Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an bhrí is an bheatha a shú amach as to suck the vigour and the life from
" Agus munar éirigh leo gach a bhí uathu a chur i gcrích, d'éirigh leo an bhrí is an bheatha a shú amach as mórán chuile ráiteas, chuile cháineadh, chuile phlean gníomhaíochta, chuile straitéis a d'eascair ón gcruinniú nach raibh ag teacht lena gclár féin.
Níl sé olc amach is amach He isn't totally bad
soiléir amach is amach crystal clear
" Bhí sé seo soiléir amach is amach i mí na Nollag nuair a bhagair an 34,000 ball de cheardchumann an lucht iompair stop a chur le seirbhís bus agus traenacha fothalún na cathrach, mura mbeadh ardú an-mhór pá i gceist ina gconradh nua.
ar an imeall amach is amach totally on the edge
" Muna n-éiríonn leis an bpáirtí greim a fháil ar an bpobal in athuair beidh sé ar an imeall amach is amach faoin am a thiocfas an chéad olltoghchán eile.
Leisceoir amach is amach mé I'm a totally lazy person
" Leisceoir amach is amach mé! Níl "lá macánta oibre" déanta agam fós agus níl aon deabhadh orm ceann a dhéanamh! AÓF: Bronnadh Gradam TG4, "Ceoltóir Óg na Bliana", ort i 1999.
Is ar éigean a thig leat an cosán a dhéanamh amach you can barely make out the path
" Is ar éigean a thig leat an cosán a dhéanamh amach tríd an abar agus an fásra.
is féidir leo bailiú leo amach an doras they can leave
" Muna bhfuil siad sásta a bheith ag éisteacht le Gaeilge, is féidir leo bailiú leo amach an doras.
ach nár imeallaigh an mionlach amach is amach but which didn't totally marginalise the minority
" Doiciméad cliste, aclaí, a raibh dóthain le léamh as chun móramh an phobail a shásamh, ach nár imeallaigh an mionlach amach is amach ach oiread.
is féidir an t-uafás a bhaint amach a great deal can be achieved
" Is tríd an óige sna cathracha agus bailte móra is mó a láidreoidh an Ghaeilge mar theanga, agus is féidir an t-uafás a bhaint amach trí na seirbhísí atá á dtairiscint ag Cumann na bhFiann agus ag na hógeagrais eile.
sleamhnú isteach is amach, to slip in and out,
" Sílim gurbh é sin a dúirt Peter i gcás ar bith, ach ní miste dom a admháil nach raibh mé ag tabhairt aire rómhaith, nó bhí m’aird ar dhoras an fhoscaidh agus ar mhaithe agus mhóruaisle shaol na Gaeilge a bhí ag iarraidh sleamhnú isteach is amach, iad ar fad ag maíomh gur shíl siad gur Stringfellows Pizza Joint a bhí ann, nó an RTÉ String Quartet Joint, nó an Stringalingalinga.
Is féidir leis a spící a chur amach He can put out his spikes
" Is féidir leis a spící a chur amach agus é féin a dhúnadh isteach chun a rud féin a dhéanamh, is cuma céard atá ag tarlú taobh amuigh.
ag féachaint leis an gceapachán is airde a bhaint amach seeking the highest appointment
" Is é seo an t-iontas is mó is dócha: go bhfuil fear gorm agus bean ag féachaint leis an gceapachán is airde a bhaint amach i réimse a mbíonn fir gheala, go príomha, ag plé leis.
amhail is dá mbeadh ciníochaí os mo chomhair amach. as if there was a racist in front of me
" “Réamhchlaonadh ciníoch nó féinchaomhnú?” arsa sise nuair a chonaic sí go raibh mé ag amharc uirthi amhail is dá mbeadh ciníochaí os mo chomhair amach.
amach is amach altogether, entirely
" Labhraítear, cinnte, faoin ráta dífhostaíochta a bheith ag dul in airde, faoin éigeandáil sa tionscal mótair agus faoin ghéarchéim mhuiníne atá ag daoine as na forais airgeadais, ach feictear dom go ndéantar bainistíocht ghlic ar dháileadh na drochnuachta seo sa chaoi is nach gcuirfear lagmhisneach amach is amach ar na Francaigh.
amach is amach absolutely
" Clamhairt Ghabhail, an Gonorrhoea Lectem Tá Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte i ndiaidh rabhadh a chur amach faoi ghalar gnéas-tarchurtha atá thar a bheith contúirteach agus nimhneach amach is amach.
amach is amach total, entire
" Is oilbhéim – is scannal amach is amach é an méid a íocadh le Rody Molloy nuair a socraíodh go gcaithfeadh sé imeacht ón eagraíocht FÁS.
amach is amach entirely
" Ach an rud a chur casadh aigne amach is amach orm ná go raibh an clár cáise fágtha díreach taobh amuigh den leithreas céanna.
Drochscéala amach is amach extremely bad news
"Drochscéala amach is amach é seo do phobal Ráth Tó agus do ghluaiseacht na Gaeilge go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, trí chéile.
amach is amach entirely
" Rabhadh amháin áfach: bí ar an eolas gur slogaide ama amach is amach é an suíomh seo agus níl aon nuálacht ag baint leis sin.
amach is amach entirely
" I bhFad Níos Tromchúisí =========== Is cuma, ar shlí, cibé bille atá níos fearr ná a chéile – is údar imní í go raibh dhá dhream éagsúla ag obair ar an ábhar céanna - cur amú ama agus airgid é amach is amach.
amach is amach entirely
" Ní dóigh liom gur cheart an teanga a mhilleadh amach is amach ach oiread – an saibhreas sin a chailleadh.
Is é a leagan amach it’s their view
" Is é a leagan amach i dtaobh an Aontais Eorpaigh, áfach, is mó a tharraing aird na gceannairí eachtrannacha.
ríogaí amach is amach entirely regal
" Ba ríogaí amach is amach é Robert Menzies, Príomh-Aire na hAstráile an tráth sin, agus mhol sé go barr bata tionchar na camchuairte ar mhuintir na hAstráile.
isteach is amach coming and going
" Bíonn chuile shórt duine, idir óg is aosta, isteach is amach ann agus is iomaí cineál ceoil a bhíos le cloisteáil agus scéil a bhíos á chíoradh ann ó mhaidin go hoíche.
Bhí mearbhall amach is amach orm I was completely puzzled
" Bosca agus clár fógra? Ag tarraingt airde uirthi féin, ach ag an am céanna, a bheith folamh? Bhí mearbhall amach is amach orm.
is dream truamhéalach amach is amach they’re a really piteous group
" Ansin … Nuair a fhéachaim ar mo chomhscríbhneoirí anseo – fir ar fad, níl a fhios agam cár cuireadh na mná – is dream truamhéalach amach is amach a chím.
amach is amach entirely
" Shéan Údaráis na hÚcráine na líomhaintí sin amach is amach.
ag teannadh isteach is amach focusing in and out
" Caithfear bíogadh ó chainteoir go chéile, maolú siar i dtreo an cheoil agus a bheith ag teannadh isteach is amach le ceamaraí ar chaon taobh le chéinne a choinneáil leat.
Is fada ó friothadh amach it’s a long time since it was discovered
" Is fada ó friothadh amach nárbh é an *bull’s wool* an t-éide saighdiúra ab fhearr faoin ghréin do theas na hAfraice.
Isteach is amach in our about
" Isteach is amach, fríd an óstán sin, bhí deich míle duine.
Tubaiste amach is amach a desperate tragedy
" Tubaiste amach is amach a bheadh ansin ó thaobh na hiománaíochta gan amhras.
náireach amach is amach really shameful
" “Is dóigh leis an gCoiste Gnó go mbeadh sé náireach amach is amach dá ndéanfadh an stát iarracht anois an pionós úd a gearradh ar Thomás Ó Monacháin i 1976 a chur i bhfeidhm.
nár naomh amach is amach a bhí i P. wasn’t a saint entirely
" Agus bhí focal eile a úsáideadh go minic leis, cineál eireabaillín leis an méid a chuaigh roimhe, is é sin ‘rógaire’, focal a thug le fios don té a cheap a mhalairt nár naomh amach is amach a bhí i bPáidí Ó Sé.
liosta na mboc óg is cumasaí a bhaint amach arriving onto the list of the most capable young men
" D’fhógair an iris Forbes i lár mhí na Nollag gur éirigh le Whelton agus le triúr Éireannach eile liosta na mboc óg is cumasaí a bhaint amach don bhliain 2012; ina measc bhí Jonathon Cloonan, atá tar éis clú a bhaint amach i réimse na fógraíochta san Áis agus na deartháireacha Patrick and James Collison ó Luimneach atá tar éis cáil a bhaint amach i *Silicon Valley*.
is mór an t-ábhar mórtais dó an teideal atá bainte amach aige he’s very proud of the name he has built up
" Níl fonn air freastal ar an ollscoil agus is mór an t-ábhar mórtais dó an teideal atá bainte amach aige mar bhradaí ríomhaireachta.
is iomaí Gael a bhain clú amach many Irish people have become famous
" Deirtear go minic go bhfuil an Astráil ar an tír is Gaelaí ar domhan, taobh amuigh d’Éirinn féin, agus is iomaí Gael a bhain clú amach sa tír seo.
bhí drochnéal amach is amach air he was in a bad mood
" ’ Ag Meabhrú ar an Saol ======== Faoin am a shroich Balor seomraí príobháideacha an Phápa bhí drochnéal amach is amach air, ach nuair a chonaic sé a sheanchara beag Gearmánach ag fanacht leis, chuir aoibh álainn an Phápa ar a sháimhín só arís é.
is crá croí amach is amach é an tarcaisne the insult (... ) really grates on us
" Ní mó linn é ná cáithnín faoi fhiacail an easpa aitheantais seo, ach is crá croí amach is amach é an tarcaisne a thugann muintir eile na tíre dá bpríomhchathair go rialta (Eagrán 86, Meitheamh 2008).
is doiligh oibriú amach it’s hard to work out
" Ach inniu, tá dreamanna dílseoirí/aontachtaithe briste ina smidiríní agus is doiligh oibriú amach cé tá tábhachtach, cé tá ag inse na fírinne.
amach is amach mé féin I myself really am
" ” Cé gur Trekker amach is amach mé féin chuir líon na tagairtí *Star Trek* faitíos orm le linn mo thaighde don alt seo.
ní gíceanna amach is amach na daoine seo these people are not out and out geeks
" ========= Ach ní gíceanna amach is amach na daoine seo… Tá fianaise agam! Má tá tú braon den dua a bhaineann le hoíche ar an rancás is féidir Raspberry Pi a úsáid chun d’oíche féin scléipe a eagrú sa bhaile.
amach is amach entirely
" Mhol sí go láidir do Phearsa na Bliana fáil réidh le Mac Ránais sula dtarraingeodh sé droch-chlú amach is amach ar an choláiste.
Drochlá amach is amach an exceptionally bad day
" 15ú lá Feabhra 2014— Drochlá amach is amach a bhí ann le haghaidh Colm ‘An Gooch’ Cooper agus é ag imirt in aghaidh Chaisleán an Bharraigh.
Tubaist amach is amach ba ea seo this would be total disaster
" Tubaist amach is amach ba ea seo, dá dtarlódh sé.
Is iomaí ainmhí coimhthíoch atá scaoilte amach many an animal has been set free
" Is iomaí ainmhí coimhthíoch atá scaoilte amach san Astráil ó theacht an chine dhaonna agus atá ina n-anachain don chomhshaol, mar a míníodh in Eagrán 98, Meitheamh 2009, den iris seo.
ach uiríseal amach is amach but absolutely abject
" An Fhírinne á Nochtadh ======== Sa leabhar *Debt: The First 5,000 Years* le David Graeber (Melville House, 2011) faighimid léargas eile ar na Ridirí Fáin agus ní uasal ach uiríseal amach is amach ab ea iad, más fíor! Ba mhinic ina dtuilithe ag na mionuaisle iad agus nuair nach bhfuaireadar faic trí oidhreacht cad a bhí le déanamh acu ach an bóthar a bhualadh.
is féidir labhairt amach one can speak out
" Dá strómhaire é saol iarthar domhain, dar le Ciarán Mac Aonghusa, ar a laghad ar bith is féidir labhairt amach go neamhfhaiteach is le feirg faoi.