Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an bhliain seo a chuaigh thart last year
" Níl mé ag iarraidh ráiteas pearsanta a dhéanamh anseo, ach chuir mé féin isteach ar an damhsa ar an sean-nós an bhliain seo a chuaigh thart, ag an Oireachtas sa Daingean, agus bhí na moltóirí dall ar an aclaíocht agus an lúfaireacht lenar chuir mé an rince cogaidh ar an sean-nós i láthair.
níor fhoghlaimíos iad ach an bhliain seo caite I only learnt them last year
" D'fhoghlaim mé cuid acu na blianta fada ó shin, cuid eile níor fhoghlaimíos iad ach an bhliain seo caite.
cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain a national league game this time of year
" De ghnáth, ní tharraingíonn cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain ach slua measartha i gcodarsnacht le cluiche sa chraobhchomórtas i lár an tsamhraidh, ach ar an ócáid áirithe seo tháinig lucht leanúna na *Dubs* agus Thír Eoghain ina mílte, móide dream mór neodrach (mar a thugtar orthu) don ócáid speisialta, is é sin lasadh oifigiúil thuilsoilse nua Pháirc an Chrócaigh agus an chéad chluiche faoi shoilse sa staid stairiúil sin.
mar is gnách leis ag an am seo den bhliain, as is usual at this time of year
" Oíche Shamhna bhí Balor ina phluais bhrocach cháidheach shalach, ag meabhrú os cionn na tine agus ag cogaint cnámh mar is gnách leis ag an am seo den bhliain, nuair a tharla dó fís.
Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar this historic year will be remembered
" Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar “Bhliain na Chuckle Brothers” – an Céad-Aire, Ian Paisley, agus a dhlúthchara, Martin McGuinness, ag gáire mar a bheadh gealta iontu.
an bhliain seo caite, last year
" An t-am seo an bhliain seo caite, d’fhógair mé go raibh m’albam féin – a rabhas ag obair air le blianta – curtha i gcrích, nach mór, agus go rabhas cinnte go n-eiseofaí an t-albam san athbhliain.
an bhliain seo a d’imigh tharainn last year
" Iarracht phianmhar luachmhar ab ea é seo a bhí an chosúil leis an ndráma Beckett a rinneadh i gclár teilifíse Treme ar HBO an bhliain seo a d’imigh tharainn, clár a bhain le héadóchas New Orleans tar éis Katrina.
an bhliain seo a d’imigh tharainn last year
" *” Ní foláir nó go dtugann leabhar Stevens misneach do shaoránaigh na poblachta nach féidir éachtaí speisialta Bhunreacht na hÉireann a aithint, ach go háirithe tar éis an íde fhuarchúiseach a tugadh do Marie Fleming an bhliain seo a d’imigh tharainn.