aimsiú chun fáilte a chur rompu siúd in oirthear na hEorpa a bheas mar chomhshaoránaigh againn ó bhí na Bealtaine ar aghaidh? Is gá go leor athruithe a chur i bhfeidhm i bpolasaithe inimirce na hÉireann.
Ní aimseoidh duine é féin go deo a person will never find himself
" * Gluais • Glossary fáilteachwelcoming iontach fiafraitheachvery inquisitive lochtblame a mhalairt ar fadquite the opposite le haoibh an gháirewith a smile fial lena ndáimhgenerous with their affection croíúilcordial cumannfriendship luachmharvaluable tá dúil mhór agamI really like saoithiúlachtoddness snagcheol preabach an tráchtathe throbbing jazz of the traffic mo chéadfaímy senses ricseánnarickshaws gíoscánsqueaking uchtógabumps ag spréachadhspluttering pléascántaexuberant dordándrone siamsánhumming crónánmurmuring rosc ceoilrhapsody clapsholastwilight mheasfáyou would think searradhstretch fonn súchaitetrite melody solúbthaflexible spleodrachboisterous castaí úranew turns tromchúiseachimportant, weighty ag súgaíochtmaking merry gan spionnadhwithout vigour spreang spreagthaimpulse to inspire a dtiúin dhiamhair féintheir own mysterious tune rúndasecret léargasinsight mo thriallmy journey gaosánnose i dtólamhalways do chuid rámhaí a ligean le sruthletting your oars go with the flow i mbéal na séibesuddenly Ní aimseoidh duine é féin go deoa person will never find himself balcóiníbalconies glas olóigeolive green stainnínístands síodasilk cadáscotton glébright gleoitepretty seodajewels tráchtáilcommerce dronggang an dubh a chur ina gheal ortto bamboozle you stuaicsullen appearance dreach diúltacha negative appearance a ndíograistheir enthusiasm a gcuid pionsúr amplachtheir greedy pincers téann siad i bhfostú ionatthey become entangled in you deilín na mbacachthe rigmarole of the tramps ag margáil leatbargaining with you ag dréim leatexpecting you a athrachany better bratógrag in aicearracht aimsirein a short period of time amhrasachsuspicious tuahatchet mangairísellers seálta ollawool shawls fidileachafiddles saoltachtwordliness spioradáltachtspiritiuality neamhchoireachinnocently manaslogan teachtairímessengers smailcmouthful dúidíní draíochtamagical clay pipes smálblemish clúreputation eiteogawings áras mórluachachimportant dwelling beadaíconceited tíorántatyrannical ceannsmachtupper hand daonlathasdemocracy éileamhdemand go slachtmharneatly neartplenty giollaservant ordúilorderly fairsingspacious fionnuarcool babhta trom meitifisicea heavy session of metaphysics toiteachsmoky mífholláinunhealthy truaillithe go holcbadly polluted galsteam ag sceitheadh ina scamaill dhubha ghalrachaescaping in black sickly clouds stúrdust ina phlá phlúchtachin a suffocating plague sceadamáinthroats scamhógalungs cársánachwheezy screamh ghlas sheileogachgreen salivary scum ag spaisteoireacht thartstrolling around gnúisface gnaíúilcomely ag rúscadhrummaging i gcarn bruscairin a pile of rubbish áilleagántrinket séarachassewerage bradaílpilfering lena ruaigeadh as bealachto drive them out of the way seilbh shaoltaworldly possessions burlabundle níos tibhethicker go bhfóirfeadh na bróga i gceart dóthat the shoes would suit him fine Tír Tairngire na féilethe Promised Land of generosity miantadesires Úll Mór na bhféidearthachtaíthe Great Apple of possibilities brioscbrittle tnáiteweary dílleachtaorphan brúidiúlachtbrutality gluaiseachtaímovements go míorúilteachmiraculously méithrich cothaitheachsustaining gealbhan binnehouse-sparrow broiddistress dia an áidh agus an rachmaisthe god of luck and wealth gaoiswisdom coimirceprotection bratógachragged barróghug
é a aimsiú to find him
" Bhí mé ag lorg Neil, ach ní raibh mé ábalta é a aimsiú.
margaí agus treonna nua a aimsiú to find new markets and directions
" Ar íoróiní an tsaoil, spreag na deacrachtaí sin an comhlacht le dlús a chur lena iarrachtaí margaí agus treonna nua a aimsiú - rud nach dtarlódh chomh sciobtha céanna, b'fhéidir, dá mbeadh an saol ar a gcompord acu sa mbaile i gcónaí.
aimsithe found
" " Mothaíonn sé go bhfuil áit straitéiseach aimsithe ag an gcomhlacht, áit éigin idir Bostún agus Beirlín, rud a chabhrós leo forbairt bhreise a dhéanamh amach anseo.
aimsithe found
" Insíonn Bewick dom go bhfuil níos mó ná milliúin figiúr mar sin aimsithe i gcultúir éagsúla an domhain, "Is mian uilíoch é," a deir sí.
nua-aimsithe newly-discovered
" Gheit mo chroí le háthas: faoi dheireadh, bheinn in ann mistéirí "Éamonn an Chnoic" a fhuascailt! Cheannaigh mé an leabhar gan mhoill ina dhaidh sin agus abhaile liom le mo stór nua-aimsithe.
a aimsiú to find
" Caithfidh tú an léibheal ceart a aimsiú - idir proifisiúnta agus bríomhar.
haimsiú na fírinne the finding of the truth
" Cultúr neamhfhreagrachta a leagann níos mó béime ar rúndacht; cultúr atá níos tógtha le haon drochscéal maidir leis féin a cheilt ar an phobal ná mar atá sé le haimsiú na fírinne.
d'aimsigh sé gunna he found a gun
" I 1967 bhí Joe Dillon le dul os comhair cúirte ach, ar bhealach éigin, d'aimsigh sé gunna sna leithris agus d'éalaigh sé.
socruithe cruthaitheacha a aimsiú to find creative settlements
" "Ach tá difear idir sin agus socruithe cruthaitheacha a aimsiú le fadhbanna a réiteach.
a aimsiú to find
" B'éigean dom áiteanna áille a aimsiú don léiritheoir a bheadh an fhoireann cheamara ábalta a bhaint amach.
Aimsíodh ór gold was found
" Aimsíodh ór i Victoria in 1851 agus faoin mbliain 1854 bhí breis is 25,000 mianadóir i mBallarat.
é a aimsiú to find it
" Tá sé an-deacair é a aimsiú, ach bhí gléas ag David Thompson, maor an Iontabhais Náisiúnta, a aimsíonn rudaí le cuidiú satailíte.
aimsiú finding
" Bhain sé le haimsiú na gcorp tar éis an chogaidh.
a aimsiú to find
" Cheana féin tá seandálaithe tar éis 141 láithreán seandálaíochta a aimsiú ar an mbóthar seo.
a aimsíodh go dtí seo found so far
" Ach má ghlacann sé le hachainí an NRA, fágfaidh sin go dtosófar láithreach ar na láithreáin seandálaíochta a aimsíodh go dtí seo a scrúdú agus is é seo, thar aon rud eile, atá ag cur imní ar dhaoine, agus cúis mhaith acu.
a aimsiú to find
" Bíonn impleachtaí ag na drugaí go minic, áfach, fiú dóibh siúd nach dtéann in aice leo riamh - tagann méadú ar an fhoréigean agus ar an ghadaíocht mar nach mbíonn an dara rogha ag na handúiligh ach tuilleadh airgid a aimsiú chomh tiubh géar agus is féidir leo chun drugaí a cheannach.
a aimsiú to find
" Ní hamháin go gcabhródh sé seo leis an pháirtí treo nua a aimsiú, ach choimeádfadh sé an tUasal Cowen sona ar feadh tamaill eile agus ó bheith ag santú na ceannaireachta.
a aimsíonn an scór faoi na cúinsí sin who scores under those circumstances
" Is túisce a bhronnfainn an cúilín breise ar an imreoir a aimsíonn an scór faoi na cúinsí sin ná i gcás poc saor ón talamh.
agus bealaí nua brabúsacha a aimsiú and to find profitable new routes
" Tá an méid sin eitleán nua ordaithe ag Ryanair go bhfuil orthu bheith i gcónaí ag tosú bealaí nua, díreach chun úsáid a bhaint as na heitleáin nua seo, ach tá sé ag éirí níos deacra luas an fhoráis a choimeád agus bealaí nua brabúsacha a aimsiú.
a aimsiú to find
" Tríd an phasfocal sin "Altan" bhí mé ábalta faoi dheireadh domhan mór an cheoil Éireannach a aimsiú.
a aimsiú to find
" Measaimid go gcabhróidh sé seo go mór leis na balleagraíochtaí nach bhfuil a suíomh gréasáin féin acu láithreacht a aimsiú ar líne.
a aimsiú to find
" Tá an tIontaobhas ag iarraidh deontóirí eile a aimsiú chun a chinntiú go dtig leo borradh a choinneáil faoin Ghaelscolaíocht ó thuaidh, fiú in éagmais tacaíocht cheart ón stát.
aimsithe found
" Dúirt saineolaí amháin a bhfuil na scéalta sin ar fad cloiste aige nach raibh ach dhá thuairisc ó 1936 i leith gurbh fhiú fiosrú dáiríre a dhéanamh orthu agus, sa dá chás sin, nach raibh fianaise ar bith aimsithe go raibh an t-ainmhí fós beo.
nuair a d'aimsíteá when you would find
" D’fhéadfadh a leithéidí sin leanúint ar aghaidh ar feadh tamaill ach faoiseamh mór a bheadh ann sa deireadh nuair a ghlaoití chuig an dinnéar ort nó nuair a d'aimsíteá leithscéal sásúil eile le deireadh a chur leis an chomhrá.
a aimsiú to find
" Measaimid go gcabhróidh sé seo go mór leis na balleagraíochtaí nach bhfuil a suíomh gréasáin féin acu láithreacht a aimsiú ar líne.
a aimsíodh which was found
" Ainneoin nach bhfuil na Gardaí ná an PSNI tar éis aon dearbhú a thabhairt go fóill gur bhain an t-airgead Sasanach a aimsíodh i gCorcaigh le robáil Bhanc an Tuaiscirt, deir an tAire Dermot Ahern nach bhfuil aon amhras ar an rialtas ach gur ón robáil seo a tháinig ar a laghad cuid den airgead a fuarthas.
nuair a d’aimsigh siad when they found
" Ag fiosrú robáil brainse AIB i Sráid Grafton i nDeireadh Fómhair 1972 a bhí na Gardaí nuair a d’aimsigh siad bille leictreachais sa ghluaisteán éalaithe.
a aimsiú to find
" ”* Ní léir go bhfuil ceannasaíocht an Gharda Síochána ná an tAire Dlí agus Cirt buartha faoi ainm an gharda shinsearaigh a aimsiú a chas leis an bhfinné i dteannta Ard-Cheannfort an RUC – agus, más fíor, nár inis an méid seo dá cheannasaíocht.
chomh luath is a aimseofar iad as soon as they are found
" Tá cuid againn ar thóir an 570 milliún lítear breise sin agus, chomh luath is a aimseofar iad, cuirfear léitheoirí *Beo!* ar an eolas láithreach sa gcaoi gur féidir leo an éagothroime sin a cheartú.
aimsithe discovered
" “Cén difríocht a dhéanfaidh cúpla uimhir bhreise sna seoltaí?” Rud nach ndúradh san fhógra le déanaí ná go raibh neart deacrachtaí aimsithe ag coiste saineolaithe na Roinne Cumarsáide féin (tá a dtuarascáil le feiceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne).
a aimsiú to find
" Agus is cinnte go mbeadh siad úsáideach do na seirbhísí éigeandála, chun áit a aimsiú go tapa.
aimsithe discovered
" “Cén difríocht a dhéanfaidh cúpla uimhir bhreise sna seoltaí?” Rud nach ndúradh san fhógra le déanaí ná go raibh neart deacrachtaí aimsithe ag coiste saineolaithe na Roinne Cumarsáide féin (tá a dtuarascáil le feiceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne).
a aimsiú to find
" Agus is cinnte go mbeadh siad úsáideach do na seirbhísí éigeandála, chun áit a aimsiú go tapa.
a aimsiú to find
" “Chríochnaigh mise le TG4 i mí Dheireadh Fómhair 2004 agus bheifeá ag briseadh do chroí ag iarraidh scéalta a aimsiú a d’fhéadfaí a chraoladh ar bhonn náisiúnta a raibh aon fhiúntas nó aon mhaitheas ag baint leo, agus a mbeadh aon suim ag daoine iontu.
d’aimsigh muid we found
" Chuardaigh muid an domhan mór agus d’aimsigh muid an duine is fearr chun an rud a chur ar fáil do mhuintir Londan a bhfuil géarghá leis: *Tube* níos fearr.
a aimsiú to find
" (f) Chun seans a thabhairt do dhaoine a dtallann agus a gcruthaitheacht féin a aimsiú agus a fhorbairt agus seans a thabhairt dóibh cur lena gcuid scileanna trí cheardlanna oiliúna a eagrú dóibh, sa gcaoi is go mbeidh seans níos fearr acu obair fhiúntach a fháil sa gceantar.
aimsíodh corp leanbh nuabheirthe the body of a newly-born baby was discovered
" Ar an Satharn, 14 Aibreán 1984 aimsíodh corp leanbh nuabheirthe ar ar an Trá Bhán i gCathair Saidhbhín i gContae Chiarraí.
a aimsiú to find
" In ainneoin nach bhféadfadh an Paiteolaí Stáit, an Dr John Harbison, aon fhianaise a aimsiú maidir le conas a bhásaigh an leanbh a fuarthas ar an bhfeirm, dúirt an giúistís gur léir gur thacht Joanne an leanbh agus go raibh sé i gceist ag an teaghlach an leanbh a thabhairt chuig an Daingean agus é a chaitheamh isteach san fharraige, ach gur athraigh siad a n-aigne.
lena bhfréamhacha a aimsiú to find their roots
" Go minic tagann a sliocht go hIarsmalann Ulapul lena bhfréamhacha a aimsiú.
níor aimsigh siad they didn't find
" "*Random*" a thug an PSNI ar an ionsaí agus níor aimsigh siad “ceannfháth” ar bith go fóill, ainneoin go bhfuil a fhios ag “cait an bhaile” gur baill den Mount Vernon UVF a sháigh Thomas chuig huaire sa droim.
a aimsiú to find
" Fiú agus toil ann seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil, is rud eile ar fad é na daoine a aimsiú atá sách ábalta chun postanna nua a líonadh a fhágfas gur féidir na seirbhísí i nGaeilge a sholáthar.
aimsithe discovered
" I mí na Samhna 2004, seoladh litir chuig Príomh-Oifigeach na Roinne Sláinte ag tabhairt le fios go raibh sé chás den tocsaín PVL aimsithe sa tír seo.
a aimsiú to find
" Nuair a chuaigh muidne ansin, bhí an bóithrín giota beag deacair a aimsiú, mar bhí an comhartha leagtha ag an duine a bhfuil cónaí air díreach in aice leis an chaisleán.
slite eile a aimsiú to find other ways
" Tá fáithe ag caint cheana féin faoi Bhuaic na hOla, an uair ag a thosóidh soláthar ola an domhain ag dul i léig, agus ag tabhairt foláirimh gur gá dúinn slite eile a aimsiú chun ár spleáchas ar an ola a laghdú.