Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an chéad dinnéar altaithe the first thanksgiving dinner
" B’in, chomh fada agus is eol dúinn, an chéad dinnéar altaithe i Meiriceá, cé go ndeir staraithe go ndearna grúpa oilithreach altú do Dhia i Jamestown, Virginia, dhá bhliain roimh an bhfleá thuasluaite.
nuair a ghair an tUachtarán Lincoln lá altaithe when President Lincoln called a thanksgiving day
" Ní lú an méid teilifíse a fheiceann an tÉireannach féin thar Nollaig! An chéad cheann oifigiúil Níor ceiliúradh Lá Altaithe i Meiriceá ar bhonn náisiúnta go hoifigiúil go dtí 1863, nuair a ghair an tUachtarán Lincoln lá altaithe do Dhéardaoin dheireanach mhí na Samhna an bhliain sin.
cúis altaithe reason for thanksgiving
" Ó am go chéile as sin amach, ghair an tUachtarán lá altaithe má shíl sé go raibh cúis altaithe ag an tír.
Guím Féile Altaithe shona don léitheoir, I wish the reader happy Thanksgiving Festival,
" Guím Féile Altaithe shona don léitheoir, mar sin, Nollaig faoi shéan, agus athbhliain faoi mhaise.
altú do Dhia as gach duine acu thanks be to God for every one of them
" Tagann na páistí ar an saol (altú do Dhia as gach duine acu), tugann tú aire dóibh, cuireann tú oiliúint orthu agus – agus tá seo iontach tábhachtach ag an athair comhaimseartha – caitheann tú am, as do stuaim dheonach féin, ag súgradh leo.
Lá an Altaithe Thanksgiving Day
" Tá cuireadh i mo láimh agam ónár gcomharsana, muintir Panagrosso, teaghlach Meiriceánach/Iodálach a bhfuil cónaí orthu san fhoirgneamh céanna linn, chuig ócáid ar a dtugann siad ‘fáilte roimh chách’ air chun Lá an Altaithe, nó Lá an Bhuíochais, a cheiliúradh.
altófar roimh bhia saying grace before meals
" Rachaidh na scéalta daonna i bhfeidhm ar chuid acu agus caoinfidh siad deoir anois is arís nuair a altófar roimh bhia nó nuair a bhreathnóidh siad ar a gclann féin ar aon aois le roinnt de na daoine a loiteadh in oibríochtaí na ladrann seo.
Altú roimh Bhia grace before meals
" *(Altú roimh Bhia á ra ag Pitt ag an mbord, ise ag freastal ar Pitt is na paistí) ….
t-altú móide focal buíochais ráite grace and thanks said
" ‘Ní fhéadfaidh mé a dhul isteach…’ Nuair a bhí an dinnéar thart, agus t-altú móide focal buíochais ráite ag an easpag mór, lean mé cuid den slua i dtreo an stáisiúin.
an tábhacht a bhaineann le Lá Altaithe the importance of Thanksgiving Day
" Míníonn Brian Ó Broin an tábhacht a bhaineann le Lá Altaithe i Meiriceá.
fhéile an altaithe thanksgiving
" Tugadh cuireadh do PJ Mac Gabhann freastal ar fhéile an altaithe tigh na gcomharsan i bPáras.