Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an teanga a choimeád ina beatha. keep the language alive
" Is deacair a chreidiúint gur mhair an Ghaelainn i gcúinne beag torthúil agus tá an-chreidiúint ag dul do mhuintir na Rinne as ucht an teanga a choimeád ina beatha.
Beo ar Éigean barely alive
" Cluintear do Bhalor gurb ann dóibh siúd nach bhfuair locht ar bith ar "Beo ar Éigean" seachas nach mbeidh sí ag teacht amach níos minice.
beo beathach alive and active
beo beathach alive and kicking
" Tá an Ghaeilge beo beathach i Melbourne chomh maith faoi chúram Chumann Gaeilge na hAstráile.
beo beathaíoch sainiúil alive and special
beo beathach alive and active
" Níl freagra simplí ar bith ar an cheist seo: Cén dóigh is éifeachtaí ar féidir an Ghaeilge, agus na mílte teanga eile atá san fhaopach céanna, a choinneáil beo beathach? Gan amhras ar bith, tá forbairt rathúil na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht dlúthcheangailte le caomhnú na Gaeilge mar theanga laethúil i bpobail Ghaeltachta.
*Beo Ar Éigean* Barely Alive
" Ba bhreá leis a ainm féin a fháil ar phríomhleathanach *Beo Ar Éigean*.
beo ar éigean barely alive
" " "Agus inis dom, a Shodom, an bhfuil teachtaireacht ar bith agat do léitheoirí *beo ar éigean*?' a d'fhiafraigh Balor an Bhéil Bhinn.
*Beo Ar Éigean* Barely Alive
" Má thug sibh fá deara go raibh crut i bhfad níos fearr ar *Beo Ar Éigean* an mhí seo a chuaigh thart, bhí cúis mhaith leis sin, nó is mé féin a rinne an eagarthóireacht ar an liarlóg.
beo beathach alive and active
" Tá an sobalchlár seo, atá á úsáid mar áis foghlama i méanscoileanna ar fud na hÉireann, ag léiriú don dream óg go bhfuil an Ghaeilge beo beathach agus gur féidir gach ábhar comhaimseartha a phlé trí mheán na teanga.
beo beathach alive and active
" Más fíor go bhfuil na coireanna seo gan íospartaigh, an tseachtain seo caite bhí íospartach beo beathach (go hádhúil) ina shuí ar a leaba otharlainne ag tabhairt agallaimh do dhuine ar bith a d'éistfeadh leis.
*Beo Ar Éigean* Just About Alive
" Míníonn sé é féin sa ráiteas seo a leanas: "Is minic thar na blianta mé ag cur brú ar Éamonn Ó Doornail, eagarthóir *Beo Ar Éigean*, an páipéar seo a chur amach i bhfoirm páipéir.
beo beathach alive and active
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? An Ghaeilge bheith beo beathach san áit is tábhachtaí ar domhan - sa bhaile.
coinnithe beo kept alive
" Is iontach an rud é go bhfuil éinne fágtha ar na hoileáin seo in aon chor, gan trácht ar a dteanga agus a gcultúr bheith coinnithe beo acu.
Beo Ar Éigean* Barely Alive
" Céad scúp na bliana 2005 do *Beo Ar Éigean*! Agus a leithéid de scúp! An bhfuil iontas ar bith nach raibh Balor in ann codladh agus rún mar sin ag suaitheadh thart ina chloigeann.
beo beathach alive and well
" Tá daoine eile ann a bhfuil íomhá an-rómansúil den Ghaeltacht ina n-intinn: áit a bhfuil teanga bhinn na nGael beo beathach, ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí agus nach bhfuil cead ag éinne bogadh isteach ann nó cónaí ansin ach iad siúd atá dílis don Ghaeilge agus a chaitheann an fáinne óir.
beo beathach alive and well
" Bhí ceannasaíocht an Oird Oráistigh ach go háirithe ar buile go sílfeadh an tUachtarán go raibh aon fhrith-Chaitliceachas beo beathach i measc na bhfear buí.
*Beo Ar Éigean* Barely Alive
" Is é an t-aon aiféala atá ar Bhalor i dtaca leis an chuideachta seo nach raibh sé ábalta níos mó airgid a chur isteach ann (a bhuí sin le heagarthóir *Beo Ar Éigean*, Éamonn Flúirsín Ó Doornail).
beo beathaíoch alive and active
" Goilleann sé orm a rá, i bhfianaise na géarleanúna a rinneadh ar Dolores McNamara, buaiteoir *Euromillions *le déanaí, go bhfuil cur chuige Hutts beo beathaíoch i measc baicle iriseoirí sa tír seo.
beo beathach alive and active
" Ach cárb as don fhear cháiliúil seo? Tá an béaloideas a bhaineann leis beo beathach go fóill gan amhras: taistealaíonn sé i gcarr sleamháin, á tharraingt ag ocht réinfhia; déanann sé féin agus a chuid sióg bréagáin ina gceardlann sa Mhol Thuaidh; téann sé síos simléir le bronntanais a fhágáil do mhaidin Lá Nollag.
beo beathaíoch alive and vibrant
" Is léir go bhfuil sé beo beathaíoch i gCorca Dhuibhne.
beo ar éigean just about alive
" Fuair mé amach go raibh an Ghaeilge fós beo ar éigean agus tháinig fonn orm triail a bhaint as blaiseadh den teanga ar a laghad a fháil.
dá mbeadh sé beo if he were alive
" Go tobann, tá na haerthonnta, agus leathanaigh litreacha na nuachtán, lán, agus gach fear agus bean mhire ag tagairt do shleachta éagsúla ón mBíobla mar chruthúnas ar cén bealach a vótálfadh ár Slánaitheoir sa reifreann seo dá mbeadh sé beo.
saibhreas ceoil na tíre seo a choinneáil beo beithíoch to keep the musical wealth of this country alive
" Má dhéanann tú amhlaidh, beidh tú ag cuidiú le hiarrachtaí an Taisce saibhreas ceoil na tíre seo a choinneáil beo beithíoch do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.
beo bríomhar alive and strong
" Tá saol an-rac-cheoil beo bríomhar i Learpholl, mar a bheifeá ag súil agus an traidisiún láidir atá sa chathair ó am The Beatles ar aghaidh.
ciall a bhaint go fóill as an ré ina bhfuil siad féin. to make sense of the era they themselves are alive in.
" I dtír chomh húr le Meiriceá, atá fós ag athrú go mór ó ghlúin go glúin, is beag béim a leagtar ar stair nuair atá pobal na tíre ag iarraidh ciall a bhaint go fóill as an ré ina bhfuil siad féin.
Beo ar éigean, barely alive,
" Cén chaoi a bhfuil sibh inniu? Peadar: Beo ar éigean, agus thú féin? Peaitín: Maraithe, a mhac, maraithe ag rith i ndiaidh bitseachaí bodógaí ó mhaidin is gan a’m ach dhá sheanchois is maide agus Rex bocht atá ag éirí caoch.
nach maireann a thuilleadh. who isn't alive anymore.
" “Bhí an-chabhair ar fad agam sna laethanta luatha sin ó Michael Davitt, mo chara nach maireann a thuilleadh.
mar dhaoine a bhí beo as people who were alive
" Bhí tuiscint aige ar na mothúcháin a bhí sna hamhráin go mór mór, agus d'amharc sé ar na daoine a bhí luaite sna hamhráin mar dhaoine a bhí beo agus a d'inis scéalta fríd amhráin.
le linn do lucht a gcruthaithe a bheith beo while it creators are alive
" An mbeadh cosc ar shaothair áirithe le linn do lucht a gcruthaithe a bheith beo agus ansin, an gceadófaí na saothair chéanna agus a n-údair sa chré? Níl mórán céille ag baint leis an gcaint faoi fhilíocht Uí Shearcaigh a bhaint den churaclam.
nach maireann. who isn't alive any more
" Deir Lunny gur bhain sé sásamh ar leith as an obair a rinne sé ar albaim de chuid an amhránaí Frank Harte, nach maireann.
a choimeád beo to keep alive
" Ach is é an fáth ar bunaíodh an eagraíocht seo ná chun cuid thábhachtach dár gcultúr a choimeád beo.
a choinníonn an nimh beo which keeps the enmity alive
" An bhfuil sé de cheart againn na pictiúir seo a bhaint anuas mar sin nó an bhfuil siad mar chuid shuntasach d’oidhreacht fhuilteach an tuaiscirt ? An cóir iad a shábháíl nó an uafás iad a ghoilleann ar an intinn agus a choinníonn an nimh beo i gcuisle daoine agus ar cheart dúinn a bheith réidh leo? Dar leis an ealaíontóir áitiúil Peadar Seoighe, atá ag obair ar an cheathrú pictiúr i lár eastát tithíochta protastúnach i nDoire go bhfuil daoine sásta go bhfuil athrú ag teacht ar a dtimpeallacht.
beo beathach alive and kicking
" Go traidisiúnta sa mheánaois, ní bhíodh cead ag mná a bheith ar an ardán ar chor ar bith agus gi gur tháinig athrú ar an riail seo de réir a chéile, ní bhíodh sé go fóill inglactha go mbeadh íomhá mná rótharraingteach! San aois victeoiriach, nuair a bhí cosc ar chosa cuaracha pianó a thaispeáint, ba mhór an faoiseamh ag fir é go raibh cead acu súil a chaitheamh ar chosa dea-chumtha an ‘principal boy’ gan náire a bheith orthu! Tá an traidisiúin geamaireachta beo beathach go fóill agus bíonn amharclanna in iomaíocht lena chéile le hainmeacha móra a mhealladh leis na príomhpháirteanna a ghlacadh ina gcuid seónna.
Beo Ar Éigean barely alive
" Am ar bith is maith leat, a mhórgacht!” Bhí an gheonaíl agus an criongán agus an phusaireacht le mothú ina ghlór agus Balor an Meatachán Míghaisciúil ag géilleadh go grod d’údarás eagarthóir Beo Ar Éigean agus ag druidim a ghuthán póca le plimp.
beo beathaíoch alive and rampant
" An cneasú thar ghoimh Ainneoin go mbíonn gach duine ag caint ar an fheabhas atá tagtha ar an tuaisceart agus ar Bhéal Feirste ach go háirithe - "nach iontach na bialanna galánta atá agaibh ansin" - ba é an rud a léirigh an ruaille buaille san Europa nuair a thug íobartaigh agus ionadaithe na n-íobartach ón dá thaobh, náisiúnaíoch agus aontachtach, aghaidh ar a chéile a fhad is a bhí an móramh tostach balbh, thug sé le fios go bhfuil gangaid faoin dromchla, go bhfuil an seicteachas beo beathaíoch ar thaobh amháin.
a bheith ann as dead or alive
" Ar dhóigh, thiocfadh lena chuid nimhe roinnt daoine a mhúscailt chun gnímh, daoine gur chuma le cuid mhaith acu go dtí seo an teanga a bheith ann as.
i do bheatha while still alive
" Dul ar lár, i do bheatha! Is féidir an lár a bhaint amach i bhfeithicil faoi thiomáint ceithre roth, cé go bhfuil sé deacair taisteal in aice an locha de dheasca na n-aibhneacha atá faoi thuile agus dhrochbhail na mbóithre cré.
bheo alive
" D’éirigh leis an mbealach teilifíse náisiúnta, RTÉ, ar an láimh eile, masla a thabhairt do gach duine idir bheo agus mharbh a raibh baint acu leis an gcumann ón uair a bunaíodh é riamh anall le tubaiste de ‘Late Late Show’ ag tús na bliana.
slán alive
" org/stream/bethacolaimchill00odonn#page/504/mode/2up) agus tá tagairtí dó i gcodanna eile den litríocht, ‘Genemain Áeda sláne’ i Lebor na hUidre, agus den naomhsheanchas chomh maith.
beo beathach all go, alive
" Is iomaí gné den bhaile atá feicthe againn le linn an ama sin – an baile stairiúil, an baile cultúir agus an baile beo beathach ina mbíonn go leor ag tarlú ann.
lena anam alive
" D’éalaigh sé lena anam ón Ghaeltacht ag Irish Fest Milwaukee i ndiaidh do mhná fiánta na háite sin spéis a chur ina cholainn bhreá chaomh.
beo beathaíoch alive and kicking
" Tá sé beo beathaíoch anois, le siamsallán, siopaí, agus iliomad rudaí eile.
beo alive
" Fuadaítear daoine a d’fhéadfadh fuascailt a íoc, ach uaireanta fiú má íoctar an t-airgead, ní thiocfar beo as.
dé a choinníoll sa duine keep one alive
" Pé scéal é, oireann sé mar tá sé i gceist agam cúrsaí bia a phlé san alt seo, agus mar a dúirt fear liom tráth, ní theastaíonn ach péire maith bróg, caipín agus dinnéar te chun an dé a choinníoll sa duine le linn aimsir mar seo.
Beo Ar Éigean barely alive
"Beo Ar Éigean! beo leis, a léitheoirí dílse, agus beidh go ceann trí bliana eile.
Beo Ar Éigean barely alive
" Shíl tú go raibh mé chun scian a rá ansin, a Bhaloir, ach tá mé i bhfad róchliste chun a leithéid a chur ar taifead, fiú do léitheoirí dúra dallintinneacha Beo Ar Éigean!” Ach tá dea-scéala agam daoibh, a léitheoirí dílse: sular imigh An Gunnadóir O Dea, d’fhág sé amhrán beag deas le huacht againn, mar fheartlaoi le nach ligfear Laoch Luimnigh i ndearmad – cibé rud eile a ndéanfar dearmad air.
beo beathach alive and well
" Tá Tuaisceart Éireann beo beathach, na struchtúir pholaitiúla beo beathach, a deir sí.
le hanam na marbh barely alive
" Bhí ceoltóirí le hanam na marbh i Siceagó agus obair dóibh.
slán as alive out of
" Tháinig 705 duine slán as an tubaiste, ina measc Bruce Ismay, mar chuaigh seisean isteach sa bhád tarrthála deiridh, d’ainneoin na rialach úd faoi ‘mná agus páiste chun tosaigh.
bheo bheathacha really alive
" Mar dhráma faisnéise, tá ardchaighdeáin léiriúcháin ann, le scannánú ón aer a scaoileann rún áilleacht thírdhreach Dhú Chaocháin i dtuaisceart Mhaigh Eo, radharc ar eachtraí a mbeidh do dhá shúil sáite iontu agus carachtair bheo bheathacha ón saol fíor a chuirfeas deann síos tríot lena misneach.
beo le fréamhacha cianda alive with ancient roots
" Scríobhann Heaney sa saothar seo go raibh an portach cosúil le him saibhir dubh, a d’oscail faoi do chois, gach sraith den ithir seo dlúth agus beo le fréamhacha cianda nach raibh deireadh leo.
araon beo beathaíoch both alive and well
" Tá an meafar seo le brath i saothar Flanagan chomh maith sa mhéid is gur léirigh sé an tírdhreach mar rud a raibh an ársaíocht agus an lá inniu araon beo beathaíoch ann.
go raibh mo bheo liom to be alive
" I ndiaidh mé dul ann, am ar bith a d'fhág mé na shanty towns le dul chuig an aerfort, bhí mé buíoch beannachtach go raibh mo bheo liom,” ar sí.
a mhaireann alive, still living
" I nDánlann Mhic Giolla Bhuí, taobh istigh de bhallaí Chathair Dhoire, a taispeánadh den chéad uair ar an Aoine an 25ú Márta an saothar is déanaí ó Phatsy Dan Mac Ruairí, an t-aon duine a mhaireann agus atá ag saothrú go fóill den bhuíon péintéirí atá aitheanta ar fud saol na healaíne mar Phéintéirí Oileán Thoraí.
beo beathach alive and kicking
" Tá aigne an léigir beo beathach go fóill! Búistéireacht ====== Sin ráite, le tamall beag anuas, tá aitheantas a thabhairt, diaidh ar ndiaidh, go raibh siocair ghearáin ag Caitlicigh/Náisiúnaigh an tuaiscirt, rud a shéantar go minic.
beo beathach alive and well
" Tá dhá mhír suite ar an mbealach amach ón taispeántas a léiríonn go bhfuil scéal na nÉireannach san Astráil beo beathach fós.
Ite ina Bheatha eaten alive
" Ite ina Bheatha ======== Téann eán ar iarraidh, amantaí, agus bíonn beirt bhainirseacha ag troid faoi eán amháin, nuair atá ceann acu trína chéile mar gheall ar an eán caillte.
conas a éalaíonn sé lena anam how does he escape alive
" Beidh orm labhairt leis le fáil amach conas a éalaíonn sé lena anam, gan trácht ar a phost.
beo beathach alive and kicking
" Tá sé beo beathach inár measc sa dobrón a mhothaíonn daoine na deicheanna de bhlianta i ndiaidh duine a raibh grá acu dó nó di a bheith maraithe, gan aon chúis go minic.
beo beathach alive and vibrant
" In amharclann na Maighdine Mara i mBrí Chualann shiúil Philip Larkin, nach maireann, beo beathach ar an ardán, agus ins an stíl aisteoireachta beag-is-fiú sin a chruthaigh sé fadó, siúd chun oibre Tom Courtenay, briathra, anam agus corp Larkin ionchollaithe aige.
choimeád beo to keep alive
" Sé atá sa leabhar, aistí beathaisnéise faoin saol a bhí ag an údar le linn a óige i Brooklyn Nua-Eabhrach agus i Luimneach chomh maith lena choimhlint le bochtanas agus le fadhb ólacháin a athar agus faoi iarrachtaí a mháthar an teaghlach a choimeád beo.
beo beathach alive and well
" Ní eascaí don té nach raibh an galar seo air é a mhíniú agus is i litir i gceann de na nuachtáin laethúla ar na mallaibh, a scríobh Éireannach, atá ina chónaí thar sáile i Meiriceá Theas, a bhí an sainmhíniú is gonta faoi, nuair a mheabhraigh sé ‘go mothaíonn an duine gur éacht atá curtha i gcrích aige nó aici, nuair a thagann siad tríd aon lá amháin beo beathach agus gach dochar a bheith déanta acu dóibh féin.
foilsíodh lena bheo published while he was alive
" **Seán Ó Ríordáin - Na Dánta** Sa leabhar seo tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, saothar iomlán filíochta Sheáin Uí Ríordáin: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978).
ag duine beo anyone alive
" Ó bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael buaileadh iománaithe Átha Cliath go minic in aghaidh foirne maithe, ach is deacair ag duine beo cuimhneamh ar léasadh chomh holc á thabhairt ar fhoireann na hArdchathrach is a tugadh ar an Satharn 23 Meitheamh seo caite.
de spraoi faoi dhraíocht an tsaoil seo of the delight in the magic of being alive
" Is iomaí cineál saibhris i saol an duine agus má tá spraoi áirithe sa bhreis ionainne ó shíorshileadh na fearthainne a thiomáineann go Gleann na nGealt sinn níos mó ná aon dream eile timpeall orainn, bímis groíúil agus roinnimis a bhfuil ionainn de spraoi faoi dhraíocht an tsaoil seo.
iomlán beo agus daite fully alive and coloured
" Agus má tá lochtanna ar an gComhairle Oilimpeach Idirnáisiúnta, cén eagraíocht ar domhan nach bhfuil locht uirthi agus daoine ag plé léi? Nuair a thagann na Cluichí Oilimpeacha trí mheán na teicneolaíochta isteach sa seomra suí, iomlán beo agus daite, gach ceathrú bliain, cuirimid suim mhór iontu ar feadh na coicíse sin a bhíonn siad ar siúl agus bímid inár saineolaithe ar spóirt nach bhfaca muid le ceithre bliana anuas.
an talamh a bhaint amach beo slán to reach the ground alive in one piece
" Ní hé gur duine é nach bhfuil an eagla ann mar mhothúchán, mar chuir sé síos ar na smaointe a bhí ina cheann agus é ar tí léim na tairsí chaitheamh – “ní ar churiarrachtaí nó ar an teicneolaíocht a bhí mé ag smaoineamh”, a dúirt sé, “ach ar an talamh a bhaint amach beo slán”.
fós beo i gcuimhne na ndaoine still alive in the people’s memory
" Níl fágtha anois ach ballóga ar láthair an tsléachta ach tá macallaí na n-imeachtaí fós beo i gcuimhne na ndaoine i gConamara.
beo beathach fully alive
" 
 "Le blianta beaga anuas, diaidh ar ndiaidh, mhothaigh mé mé féin ’ mo mhealladh ar ais go Gaillimh agus nuair a rinne mé staidéar measartha domhain ar mo chraobh ghinealaigh, mhothaigh mé go raibh mé féin beo beathach i saol na ndaoine seo de mo shinsear a chuaigh romham.
cosúil leis ar an fhód similar to him alive
" , bhraith sé nach raibh mórán eile cosúil leis ar an fhód.
Beo Ar Éigean barely alive
" D’iarr Balor air agallamh a dhéanamh leis, le go míneodh Cú Chulainn don saol mór, agus do léitheoirí Beo Ar Éigean, cás na léirsitheoirí.
beo beathach alive and well
" Tharla fo-eachtra sa reilig nuair a thug mé féin sciuird uirthi cúpla lá ní ba dhéanaí a léiríonn go bhfuil an deighilt thuasluaite beo beathach san Astráil fós.
phearsa spóirt is fearr beo the best sportsperson alive
" Má fhiafraítear cé hé/cé hí (i bhfírinne is leor cé hé) an phearsa spóirt is fearr beo i dTuaisceart Éireann, má fhreagraítear gur Mickey Harte atá i gceist is tuaisceart náisiúnaíoch atá i gceist, gan aon agó.
lena linn féin inár measc while he’s still alive
" net/2013/04/03/a-personal-statement-from-iain-banks/> Tá a leabhar deireanach á chló go tapa ionas go seolfar é lena linn féin inár measc.
cad é tá dhá choinneáil anseo what’s keeping him alive
" Tá sé chomh beag ag breathnú sa chathaoir rotha anois, is go gcaithfeá ceist a chur ort féin, cad é tá dhá choinneáil anseo? Dar liom, is é an fuinneamh sin a thug sásamh agus sonas dó i rith a shaoil fhada atá dhá choinneáil.
beo beathach alive and thriving
" Bhí an Ghaeilge beo beathach ar achan taobh de, cé gur thóg sé tamall air an Ghaeilge a aithint mar theanga a shinsear.
cé ar mhaith leis fanacht beo who’d like to stay alive
" Ba dheas a cheapadh go dtiocfadh duine thall is abhus slán i ndiaidh an tríú cogadh domhanda, ach cé ar mhaith leis fanacht beo faoin talamh ar feadh breis is sé mhí le teacht aníos ina dhiaidh sin chuig domhan nach mbeadh aon léas de sholas na gréine le feiceáil ann ar feadh blianta fada? Dá gcuimhneodh daoine go leor ar a leithéid in am, d’fhéadfaí é sheachaint.
ní bheinn beo I would not be alive
" Baineann siad go dlúth liom, tá m’anam iontu, agus murach na pictiúir sin ní bheinn beo, ní bheadh mo leanaí féin beo ná clann mo chlainne ach an oiread.
Nach iontach a bheith beo isn’t it great to be alive
" Nach iontach a bheith beo! Páirc an Fhionnuisce anois, gan ar feadh d’amhairc ach crainnte agus reathaithe.
ag preabadh arís throbbing / alive again
" Bhí sráideanna Dhoire ag preabadh arís le 430,000 duine a tháinig ó gach cearn den domhan le bheith páirteach i bhFleadh Cheoil na hÉireann i mí Lúnasa, an Fhleadh is mó go dtí seo i stair Chomhaltas Ceoltoirí Eireann.
eagraíochtaí a choinneáil beo keeping organizations alive
" Rinne mé an argóint ag an gcruinniú go mba cheart airgead an Fhorais a chaitheamh ar thionsnaimh a chur i gcrích seachas ar eagraíochtaí a choinneáil beo.
chomh beo anois as alive now
" Bhí rud i mo phóca a bhí chomh beo anois 's a bhí sé céad caoga bliain ó shin.
beo beathach go fóill alive and kicking still
" In ainneoin nach bhfuil scannáin Iodálacha chomh haitheanta ar bhonn idirnaisiúnta inniu is a bhí sna 50í agus 60í, tá an tionsal scannánaíochta beo beathach go fóill.
beo beathaíoch alive and thriving
" In ainneoin uachtarán Gorm a bheith sa Teach Bán, is léir go bhfuil ciníochas beo beathaíoch i Meiriceá go fóill.
nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo no one alive shall be obliged to work
" Tá mé ag súil leis an lá nuair nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo agus an t-aon sprioc a bheas againn ná spriocanna bunaithe ar spéis in ionad a bheith bunaithe ar bhrabús corporáideach.
bhí beocht san aisling the vision was alive
" Díograiseoirí Gaeilge a chuir INNIU ar bun i 1943, nuair a bhí beocht san aisling faoi Éire Shaor agus Éire Ghaelach.
beo beathach alive and active
" Tá an chlaontacht i gcoinne na nÉireannach beo beathach i Sasana, fiú sa chóras oideachais, mar a fuair Tony Birtill amach ag tús mhí na Nollag.
beo beathach alive and active
" Cé go bhfuil Pauline Hanson ón bpáirtí ciníoch One Nation sa phríosún anois, tá an ciníochas fós beo beathach san Astráil, dar le Dáithí Ó Colchúin.
fanta beo left alive
" Níl fanta beo den phobal Afra-Pharaguach i gCambacuá ach cúpla míle duine a thuairiscíonn Alan Desmond agus níl an saol le maíomh orthu.
Beo ar Éigean barely alive
" Bhí Balor na Fadfhulaingthe faoi bhrú treoir na Bliana Úire a sholáthar do lucht léite na liarlóige seo, Beo ar Éigean agus é ag iarraidh fanacht glan ar na cantaláin a chuireann a gcuid ama amú á léamh.
ar barr creatha le binb is alive with rancour
" Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá ar barr creatha le binb, deir Brian Ó Broin.
beo bisiúil alive and kicking
" An cineál saoil a d’éalaigh ar throigh gan tuairisc as tíortha go leor ó lár an chéid seo caite le meath na dtithe ceann tuí, tá sé beo bisiúil go fóill sa Rómáin dar le Diarmuid Johnson.