ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír
taking advantage of the weakest group in the country
Ní féidir le feidhmeannaigh RTÉ a bheith ag gearán leis na polaiteoirí maidir leis an nganntan airgid atá orthu, agus ag an am céanna bheith
ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír chun na milliúin euro in ioncam fógraíochta a shaothrú.
is laige an iománaíocht
hurling is weaker
Tá coláistí cáilúla na hiomána, an Mhainistir Thuaidh agus Fearann Phiarais, comhnasctha le chéile anois mar níl líon na ndaltaí sách mór le haghaidh dhá scoil agus
is laige an iománaíocht i gcathair Chorcaí dá bharr sin.
an lug tite ar an lag cheana féin
courage already lost
Cé a chreidfeadh é, gan ach roinnt seachtainí imithe thart ó glacadh le Conradh Nice agus
an lug tite ar an lag cheana féin.
is i laige atá an teanga ag dul
the language is getting weaker
Bhí impleachtaí aige seo don teanga fosta; cé go bhfuil thart fá 60 % de bhunadh an oileáin ina gcainteoirí dúchais Gaeilge,
is i laige atá an teanga ag dul.
an-lag
very weak
Mhol seisean deireadh sealadach a chur le foirne contae san iomáint i gcás na gcontaetha sin (Cúige Laighean atá i gceist) atá
an-lag - An Lú, Longfort 7rl.
ba laige a thionchar ar an gcluiche dá bharr
his influence on the match was weaker as a result
(Cé gur imir Caoimhín sa Chraobh i '78, le cead speisialta bhainisteoir Manchester United, bhí gortú dá chois ag cur as dó agus
ba laige a thionchar ar an gcluiche dá bharr.
Thit sé i laige de dheasca an teasa
he fainted as a result of the heat
(
Thit sé i laige de dheasca an teasa agus ní raibh sé ábalta an óráid a thabhairt.
a laige is atá an eite chlé
the weak nature of the left wing
An eite chlé
=======
Fadhb eile a bhaineann leis an Mheánoirthear is é
a laige is atá an eite chlé, dar le Fisk.
go dtiocfaidh lag trá ar an gheilleagar
that the economy will slow down
Is de bharr sin atá eacnamaithe ag tuar
go dtiocfaidh lag trá ar an gheilleagar cé nach bhfuil éinne ag rá go dtarlóidh aon cheo go ró-thobann.
an taidhleoir ba laige
the weakest diplomat
Agus é ag labhairt in agallamh leis an BBC i ndiaidh a cuairte ar Bhéarút, chuir polaiteoir sinsearach de chuid na Liobáine síos uirthi mar “
an taidhleoir ba laige a sheol Mheiriceá go dtí an Meánoirthear ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda amach”.
nuair is laige a bhíonn an misneach
when hopefulness is at its lowest ebb
“Is é an aigne a bhíonn le fáil sna dialanna ná aigne na breoiteachta, an aigne a bhíonn ag duine ar a dó nó ar a trí nó ar a ceathair ar maidin
nuair is laige a bhíonn an misneach.
thit an cailín a bhí in aice liom i laige
the girl beside me fainted.
Ar thaispeáint na huirlise seo don seomra cúirte,
thit an cailín a bhí in aice liom i laige.
an t-iarrthóir is laige,
the weakest candidate,
Den triúr, is í Hillary Clinton
an t-iarrthóir is laige, cé gur aici atá an méid is mó airgid.
neart agus laige an chórais
the strength and weakness of the system
Le linn na díospóireachta a lean an cinneadh, chonaic muid
neart agus laige an chórais atá i réim in Stormont.
nár thit an lug ar an lag acu riamh
that they never lost courage
Is maith an rud é, mar sin,
nár thit an lug ar an lag acu riamh in ainneoin na ndeacrachtaí ar fad a bhí acu thar na blianta le comhlachtaí ceirníní, moilleanna agus rudaí eile a bhí ina gcúis díomá dóibh.
thit an lug ar an lag orm
I lost courage
Cinnte,
thit an lug ar an lag orm ar feadh cúpla lá, ach ansin, rinne mé athmhachnamh ar chúrsaí agus tháinig mé ar an tuiscint gur pribhléid iontach a bhí ann gur tugadh an deis sin dom mo chuid cúiseanna a chur chun cinn agus aird a tharraingt orthu ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.
ar an liogram lag
down, in a bad way
É anois
ar an liogram lag, ag an mbrisphoinnte.
dtiteann an lug ar an lag
going into the doldrums
Cuireann coillte sceoin uirthi, agus isteach iontu a théid chun na deamhain a cheannsú, áit ina
dtiteann an lug ar an lag ar fad orthu.
lug ar an lag
a complete collapse
Titeann an
lug ar an lag agus an clár ag dul amach ar an aer nuair a ghlaíonn an pobal isteach chun ‘gaisce’ na beirte ‘laoch’ a shéanadh.
Thit an lug ar an lag ar
gave up hope
Thit an lug ar an lag ar Rudd nuair a mheas sé go gcuirfeadh Abbott bearta scanraithe corraithe in éadan na scéime i bhfeidhm le linn an fheachtais olltoghchánaíochta i mbliana.
thit an lug ar an lag orthu
the bottom fell out of them
Ach go tobann
thit an lug ar an lag orthu agus ar a lucht leanúna glórach.
an-lag
very weak
Tuigtear go maith fosta nár tharla réabhlóid an tionscail in Éirínn mar ar tharla sí in áiteanna eile, rud a d’fhág fréamhacha an lucht oibre
an-lag ar bhonn náisiúnta anseo.
An Ball Lag a Bhualadh
hitting the weak spot
”*
An Ball Lag a Bhualadh
==========
Cé gur thacaigh an tSiria leis an gcogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta ar dtús, chinntigh an brúghrúpa Iosraelach nach leanfadh an comhoibriú idir an an Damaisc agus Washington.
is laige a bhfuil tionchar an tsaoil nua
of least modernity
Ní deirtear é ach uair sa mbliain, agus ní mhaireann sé ach san áit
is laige a bhfuil tionchar an tsaoil nua.
Ball Lag an Rialtais Áitiúil
the weak element of local government
Ball Lag an Rialtais Áitiúil
===========
Cuireann na húdaráis pleanála dua, costas, agus imní ar dhaoine agus iad i mbun teach a thógáil agus san am chéanna tugann siad cead pleanála do na cuideachta móra fuinnimh muilte ollmhóra a thógáil sna háiteanna is áille sa tír.
Buaileann an lag trá fógraíochta
the slackening of in advertising hits
Buaileann an lag trá fógraíochta ioncam tráchtála RTÉ agus buaileann RTÉ an méad a chaitear ar ghníomhaíochtaí nach bhfuil déanta ar bhonn tráchtála.
Tuigim an duine lag go rímhaith
I understand the weak only too well
Tuigim an duine lag go rímhaith mar bhí mé mór le níos mó ná duine amháin a bhí gortaithe go dona agus a bhí lagaithe go mór ag an saol.
a thit an lug ar an lag
the bottom fell out of
Is ina dhiaidh sin, áfach,
a thit an lug ar an lag ar fhoireann na hÉireann nuair a thosaigh imreoirí ag titim gortaithe ar nós coirce roimh an speil.
Thit an lug ar an lag
matters deteriorated
Thit an lug ar an lag i ranna go leor den fheachtas maidir le Comhthionól an Chéid Náisiúin agus maidir leis an treo ina raibh siad ag dul.
Sinne sa Log agus Log ar an Lag
us in the valley and feeling down
Sinne sa Log agus Log ar an Lag
===========
Uair an chloig eile de dhreapadh ar thalamh portaigh agus tháinig muid a fhad leis an ionad leathdhéanach san áit dhuairc ar a dtugtar 'The Col of Despondency' nó 'Mám an Éadóchais' mar a bhaist mé féin air.
an laige
weakness
Sa lá atá inniu ann tá David Cameron ag troid in aghaidh aon rialú dian a chuirfeadh an Eoraip ar na bainc i Londain!
Ní féidir ach aon toradh a bheith ar na coimhlintí agus ar na deighiltí seo:
an laige.
An comhartha é sin ar chomh lag
is that a symbol of how weak
An comhartha é sin ar chomh lag is atá pobal na Gaeltachta? Má tá aon phobal rathúil Ghaeilge ann, tá sé thar am é féin a chur in iúl agus clampar a thógáil faoin gceist.
ceangal an-lag
a very weak link
Rith sé le Colm Ó Snodaigh le déanaí go bhfuil
ceangal an-lag idir Éire agus an Bhriotáin ach tá iarracht á déanamh aigesean faoi láthair feabhas a chur ar chúrsaí.
Más lag lúbach an teanga seo
if this language is weak and feeble
Más lag lúbach an teanga seo mar a labhraítear in Éirinn í, ghlac Diarmuid Johnson misneach ón saibhreas agus ón gcruinneas urlabhra a mhothaigh sé i dTrier na Gearmáine an mhí seo caite.