go raibh an-díomá orthuthat they were very disappointed
Is léir ón méid a deir siad go raibh an-díomá orthu nuair a ligeadh chun bealaigh iad, go speisialta nuair nár chuir Seán Boylan in iúl dóibh go pearsanta go raibh sé le tarlú agus nár thug sé aon mhíniú dóibh.
Chaith sé seacht mbliana ag obair ar leabhar ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain agus bhí díomá an domhain air a laghad díospóireachta a bhí ann nuair a foilsíodh an saothar.
go raibh an-díomá uirthithat she was very disappointed
Ach níor éirigh go ró-iontach leis agus ba léir óna haghaidh agus í ag caint liom, go raibh an-díomá uirthi faoi na tuairimí a bhí ag na criticeoirí ina leith.
Is é a bhí sí a mhaíomh, má thuig mé i gceart í agus más buan mo chuimhne, gur beag duine a mbíonn sé de phribhléid aige an draíocht chéanna a bheith air arís leis an léitheoireacht, ach ina áit sin gurb iad an teip agus an díomá is gnách a bheith i ndán don léitheoir fásta.
Bhí an-díomá orm féin agus ar mhórán eile, le fírinne, cé is moite de mhuintir Chorcaí, nuair a theip ar Phort Láirge an bua a fháil ar Chorcaigh i gcluiche leathcheannais iomána na hÉireann.
Chuir sé an-díomá ar go leor daoine ag an am go rabhthas ag cur deireadh le hinstitiúid a bhí chomh tábhachtach sin agus fiafraím de Risteard ar chuir sé iontas air nár tógadh raic níos mó mar gheall ar chinneadh an rialtais.
Mar a bheifeá ag súil leis, bhí an-díomá ar na páirtithe coimeádacha nach raibh siad ar ais i gcumhacht, go háirithe mar go bhfuair siad tuairim is 700,000 vóta céadrogha ní ba mhó ná an Lucht Oibre.
Tar éis dúinn an t-óstán breá sócúil a bhaint amach, is cuimhin liom go raibh an-díomá ar m’fhear céile nuair a thuig sé nach raibh teilifís ar bith sa seomra.
chuireann áthas nó díomá ar an teaghlach nuadelights or dismays the new household
Nuair a bhíonn an 40 la thart fágfaidh sí slán ag an teaghlach nua, rud a chuireann áthas nó díomá ar an teaghlach nua, ag brath ar an gcineál caidrimh atá acu.
Cuireadh deireadh le "Clár na Gaeilge" ar stáisiún ilchultúrtha na hAstráile, SBS, i lár an tsamhraidh, rud a chuir an-díomá ar Paula Kehoe, a chaith seal ag obair ar an gclár.
Cuireadh deireadh le "Clár na Gaeilge" ar stáisiún ilchultúrtha na hAstráile, SBS, i lár an tsamhraidh, rud a chuir an-díomá ar Paula Kehoe, a chaith seal ag obair ar an gclár.
Le linn dó bheith i gceannas ar chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael i nGleann Cholm Cille an samhradh seo, thug Tony Birtill cuairt ar láithreán atá an-tábhachtach ó thaobh stair an cheantair de agus chuir an droch-chaoi a bhí air an-díomá air.