Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
anlaith usurper
" *An Chicago Tribune *a d'fhiafraigh ar dtús cá raibh an t-anlaith milis, mealltach, fáinne-chluaiseach, bairéadach sin Peatsaí Dan Mac Ruairí? *Pravda *na Rúise a thóg an cheist cá háit a raibh an boc eile milis, mealltach, col ceathrach, círéibeach sin ar bhreá leis a bheith ina fhorlámhaí ar an Chreag i Lár na Farraige móire suaite, Pól Mac Ruairí? *L'Osservatore Romano *a bhí ag iarraidh a fháil amach cá raibh an Pabhsae Gléigeal sin atá ina príomh-*idiot *preabach, praiticiúil, pragmatach ar Phobalscoil Thoraí, an tSiúr Máire Clár na Cáiréise? Fiafraíonn an nuachtán naofa an raibh sise ar scoil an lá sin nó, mura raibh, cá háit go díreach a raibh sí agus cad é a bhí ar siúl aici ann? Ceisteanna iad sin atá á gcíoradh anois ag tuairisceoirí na cruinne, ceisteanna a bhfuil a bhfreagraí tuillte ag lucht léite nuachtáin an domhain.