Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-éileamh great demand
" Bhí an-éileamh ag an bpobal orthu.
an-éileamh a big demand
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Glór na nGael? Léiríonn an fhorbairt atá tagtha ar na pobail a bhfuil an eagraíocht gníomhach iontu leis na blianta go soiléir go bhfuil borradh, an-éileamh agus suim méadaithe sa gcultúr agus sa teanga.
an-éileamh big demand
" Bíonn an-éileamh ar na rincí Salsa gach oíche Dhomhnaigh, nuair a thagann na sluaite isteach ó na bailte fearainn sa cheantar.
an t-éileamh domhanda the global demand
" Ait go leor, cé gur dúradh gurbh é an bás a bhí i ndán don Ghaeilge, tá an t-éileamh domhanda ar an teanga ag méadú ó lá go lá.
an rud ceannann céanna a éileamh to demand the exact same thing
" Spreag an feachtas seo cuid póilíní an NYPD leis an rud ceannann céanna a éileamh.
nuair a mhéadaíonn an soláthar méadaíonn an t-éileamh when the supply increases, the demand increases
" Ar nós druga ar bith, a deir an tUasal O'Connor, nuair a mhéadaíonn an soláthar méadaíonn an t-éileamh.
le freastal ar an éileamh atá ann to satisfy the demand that exists
" Bíonn thart fá ochtar nó deichniúr múinteoirí ag teagasc na ranganna seo, a théann ón bhunrang suas go dtí an ardcheardlann, agus dúradh liom gurb é ceann de na fadhbanna is mó atá acu ná go leor múinteoirí a fháil le freastal ar an éileamh atá ann.
an-éileamh great demand
" Ach an amhlaidh atá sé? Éileamh ======= De dhéanta na fírinne, tá an-éileamh ar cheol i nGearmáinis riamh anall ach é a chur ar fáil don lucht éisteachta.
go mbeidh an-éileamh air that it'll be in demand
" AÓF: Agus ceapann tú go mbeidh an-éileamh air? AÓC: Tá an-spéis á cur sa rud cheana féin, bíodh is nach bhfuil sé ach faighte againn féin agus á chur isteach sna siopaí.
an-éileamh big demand
" Tá lucht sacair agus rugbaí i gcruachás mór, gan staid cheart acu dá gcluichí móra, cé go bhfuil an-éileamh ar na cluichí céanna.
an-éileamh big demand
" Dé réir measúnaithe a rinneadh ar an gclár, glacadh go fonnmhar leis sna naíonraí agus bheadh an-éileamh ann i measc tuismitheoirí agus lucht na naíonraí araon le cur leis an gcineál sin oibre.
an t-éileamh agus an soláthar demand and supply
" Measann cuid de na saothraithe go bhfágfar 5% nó níos mó de na caora le lobhadh ar an bhfíniúin i mbliana agus go mbeidh sé dhá bhliain ar a laghad sula mbeidh an t-éileamh agus an soláthar i gcóimheá arís.
an-éileamh ar fhuinneamh a lot of demand for energy
" Is é an fadhb is mó ná go bhfuil an-éileamh ar fhuinneamh ar fud an domhain faoi láthair – leictreachas fá choinne tithe agus monarchana agus breosla do na gluaisteáin agus na SUVanna – i bhfad ró-ard chun gur féidir leanúint leis.
an-éileamh big demand
" Idir ghrianghraif agus thuairiscí ar chluichí, is cinnte go mbeadh an-éileamh ar a leithéid de bhlag i measc an lucht leanúna.
an-éileamh big demand
" Idir ghrianghraif agus thuairiscí ar chluichí, is cinnte go mbeadh an-éileamh ar a leithéid de bhlag i measc an lucht leanúna.
freastal ar an éileamh to cater for the demand
" Ní leor é agus an eagraíocht ag iarraidh freastal ar an éileamh le haghaidh ógsheirbhísí Gaeilge atá amuigh ansin.
freastal ar an éileamh seo to cater for this demand
" Mhaígh Enda Kenny ag an am go raibh 18,000 státseirbhíseach lonnaithe i mBaile Átha Cliath a bhí ag iarraidh aistriú go ceantar tuaithe agus nár mhór freastal ar an éileamh seo láithreach.
an t-éileamh the demand
" Os a choinne sin, méadaíodh ar an bhrú ina shaol de réir mar bhí an t-éileamh ó na dánlanna ag fás.
an-éileamh a big demand
" Chomh maith leis sin, tá daonra an-mhór timpeall an cheantair seo agus tá an-éileamh ar an gceol anseo.
éilimh an mhargaidh market demands
" Is archaitheamh aimsire daoine gustalacha sna fichidí is sna triochaidí ascríobhtar gné-ailt, is iad éilimh an mhargaidh atá mar mháistir ag anbpáipéar níos mó ná mar a bhíodh agus níl mé ar mo shuaimhneas leissin".
an t-éileamh mór the big demand
" Mar sin, go híorónta agus go tragóideach, is é an t-éileamh mór ar bhreosla “glas”, mar aon le heaspa smachta rialaithigh, atá ag spreagadh mhilleadh na foraoise agus ag gineadh breis astuithe.
ísleoidh an t-éileamh ar an tseirbhís níos saoire the demand for the cheaper service will decrease
" Ach má chuirtear cáin €50 nó €80 nó €100 ar thuras cianaistir, ísleoidh an t-éileamh ar an tseirbhís níos saoire in áit an éilimh ar thurais ghrád gnó.
a tháinig i dtír ar an éileamh seo to take advantage of this demand
" Ba iad na meáin chumarsáide ba thúisce a tháinig i dtír ar an éileamh seo agus is nós coitianta anois é leathanaigh phearsanta agus blaganna a chumadh.
an-éileamh ar eitiltí a big demand for flights
" Bhí an-éileamh ar eitiltí ó California go Sydney, agus dá bharr sin chur aerlíne amháin eitilt sa bhreis – ar tugadh *The Pink Flight* uirthi – ar fáil go speisialta.
ar éileamh an Chomhaontais Ghlais, on demand of the Green Party
" Cuireadh an bille áirithe seo ar chlár oibre an Rialtais ar éileamh an Chomhaontais Ghlais, ach is léir nach mó ná sásta atá John Gormley leis an dréacht deiridh mar gur measann sé é a bheith easnamhach.
éileamh an-mhór really big demand
" Nuair a d’fhostaigh an rialtas múinteoirí Manainnise ag tús na nóchaidí, bhí éileamh an-mhór ar na ranganna.
an-éileamh great demand
" Bíonn an-éileamh ar na comórtais damhsa ar an sean-nós, le linn an Oireachtais.
ag éileamh an ruda chéanna demanding the same thing
" Tháinig na sluaite amach ar shráideanna na mbailte móra eile, Bordeaux, Lille, Orléans agus Roazhon ag éileamh an ruda chéanna agus ag déanamh agóid in aghaidh an dlí L622-1 (Code de l’entrée et du séjour des étrangers).
an-éileamh great demand
" Bhí an-éileamh orthu agus thosaigh daoine ag aithris ar John Beag agus ag leanacht an mhúnla chéanna.
an méid sin éilimh such a demand
" Is iondúil go mbíonn an méid sin éilimh ar thicéid thraenach chuig na stáisiúin sciála tráth na laethanta saoire i mí Feabhra gur gá iad a chur in áirithe i bhfad roimh an Nollaig.
an t-éileamh ar thalamh the demand for land
" Idir an dá linn, tá an t-éileamh ar thalamh, ar adhmad, ar uisce agus ar bhia ag méadú i réigiún na Saiheile ar fad.
chun freastal ar an éileamh seo to serve this demand
" Faraor, tá sé fós deacair teacht ar mhúinteoirí líofa chun freastal ar an éileamh seo.
an t-éileamh demand
" Dá fhaide é ag cur faoi ann agus dá mhéad naisc atá aige leis an tír is ea is láidre an t-éileamh atá aige ar stádas dleathach a ligfeadh dó gan glacadh le drochchoinníollacha ó fhostóírí neamhscrupaill is maireachtáil gan eagla a bheith air roimh theagmháil le húdaráis an stáit.
Bhí an-éileamh ar an saothar there was great demand for the work
" Bhí an-éileamh ar an saothar agus rinneadh deich gcinn d’athchlónna idir 1960 agus 2004.
an t-éileamh atá déanta acu ar their demand for
" An chúis nach dtuigim céard tá ar bun ag Sinn Féin na laethanta seo ná an t-éileamh atá déanta acu ar reifreann ó thuaidh ar cheist na críchdheighilte.
an t-éileamh seo a chomhlíonadh to fulfill this demand
" Má tá éileamh suntasach ar chineálacha scoileanna breise sa cheantar, déanfar fiosrú maidir le conas is fearr an t-éileamh seo a chomhlíonadh.
an-éileamh a great demand
" Beidh an-éileamh ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge faoi cheann deich mbliana, éileamh a bheas níos práinní ná mar atá faoi láthair.
tar éis an t-éileamh a chumhdach having upheld the (plaintiff’s) demand
" Cheana féin tá cúirteanna cuarda, contae, agus stáit tar éis an t-éileamh a chumhdach, agus má leantar leis an gcumhdach sin sa Chúirt Uachtarach, scriosfar an tAcht um Chosaint Pósta.
ní fios an t-éileamh go léir God knows all the whining
" D’fhéadfainn a mhaíomh go raibh an chuairt ní ba dheise dom féin ná mar a bhí dósan, mar tá cairde liom leathchéad bliain níos óige ná é agus ní fios an t-éileamh go léir a bhíos ar bun acu.
ba mhó an t-éileamh ar thicéid ná an soláthar the demand for tickets was greater than could be supplied
" I gcás cuid de na cluichí in Ulaidh mar shampla ba mhó an t-éileamh ar thicéid ná an soláthar, a bhuíochas sin do shuim an phobail agus don aimsir bhreá.
an éileamh bunúsach seo this basic demand
" Le haird a tharraingt ar an éileamh bunúsach seo, ba mhaith an rud é ‘comóradh’ a dhéanamh an chéad bhliain eile ar an an buille is mó a buaileadh ar an nGaeilge ó bunaíodh an stát, ’sé sin cinneadh comhfhiosach an rialtais ar 29 Deireadh Fómhair 1974, deireadh a chur le riachtanas Ghaeilge sa státseirbhís agus a fhios ag Taoiseach na tíre ag an am, gurb é an toradh a bheadh ar an gcinneadh nach mbeadh an stát in ann seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge dosna saoránaigh arb í an teanga chéanna sin a rogha!
tá an-éileamh ar a great demand for
" Céard a dhéanfainn i ndiaidh na céime? Thuig mé go sciobtha nach raibh mórán deiseanna ar fáil do chéimithe na Nua-Gaeilge agus an Bhéarla in Éirinn, ach mar a tharlaíonn sé, tá an-éileamh ar scileanna teanga in áiteanna eile ar domhan.
measúnú a dhéanamh ar an mhéid éileamh to estimate the demand
" Cead a Chinn ag Comhlacht ========== Deir an Roinn Oideachais sa Bhreatain gur cinneadh é do gach bord scrúdaithe measúnú a dhéanamh ar an mhéid éileamh atá ar cháilíochtaí faoi leith.
A Mhalairt d’Éileamh ar an Eoraip a different demand on Europe
" A Mhalairt d’Éileamh ar an Eoraip ============= Ceisteanna difriúla a bheadh agamsa ar na hiarrthóirí: (i) an dtacóidís leis an smaoineamh go mbeadh aitheantas ag na ceantair ina bhfuil Gaeilge fós á húsáid iontu mar cheantair speisialta chaomhnaithe teanga; (ii) an dtacóidís le hiachall a bheith curtha ag an AE ar Rialtas na hÉireann lena chinntiú go mbeadh cosaint cheart tugtha do na ceantair sin ó aon chineál forbairtí nó beartais a chuirfeadh an teanga pobail i mbaol iontu; (iii) an dtacóidís le hiarratas ar an AE ciste speisialta tacaíochta a chur ar bun le caitheamh ar scéimeanna agus ar thionscnaimh chaomhnaithe teanga sa chuid bheag den Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid.
aghaidh a thabhairt ar an éileamh to face up to the demand
" An Chluas Bhodhair Tugtha d'Éilimh an Choimisinéara:** Nuair a d'fhógair an t-iar-Choimsinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i Nollaig na bliana anuraidh go raibh sé le héirí as oifig luaigh sé dhá chúis a bhí ag cur lagmhisnigh air: * Diúltú an rialtais scun scan dul i ngleic le cúrsaí earcaíochta sa státsheirbhís lena chinntiú go mbeadh a dhóthain daoine ann le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge * Diúltú aghaidh a thabhairt ar an éileamh go mbeadh pobal na Gaeltachta in inmhe seirbhísí Gaeilge a fháil ón státchóras ins an Ghaeltacht gan cheist, gan choinníoll.
bhí an-éileamh orthu abhus they were in great demand over here
" Rinneadh corrscannán den scéal, agus cé nach raibh ceachtar acu thar mholadh beirte, bhí an-éileamh orthu abhus.