Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
alltacht amazement, astonishment
" Chuir cuid den scéal alltacht orm, agus i gcás cuid eile de bhraith mé gur beag a bhí athraithe le breis agus 75 bliana anuas.
alltacht amazement
" Chuir an ceol gaelach iontas agus alltacht orm.
alltacht amazement
" Bhí alltacht agus uafás ar chomhairleoirí contae na Gaillimhe an lá cheana, nuair a chuir feidhmeannaigh na comhairle moltaí faoina mbráid a bhain leis na táillí seirbhíse a ghearrann an chomhairle ar fhorbairtí nua.
Ábhar iontais a matter of amazement
" Ábhar iontais ab ea é sin i bhfianaise oiread cainte a bhí déanta ag an Aire Éamon Ó Cuív ar an ábhar.
cúis iontais a matter of amazement
" Cuireann sé iad i gcomparáid le mún asail, cé gur cúis iontais é do go leor daoine go mbeadh fios a bhlasta sin ag Laoch na Litríochta.
iontas amazement
" Bhí iontas ar na hÉireannaigh anseo i Learpholl ar na mallaibh nuair a bhí bratach nua den BNP sa cathair sa nuacht.
díol suntais a matter of amazement
" An Turlach Mór Is díol suntais é go bhfuil an loch ollmhór seo, an turlach is mó ar domhan, b’fhéidir, le feiceáil faoi láthair i limistéar ina bhfuil triomach ann le blianta anuas.
iontas amazement
" Nuair a bhain Apollo 11 an ghealach amach ar an 20 Iúil, 1969 agus nuair a d’inis Neil Armstrong don domhan gur ‘céim bheag amháin d’fhear é ach gur léim ollmhór don chine daonna’ a bhí déanta aige, cuireadh idir ríméad agus iontas ar dhaoine gur éirigh leo a leithéid de rud a dhéanamh.
Díol suntais a matter of amazement
" Díol suntais go bhfuil formhór na dtagairtí a rinne an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nó an Roinn Airgeadais d'Údarás na Gaeltachta scriosta amach sa leagan de Thuarascáil Mheasúnaithe na Roinne atá foilsithe ar shuíomh idirlín na Roinne Airgeadais.
iontas amazement
" Díomá atá orm leis an Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus iontas orm gur cuireadh oiread fáilte roimhe.
Díol suntais a matter of amazement
" Impleachtaí i bhFad ó na hOileáin Díol suntais ab ea a fhíochmhaire a labhair Uachtarán na Brasaíle, Luiz Inácio da Silva, nó Lula, mar is fearr aithne air, faoin ábhar.
ionadh amazement
" Thagadh cuid acu aníos chugainn agus ionadh orthu.
díol suntais a matter of amazement
" Tá go leor scríofa faoi thábhacht an chóras oideachais i leith caomhnú agus cur chun cinn na teanga ach díol suntais é nach bhfuil aon ghealltanas sonrach úr tugtha ina leith sa bhreis ar a bhfuil ar siúl faoi láthair.
is díol iontais é it’s a matter of amazement
" Gan amhras is iontach an fad saoil a bhaineann le roinnt ainmneacha agus is díol iontais é an chomhsheasmhacht a bhain leo anuas na céadta bliain chugainn.
seasamh le barr iontais waiting in amazement
" Nuair a tháinig mé go Penn ar Bed ar dtús, is cuimhin liom seasamh le barr iontais ag rannóg na cáise san ollmhargadh ar feadh deich nóiméad ar a laghad.
ionadh amazement
" Ach, cén bhaint atá ag an Eolaí Óg le cúrsaí spóirt? Bhuel, is ar chúrsaí spóirt a dhírigh cuid de na heolaithe óga a n-aird, ní nach ionadh.
iontas mór amazement
" Tá dhá alt ar a laghad léite agam ag scríbhneoirí gné-ailt i nuachtáin náisúnta le déanaí ina ndéanann siad iontas mór den mbealach a bhris scéal ar líne.
Is díol suntais é it’s a matter of amazement
" Cohen ó Ollscoil Nua-Eabhrac go bhfuil géibheann Ai Weiwei mídhleathach fiú de réir dhlí na Síne féin, agus más féidir duine chomh cáiliúil leisean a ghabháil agus a chur faoi ghlas, cén chosaint atá ag an ghnáthshaoránach Síneach? Is díol suntais é gur osclaíodh an iarsmalann is mó ar an domhan i gCearnóg Tiananmen díreach sular gabhadh Ai Weiwei.
Rinneadh iontas de caused amazement
" Cad chuige, cé a bheartaigh bronntanas mar é? Rinneadh iontas de fhéile Shasana ag an am, 1975, ach measadh go raibh gnóthaí ola na hAlban sa mheá chuige.
ina ábhar iontais a matter of amazement
" Bhí An Scread ina ábhar iontais nuair a taispeánadh don chéad uair é i 1893 agus nuair a tháinig na Naitsithe i gcumhacht, chuir siad cosc ar an saothar ag rá go raibh sé mídhúchásach.
Díol iontais a matter of amazement
" Díol iontais agus údar mórtais do na hÉireannaigh a chastar ar fhoireann seo na nGailíseach ag comórtaisí peile na Spáinne dul chun cinn na foirne dúchais.
gur ábhar iontais agus mórtais it’s a matter of amazement
" Bhíos ag caint le cara in Éirinn le déanaí a thug le fios dom gur ábhar iontais agus mórtais do phobal na hÉireann go bhfuil Gaeltacht i gCeanada.
idir dhíchreideamh agus iontas ina ghlór both disbelief and amazement in his voice
" “Scríobh Seosamh Mac Slua Muirí chugat?” a d’fhiafraigh Balor, agus idir dhíchreideamh agus iontas ina ghlór.
Díol suntais a matter of amazement
" Díol suntais gur chuimsigh ceannródaithe luaithe na scannánaíochta, leithéidí Georges Méliès, Francach, go leor de na modhanna agus cleasa ar baineadh úsáid astu den chéad uair sna fantasmagorie fadó.
b'ábhar iontais it was a matter of amazement
" Chuir mé aithne ar chuid den phobal Éireannach seo agus mé ar cuairt go Buenos Aires an mhí seo caite agus b'ábhar iontais agus lúcháire dom é.
le barr iontais in his amazement
" Cinnte, bhí mé go maith aige ach ní smaoiníonn tú go bhfuil tú chun an méid seo a bhaint amach!” a deir Clarke agus é ag croitheadh a cheann le barr iontais.
alltacht amazement
" Chuir brúidiúlacht na nGardaí le linn agóide i mBaile Átha Cliath ar an 6 Bealtaine alltacht ar go leor daoine.
alltacht amazement
" Thug Barra Mac Giolla Iasachta cuairt ar an tSín i mbliana agus chuir na hathruithe atá ag teacht ar an tír alltacht air.
ionadh amazement
" Chonaic Ciara Nic Gabhann léiriú péintéireachta, ceoil agus scéalaíochta in éineacht le gairid, taispeántas a chuir ionadh agus áthas ar a raibh i láthair.