Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in anallód in olden times
" Bhí an-eolas aici ar na Ceiltigh freisin, agus bhí sí cinnte dearfa gurbh iad na *Danaoi*, tuath na Sean-Ghréige, agus Tuatha De Danann na finscéalaíochta an dream ceannann céanna in anallód! Tuigeadh dom sa deireadh, blianta ina dhiaidh sin, le linn mo chéad chuairte ar Éirinn agus ar an Ghaeltacht (Samhradh 1998) go mb'fhéidir nár de shliocht *Danaoi *na Gréige iad na Gaeil ná na Tuatha Dé Danann; mar sin féin, chonacthas dom gur dream iontach ab ea na Gaeil, a raibh croí misniúil agus uasal acu, agus thuig mé go raibh a ndearcadh féin ar an saol acu.
anallód in olden times
" D’admhaigh sé go ndeachaigh sé go Contae na Mí ar cuairt uair amháin, lá fearthainne móire, agus cé gur taispeánadh dó an áit a mbíodh Ard-Ríthe na hÉireann ina gcónaí anallód, ní bhfuair sé radharc ceart ar an áit nó bhí an láthair ársa mhaorga clúdaithe le ceo na staire, dar leis.
ón aimsir anallód from long ago
" *“Hath not a Jew eyes? Hath not a Jew hands, organs, dimensions, senses, affections, passions; fed with the same food, hurt with the same weapons, subject to the same diseases, heal’d by the same means, warm’d and cool’d by the same winter and summer as a Christian is? If you prick us, do we not bleed? If you tickle us, do we not laugh? If you poison us, do we not die? And if you wrong us, shall we not revenge?”* Tagann focail Shylock ón aimsir anallód ar ais chugainn ó dhráma Shakespeare, a chríochnaigh sé i 1598.
bunadh na háite san aimsir anallód the people of long ago
" Arbh í Ériu a mbanríon? Cá bhfios ach mothaím go láidir an nasc sin idir mo cheantar dúchais inniu agus bunadh na háite san aimsir anallód.
anallód long ago
" Deasghnáth leis an anam a ghlanadh a bhí san fhéile seo anallód.
hamadáin” anallód idiots long ago
" Léiríonn na cáipéisí staire go raibh ról suntasach ag lucht grinn, abhlóirí agus na “hamadáin” anallód agus ionad faoi leith acu sa chóras Ceilteach a bhí sa tír seo uair amháin.
san aimsir anallód in the forgotten long ago
" - agus, ag an am chéanna, imeacht ón am i láthair siar go dtí clanna éagsúla Uí Néill san aimsir anallód ag meabhrú ar an tsaol a bhí acu, ar an chineál Ghaeilge a labhair siad, an chiall a bhain siad as an tsaol chrua a bhí acu.
in anallód a long time back
" Agus an tUasal O Neill ar an ardán mar Phanti in Amharclann na Mainistreach, ionad a bhraith torthaí na cinsireachta in anallód, mhínigh Panti don lucht féachana gur duine homofóbach í féin.
san am anallód in bygone days
" B’fhéidir go raibh na Gaeil níos zenúla ná mar a shíleamar go nuige seo san am anallód: ‘Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat’; ‘Is binn béal ina thost’.
san aimsir anallód in times long past
" Tá Droichead meafarach na nDeor in aerfort Bhaile Átha Cliath na laethanta seo ach ní hionann an imirce inniu agus an imirce san aimsir anallód.