Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
coimhthíoch alien
" Ach bhí aghaidh na ndaoine sásta agus mise beo fós tar éis na cainte! Anois, ar an drochuair, tá an Ghaeilge ag éirí coimhthíoch anseo - is trua nach bhfuil bhur n-ambasáid sa tír seo.
eachtrannacha alien, foreign
" Bhí tábhacht faoi leith le cúrsaí eachtrannacha sa gceann seo, rud nach féidir a rá go hiondúil.
eachtrannaigh chónaitheacha resident aliens
" Tá mé cinnte go dtuigeann na Seapánaigh Mheiriceánacha, go háirithe iad siúd a bhí ag cur fúthu sna Stáit Aontaithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, cás na nArabach Meiriceánach go maith (bíodh siad ina saoránaigh Mheiriceánacha, ina n-eachtrannaigh chónaitheacha nó díreach ina gcuairteoirí) a cuireadh i ngéibheann tar éis eachtraí an 11 Meán Fómhair.
gur fhorás an bheatha dhaonna ó eachtráin that human life evolved from aliens
" Ná déanaimis dearmad gur tháinig sé ó ghrúpa a chreideann gur fhorás an bheatha dhaonna ó eachtráin ar éirigh leo máistreacht a fháil ar an chlónáil.
ó dhomhan coimhthíoch from an alien world
" Dá mbeifeá ar an mbóthar idir Darwin agus Adelaide le gairid ag breathnú ar na carranna i do thimpeall, ní bheadh sé ródheacair a shamhlú go raibh tú ar phláinéad éicint eile nó ar a laghad gur tháinig na carranna sin ó dhomhan coimhthíoch.
Coincheap coimhthíoch alien concept
" Coincheap coimhthíoch é cobhsaíocht airgeadais in Éirinn na linne seo.
coimhthíoch alien
" Tá cúrsa léinn na Gaeilge coimhthíoch do go leor de na daltaí.
na heachtráin the aliens
" Mar shampla, bheadh rás carranna buaite nó bheadh na heachtráin ar fad dúnmharaithe.
aduain agus muinteartha alien but close
" Mheall an teanga mé láithreach: bhraitheas í a bheith aduain agus muinteartha ag an am céanna.
a n-iompar coimhthís their alien behaviour
" Ní thuigeann siad go gcuireann a n-iompar coimhthís strus ar an duine eile.
cultúr an alltair agus an eachtrainn the otherworld and alien culture
" Mholfainn do dhuine óg ar bith seal a chaitheamh thar sáile le cultúr an alltair agus an eachtrainn a bhlaiseadh, le tuairimí difriúla a chloisteáil agus le cuid mhór rudaí nua a fhoghlaim.
sochaithe coimhthíocha alien societies
" Scoitear iad as na háiteanna a bhfuil taithí acu orthu is naisc spioradálta acu leo agus cuirtear iallach orthu dul isteach i sochaithe coimhthíocha.
deoranta alien
" Mar bharr ar an tubaiste, ní chuirtear cóir ar na daoine easáitithe seo, ná geall leis, sna sochaithe ar deoranta leo iad.
heachtránaithe aliens
" Fágfaimid faoi na heachtránaithe óga feiniméan nádúrtha mórthaibhseach an láir ghlais a bhrath.
coimhthíoch strange, alien
" I dtosach, ní raibh an caighdeán an-ard ar an ábhar go raibh an cluiche iomána (iománaíocht/camanachd) coimhthíoch don dá thaobh.
coimhthígh aliens
" Agus tá siad tinn tuirseach de na coimhthígh atá ag cur isteach ar an tír aonchineálach a d’fhág a sinsear acu.
coimthíoch alien
" Daoine eile den tuairim nach bhfuil ann ach ‘nuaigín’ a gcaillfidh daoine spéis ann de réir a chéile agus nach mbeadh daoine in innimh sean-nósanna a bhriseadh agus dul trasna go dtí an taobh eile den abhainn agus isteach i gceantar ‘coimthíoch’.
choimhthíoch alien
" Ní mór, déarfainn, líon na gcainteoirí dúchais Iodálaise a bheadh chomh cluas-siúrálta iontu féin go mbéarfaidís dialóg dhá chultúr choimhthíoch chomh fírinneach sin leo.
Saoránaigh coimthíocha iad araon they are all alien citizens
"Saoránaigh coimthíocha iad araon ag an tsochraid sin, agus níl acu mar fhuascailt ach comhpháirtíocht.
coimhthíoch fíorscanrúil a really terrifying alien
" Agus beidh coimhthíoch fíorscanrúil ann chomh maith ar ndóigh.
sa timpeallacht choimthíoch in an alien surroundings
" Scríobh an Feisire T M Healy cuntas spéisiúil ar bhailbhe na gcimí sa timpeallacht choimthíoch: *"(A prison warder’s) stories of the Galway prisoners ….
theach beag coimhthíoch a small alien looking house
" Bhí ceol aisteach sa chúlra, chonaic muid taobh istigh de theach beag coimhthíoch agus muid ag baint suilt as scileanna peile os ár gcomhair nuair a tháinig JCB de ruathair ar an láthair.
a bhíodh aisteach agus coimhthíoch tráth which was once strange and alien
" Tá an drogall a bhíodh ar an ngeandáil ar líne ag leá le gach croí a eitlíonn ó ghuthán go guthán trí Tinder agus mar gheall ar an méid comhchairde a fheicfeas tú ar an rud – déanann sé seo normálú ar áis a bhíodh aisteach agus coimhthíoch tráth.
dála na n-ainmhithe coimhthíocha eile like the other alien animals
" Ní hamhlaidh an scéal, áfach, i dtaca le hainmhí andúchasach amháin, capall fiáin na hard-dúiche, agus é ag déanamh dochair as cuimse don chomhshaol dála na n-ainmhithe coimhthíocha eile.