Pota Focal Intergaelic
anann | anon | anion | ann | aon
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lá níos faide anonn in the future
" B'fhéidir lá níos faide anonn? An Ghaeilge go brách, a chairde!
dulta anonn in aois of advanced years
" Is éard atá sna pobail do lucht scoir i Meiriceá ná "sráidbhailte" do dhaoine atá dulta anonn in aois, daoine as cúlra uas-mheánaicmeach nó ardaicmeach, de ghnáth.
ag dul anonn in aois getting on in age
" Agus, cé go bhfuil na seandiúlaigh seo ag dul anonn in aois, agus cé go bhfuil mearbhall na mblianta ag teacht orthu, tá a gcuid Gaeilge chomh glan agus chomh glinn agus chomh saor ó thionchar iasachta agus a bhí riamh.
níos faide anonn in the future
" Lá éigin níos faide anonn, má bhím i gceann de na postanna sin nach mbaineann mórán struis leis, abair post an bhitheolaí nó an innealtóra bogearraí, agus má theastaíonn rud éigin uaim chun mo lá a dhéanamh níos suimiúla, b’fhéidir ansin go bhféachainn ar an mhéid atá ráite fúm féin.
lá níos faide anonn some time in the future
" Ar deireadh, is é an bainisteoir a chaill an cluiche agus ní na himreoirí ar an bpáirc! In ainneoin sin ar fad, fós glacfaidh daoine leis an bpost agus tabharfaidh siad a gcuid ama agus dúthrachta go fial agus fios maith acu gur dóigh go mbeidh fonn ar dhaoine iad a chrochadh ó chrann ard lá níos faide anonn.
ag cur comhfhoirne anonn sending a joint team over
" Tá an dá ghrúpa ag cur comhfhoirne anonn le breathnú ar cháipéisí á scaoileadh faoin “Riail 30 bliain”.
anonn go maith i mblianta. a good age.
" Gach seans go leanfaidh sé ar aghaidh ag obair i gcomhthéacs amháin nó i gcomhthéacs eile go dtí go mbeidh sé anonn go maith i mblianta.
ag luascadh anonn is anall swaying back and forth
" Shuíodar ar fhara beag in airde ag fanacht ar orduithe ó fhear a bhí ag luascadh anonn is anall cheana féin ar mhaide os a gcomhair.
anonn go Londain. over to London.
" I lár na seachtóidí, chuaigh scaifte fear óg ó iarthar na hÉireann anonn go Londain.
ag dul anonn in aois, getting on in years,
" **Oilithreacht**Ós ag caint dúinn ar cheannairí na tíre agus ar dhaoine a d’fhoghlaim an Ghaeilge agus iad ag dul anonn in aois, nó imithe anonn in aois fiú, bhí Íochtarán na hÉireann, Íosa Mhic Giolla Mháire, ar oilithreacht chuig Lourdes ar an mhí seo a chuaigh thart.
ag dul anonn is anall going over and back
" Bhíodh an-chuid taistil á dhéanamh agam thart fán am sin agus nuair a bhíonn tú ag dul anonn is anall idir do bhaile agus an Astráil, an tSeapáin agus an tSín go minic – agus obair le déanamh agat chomh luath is a thig tú den eitleán ar an taobh eile – creideann tú go bhfuil grád gnó tuillte agat agus, i ndáiríre, ar an rud is bunúsaí a thiocfadh le d’fhostóirí a thabhairt duit.
de réir mar a théann siad anonn in aois as they go on in years
" Tagraíonn an teideal *An áit a n-ólann an t-uan an bainne *don fhonn a thagann ar dhaoine, de réir mar a théann siad anonn in aois, filleadh ar a n-áit dhúchais.
ar mo bhealach anonn on my way over
" Anois, tá mise i dtír s’acusan faoi láthair, agus ag imeacht domh, chuir mé suas ar facebook go raibh mé ar mo bhealach anonn.
lá níos faide anonn further down the line
" Is suarach an mhaise é seo do stát a bhíonn de shíor ag maíomh faoi ‘gheilleagar eolasbhunaithe na hÉireann’ agus is cinneadh é a íocfar go daor as lá níos faide anonn.
anonn over
" Chuaigh mé anonn le cara de mo chuid nach raibh riamh thall, agus cé go bhfaca mé an taobh istigh de bharraíocht siopaí (cheannaigh sé lód le bheith cothrom leis), béarfaidh mé maithiúnas dó, nó bhí sé galánta an tÚll Mór a fheiceáil arís frí shúile duine a bhí á fheicéail don chéad uair.
níos faide anonn later on
" Cén tionchar oideachais is mó a chuaigh i bhfeidhm ort? Is tábhachtaí, dar liom, an tionchar a imreofar ort le linn d’óige ná níos faide anonn sa saol.
níos faide anonn later on
" Thuig mé go maith cad a bhí ar siúl aige deich mbliana níos faide anonn.
anonn is anall over and back
" Níorbh fhada go bhfaca mé é ag marcaíocht anonn is anall ar a chlár ar bharr na dtonnta.
dul anonn going over
" Chuaigh séideán polltach tríom agus mé ag dul anonn agus chuaigh scaird uisce isteach ar mo mhuineál ar mo bhealach ar ais.
ag dul anonn in aois growin older
" Ligeann imircigh do mhórán tíortha riachtanais an mhargadh fostaíochta a shásamh agus an daonra dúchais ag dul anonn in aois nó scileanna nua ag teastáil mar gheall ar dhul chun cinn teicneolaíochta, nó mar gheall ar athruithe eile i ndálaí an mhargaidh.
anonn further on
" " 40 bliain anonn, measann McAliskey gur meancóg ollmhór a bhí sa dearcadh sin.
níos faide anonn down below
" Tá na gasúir ar ais ar scoil, tá claochlú ar an aimsir, tá coiscéim coiligh ag an oíche ar an lá agus táim féin ar ais ag obair tar éis briseadh máithreachais, ach tuilleadh faoi sin níos faide anonn.
anonn go Manchain over to Manchester
" I 1956, in aois a shé bliana déag, chuaigh an scorach anonn go Manchain Shasana áit ar chuir sé tús lena shlí bheatha mar imreoir gairmiúil sacair le Manchester United.
imithe anonn ar gone over to
" Tá folús uafásach ar fud na hEorpa ó thaobh ionadaíocht lucht oibre mar go bhfuil na páirtí uilig a bhí uair amháin ar an eite chlé imithe anonn ar an eite dheis.
ag dul anonn i mblianta getting on in years
" Ó tharla Barrett a bheith ag dul anonn i mblianta, thiocfadh dó go dtabharfaí ísliú céime dó ag an bhriseadh meántéarma.
anonn is anal over and back
" Bhí daoine ag rith anonn is anall, suas síos, isteach is amach, agus gach bealach dar chruthaigh Crom Dubh riamh.
níos faide anonn sa lá later in the day
" Nach mé a bhí sásta! Ar theacht go crosbhóthar Scríb dom níos faide anonn sa lá, chas mé siar i dtreo Ros Muc mar a mhol an comhartha bóthair dom a dhéanamh.
lá éigin is faide anonn at some later date
" Tá sí dóchasach go mbeidh siopa bláthanna aici lá éigin is faide anonn.
níos faide anonn further on
" Deich mbliana níos faide anonn, tá sé suimiúil anois, i bhfianaise bua iontach Átha Cliath ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais an tSraith Iomána ag tús na Bealtaine seo caite, a teacht chun tosaigh ar Thiobraid Árann le gairid arís, sracfhéachaint a thabhairt arís ar an treoirphlean úd agus ar a bhfuil bainte amach san idirlinn.
anonn further on, later
" Tá trúpaí Mheiriceá sa dá thír sin fós, deich mbliana anonn.
Tugadh anonn mise I was brought over
" Tugadh anonn mise go Glaschú – scéal suimiúil é seo – bhí fear ceaptha an rud a chur i láthair i nGàidhlig; tús an ruda.
luascadh anonn is anall swinging over and back
" ” “Cé thú, a dhuine anaithnid, tar éis an tsaoil?” a d’fhiafraigh Liam Lách Ó Maoleejit ó Oireachtas na Gaeilge, a raibh maide gailf ina ghlac aige, agus é a luascadh anonn is anall le buille a chuid cainte agus le buile a chuid feirge.
anonn go maith san aois well on in age
" Ar aghaidh le clann an-óg, aos níos sine, tuismitheoirí, daoine a bhí anonn go maith san aois, chun an chéad chúpla chiliméadar timpeall an phoirt a rith.
Shiúil an bheirt againn anonn we both walked over
Anonn leis over he went
" “Bain Díot” arsa an Bhanríon ============ Anonn leis agus cé a bhí ag fanacht leis ina steillbheatha ag doras an chaisleáin ach Banríon na hEorpa í féin.
ag béicíl agus ag lúbadh anonn is anall roaring an writhing over and back
" Tá Santa Marbh 7 Tá Dia ar Shiúl ============= Faoin am a bhí an phóg dheireanach léite ag Santa bhí Balor ar fhleasc a dhroma ar an urlár, a dhá chois in airde aige agus é ag béicíl agus ag lúbadh anonn is anall le teann gáire.
tráth is faide anonn at a later stage
" ) Pé scéal é, mhol na saineolaithe go ndíreodh rogha amháin ar scileanna teanga ardleibhéil, idir scileanna cainte agus scileanna scríofa, agus ar staidéar ar an litríocht sa Ghaeilge, agus “bheifí dírithe ar mhic léinn a bheartaíonn staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal agus/nó a d’fhéadfadh an teanga a úsáid ar mhodh gairmiúil tráth is faide anonn.
gurbh fhiú toscaireacht a chur anonn ann it’d be worth sending a delegation over
" B’fhéidir gurbh fhiú toscaireacht a chur anonn ann le scéim idirchultúrtha a chur ar bun.
ag iarraidh a bhean a mhealladh anonn leis trying to entice his woman over with him
" Bhí mé ag scríobh faoi dhuine a bhí ag iarraidh dul go Meiriceá ar thóir saoil nua – agus ar ndóigh ag iarraidh a bhean a mhealladh anonn leis! Síleann sé go mbeidh sé ag ‘siúl ar bheilbhit’ thall ann! Sin leagan a tháinig ó mo sheanmháthair, a chaith blianta i Meiriceá.
a chuaigh anonn who went over
" Bhíodh sí ag inseacht dhúinn faoi bhean eile ón mbaile a chuaigh anonn agus a bhí díomách le gruaim na cathrach.
Chuathas thar toinn anonn people crossed the seas
" Chuathas thar toinn anonn ó Smøland na Sualainne, ó Chorcaigh, ó Learpholl agus Bristol, ó Napoli na hIodáile ó Rotterdam agus ó Amsterdam na hÍsiltíre.
chuaigh sí anonn she went over
" Bhí Máire Mhic Róibín ar an chéad Uachtarán ar Éirinn a thug cuairt ar Shasana nuair a chuaigh sí anonn ar thuras neamh-fhormálta an bhliain sin.
tháinig anonn rompu came over to them
" Tá na comharthaí sóirt i ngach áit; an t-ollfhuadar tógála, an t-airgead scaoilte, an sruth leanúnach inimearceach ón Áis ag cur fúthu, iarrachtín míchompordach, b’fhéidir, le hais seanphór na hIodáile, na Gréige, na bhFilipíní, agus, ar ball, na Liobáine – iad siúd a tháinig anonn rompu, tonn i ndiaidh a chéile, ó na naoi déag tríochaidí ar aghaidh.
Anonn leis an bheirt acu both of them went over
"Anonn leis an bheirt acu, agus d’ith siad agus d’ól siad a sáith sular chrom siad ar an chaint a thug le chéile iad.
glaoitear anonn ar a gcairde they call their friends over
" Tarraingítear pictiúirí leis na hifónanna, glaoitear anonn ar a gcairde agus cuireann siad an cheist “bunu sevibilirmiyiz?” An féidir linn grá a thabhairt di? Ansin crochtar í ó dhuine go duine.
scaip na caoirigh anonn 's anall the sheep went every way
" Seo í caint Mhichíl Uí Choinceanainn arís: 'Tháinig sé agus bhuail sé a sháil in aghaidh an chasóg ag iarraidh i a theannadh níos fearr mar bhudh ea, agus chuir sé an clár amach bunáite ó sháil go rinn, agus ansin ar ndóigh nuair a chuir, seod isteach an t-uisce, agus mar a dúirt an t-amhrán, sloigeadh an bád ansin, agus báthadh na daoine agus scaip na caoirigh anonn 's anall.
Anonn agus anall ansin a bit of doddering then, aimless discussion
" Anonn agus anall ansin, agus is gearr go raibh Eanach Cuain agus Raftery fuaraithe orainn.
níos faide anonn later on
" ” Is maith is eol dúinn, má chleachtar agus má bhaintear taitneamh as gníomhaíocht áineasa go hóg go leanfar léi níos faide anonn nuair a bheas páistí níos sine.
níos faide anonn at a later stage
" Bheadh Ciaran Mc Keown ar dhuine de na ceannairí níos faide anonn.
Sileadh Vótaí Anonn a leaking of votes across
" Sileadh Vótaí Anonn Chuig Taobh na bhFear ===================== In 1996, dúirt dhá dtrian de mhná gur mhian leo níos mó mná a fheiceáil i bParlaimint agus ar na comhairlí cathrach agus nach raibh na páirtithe polaitíochta ag riar doibh.
as seo don tír anonn wandering far and wide
" Tá tochas ardáin ag teacht ar Dhiarmuid Johnson tharla gur bhuail fear siúlach rac-cheol isteach san oifig aige lá amháin agus cén fáth nach siúlfadh sé uaidh ‘as seo don tír anonn.