Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
alcólach alcoholic
" Is beag teaghlach in Éirinn nach bhfuil alcólach ann nó nach bhfuil tionchar éigin ag duine a bhfuil fadhb óil aige air.
i gcás alcólaigh in the case of an alcoholic
" Deirtear i gcás alcólaigh gurb í an chéad chéim i bhfuascailt na faidhbe ná a aithint go bhfuil fadhb ann.
fhantasaíocht alcólach the alcoholic fantasy
" Ag tógaint san áireamh an drochmheas a bhí aige orthusan a bhí ag iarraidh bheith deas leis, an fhantasaíocht alcólach inar mhair sé go minic agus a chuaigh in olcas agus é fá bhrú, paranáia leanúnach an bhréagadóra go bhfaighfí amach é, gan trácht ar an chlisteacht chiútálta fhéinchosantach a sheas go maith dó riamh anall, creidim nár thug sé fábhar speisialta ná deis riamh d’éinne a thug oiread agus pingin rua dó.