Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
racht feirge outburst of anger
" Cheistigh mé cúpla duine tar éis na heachtra le feicéail ar tharla aon rud suntasach i mBoston féin a mhíneodh treise racht feirge na mban meanaósta.
colg anger, rage
a racht feirge a ligean amach to vent their anger
" Ar an drochuair, áfach, bhí go leor Meiriceánach den tuairim go raibh sé de cheart acu a racht feirge a ligean amach le duine ar bith ar raibh cuma Arabach air.
a croí ag brúcht le feirg raging/bursting with anger
" Níl inti ach tachrán," arsa Nell agus í ag smaoineamh siar ar na hócáidí sin uilig ar an choláiste a raibh a croí ag brúcht le feirg agus í i ndiaidh léasadh béil poiblí a fháil ó Lillian.
rabharta feirge fit of anger
" Chuir Sue a chuid roimhe chomh gasta agus a thiocfadh léi nó d'aithin sí an rabharta feirge a bhí ag éirí air.
Bhí coinnle ar a shúile There was fire in his eyes (anger)
" Bhí coinnle ar a shúile.
corraí anger
" An t-aon uair a tháinig corraí orm féin fán teanga sa tír seo ná nuair a chuaigh mé le mo phas a athnuachan in Ambasáid na hÉireann.
fearg as cuimse great anger
" "Samhlaigh dá mbeadh comhlachtaí déanta Semtex nó Kalashnikov ag cur fúthu anseo! Bheadh fearg as cuimse ann! Ach is cosúil gur cás difriúil é seo, mar úsáidtear airm Raytheon thar sáile le daoine eile a mharú, chan Éireannaigh.
oilc anger
" D'iompaigh Simpleoir ar an sagart agus cineál oilc air.
an fhearg fhíréin righteous anger
" " Agus "an fhearg fhíréin" mar spreagadh aige, scríobhann Breslin go bhfuil sé i bhfábhar sagart pósta agus baineann, deir gur chaith Críost cuaráin agus "ní éide agus fáinní óir", agus deir go bhfuil "miosúr maith Críostaíochta" ag teastáil ón Eaglais Chaitliceach.
fearg mhillteanach a great anger
" Mar a thuigfeá, bhí fearg mhillteanach ar na Gardaí i ndiaidh mharú an Gharda Fallon.
cuthach feirge frenzy of anger
" Ach ansin tháinig fear an tí ar ais gan choinne, agus nuair a chonaic seisean an rinse i lámha m'athairse tháinig cuthach feirge air.
a gcuid feirge their anger
" Agus ní ar McDonald’s amháin a bhí a gcuid feirge dírithe.
méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair the anger of the nationalist community will increase again
" Go príomha, muna dtugtar cúram chúrsaí slándála Thuaisceart Éireann do rialtas i Stormont ina a mbeidh Sinn Féin páirteach, laistigh de thréimhse ghairid, ní bheidh muinín ag na náisiúnaithe as an PSNI, tiocfaidh na seanfhadhbanna chun tosaigh arís agus de réir a chéile méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair.
racht feirge a fit of anger
" Na racáin, an foréigean, an úsáid gunnaí agus caitheamh buamaí in éadan an PSNI a lean máirseáil an Oird Oráistigh ar Bhóthar Chluanaí an mhí seo caite, míníodh iad mar racht feirge in éadan na bochtaineachta ina bhfuil dílseoirí ag maireachtáil, racht in éadan na “*concessions*” a tugadh do náisiúnaithe, racht in éadan Choimisiún na bParáideanna a chuir brú ar an Ord Oráisteach bogadh cúpla céad slat suas an bóthar óna “mbealach traidisiúnta.
scread feirge na marbh the sceam of anger of the dead
" Agus mé ag breathnú anois ar an bhfáinne eochrach sin ón Holiday Inn i Sarajevo, cloisim scread feirge na marbh mar bhreithiúnas orainn uilig faoi gach teip a lig don rud a tharla san Iúgslaiv titim amach.
ag cur oilc ar dhílseoirí na háite angering the loyalists of the area
" Tá póstaeir curtha in airde ag poblachtánaigh ar an bhaile ag ceiliúradh na stailceoirí ocrais, rud atá ag cur oilc ar dhílseoirí na háite.
fhearg na cosmhuintire Caitlicí the anger of the ordinary Catholic people
" Freagra ab ea an seáp earcaíochta sin chun teacht i dtír ar fhearg na cosmhuintire Caitlicí a mhair go dearóil ar shráideanna searbha agus lánaí cúnga na míchothroime.
ag cothú na feirge seo stirring up this anger
" Thairis sin, is cosúil go bhfuil liosta naimhde Mheiriceá ag fás, ach an é dearcadh Mheiriceá ar thíortha eile an domhain atá ag cothú na feirge seo? Tar éis coicís de bhuamáil Iosraelach sa Liobáin agus na céadta marbh sa tír sin (breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe ina measc), chuaigh Condoleeza Rice, Státrúnaí Mheiriceá, go dtí an Meánoirthear chun labhairt le polaiteoirí in Iarúsailéim, i gCaireo agus i mBéarút.
chuir sé olc ar údaráis Chumann Lúthchleas Gael he angered the authorities of the GAA
" Bhí sé daingean ina sheasamh i leith na Staide Náisiúnta agus chuir sé olc ar údaráis Chumann Lúthchleas Gael (CLG) tríd an pháirc nua peile a theorannú do chuspóirí sacair amháin.
cúpla seachtain feirge agus argóna a few weeks of anger and arguement
" Tar éis cúpla seachtain feirge agus argóna (is cara le Jacques Chirac é Monsieur Forgeard), d’éirigh sé féin agus ceannasaí eile Airbus as a bpost, agus thosaigh na bainisteoirí nua ag déanamh iarrachta rudaí a chur ina gceart.
stuaic fit of anger
" Chuir sé stuaic ar rí nua Shasana, an Rí Eoin.
cuid mhór feirge a lot of anger
" “Bhí cuid mhór feirge i bpobal Dhoire ag an am sin.
díomá agus fearg disappointment and anger
" Imríodh an cluiche ar aon nós agus chailleamar, agus bhí díomá agus fearg orainn i ngeall ar an “éagóir” a deineadh orainn.
idir fhearg agus bhrón both anger and sadness
" Tháinig idir fhearg agus bhrón orm, ach b’fhánach an rud agam é féachaint le cur ina luí air go raibh dul amú air.
lán cumha agus feirge, full of loneliness and anger,
" Agus é fillte abhaile, lán cumha agus feirge, do bhris sé an fhuinneog lena lámha.
i mbabhta fiáin feirge. in a wild bout of anger.
" Bhí an tigh lán ach thuig gach éinne go raibh an tigh folamh – folús amh mar a bheadh duine éigin tar éis cuid de screamh an domhain a stracadh i mbabhta fiáin feirge.
feirge a Mham agus a Dhaid the anger of his Mum and Dad
" Nuair a chuireadh an válsa diúltach feirge a Mham agus a Dhaid i mbaclainn reoite a chéile sa seomra béal dorais, théadh Ingmar i bhfolach sa vardrús.
rachtanna feirge bursts of anger
" Ansin cuireadh tús leis an gcath, le toirneach, tuar ceatha cloiche agus rachtanna feirge uathu uilig a mhair ar feadh laethanta fada.
á náiriú agus á bhfeargú being shamed and angered
" Ó 2005 i leith, mar sin, bhí daoine óga na Polainne, agus roinnt mhaith daoine nach bhfuil óg, á náiriú agus á bhfeargú ag Jaroslaw Kaczynski, atá i gceannas ar PiS, agus ag a leathchúpla Lech Kaczynski, a toghadh ina uachtarán ar an bPolainn in 2005 chomh maith.
fearg anger
ag cur oilc ar angering
" Diaidh ar ndiaidh thosaigh na Mormannaigh a bhí ag cur fúthu in Nauvoo ag cur oilc ar na daoine eile a raibh cónaí orthu sa stát.
le teann díomá agus feirge with sheer dissappointment and anger
" Tuigeann muid ar fad gur le teann díomá agus feirge a dúirt tú é sin.
fearg fhíréanta Dé God's true anger
" Más í fearg fhíréanta Dé atá á thiomáint, cé atá ‘ciontach’ - é féin, nó an Dia míthrócaireach a adhraíonn sé? Arís, ní Haneke a ardaíonn na ceisteanna seo.
bhfearg anger
" Tugtar spléachadh dúinn ar an bhfrustrachas, ar an easaontas, ar an bhfearg agus ar an drochtheanga a thagann chun cinn nuair a sheasann an chosmhuintir an fód i gcoinne chórais an stáit agus ollchomhlachtaí idirnáisiúnta.
faighirt fós san fhearg a sting still in his anger
" Léimeann siad ón altóir chugainn, faighirt fós san fhearg.
lán d’fhearg agus d’fhiamh full of anger and venom
" Sheas duine gan ainm, duine a bhí faoi bhréagriocht ó bhaithis go bonn, agus nach rabhthas cinnte faoi (nó fúithi) an fear nó bean a bhí ann (nó inti) agus labhair sé (nó sí) amach i nguth a bhí lán d’fhearg agus d’fhiamh: “Bíonn gach duine i gcónaí ag tabhairt amach agus ag gearán agus ag ceasnaí faoi Fhoraois bhocht na Gaeilge; ach ní dhearna an Fhoraois aon rud ar aon duine riamh.
fhearg agus brón anger and sorrow
" Tá lasracha na loiscneoirí mar mheafar ar an fhearg agus brón a mhothaíonn sí go domhain inti féin agus tugann an feachtas, agus na mná atá bainteach leis, an mhuinín di dul ar ais chuig an oideachas, cor ina saol a spreagann go mór í agus a chuireann tús le saol úr san Eolaíocht Comhshaoil.
mar léiriú feirge as a demonstration of anger
" Míníodh an foréigean mar léiriú feirge i measc dílseoirí ar fud an tuaiscirt, ach chonaic daoine eile lámh an UVF sa scéal agus iad ag iarraidh a neart a léiriú agus iad faoi bhrú ag an Historical Enquiries Team atá ag iniúchadh coireanna tromchúiseacha as a raibh an UVF freagrach.
Bhí an lá ag ráig na feirge an babhta seo the tempestuous anger won the day
" Bhí an lá ag ráig na feirge an babhta seo.
a aithníonn fearg i nguth duine which recognises anger a person's voice
" Agus ’sé an chéad chóras a aithníonn fearg i nguth duine.
As an fhearg ollmhor out of the massive anger
" As an fhearg ollmhor a d’eascair as an tubaiste, d’fhás gluaiseacht darb ainm Mná na Síochána nó The Peace Women (The Peace People níos moille.
fearg an domhain tremendous anger
" **Balor: A Aire, éist leis an cheist go cúramach, le do thoil: an raibh fearg an domhain ort nuair a bhí daoine ag gearán faoi do cheapachán?** Mac Guí: fearg an domhain! Níl an domhan fearg ach ba chóir go mbeadh sé, mar tá an-chuid rudaí dána ar siúl ar domhan.
colg a chur ar an mbrúghrúpa cumhachtach seo to anger this powerful pressure group
" Níl an misneach ag lucht na polaitíochta colg a chur ar an mbrúghrúpa cumhachtach seo.
fearg anger
" Tá imní agus fearg ar Tony Birtill mar go bhfuil rudaí gránna, aisteacha agus míchuí á gcur i mbaill áilleachta timpeall Ghleann Cholm Cille.
dtiocfadh le níos mó ná fearg there could be more than anger
" Síleann roinnt daoine go dtiocfadh le níos mó ná fearg a bheith ar chúl na ‘léirsithe’ ó thuaidh.