Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an Eite Dheas Nua the New Right
" Bhí tionchar an-mhór ag dúnmharú Pim Fortuyn, an fear a d'fhógair é féin ina cheannaire ar an Eite Dheas Nua san Ísiltír, ar thorthaí olltoghchán mhí na Bealtaine.
an eite dheas the right wing
" Nuair a thosaigh an chaint faoi chogaíocht, bhí an eite dheas ina dtost ar dtús.
ar an gcliathán deas on the right wing
" Ba chuma faoi sin, mar nuair a d'aimsigh DJ Carey cúilín iontach i bhfad amach ar an gcliathán deas, tar éis dó dul thar beirt Chláiríneach agus an sliotar a smachtú ar a chamán amhail is dá mbeadh sé ina ghairdín féin ar chúl an tí, b'éigean dom seasamh suas agus bualadh bos a thabhairt dó faoi mar a rinne na mílte eile.
níos faide ar an eite dheas further to the right
" Beidh cainteanna chomh luath agus is féidir ag an "New UUP", atá níos faide ar an eite dheas ná mar a bhí le fada, le Tony Blair.
Nár dheas an mhaise dá mairfeadh sin wouldn't it be nice if that lasted
" Nár dheas an mhaise dá mairfeadh sin.
an chos dheas the right leg
" Ach ní raibh an chos dheas le feiceáil in aon áit agus ba dheacair dó tada a rá ná a cheapadh fúithi.
ar an taobh ó dheas on the southside
" Nuair a bhí mé ag fás aníos bhí áit darbh ainm an 6511 Club ar an taobh ó dheas de Chicago.
ar an eite chlé nó dheas on the left of right wing
" Maidir lenár dTaoiseach faoi láthair, ní léir an le Boston nó Berlin a sheasann sé, an bhfuil sé i bhfábhar an phríobháidithe nó tacú le comhlachtaí stát-urraithe, nó an bhfuil sé ar an eite chlé nó dheas i bhFianna Fáil Cead a chinn do McDowell ======= Má chuir ráitis agus iompar an Taoisigh féin as don phobal i gcoitinne in 2003, tá go leor de chosmhuintir Fhianna Fáil ag lochtú an Taoisigh as cead a chinn a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, le linn 2003.
tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas you really hate everything in the south
" Ní bhíonn sibh sásta dul thar an teorainn agus tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas.
an chuimhne is deise the nicest memory
" AÓF: Cén uirlis cheoil is fearr leat? TM: An phíb uilleann, ar ndóigh! AÓF: An bhfuil aon uirlis nach dtaitníonn leat? TM: An bainseó! AÓF: Cad í an chuimhne is deise atá agat ar 2006 ó thaobh an cheoil nó na hamhránaíochta de? TM: Nuair a chas an fear sin Alan Burke, a luaigh mé ar ball, “Óró sé do bheatha abhaile!” ag seisiún amhránaíochta ag an bhféile sin in Copenhagen.
roimh an olltoghchán ó dheas before the general election in the south
" Bhí mé ag breathnú ar chlár teilifíse roimh an olltoghchán ó dheas – sular fógraíodh dáta an toghcháin féin – agus iarradh ar an lucht féachana sa stiúideo focal amháin nó abairt a roghnú a chuirfeadh síos ar an dearcadh a bhí acu ar phearsantachtaí nó ar pháirtithe.
an n-amharcfadh an féileacán agus an tsíog go deas would the butterfly and the fairy look nice
" Do bharúil an n-amharcfadh an féileacán agus an tsíog go deas i seomra suí dhíonteach Michelle?Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus tá sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain i mbliana.
slí bheatha dheas an phinn the nice career of the pen
" Tá airgead mór ag a céile, tá bréagán de pháiste aici féin agus slí bheatha dheas an phinn aici lena cuid ama a mheilt.
ag fáil a dheise ar an phríomhfhoireann getting his chance on the first team
" Barry Andrews:** Ógánach (tá sé 41 bliain d’aois!) atá ag fáil a dheise ar an phríomhfhoireann mar gheall ar rudaí maithe a bheith déanta aige le bliain anuas, cé nach raibh sé ar an fhoireann taca fiú.
an t-am ba deise the most opportune time
" Ní hí an tréimhse a bhfuilimid anois ann faoi láthair an t-am ba deise riamh, ar ndóigh, ar a lán údar.
gurb ionann an rialtas ó dheas the southern government is equitable to
" De réir mar a éiríonn leo, beidh a fhios againn cé acu is aontachtaithe Caitliceacha iad, nó aontachtaithe measartha nó gur náisiúnaigh iad a chreideann gurb ionann an rialtas ó dheas agus foireann The Sopranos agus gurbh fhearr leo suí ar an chlaí ar feadh tamaillín go bhfeicfidh siad aiséirí an Tíogair Cheiltigh, ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith.
ba dheas an mothúchán a cheapadh it was nice to think
" Le bheith fírinneach, ba caitheamh aimsire an-taitneamhach an agóidíocht: bhí taobh sóisialta ag baint leis agus ba dheas an mothúchán a cheapadh go bhfuil tú ag seasamh don rud atá ceart, dar leat féin agus ní raibh aon ghá ualach na freagrachta a théann le cumhacht a iompar.
bhog an iarsmalann ó dheas the museum moved south
" Saothraíonn pingin pingin eile, deirtear, agus bhog an iarsmalann ó dheas chuig an fhoirgneamh nua-aimseartha Urbis i lár na cathrach sin.
dheas an rud léargas nua a fháil nice to get a new insight
" Dúirt sé gur dheas an rud léargas nua a fháil ar shaothar fhear na háite.
an Eite Dheas Chráifeach the Religious Right
" Tá an-tionchar ag an Eite Dheas Chráifeach ar an pholaitíocht sna Stáit Aontaithe anois, go háirithe i gcomparáid le deich mbliana ó shin.
an eite dheas reiligiúnda the religious right
" Tá an chumhacht atá ag an eite dheas reiligiúnda sna Stáit Aontaithe ag méadú an t-am ar fad agus céim mhór chun tosaigh a bheas ann dóibh má bhíonn an bua ag George W.
thuas an domhain ó dheas up south
" Ag bun thuas an domhain ó dheas a bhí Pat Butler ag scagadh na scannán an iarraidh seo! D’fhreastail sé ar Fhéile Scannáin Sydney, mura mhiste leat.