Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Níl deireadh leis an ghlanadh seo there's no end to this cleaning
" "Níl deireadh leis an ghlanadh seo.
Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht That message is not timely
" Níl aird ar bith agam ar na rialacha atá ag dul sa lá atá inniu ann!" "Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht.
níl de dhíth ar dhaoine ach leideadh an fhocail people only need a hint, i.e. to gossip
" " "An bhfuil a fhios agat seo," arsa Nuala, "níl de dhíth ar dhaoine ach leideadh an fhocail.
níl an cháipéis sin ar fáil ar líne that document is not available online
" Tá comhairle curtha ar fáil ag an Irish Internet Association d'fhostóirí ar conas bainistiú a dhéanamh ar úsáid an idirlín, ach ait go leor, níl an cháipéis sin ar fáil ar líne.
Níl an dara suí sa bhuaile ann there is no alternative
" Níl an dara suí sa bhuaile ann - caithfidh an IRA, ní hamháin a rá go bhfuil deireadh lena bhfeachtas míleata, ach caithfidh siad gníomhú de réir a mbriathra.
Níl faill suí ná seasamh ag daoine óga an lae inniu young people today have no time to sit or stand
" Níl faill suí ná seasamh ag daoine óga an lae inniu.
níl an phoiblíocht chaoi á fáil ag lucht agóide protestors are not getting proper publicity
" Ní hamháin sin ach tá na fíricí á gceilt ar mhuintir na hÉireann agus níl an phoiblíocht chaoi á fáil ag lucht agóide.
níl sárú an chuntais fhada ann there's nothing better than the long count
" Bíonn spórt ag baint leis an stocaireacht a dhéanann na hiarrthóirí agus a lucht tacaíochta, le dó phóstaeirí na bpáirtithe eile, le ciceáil mhuintir na bpáirtithe eile, le scrios oifigí na bpáirtithe eile; leis na mionnaí móra agus na mionnaí beaga, leis an bhualadh bos agus an buaileam sciath, leis na bréaga agus na gealltaí, leis an gheáitseáil agus leis na gothaí, ach fós níl sárú an chuntais fhada ann.
Níl iomrá ar bith ar an bhia seo There's no sign of this food.
" " "Níl iomrá ar bith ar an bhia seo," arsa Rónán.
níl néal ar an bhean chéanna there's no flies on the same woman
" "Is nach bhfuil sé in am ag an Aingeal seo atá agat fios a bheith aici fá Dhaidí na Nollag?" "Tá cinnte," arsa Máire "Ach níl néal ar an bhean chéanna.
níl an acmhainn agam le é a chur i gcrích I can't afford to do it
" MOLLY: Ó? MÁNAS: Tá smaointeamh mór amháin i mo cheann agam ach níl an acmhainn agam le é a chur i gcrích.
níl an dara rogha aige he has no choice
" Más gá do dhuine turas fada a dhéanamh, níl an dara rogha aige ach an t-eitleán a thógáil (go Meiriceá, mar shampla).
níl an dara rogha aige he has no choice
" Más gá do dhuine turas fada a dhéanamh, níl an dara rogha aige ach an t-eitleán a thógáil (go Meiriceá, mar shampla).
Níl an dara suí sa bhuaile againn we have no alternative
" “Níl an dara suí sa bhuaile againn,” a mhínigh Súoráiste Ó Miwadi, urlabhraí solabhartha na nOráisteach do Laoch na Tuairisceoireachta.
Níl an seanstuif ag oibriú. The old stuff is not working.
" Níl an seanstuif ag oibriú.
níl an chosúlacht ar an scéal it doesn't appear
" Ainneoin ceisteanna comhshaoil a bheith go mór idir chamáin ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ainneoin baicle bheag chumasach de Theachtaí a bheith acu faoi láthair, níl an chosúlacht ar an scéal go ndéanfaidh siad an oiread sin dul chun cinn.
níl an cultúr éagsúil ar fad lena gcultúr féin, the culture is not that different to their own,
" Is maith leo an aimsir, an deis atá ag daoine dul ag snámh agus níl an cultúr éagsúil ar fad lena gcultúr féin, rud nach féidir a rá faoi Mheiriceá, cuir i gcás.
níl sé beartaithe acu filleadh ar an mBreatain. they don't plan to return to Britain.
" Ach tríd is tríd tá siad sásta go maith agus níl sé beartaithe acu filleadh ar an mBreatain.
níl an feachtas ach ina thús the campaign is only beginning
" Ina dhiaidh sin ar fad, níl an feachtas ach ina thús agus chuireamar romhainn £20m a bhailiú taobh istigh de dheich mbliana chun dlús a chur le fás na ngaelscoileanna ó thuaidh.
níl an cath caillte fós. the battle isn't lost yet.
" Nach féidir? An féidir? Ná bíodh imní oraibh a mhuintir Chónra na Gaeilge, níl an cath caillte fós.
níl an dara rogha acu they have no choice
" Thuigfeá an fáth a bhfuil pobal na cathrach ag séideadh an deannaigh óna rothair agus ag tabhairt faoin mbóthar ar dhá roth – níl an dara rogha acu a thuilleadh! Tá na bóithre ag titim as a chéile mar thoradh ar an mbrú tráchta agus tá táillí taistil ag dul i méad, ach caithfear a admháil go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun cúnamh a thabhairt do rothaithe trí rianta nua rothaíochta a thógáil i ngach ceann de na cúig bhuirg atá sa chathair.
Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán. nothing has been achieved to put the language in a safe position
" Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán.
níl de dhifear idir an dá théacs there is no difference between the two texts
" Go deimhin, níl de dhifear idir an dá théacs ach deich gcinn den 250 alt a bhí sa Bhunreacht.
Níl teorainn ar bith leis an there is no limit to
" Níl teorainn ar bith leis an chaimiléireacht! Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.
Níl a fhios agam an raibh ar dhaoine íoc isteach chuige, I don't know if people had to pay into it
" Níl a fhios agam an raibh ar dhaoine íoc isteach chuige, fiú.
níl iomrá ar bith aige éirí as an cheol. he has no intention of retiring from music
" ”Tá Lunny dhá bhliain is seasca anois ach níl iomrá ar bith aige éirí as an cheol.
Níl an chosúlacht ar an scéal it doesn't seem likely
" ” Cad é atá i ndán do na fir seo mar sin? An éireoidh leo caidreamh le fíorbhean a bheith acu riamh, nó an fearr leo a bheith le bean a bhfantaisíocht, cosúil lenar tharla do Andrew McCarthy sa scannán sin de chuid na n-ochtóidí *Mannequin*? Níl an chosúlacht ar an scéal go dteastóidh fíorbhean ó Davecat riamh.
níl aon dabht ach go mbeidh an Ghaeilge thuas lena chinneadh there is no doubt that Irish will benefit from his decision
" Is “fear cúise agus feachtas” é, agus níl aon dabht ach go mbeidh an Ghaeilge thuas lena chinneadh a aird agus a chuid fuinnimh a dhíriú ar an teanga.
Níl ann ach buail an ceann is seachain an muineál it's just the same thing
" Níl ann ach buail an ceann is seachain an muineál.
níl anseo ach tús an scéil this is only the start
" Faraoir, níl anseo ach tús an scéil.
Níl agam féin ach ón lámh go dtí an béal I’m just surviving hand to mouth
" Níl agam féin ach ón lámh go dtí an béal, i ndáiríre.
Níl sé as an gceist it could happen
" Níl sé as an gceist go ndéanfainn beart éigin sa réimse sin go fóill cé go bhfuil mé ar scor agus mo shaol oibre mórán ag teacht chun deiridh.
níl an scéal gan léaró dóchais the matter's not without some hope
" A dhonacht is atá stádas na dteangacha dúchais, níl an scéal gan léaró dóchais, áfach, agus d’fhógair Leabharlann Stáit New South Wales (NSW) tionscnamh tábhachtach nua ar na mallaibh a chuideoidh go mór le marthanacht roinnt de na teangacha.
Níl sna trí chéim sin ach an buntús that’s just for starters
níl leigheas ar an anamreo there’s no curing a damaged mind
" Tagaim le téis Sorrentino - níl leigheas ar an anamreo ach trí ghníomhú an íobartaigh féin, beart a scaoileann cumhacht cneasaithe an ghrá.
níl an chuma ar an scéal it doesn’t appear
" Go hoifigiúil, is é Bratach an Aontais bratach oifigiúil an stáit ó thuaidh agus fiú le feidhmeannas ag comhoibriú ag *Stormont*, níl an chuma ar an scéal go bhfeicfidh muid arís é ach iompraítear go fóill é.
níl an scéal chomh diúid leis sin the matter’s not as simple as that
" Faraor, níl an scéal chomh diúid leis sin in aon chor agus mura mbímid cúramach lenár gcuid deonaíochta, d’fhéadfaimis a bheith ag cabhrú le hoibríocht dhomhanda a dhéanann níos mó dochar ná leas.
Níl an bhiaiste ach ina tús the season has just started
" Ach cá bhfios? Níl an bhiaiste ach ina tús go fóill, ach is cosúil cheana féin go mbeidh na vótóirí ag roghnú idir dhá rud shimplí i ndeireadh báire: “gearradh rialtais, agus ceannasaíocht an mhargaidh” (na Poblachtaigh) nó “fan an cúrsa, agus bíodh dóchas agat i dtéarnamh” (na Daonlathaigh).
níl an dara suí sa bhuaile agam I’ve no choice in the matter
" Ní maith liom go gcaithfidh mé an friskeáil a dhéanamh, ach níl an dara suí sa bhuaile agam.
Níl aon fhoras dár bhunaigh an duine there is no institute created by man
" Níl aon fhoras dár bhunaigh an duine – ón teaghlach go dtí an stát féin – gan locht.
níl i ndlús an atmaisféir ach atmospheric density is only
" Mar sin, ar bhealach, bhí sé fós an-ghar don talamh! Ach fós féin, ag an airde sin níl i ndlús an atmaisféir ach 1% den dlús atá ann ag cothrom na mara, rud a léiríonn a thanúla is atá an brat beag aeir atá bunriachtanach don saol.
níl fáth ar bith nach mbeadh an fiontar céanna ionainn féin there’s no reason why we wouldn’t be as adventurous
" Má bhí mianach siúil sna sean-Ghaeil, níl fáth ar bith nach mbeadh an fiontar céanna ionainn féin.
Níl ann ach gráinnín dofheicthe gainimh ar thrá an dóláis it’s just an unseen sand particle on the shore of dejection
" Níl ann ach gráinnín dofheicthe gainimh ar thrá an dóláis.
níl an tarna rogha tugtha no other choice has been given
" Tuigim go maith go bhfuil raic fúthu ach níl an tarna rogha tugtha ag Aontas na hEorpa don rialtas ach na portaigh a chaomhnú, bíodh raic ann nó ná bíodh.
níl an ráiteas sin fíor ar fad that statement isn’t entirely true
" Cé go ndeir roinnt tráchtairí go bhfuil níos mó gunnaí i Meiriceá anois ná ariamh, níl an ráiteas sin fíor ar fad.
Níl ach an gile there’s just brightness
" ‘Men at Lunch – Lón sa Spéír’ ============ Níl ach an gile i scannán Sheáin agus Éamoinn Uí Chualáín, buíochas le Dia.
Níl fanta de screamh ar an dlí idirnáisiúnta ach of the thin mantle of international law only
" Níl fanta de screamh ar an dlí idirnáisiúnta ach an scannán is tanúla, scannánaíocht Hollywood, cláir teilifíse gan beann ar aon rud ach seafóid agus cé dúirt seo faoi siúd nó fúithi siúd.
Níl an mheánscoil críochnaithe acu they haven’t finished secondary school
" Níl an mheánscoil críochnaithe acu fós – ach is fir iad Enderson Araújo (20) agus Tiago Davi (18) a bhfuil fís acu: teastaíonn uathu an saol i mbruachbhailte bochta a gcathair dhúchais Salvador a fheabhsú.
Níl an freasúra ag fáil mórán lochta ar the opposition doesn’t find much fault with
" Níl an freasúra ag fáil mórán lochta ar dhúnghaoisí an rialtais, ach an oiread, mar go dtuigtear dóibh gurbh é an Triar - an Troika atá ag stiúradh an tsoithigh ar aon chuma.
níl an ciníochas thart go fóill racism isn’t finished yet
" Go cinnte níl an ciníochas thart go fóill.
Níl srian ar bith leis an tsamhlaíocht ann imagination is unlimited with it
" Níl srian ar bith leis an tsamhlaíocht ann.
níl an clú céanna uirthi it doesn’t have the same reputation
" Bíodh is gur príomhchathair Canberra í, níl an clú céanna uirthi thar lear is atá ar chathracha móra eile na hAstráile, leithéidí Sydney agus Melbourne.
níl i mbéal an phobail ach gnóthaí airgid people are only thinking about financial matters
" I mbeagán focal, níl i mbéal an phobail ach gnóthaí airgid.
Níl dearcadh polaitíochta ag an Ghaeilge Irish doesn’t have a political view
" ’” Níl dearcadh polaitíochta ag an Ghaeilge.
níl an oiread sin dúile agam sa chluiche as féin I’m not greatly enthused by the game itself
" Maidir le sacar Shasana, níl an oiread sin dúile agam sa chluiche as féin.
Níl an Pholannais ar a thoil ag isn’t fluent in Polish
" Níl an Pholannais ar a thoil ag an fhear seo, faraor, agus níl a fhios againn arbh fhíor a thuairim, faoi mhaireachtáil in Éirinn gan Béarla a labhairt.
Níl gar ná gaobhar ag an Fhraincis French isn’t next or near
" Níl gar ná gaobhar ag an Fhraincis, fágaim, ar an Pholainnis ó thaobh líon cainteoirí cumasacha in Éirinn faoi láthair.
Níl an chosúlacht ar an scéal it doesn’t appear as though
" Níl an chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh laghdú ar bith ar an réimse spéise seo ach an oiread.
níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta I’m just a technology columnist
" Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agus ceannaigh na giuirléidí seo a leanas.
Níl ins an tuairim sin ach deargamaidí óir that’s just pure poppycock because
" Níl ins an tuairim sin ach deargamaidí óir is isteach san eangach náisiúnta a théann an leictreachas a ghintear agus ní chruthófar aon tairbhe faoi leith don phobal áitiúil dá bharr.
Níl a fhios cé as an dtiocfaidh an t-airgead le íoc as it’s not known where the money will come from
" Níl a fhios cé as an dtiocfaidh an t-airgead le íoc as.
Níl eolas an bhealaigh seo romhainn againn féin we ourselves don’t know the way forward
" Níl eolas an bhealaigh seo romhainn againn féin.
níl an tobar i ndísc go fóill matters aren’t finished just yet
" Agus níl an tobar i ndísc go fóill nó i mí Dheireadh Fómhair, beidh an Turner Prize, an comórtas ealaíne is suntasaí sa Bhreatain, le feiceáil ansin.
níl an snáth briste fós the tender link has still held fast
" Ach níl an snáth briste fós agus ní bheidh go deo le cúnamh Dé.
Níl an aimsir a caitheadh inathraithe the past is unchangeable
" Níl an aimsir a caitheadh inathraithe anois, - ní hionann is an todhchaí.
níl ach cuma fhisiciúil an duine tábhachtach only the person’s appearance is important
" Leigheas Galar Súl ======== Táthar ann a deir nárbh fhéidir lena leithéid de chaidreamh fás ó shíol a chuirtear chomh éadomhain agus a chuirtear le Tinder: níl ach cuma fhisiciúil an duine tábhachtach ar an áis.
níl sé in ann an bhánóg a bhualadh he’s not able to hit the green
" Agus i ndiaidh na tiomána sin ar fad, níl sé in ann an bhánóg a bhualadh ón tí-bhosca.
níl béim á chur ar an daonlathas democracy isn't emphasized
" Sa tSín, tá caipitleachas stáit i bhfeidhm, níl béim á chur ar an daonlathas agus is tábhachtaí leo cearta geilleagair ná cearta polaitíochta.
níl an chosúlacht air go bhfuil sé réidh it doesn’t seem as if he’s ready
" " Oide agus Sraith Físeán ========== Ach má tá buille nó dhó faighte aige le cúpla bliain anuas níl an chosúlacht air go bhfuil sé réidh leis na maidí a scaoileadh le sruth.
Níl an tairbhe le feiceáil the benefit isn’t visible
" Níl an tairbhe le feiceáil.
Níl aon trácht ar an ealaín there’s no mention of the arts
" Níl aon trácht ar an ealaín, cé go raibh sé ar cheann de na réimsí oibre a bhí luaite go sonrach sa tSamhail Nua Mhaoinithe.
Níl cinneadh déanta ag an gcoiste go fóill faoi the jury is still out on
" Nach mbeinn? Níl cinneadh déanta ag an gcoiste go fóill faoi Spritz.
níl toil ag an rialtas the government isn’t inclined
" Is í mo thuairim féin go bhfuil cósta na hÉireann, an t-iarthar go mór mór, i bhfad níos áille ná cósta na Breataine Bige nó Sasana ach níl toil ag an rialtas cosán cósta a fhorbairt.
níl an claonadh ionann glacadh le we’re not inclined to accept
" Ar an drochuair, níl an claonadh ionann glacadh le madraí ó ionaid dídine.
níl á gcosaint anois ar an scrios/blitzkrieg ina dtimpeall the only thing defending them from the destruction around them
" Is dream iad na Palaistínigh nach raibh lámh acu i ndrochobair an Dara Cogadh Domhanda, ach cartadh as tithe is as a dtailte, tá siad sáinnithe anois in iamhchríocha agus bantustána ina dtír féin agus níl á gcosaint anois ar an scrios/blitzkrieg ina dtimpeall, ach tolláin.
Níl an sliabh is airde the highest mountain .... is only
" Níl an sliabh is airde san ard-dúiche, Mount Kosciuszko, ach 2,228 méadar os cionn leibhéal na farraige.
Níl an misneach ag lucht na polaitíochta the political classes don’t have the courage
" Níl an misneach ag lucht na polaitíochta colg a chur ar an mbrúghrúpa cumhachtach seo.
níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin, the opposition is not managing to take advantage of those difficulties,
" Tá go leor deacrachtaí ag rialtas na hAstráile ach níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin, mar a mhíníonnn Dáithí Ó Colchúin.
níl an saol le maíomh orthu they are having a tough time
" Níl fanta beo den phobal Afra-Pharaguach i gCambacuá ach cúpla míle duine a thuairiscíonn Alan Desmond agus níl an saol le maíomh orthu.
níl an Róimh gann san aicme sin R. is not lacking in such graves
" Is fánach an áit a bhfaighfeá uaigh Éireannaigh agus níl an Róimh gann san aicme sin.
Níl an tsíocháin ó thuaidh peace in the north isn’t
" Níl an tsíocháin ó thuaidh chomh daingnithe slán is ba chóir faoin am seo dar le roinnt cainteoirí a labhair ag cruinniú i Learpholl le déanaí.