Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ainnir aontachtach unionist girl
" Mar mhaighdeán Bollywood, tá an patrarc Tony Blair ag cur brú ar an ainnir aontachtach socrú síos in aontíos leis an diabhal poblachtánach.
ainnir young woman
" Ina cruthaíocht, ina pearsa agus ina gné, dar le Balor, nach bhfaca sé ainnir ar bith riamh ní ba dheise ná í.
leis an bheirt ainnireacha seo with these two young women
" Shílfeadh duine go mbeadh fear ar bith sásta leis an bheirt ainnireacha seo ag déanamh a chuid oibre ar fad ar a shon, ag tabhairt aire dó, ag amharc i ndiaidh a chompóird, ag freastal air le tae agus caife agus piontaí leanna ó dhubh go dubh.
Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn the Lovely Maiden with the Curly Brown Hair
" Thit mé i ngrá le girseach álainn – ba í ábhar gach aon dáin: Ba í Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn is Péarla an Bhrollaigh Bháin, Ach nuair a luaigh mé fáinne is bainis, arú chaill sí ciall is brí.
ainnir i gcruachás a maiden in distress
" Dream uasal gan aon agó, dream idéalach, altrúíoch! Ní fhágfaidís ainnir i gcruachás gan trácht ar ‘ainnir shéimh darbh ainm Éire’.
ainnir shéimh fine maiden
" Dream uasal gan aon agó, dream idéalach, altrúíoch! Ní fhágfaidís ainnir i gcruachás gan trácht ar ‘ainnir shéimh darbh ainm Éire’.