Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach bhféadfaí brath ar na grianghrafanna uilig a tógadh ar an lá chun an fhírinne a chruthú that all the photos taken on that day couldn't be depended upon to prove the truth
" Chruthaigh an taithí sin, dar leis, nach bhféadfaí brath ar na grianghrafanna uilig a tógadh ar an lá chun an fhírinne a chruthú.
an fhírinne a aithint to recognise the truth
" An rud atá de dhíth anois ná ceannairí aontachtacha a dtig leo an t-athrú seo a stiúradh i dtreo leasa a bpobail féin, agus an fhírinne a aithint.
an fhírinne ghlan the whole truth
" Gach aon uair ar chríochnaigh sé ceann de heachtraí móra gaiscíochta bhain sé Bíobla amach as a phóca agus mhionnaigh sé go díochra nach raibh ann ach an fhírinne ghlan.
an fhírinne the truth
" Fuair John Lennon amach an fhírinne faoina athair nuair a bhí sé sna tríochaidí, agus an t-athair marbh.
agus chun an fhírinne a cheilt and to hide the truth
" Rinne rialtas an Partido Popular gach iarracht chun dallamullóg a chur ar phobal na Spáinne agus chun an fhírinne a cheilt ar eagla go dtapódh an pobal an deis a míshásamh le tacaíocht láidir Aznar don chogadh san Iaráic a chur in iúl san olltoghchán.
chun an fhírinne a nochtadh to reveal the truth
" In ainneoin na ndeacrachtaí agus na mblianta atá imithe, tá an HJC ag leanúint ar aghaidh leis an fheachtas chun an fhírinne a nochtadh faoi Hillsborough agus ceart a fháil do na híospartaigh, idir bheo agus mharbh.
ag tabhairt neamhairde ar an fhírinne lom ignoring the harsh realities
" Is fadhb chasta í seo, agus bheadh aon duine a mhaífeadh gur seo peaca eile de chuid na heaglaise ag tabhairt neamhairde ar an fhírinne lom.
bunaithe ar an fhírinne based on the truth
" Ionsaí ======= Tá miotaseolaíocht ann (bunaithe ar an fhírinne) gur shábháil an IRA an Trá Ghearr i mí an Mheithimh 1970 nuair a d'ionsaigh ollscaifte Protastúnach í.
an nocht an fhírinne which revealed the truth
" Ní raibh trácht air, fiú, tar éis an chláir faisnéise *Billy Boys*, a rinne Channel 4 i 1995, clár an nocht an fhírinne faoin scéal.
Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne stories were made up and the truth was hidden
" Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne agus níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias.
Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne stories were made up and the truth was hidden
" Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne agus níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias.
bunaithe ar an fhírinne based on truth
" Ach cén fáth a gcreidfeá aon scéal eile i nuachtán atá sásta deargchumadóireacht den chineál thuas a chur i gcló? Nuair a d’fhoilsigh *The Sun *na Breataine scéalta ar nós *“Freddie Starr Ate My Hamster”* (níor ith!) agus gur chuir Comhairle Bhrent cosc ar mhálaí bruscair dubha mar go raibh siad ciníoch (níor chuir!), thug siad le fios don saol mór nach gá go mbeadh a gcuid scéalta bunaithe ar an fhírinne.
an fhírinne the truth
" Ach tá téarmaí an fhiosrúcháin sin róchúng, dar le muintir Rossiter, agus níl aon dóchas acu go n-aimseofar an fhírinne madir le cad a tharla dá mac.
nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne? or does it suit us to ignore the truth?
" An é gur cheart dúinn glacadh le focal Mheiriceá mar chnámh lom na fírinne? Ar iarr Ronald Reagan cead ar an stát i 1986 tráth a baineadh úsaid as suaitheantas Aer Lingus nuair a bhíothas ag díol armlóin le rialtas na Iaráine in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin? Ar thug muid ár mbeannacht dó an brabach a rinneadh as an mhargadh cam seo a úsáid le harmlón a thabhairt do threallchogaithe a bhí ag iarraidh rialtas na *Sandinistas* i Nicearagua a chur as cumhacht? Ar gabhadh leithscéal linn fiú as an dóigh a ceanglaíodh comhlacht stáit de chuid na hÉireann leis an chamastaíl náireach seo? Cad chuige mar sin go nglacfaí gan cheist le focal an CIA an iarraidh seo nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne? Ní inniu ná inné a tháinig an rialtas ar an tuairim gur gaire i bhfad an tír seo do Bhostún ná do Bheirlin.
an fhírinne the truth
" Ach tá téarmaí an fhiosrúcháin sin róchúng, dar le muintir Rossiter, agus níl aon dóchas acu go n-aimseofar an fhírinne madir le cad a tharla dá mac.
leis an fhírinne ghlan a insint duit to tell you the truth
" “Ní dhearna mé mórán ina dhiaidh sin, leis an fhírinne ghlan a insint duit, ó thaobh tríú leibhéal de.
an fhírinne a cheilt to hide the truth
" Mar a dhein aon uair ba ghá an fhírinne a cheilt, “in the national interest”.
an fhírinne shearbh the bitter truth
" Gloine ar ghloine, cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu agus sleamhnaíonn an fhírinne shearbh isteach sa scéal nuair a insíonn gach fear acu a scéal truamhéalach féin.
agus an fhírinne shearbh, lom a insint and to tell the bitter, whole truth
" Ach is minic go mbíonn ealaíontóirí ábalta éalú ón laincis sin agus an fhírinne shearbh, lom a insint.
gcuireann sí an fhírinne faoi cheilt it covers the truth
" Ach is cealgaire í an áilleacht sin mar go gcuireann sí an fhírinne faoi cheilt.
an fhírinne nach bhfeiceann an tsúil a nochtadh to uncover the truth which the eye doesn't see
" Ba é an dúshlán a bhí aige ná an fhírinne nach bhfeiceann an tsúil a nochtadh.
an fhírinne lom seo a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann to instill this bare truth into the people of Ireland
" An dúshlán atá roimh an rialtas anois ná an fhírinne lom seo a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann.
ní thig leo an fhírinne a cheilt: they cannot hide the truth
" Is cuma cé mhéid achainí a shínítear nó cé mhéid cuimilte a dhéanann na nuachtáin Ghaeilge ar a gcuid figiúirí díolacháin, ní thig leo an fhírinne a cheilt: níl mórán ráchairte ar fhoilseacháin i dteanga neamhfhorleathan.
chan an fhírinne lom not the bare truth
" Bhíothar ag plé líon na ndeisceartach (SaorStátairí mar a deir an chuid sin acu nár fhág riamh an freangadh ama ina bhfuil siad) agus ráiteas roinnt polaiteoirí ó dheas gur easpa tírghrá a sheol na slóite aneas, chan an fhírinne lom go gcosnaíonn buidéal Lucozade €1.
leis an fhírinne a dhéanamh to tell the truth
" Anois, leis an fhírinne a dhéanamh, chuirfeadh an trácht an gháthdhuine ar mire, ach bhí mé féin sásta mo scíth a ligint, agus meascán den fhearthainn throm, leanúnach agus guth ceolmhar Rónáin ar RnaG mé a chur ar mo shuaimhneas.
Sa Tóir ar an Fhírinne searching for the truth
" ) Sa Tóir ar an Fhírinne Cad é thig le daoine taobh amuigh de Ghaza a dhéanamh? Caithfidh muid bheith sa tóir ar an fhirinne agus ar an cheart, dar le Ging.
is aistí an fhírinne truth is stranger
" Ach is aistí an fhírinne ná an ficsean féin.
an fhírinne lom the bare truth
" Is í an fhírinne lom a chuireann casadh aigne orainn: is duine cosúil linn féin é an t-ainbheartach oilc seo.
An fhírinne lom to tell the truth
" An fhírinne lom, chuir rialtas Blair agus Brown an-díoma ar lucht na heite clé de bharr gur thug siad tús áite do chomhoibriú leis an ‘mhargadh’ agus go ndearna siad neamhaird den tsoghluaiseacht shóisialta.
chun an fhírinne a rá as a matter of fact
" “Bhí mé an-tógtha leis an scéal An Mháthair, ach chun an fhírinne a rá, taitníonn siad go léir liom.
An Fhírinne Lom bare truth
" An Fhírinne Lom ======== Is é an trua nár inis aon urlabhraí An Fhírinne Lom: ní chruthóidh an rialtas post ar bith as seo go ceann cúig bliana, agus ní cóir go gcruthódh.
leis an fhírinne a dhéanamh to tell the truth
" Tá sláinte agus oideachas na saoránach faoina chúram; caomhnaíonn an stát bunchearta an duine; déanann idirbheartaíocht ar aontais idirnáisiúnta, stiúrann agus spreagann sé an geilleagar náisiúnta, agus leis an fhírinne a dhéanamh, níl ról lárnach ag an stát féin ann mar ghníomhaí geilleagair.
beag beann ar an fhírinne while disregarding the truth
" Ach ar ndóigh, tá difir lá agus oíche idir na meáin a fheidhmíonn ar bonn dleathach agus eiticiúil agus scaoilteacht na ngréasán shóisialta, inar féidir le duine ar bith (faoi sciath na díth ainm, nó ainm cleite) rud ar bith ar chor ar bith a rá faoi dhuine eile, beag beann ar an fhírinne.
tá an fhírinne á nochtú chucu they’re seeing the truth
" De réir a chéile, creidim agus tá súil agam, tá an fhírinne á nochtú chucu.
An Fhírinne Ghlan solid truth
" An Fhírinne Ghlan ========= Caithfear a rá go bhfuil gach imreoir agus daoine eile a cuireadh faoi agallamh le haghaidh an leabhair seo an-oscailte agus macánta ina gcuid scagtha agus tuairimíochta.
An Fhírinne Daite a visible truth
" An Fhírinne Daite ======= Is dóigh liom go bhfuil an chaibidil, *‘Canvas of a Continent’*, ar an cheann is suntasaí sa leabhar.
Leis an fhírinne a dhéanamh to tell the truth
" Leis an fhírinne a dhéanamh, tá dallamullóg ar chuid mhór againn faoin treibh eile.
ag iarraidh an fhírinne a cheilt trying to hide the truth
" Agus é lán de cheartaiseacht agus d’fhíréantacht, chuir sé in iúl don Teachta Pinc gur trí chéad seasca is a sé lá atá sa bhliain 2012, agus go raibh Micí Wallace ag iarraidh an fhírinne a cheilt arís i dtaca lena chuid de mhaoin an tsaoil seo.
is í an fhírinne the truth of the matter is
" Ach é sin ráite, an bhfuil rud fiúntach ar bith ar domhan níos mó nach bhfuil greim scóige ag an airgeadas agus ag an margadh air? Is maith linn a cheapadh anseo in Éirinn go bhfuil an Cumann Lúthchleas Gael, cuir i gcás, ina eagraíocht dheonach atá neamhspleách ar chúrsaí tráchtála ach is í an fhírinne go bhfuil an CLG taobh le comhlachtaí tráchtála oiread is atá aon dream eile chomh fada is a bhaineann sé le maoiniú a chur ar fáil do dhul chun cinn na heagraíochta.
an fhírinne lom the real truth of the matter
" Níl a fhios ag mórán daoine é seo, ach seo í an fhírinne lom: thángthas, ar na mallaibh, ar phaiste cothrom féarach idir Baile Thoir agus Baile Thiar.
an fhírinne lom the whole truth
" Ar mhiste leat do dhearcadh a mhíniú dom, le do thoil?” “Á a Bhaloir, ní chreideann tú gach rud a léann tú sna nuachtáin, an gcreideann? Caidé atá siad ag rá fúm anois? Nó caidé atá Enda ag cur i mo leith anois?” “Níl ann ach an fhírinne lom, a Angela.
chun an fhírinne a dhéanamh to be truthful about it
" Dá bharr sin cuireann sé isteach ar an léiriú agus, chun an fhírinne a dhéanamh, ar Lehane freisin.
le teacht gar do fhírinne an scéil to come near the truth of the matter
" An bhfuil bunús eile ag Dílseoirí thar Aontachtóirí nárbh bhain le ceist an aicmeachais amháin? Ba chóir taighde trasphobail a dhéanamh am éicint le teacht gar do fhírinne an scéil.
mb’éigean an fhírinne a insint amach had to tell the truth
" Ach, in ainneoin na hadmhála go léir, bhí sé le brath ar a chuid cainte agus ar a shúile nach raibh aiféala air faoin méid a bhí déanta aige ach gur rugadh air agus go mb’éigean an fhírinne a insint amach.
an fhírinne shearbh atá folaithe the bitter hidden truth
" An Reitric nó an tAllagar? ============ Ná bíodh aon chorrabhuais orainn feasta agus bainimis an brach idé-eolaíoch dár súile d’fhonn an fhírinne shearbh atá folaithe faoi screamhóg mhullaigh na reitrice poiblí seo a nochtadh.
an fhírinne shearbh the bitter truth
" Seo í an fhírinne shearbh: tá an dá shaol ann agus bímid thuas seal agus thíos seal.
an fhírinne a bhain leis ar fad a fháil to find all the truth of the matter
" Tá mé ag iarraidh dul go croí an scéil agus an fhírinne a bhain leis ar fad a fháil.
chun an fhírinne a nochtadh to expose the truth
" B’éigean do Anne Williams agus don Hillsborough Justice Campaign streachailt le blianta fada chun an fhírinne a nochtadh agus, ar an drochuair, fuair sí bás le hailse sular tháinig an scéal iomlán amach trí choiste cróinéara nua.
tá an fhírinne faoi sholáthar na línte ola the truth about pipeline provisions is
" Tá an ní is neafaisí, nó an bhréag féin, ina suí i lár an aonaigh agus tá an fhírinne faoi sholáthar na línte ola faoi choim i dtuairiscí acadúla, ar shiúl ó aird an duine.
ar an fhírinne lom the undeniable truth
" Beidh siad aireach fosta ar an fhírinne lom, gur beag buíochais a fhaigheann an páirtí is lú i gcomhrialtas nuair a caitear vótaí sa tír seo.
bhfuiltear ag cur an fhírinne as a riocht remodelling the truth
" Ar an rud is measa, d'fhéadfá a mhaíomh go bhfuiltear ag cur an fhírinne as a riocht.
chun an fhírinne a insint to tell the truth
" Bhí orm an leabhar seo a scríobh chun an fhírinne a insint faoin Ghaeilge sa chathair.
Tig an Fhírinne Amach ar Dheireadh the truth must out in the end
" Tig an Fhírinne Amach ar Dheireadh ============ Ach ní leor a bheith ag gearán - bhí orm fianaise a fháil chun a chruthú go raibh Gaeilge ag formhór na nÉireannach a tháinig i dtír i Learpholl sa 19ú aois.
An Fhírinne a Chodail Amuigh a semblance of truth
" An Fhírinne a Chodail Amuigh =========== Sna hagallaimh sin le Mallie, dúirt sé gur drochrud a bhí sa chlaonroinnt a bhí i réim i nDoire Cholmcille agus gur thuig sé éilimh Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta ó thuaidh.
A mhalairt den scéal is ea an fhírinne the opposite is the truth
" A mhalairt den scéal is ea an fhírinne de réir an bhreithiúnais seo.
cuid de bunaithe ar an fhírinne some of it based on fact
" Bhí cuid de bunaithe ar an fhírinne.
an fhírinne shearbh the bitter truth
" Anuas ar sin, sa deireadh, is é an fhírinne shearbh ná nach bhfuil aon duine sásta breathnú i ndiaidh Alina, rud a fhágann go gcaithfidh sí fanacht leis an gcléir, nó go dtarlaíonn an deamhandíbirt uafásach ag deireadh an scéil.
tháinig ar an fhírinne discovered the truth
" Gortaíodh an mháthair go dona agus bhí sí gan mhothú ar feadh cúpla lá sular tháinig sí chuici féin agus tháinig ar an fhírinne.
An Fhírinne á Nochtadh the truth being released
" An Fhírinne á Nochtadh ======== Sa leabhar *Debt: The First 5,000 Years* le David Graeber (Melville House, 2011) faighimid léargas eile ar na Ridirí Fáin agus ní uasal ach uiríseal amach is amach ab ea iad, más fíor! Ba mhinic ina dtuilithe ag na mionuaisle iad agus nuair nach bhfuaireadar faic trí oidhreacht cad a bhí le déanamh acu ach an bóthar a bhualadh.
go nochtfar an fhírinne ar fad that the whole truth will be revealed
" In ainneoin go bhfuiltear ag súil leis an Aire Cosanta de Róiste a shaoradh ó mhilleán gan mhoill, níl Dónall Ó Maolfabhail dóchasach go nochtfar an fhírinne ar fad.
an fhírinne a nochtadh to make the truth known
" Caithfidh pobal na Gaeilge seasamh lena chéile agus brú a chur ar an Aire Dlí is Cirt an fhírinne a nochtadh faoi fhiosrúchán na nGardaí ar chás Dhomhnall Uí Lubhlaí dar le Breandán Delap.
Thig an fhírinne amach ar deireadh the truth must out
"Thig an fhírinne amach ar deireadh’ a bhí mar sheanfhocal sa teanga seo chomh maith le teangacha eile.