Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an ghalar cloíte enervating disease, disease that doesn't allow you to function well
" Bhí sé gaibhte ag an ghalar cloíte.
dá ligfimis dóibh breathnú ar na fógraí ar fad if we allowed them to see all the adverts
" dá ligfimis dóibh breathnú ar na fógraí ar fad bheadh muid bodhraithe ceart ag na leaids ó mhaidin go hoíche.
más ceadmhach if one is allowed
" B'fhéidir beagáinín ródháiríre, más ceadmhach a leithéid a rá faoi cheannaire polaitiúil.
cheadófaí dó he would be allowed
" Ar deireadh thiar thángthas ar shocrú: dá mbainfeadh úinéir an Atlantic Dawn, Kevin McHugh, bád eile ar leis, An Veronica, ó chabhlach na hÉireann, cheadófaí dó an Atlantic Dawn a chlárú.
a cheadú to allow
" Gan dearcadh bhaill an CLG sna Sé Chontae a chur san áireamh, thabharfadh an pobalmheas seo le fios go bhféadfadh tromlach de bhaill an CLG sa stát seo ann féin a bheith i gcoinne sacar agus rugbaí a cheadú i bPáirc an Chrócaigh.
a cheadaítear that are allowed
" Is mór an difear idir na trí cheolchoirm a cheadaítear i bPáirc an Chrócaigh gach bliain agus spóirt eile a cheadú inti.
a cheadú to allow
" Is mór an difear idir na trí cheolchoirm a cheadaítear i bPáirc an Chrócaigh gach bliain agus spóirt eile a cheadú inti.
nach ceadmhach do Chaitliceach ar bith that no Catholic is allowed
" Mhínigh sé go gciallaíonn sé seo nach ceadmhach do Chaitliceach ar bith vóta a thabhairt d'aon pholaiteoir nach léiríonn go soiléir go bhfuil sé glan i gcoinne an ghinmhillte i ngach uile chás, cuma cén seasamh atá acu ar an chogadh san Iaráic, ceisteanna comhshaoil, daoine gan dídean, fadhb an bhochtanais nó aon cheist eile.
an ginmhilleadh a cheadú to allow abortion
" Níl aon amhras ach go bhfuil formhór mhuintir na tíre seo i gcoinne an ginmhilleadh a cheadú.
ceadaithe allowed
" " Ceart go leor mar sin, ach cad faoi ríomhairí glúine? Bhuel, tá siad sin sa chatagóir seo a leanas: "Gléasanna atá ceadaithe le linn na heitilte ach a bhfuil cosc orthu nuair atá an t-eitleán ag gluaiseacht ar thalamh, ag éirí de thalamh, ag druidim le ceann scríbe nó ag tuirlingt.
ceadaithe allowed
" Tá sé ceadaithe an liathróid a leagan as lámha an duine le lámh amháin oscailte ag bualadh síos ach níl cead lámh a leagan ar chorp an imreora eile.
a cheadaigh sé that he allowed
" MÁNAS: Na Gardaí! SUSAN: Tá fiosrúchán ar siúl faoi na hiarratais a cheadaigh sé.
Má scaoiltear le forbairt tithíochta if the development of housing is allowed
" "Má scaoiltear le forbairt tithíochta i gceantair ar nós an Spidéil, gan cúrsaí teanga a bheith á gcur san áireamh, ní fada go bplúchfar an Ghaeilge in áiteanna mar é,” a deir sé.
ceadófar céasadh as seo amach torture will be allowed from now on
" Céastar príosúnaigh de chuid na Stát Aontaithe anois, agus, má rithfear bille a mhol an t-uachtarán don Chomhdháil an tseachtain seo caite, ceadófar céasadh as seo amach agus ní thabharfaidh Meiriceá aitheantas do Choinbhinsiún na Ginéive níos mó.
go gceadófaí gach sórt that everything would be allowed
" Mhol an t-uachtarán go gceadófaí gach sórt i gcéasadh príosúnach ach amháin “róphian” (cibé rud é sin).
ag ceadú allowing
" Agus b’ábhar machnaimh é seo do go leor, agus an tUachtarán Bush ag síniú achta, slán an scéalaí, dar teideal an “Secure Fence Act 2006”, ag ceadú fál 1,300 ciliméadar ar fhad idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo.
níor ligeadh d'aon fheithiclí eile taisteal ar an tsráid no other vehicles were allowed to travel on the street
" Seachas busanna, níor ligeadh d'aon fheithiclí eile taisteal ar an tsráid ar a bhfuil slí isteach chun na reilige.
thugtar cead duit if you're allowed
" Abair seo liom: cé a thug cead duit dul ag máirseáil; cén fáth go bhfuil tú ag máirseáil agus cá háit a mbeidh tú ag máirseáil – má thugtar cead duit ar chor ar bith.
ceadaithe allowed
" Dúradh ansin nach mbeadh sé ceadaithe tobac a chaitheamh ach ag an gcuntar.
i leith an leibhéil dí atá ceadaithe. regarding the level of drink allowed.
" Díol spéise fosta na torthaí i leith an leibhéil dí atá ceadaithe.
nár cheadaigh an NFL cheana féin. which the NFL didn't allow already.
" Creid nó ná creid, beidh cigirí faoi leith fostaithe ag an NFL, ag siúl na páirce ag cinntiú nach bhfuil na himreoirí, na réiteoirí, na bainisteoirí, ná na craoltóirí ag caitheamh rud ar bith nár cheadaigh an NFL cheana féin.
iomaíocht a cheadú ar iarnróid intíre na hEorpa to allow competition on the internal railways of Europe
" Bhí scéim eile ag an Pharlaimint a raibh sé mar aidhm aici iomaíocht a cheadú ar iarnróid intíre na hEorpa ó 2017, ach chuir brúghrúpaí a bhí ag feidhmiú ar son comhlachtaí móra iarnróid (SNCF na Fraince, mar shampla) deireadh leis sin.
cheadaítear dóibh they are not allowed
"cheadaítear dóibh solas an lae a fheiceáil in aon chor, agus mar sin níl fuinneoga sna cillíní.
nach raibh cead acu a phlé, that they weren't allowed to discuss,
" Ba léir go raibh rudaí áirithe nach raibh cead acu a phlé, nó nach raibh siad ag iarraidh a phlé.
ceadaithe allowed
" De ghnáth, déanann dhá tír conradh déthaobhach, a léiríonn cén saghas aeriompair atá ceadaithe eatarthu.
nach gceadaítear a leithéid that such a thing isn't allowed
" Cheap mé nach gceadaítear a leithéid i bpáirc náisiúnta, ach bhí gunnaí acu.
níor ceadaíodh sin. that wasn't allowed.
" “Theastaigh ó ghluaiseacht na poblachta tús a chur le díospóireacht shíochánta, ach níor ceadaíodh sin.
Ceadaíonn Pulse do bhaill den fhórsa Pulse allows force members
" Ceadaíonn Pulse do bhaill den fhórsa a bhfuil céim chigireachta, nó os a cionn, bainte amach acu fáil a bheith acu ar ríomhphoist sheachtracha.
nach gceadaíonn which doesn't allow
" Baineann salmaireacht na Gàidhlig go dlúth le Saor-Eaglais na hAlban, eaglais nach gceadaíonn ceol, ach amháin a cuid salm.
nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint that learners wouldn't be allowed to drive their cars
" Mar bharr ar an donas, bhí clampar sna meáin chumarsáide an mhí seo caite – gan trácht ar anbhá i measc daoine nach bhfuil ach ceadúnas sealadach tiomána acu – nuair a d’fhógair an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint a thuilleadh ach amháin dá mbeadh tiománaí láncháilithe in aice leo.
ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar about the types of people whose work will be allowed
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
a cheadódh which would allow
" An ndéarfá go raibh fabht éigin sa chóras a cheadódh a leithéid? Sin é go díreach atá ar bun de réir mo bharúlsa i gcás an líon ard scoláirí atá ag fáil díolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge sa mheánscoil ach atá ag an am chéanna ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach amháin eile ar a laghad a fhoghlaim.
cead a dhiúltú do pholaiteoirí refuse to allow politicans
" I ndeireadh ama, is é an dóigh is fearr lena chinntiú nach dtiocfaidh an pholaitíocht agus an spórt salach ar a chéile ná cead a dhiúltú do pholaiteoirí seilbh a ghlacadh ar imeachtaí spóirt.
nach ligfimis do chastacht an leasaithe seo that we don't allow the complexity of this amendment
" Tá sé tábhachtach nach ligfimis do chastacht an leasaithe seo sinn a chur ar mhíthreoir mar is é an toradh is mó a bheadh ar ghlacadh le Conradh Liospóin ná níos mó smachta a thabhairt do na hInstitiúidí Eorpacha ar chúrsaí laethúla anseo in Éirinn agus níos lú cumhachta a fhágáil ag muintir na hÉireann ar chinntí tábhachtacha a bhaineann le leas ár muintire féin.
thrí pháirc agóide a cheadú to allow three protest parks
" Bheartaigh na Sínigh ar thrí pháirc agóide a cheadú i rith thréimhse na gCluichí ionas go mbeadh deis acu siúd a easaontaíonn le polasaithe áirithe a míshástacht a léiriú ar bhealach síochánta dlisteanach.
cheadaíonn ginmhilleadh allows abortion
" Is fíor gur tháinig thart ar 100 duine le chéile ar an Pont des Arts i bPáras ar lá na vótála chun cur in aghaidh an gradam seo a bhronnadh uirthi, toisc gur ritheadh an reachtaíocht a cheadaíonn ginmhilleadh sa Fhrainc (la Loi Veil sur l’IVG) in 1974 agus í i gceannas ar an Roinn Sláinte i rialtas Giscard d’Estaing (1974-81).
dlite allowed
" ’ Bhí ar a laghad dhá insint ar an scéal (3): (a) tá lánchead ag Dati dul ar ais ag obair aon uair is mian léi taobh istigh den tréimhse ama atá dlite di, fágaimis an cinneadh fúithi féin nó (b) ag dul ar ais ag obair chomh luath sin, nach bhfuil Dati ag tabhairt le fios gur tábhachtaí a cuid oibre ná a hiníon agus nach gá saoire máithreachais chomh fada a bheith ann in aon chor.
thoiligh permitted, allowed
" Níor thoiligh aon duine de na mairbh a bheith páirteach sa taispéantas de réir cosúlachta agus cuireann sé seo, chomh maith leis an stair atá ag an tSín maidir le sárú cearta a cuid saoránach agus nódú baill choirp ó chimí básaithe, fíormhíshuaimhneas ar dhaoine.
níl sé ceadmhach it's not allowed
" De réir an dlí idirnáisiúnta, níl sé ceadmhach daoine a mharú le fosfar bán, ach tá cead ag airm ceantair a shoilsiú le fosfar bán nó toit a chruthú leis.
ceadaithe allowed
" Níl iompar ardnósach ceadaithe anseo Fiú go fóill, níl ach céad amach as ceithre chéad de na ‘haonaid’ sa *Chelsea* ar fáil fá choinne gnáth-thurasóirí agus an chuid eile in úsáid le haghaidh cónaí buan.
Ní cheadófar shall not be allowed
" Ní cheadófar do mhúinteoirí na Dála an jab scoile a choimeád oscailte, ná an difríocht idir phá an mhúinteora agus pá an ionadaithe ‘sealadach’ a choimeád – oilbhéim náireach atá ina scáil dhubh le fada ar mhúinteoirí na bPáirtithe uilig sa Dáil.
cheadaigh an t-ionsaí allowed the attack
" Ag moladh an rúin sna Náisiúin Aontaithe a cheadaigh an t-ionsaí, mhaígh SAM gur bhagairt don tsíocháin agus don chobhsaíocht idirnáisiúnta a bhí i staid pholaitiúil na Somáile.
ligeann dúinn allows us
" Bíonn feidhmchláir, de réir a chéile, á gcrúthú a ligeann dúinn gach aon ní a bhíodh á dhéanamh againn trí phrotacóil éagsúla a dhéanamh trí prótacal aistrithe forthéacs ar an ngreasán anois.
ligean dóibh allow them
" Is é sin, fanacht go ciúin agus ligean dóibh a muineál a shá sa tsealán lena dtarraingt os comhair coiste cúirte.
ligeann dom allows me
" Téim ag campáil le m’fhear chéile is mo chlann sa Fhrainc de ghnáth, rud a ligeann dom gach aon uirlis cumarsáide a fhágáil i mo dhiaidh.
Thoiligh allowed
"Thoiligh John O Donoghue, an Ceann Comhairle, seomra na Dála a oscailt lá amháin i mí na Nollag anuraidh agus thug mé cuireadh do gach iarbhall den Oireachtas a bhí ina bean agus fós beo filleadh ar Theach Laighean in éineacht le gach bean a bhfuil suíochán Oireachtais aici faoi láthair.
Ligeann allows
" Ligeann Facebook Connect do chruthaitheoirí suíomhanna eile, painéal logáil isteach Facebook a chur ar fáil d’úsáideoirí a gcuid suíomhanna acu féin, rud a Ligeann don úsáideoir eolas ón suíomh sin a roinnt lena gcairde ar Facebook.
ceadaithe allowed
" De réir an daonáireamh deiridh, tá 27 faoin gcéad dena tithe i nDún na nGall folamh an chuid is mó den bhliain, ach tá ardú 20 faoin gcéad sa méid tithe nua atá sa contae ceadaithe ag an comhairle contae, a dúirt sé linn.
ní scaoilfeadh wouldn't allow
" Ní hamháin go rabhas ag teacht abhaile ó Mheiriceá, ach bhí mo chairde imithe chomh maith! (Dáithí ag gáire anseo) SMM: An raibh an doirseoireacht crua mar obair? DÓS: Bhí agus, shamhlóinn an rud céanna leis in Éirinn agus i Meiriceá, daoine ag iarraidh dul isteach, daoine fé aois, is rudaí mar san, ach ní raibh bruíonta, ní raibh aon achrann ann, fé mar a chífeá - SMM: - Bhíodar níos dea-mhúinte ná anso? DÓS: Is dóigh liom go raibh, mar chím daoine agus bíonn siad ag bruíon ar na sráideanna in Éirinn agus ní tharlódh sé sin i Meiriceá mar ní scaoilfeadh na gardaí leo.
ceadmhach allowed
" Chuige seo éignítear mná, timpeallghearrtar buachaillí mar nach bhfuil sé ceadmhach i gcreideamh na Mandaean, scaoiltear urchair leo is caitear isteach i dtinte cnámha iad.
ligfí would be allowed
" Dar le Minority Rights Group go mba cheart go socródh tíortha glactha eatarthu féin go ligfí formhór na dteifeach Mandaean isteach san aon tír amháin d’fhonn cultúr is féiniúlacht an mhionlaigh bhig eitnigh a chaomhnú.
lig allowed
" Oíche Shathairn, 28ú Samhain, bhailigh drong 200 duine le chéile i lár an bhaile gar d’am druidte na dtithe leanna agus thosaigh ag déanamh léirscrios ar shéalúchais Chaitliceach.
ceadaithe allowed, permitted
" Tá an riail ann i gcás imreoirí faoi bhliain is fiche d’aois le roinnt blianta anuas, ach beidh ar gach imreoir, idir óg agus shean, clogad a bheas ceadaithe de réir rialacha an Chumainn Lúthchleas Gael (CLG) a chaitheamh feasta.
cheadaigh allowed
" Seachtó dó milliún Euro sa bhliain amach as ciste beag bídeach na Foraoise chun Colm Mac Sé Lao agus Tony Birch Hill, Antaine Ó Fartacháin agus Breandán De Lap Dog agus cuid cairde uilig Uí Chuinneagáin a choinneáil ag scríobh! Ag Dia amháin atá a fhios cén dóigh ar cheadaigh Ferdie na Foraoise deontas mar sin thar thréimhse trí bliana.
cheadaigh allowed
" v Parrish*, 1937, cheadaigh an chúirt an dlí um íosphá i stát *Washington*.
Thoiligh allowed
" Thoiligh Seanad an NUI ar an 23 Meitheamh 1910 glacadh le rún a mhol de hÍde a shocraigh go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach don mháithreánach ón bhliain 1913 ar aghaidh, ach amháin do mhic léinn nach raibh cónaí orthu in Éirinn le trí bliain roimhe sin.
Dheonaigh allowed
"Dheonaigh Enda a lámh a shíneadh amach le go bpógfadh Séamus Sianach í, rud a rinne an Dochtúir le hurraim agus le fonn.
Cheadaigh allowed
" Cheadaigh an réiteoir cúl don Mhí agus chuaigh idir imreoirí agus lucht leanúna an Lú le báiní.
gceadaítear is allowed
" Is í an cheist mar sin: Cén fáth go gceadaítear an Ghaeilg seo a chodail amuigh i measc tráchtairí teilifíse agus raidió? An tIdirlíon, Suíomh Idirlín; ar an Idirlíon ============ Tá an méid sin sách simplí, ‘an t-idirlíon’, ‘suíomh idirlín’ agus ‘ar an idirlíon’.
ceadaíodh were not allowed
" Ní thugann ainmniú páistí aon eolas dúinn ar athruithe cultúrtha sna tíortha Eorpacha cionn is nár ceadaíodh do thuismitheoirí a rogha ainm a bhaisteadh ar a gcuid páistí.
níor ligeadh di she wasn’t allowed
" Ní raibh cead aici dul amach as an teach ina haonar is níor ligeadh di freastal ar sheirbhísí Meitidisteacha.
lig allowed
" com>* Tá naisc de leataobh an ailt seo a threoróidh thú ar an eolas faoin amaidí go léir a cheadaigh an tUasal Bille Clinton agus a lig an bhradaíl dleathach chun tosaigh i saol na margaíochta nach raibh chomh scaoilte ón am ar thit an tóin as Sráid an Bhalla cheana, 1929, agus as geilleagar an domhain dá réir.
gceadófaí would be allowed
" D’eisigh an rialtas sa Chríoch Thuaidh dréachtphlean bainistíochta anuraidh inár moladh go gceadófaí sealgaireacht safari na gcrogall inbhir.
sásta ligint content to allow
" Óg is Aosta ====== Tá 300 figiúir déanta aige cheana féin agus iad ar fad bunaithe ar dhaoine áitiúla a bhí sásta ligint dó múnlú a dhéanamh ar a gcorp.
ligean allows
" Cóiríonn de Caires Taylor ansin iad ar dhóigheanna suimiúla - fear ar rothar, fágaim, nó ciorcal figiúirí ina seasamh agus greim acu ar lámh a chéile – leagan amach a ligean do thumadóirí mara snámh thart timpeall orthu go furasta agus a ligean don solas ón bharr bualadh go haislingeach orthu.
chuir ar a gcumas shall allow
" Cé Íocfas an Téiléaracht? ============ Bhí ciste mór airgid ag na clubanna móra, a chuir ar a gcumas na himreoirí sacair is fearr ar domhan a mhealladh le tíocht ag imirt i Sasana.
ceadaíodh allowed
" Ach dá mba rud é gur ceadaíodh dúthracht marcanna di de bharr go bhfuil Gaeilge ar a toil aici, bheadh an comórtas bainte aici.
ligean duit allows you
" com) ná go mbailíonn an bheirt bhan a chruthaigh an suíomh na bronntanais is fearr ó gach cearn den idirlíon: d’fhéadfá coimeádaithe na mbronntanas a thabhairt orthu! Sheol siad feidhmchláirín don iPhone le déanaí a ligean duit an faighteoir a shainiú ionas go mbeidh an cláirín in ann an bronntanas is oiriúnaí a roghnú duit.
ligfeas duit shall allow you
" Is ag caint ar iPadanna is ar iFóineanna, nó iGhutháin, n’fheadar an raibh fhios agat gur féidir feidhmchláirín a bhronnadh ar duine eile? San AppStore é féin, roghnaigh an cláirín a bhfuil fonn ort é a bhronnadh; gabh síos go bun an scáileáin agus feicfidh tú cnaipe “Gift this App” a ligfeas duit r-phost a sheoladh leis na sonraí ar fad ann.
nach ligfeadh sé that he wouldn't allow
" Dúirt sé go láidir agus go poiblí nach ligfeadh sé do líne traenach ‘ard-luas’ dul tríd an stát, agus d'fhógair Roinn Iompar na Cónaidhme dá réir go n-aistarraingeodh siad $800 milliún as an scéim, rud a chuir deireadh tobann leis.
ligtear are allowed
" Baintear feidhm as iriseoirí cathrach chun na scéalta a ghoradh nó a fhás agus úsáidtear leis Twitter agus Facebook agus ligtear do na léitheoirí iad féin gach uile scéal a chíoradh ina bhfocail féin.
cheadaigh dóibh allowed them
" Cuimhnítear fós ar an gcur is ar an gcúiteamh roimh chluiche ceannais Iomána na hÉireann anuraidh a bhain leis an ngortú do bhallnasc croiseach Henry Shefflin agus John Tennyson araon de chuid Chill Chainnigh agus an ‘mhiorúilt’ a cheadaigh dóibh dul chun páirce i gcoinne Thiobraid Árann.
lig siad they allowed
" Nuair a tháinig siad i réim i dtús ré an tíogair, lig siad don gheilleagar imeacht ó smacht.
chuir ar a chumas allowed him to
" Bhí gléas athlíonta aige, rud a chuir ar a chumas a ghunnáin a athlíonadh go sciobtha.
sula scaoilfí before (he) was allowed
" Seachtar ball den tSeirbhís Rúnda a ransaigh agus a cheistigh é go mion sula scaoilfí isteach sa Teach Bán é, ach a luaithe agus a thuig siad gur Balor a bhí ann, ghabh siad a leithscéal agus rinne siad é a thionlacan fríd an teach mór, gan stad gan bhac gan bharradh go dtí oifig an Uachtaráin.
ligfeas duit will allow you
" Má tá tú ag úsáid ceamara cliste, tá neart sásanna ar fáil a ligfeas duit do ghriangraif a dheasú is a feabhsú.
Ligeann an cláirín seo duit this program allows you
" Ligeann an cláirín seo duit lánléargas a chruthú ar do ghuthán is an toradh a roinnt ar Facebook, Bing Maps, suíomh Photosynth.
ceadaithe allowed
" Ní hamháin sin, ach níl sé ceadaithe tuairisciú a dhéanamh ar an iarratas don urghaire ná an té atá á lorg a ainmniú.
Chun go bhféadfaí so as to allow
" Chun go bhféadfaí athrú agus rath a chur ar staid na hiomána sa phríomhchathair, d’áitigh an mheitheal go raibh na ráitis bhunúsacha seo a leanas lárnach don treoirphlean nó ‘blueprint’: - Theastaigh féiniúlacht shoiléir a chruthú don iomáint i mB.
chuirfeadh ar chumas which would allow
" Bhí Berners-Lee ag obair le CERN (An tIonad Eorpach um Thaighde Eithneach) san am agus bhí bealach de dhíth ar an eagraíocht a chuirfeadh ar chumas na n-eolaithe torthaí an taighde a roinnt.
cheadaíonn allow
" 4OD is iPlayer: Tá roinnt stáisiúin teilifíse ag glacadh leis na féidearachtaí a cheadaíonn na huirlisí soghluaiste seo.
ngéillfeadh would allow
" Ar an 13 Feabhra i mbliana, d’inis Muammar Qaddafi do dhídeanaithe Palaistíneacha gur chóir dóibh teacht i dtír ar na muirthéachtaí sa Mheánoirthear agus cruinniú ar theorainneacha Iosrael ag léirsiú go síochánta go ngéillfeadh Tel Aviv dá gcearta filleadh ar a bhfód dúchais don chéad uair ó chuir fórsaí na nIosraelach iachall ar thart ar 750,000 acu imeacht i 1948.
chuirfeas ar a gcumas shall allow them
" Tá súil as agam go mbeidh na hacmhainní curtha ar fáil a chuirfeas ar a gcumas leanstan ar aghaidh leis an obair fhiúntach atá ar siúl acu.
chuir sé sin ar mo chumas it allowed me
" Ach bhí mé ceithre bliain ag dul dó ar fad, is dóigh, ach fuair mé an scoláireacht seo agus chuir sé sin ar mo chumas taisteal timpeall na tíre agus bualadh leis na daoine, rud nár ghá a dhéanamh ar pháipear ach ó thaobh na hoibre bhí sé riachtanach, agus ar mo shon féin bhí sé riachtanach agus ar shon na daoine a thug an t-ábhar bhí sé riachtanach.
Ligeann an áis seo this app allows
" Ligeann an áis seo duit súil a choinneáil ar dul chun chinn Dadaí na Nollag is é ag gabháil timpeall na cruinne.
ceadaíodh was allowed
" ”* Léiríonn mionthuairiscí ó chruinniú comhaireachta an 30 Meán Fómhair,1981, gur ceadaíodh don Údarás ar deireadh thiar thall fiacha Contek a ghlanadh, ar an choinníoll go ndéanfadh Aire na Gaeltachta fiosrúchán ar chleachtas an Údaráis nó a gcuid cliantchomhlachtaí i leith íocaíochtaí iomarcaíochta: *“making or authorising extra-statutory redundancy payments from State funds where the firms concerned have not the necessary funds.
chrosadh was not allowed
" Más daoine cliste iad an Troika, shílfí go dtuigfidís an méid seo faoi Éirinn agus faoi mhuintir na hÉireann: an bealach cinnte dearfa le beocht agus beatha agus anam úr a chur i rud sa tír seo ná é a chrosadh agus é a thoirmeasc le bannaí.
rud a fhágann which allows
" Déanann an breiseán téarmaí Gaeilge agus Béarla a scríobhtar nó a roghnaítear i gcáipéis Word a chuardach go huathoibríoch ar an dlúthdhiosca, rud a fhágann nach gá cóipeáil agus greamú.
cheadaigh allowed
" * B’é an scannal gur cheadaigh Westminister, cuma Tóraithe nó Lucht Oibre i gcumhacht, do na hAontachtóirí leatrom a dhéanamh ar Chaitlicigh/náisiúnaithe ag mórán gach leibhéal den saol.
go raibh a leithéid ceadaithe cheana that such was allowed already
" Bhí Terry ar buile mar bhí a fhios aige go raibh a leithéid ceadaithe cheana i gcás imreoirí spóirt agus pearsana poiblí eile nach iad.
ceadaíodh saoirse cainte freedom of speech was allowed
" Cuireadh deireadh le cinsireacht ar na meáin chumarsáide, ceadaíodh saoirse cainte, agus tugadh cead a gcos do Sheicslóvacaigh.
Cheadaigh siad they allowed
" Nuair a cheistigh mé eagraí an mhórshiúil faoin eachtra, chuir sé i gcomórtas é le hiompar na bpóilíní ar Feabhra 18ú: "Cheadaigh siad do lucht na heite deise siúl le taobh an mhórshiúil agus iad ag screadach bagairtí agus maslaí ciníochais.
Ligeas dó seilbh a ghlacadh orm I allowed it to take hold of me
a ligeann which allows
" Tá Nua-Orléans ar cheann den bheagán cathracha sin a ligeann do dhaoine ól ar an tsráid agus feictear mar sin buíonta ag siúl ar fud an bhaill le gloiní móra deochanna meisciúla ina nglaic acu.
Ní ligtear dúinn we’re not allowed
" Ní ligtear dúinn scríobh, ar ndóigh.
lig dúinn díriú ar allow us to concentrate
" Anois lig dúinn díriú ar a bhfuilimid go léir aontaithe.
cead isteach dúinn allowed us in
" Má thug an chuimhne cead isteach dúinn san am atá caite, thug an éirim léamh críonna ar an am i láthair.
chuirfeadh ar a chumas would allow him
" Cheap Mac Gearailt go raibh cead faighte aige cheana féin an dá reacht seo a chur i bhfeidhm in Éirinn nuair a thoiligh na Daoine leis an tríú leasú den Bhunreacht i 1972, leasú a thug cead don Rialtas glacadh le conarthaí Eorpacha nua a chuirfeadh ar a chumas bundhualgaisí na tíre mar bhall den aontas a chomhlíonadh.
gan ligean not to allow
" Nárbh fhearr gan aird ar bith a thabhairt orthu?** Páidí: Ar léigh tusa stair na hÉireann riamh, a Bhaloir? An bhfuil scéal do shinsir ar eolas agat? Naomh Colm Cille, Pádraig Sairséal, Wolfe Tone, Dónall Ó Conaill agus Pádraig Mac Piarais a dúirt linn go neamhbhalbh ina gcuid scríbhinní gan ligean don lucht buí cos a chur ar thalamh naofa Ard Eoin.
Mura mbeadh teorainn le líon were it not for the limitation on the number allowed
" Mura mbeadh teorainn le líon na n-iomaitheoirí as gach tír, is amhlaidh nach mbeadh seans ach ag imreoirí nó lúthchleasaithe as na tíortha móra a bheith sna babhtaí ceannais, gan trácht ar bhonn a bhuachan.