Pota Focal Intergaelic
anas | aneas | anus | cnuas | ana
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag spalpadh anuas pouring down
" Dá ndruidfeá do shúile agus tú i do shuí sa phuball Gaeltachta, shílfeá go cinnte gur ag Oireachtas na Gaeilge a bhí tú - ach amháin go raibh an ghrian ag spalpadh anuas! Gura fada buan Féile Milwaukee.
ag teacht anuas ina thuillte raining really heavily
" " Le sin d'fhoscail an spéir agus thoisigh sé ag teacht anuas ina thuillte.
ceol a tharraingt anuas to download music
" Beidh muid ábalta ceol a tharraingt anuas ón ríomhaire anois.
ar an tríú seilf anuas on the third shelf from the top
" "Cuir na dioscaí ar an tríú seilf anuas, an ceann a bhfuil na dioscaí eile air, agus cuir an MP3 ar an tseilf is faide suas, sa bhosca dearg sin," arsa Fiachra.
thagadh deartháireacha m'athar anuas my father's brothers used to come down
" "Oícheanta áirithe thagadh deartháireacha m'athar anuas ó na Bronx.
a bhfuil an braon anuas iontu that are letting in the rain
" Tá go leor míshásta leis an Roinn Oideachais mar gheall ar an éagothroime atá sa chóras oideachais, a fhágann go bhfuil páistí a bhfuil tuismitheoirí saibhre acu á dteagasc i scoileanna breátha galánta agus páistí eile á múineadh i mbothanna bréana a bhfuil an braon anuas iontu.
le trí scór bliain anuas for the past sixty years
" Sa tréimhse seo, thosaigh siad ag dul chuig Cumann Chluain Ard, cumann a bhfuil clú na dea-Ghaeilge tuillte go maith aige le trí scór bliain anuas.
anuas ar a spág down on his big clumsy foot
" Is é a tharla gur thit a sparán as a phóca anuas ar a spág.
le dornán beag blianta anuas in the past few years
" Téamaí ======= Ba liosta le háireamh na hailt atá ligthe i ndearmad ar fad agam ach tá siad seo a leanas ar na daoine agus ar na téamaí a bhí faoi chaibidil sna hailt is cuimhin liom as measc ar léigh mé le dornán beag blianta anuas: Rupert Murdoch, William Shakespeare, D.
le dornán beag blianta anuas in the past few years
" Téamaí ======= Ba liosta le háireamh na hailt atá ligthe i ndearmad ar fad agam ach tá siad seo a leanas ar na daoine agus ar na téamaí a bhí faoi chaibidil sna hailt is cuimhin liom as measc ar léigh mé le dornán beag blianta anuas: Rupert Murdoch, William Shakespeare, D.
ag caitheamh anuas ar speaking slightingly of
" Braithim go dtuigeann sé go maith go mbíonn cuid den dream acadúil ag caitheamh anuas ar an Ghaeilge mar ábhar i gColáiste Phádraig agus nach bhfuil oiread measa acu ar Roinn na Gaeilge ansin is ba cheart dóibh.
caitheamh anuas slighting
" Nach deas an eiseamláir é don chuid eile againn a ghlacann le cáineadh, le tabhairt amach agus le caitheamh anuas gan cheist, gan cheasacht, gan chasaoid? Ó sea! Is mór an náire é! Lá Bealtaine na bliana seo rinne rialtas na hÉireann éacht thar éachtaí dá ndearna siad riamh roimhe, níos tábhachtaí agus níos mó ar leas na tíre ná go fiú an pinsean a bhaint de na baintreacha.
ag spalpadh anuas beating down
" Lá iontach te, agus an ghrian ag spalpadh anuas ar an gcosán.
le blianta beaga anuas in recent years
" Fágann sin níos mó brú an na siopadóirí sna bailte beaga agus tá a rian le feiceáil - tá cuid mhaith acu tar éis dúnadh le blianta beaga anuas.
le dornán blianta anuas in the past few years
" Focal Mheiriceá amháin ======= Ainneoin na líomhaintí go mbíonn eitleáin de chuid SAM ag iompar príosúnach agus ainneoin go leor gearán a bheith déanta chuig na Gardaí faoi, níor cuardaíodh oiread is eitleán míleata amháin de chuid na Stát Aontaithe a thuirling in Aerfort na Sionna le dornán blianta anuas.
le glúin anuas for the past generation
" Tagairt atá sa chartún do na trioblóidí beaga atá ag cur smál ar íomhá phoiblí íon Wayne Gretzky, réalta mhór an haca oighir i Meiriceá Thuaidh le glúin anuas, agus fear a bhfuil an leasainm “The Great One” air.
ag doirteadh anuas pouring down
" Bhí sé ag doirteadh anuas agus ní raibh an dara rogha agam ach rith ar ais go dtí an teach.
le corradh is scór bliain anuas for over twenty years
" Tá ardú suntasach le feiceáil i líon na nEaspáinneach i Meiriceá le corradh is scór bliain anuas.
ag caitheamh anuas air féin speaking badly of himself
" ” Ach admhaíonn Ó Coileáin gur nós leis an Ríordánach bheith ag caitheamh anuas air féin ar gach aon saghas slí agus go raibh sé uiríseal os comhair daoine.
le dornán blianta anuas in the past few years
" Ar an chéad dul síos, tá na mílte seomra breise curtha ar fáil ag na hóstáin timpeall na tíre le dornán blianta anuas; tá i bhfad barraíocht seomraí ar fáil i ndáiríre agus bíonn scéalta le cloisteáil go rialta faoi óstáin i mbailte tuaithe bheith ag díol a gcuid seomraí ar phraghas an-íseal – is cuma le go leor acu, a fhad is go dtig leo na leapacha a líonadh.
le dornán blianta anuas in the past few years
" Cailleadh go leor postanna ar an Eastát Tionsclaíochta i nGaoth Dobhair le dornán blianta anuas agus beart críonna é an acmhainn is mó atá sa cheantar a úsáid agus postanna teangalárnaithe a chruthú ann.
ag taisteal suas agus anuas travelling up and down
" Tá Deirdre agus Sarah Jane ina gcónaí i mBaile Átha Cliath agus bíonn muid ar fad ag taisteal suas agus anuas go minic nó casann muid le chéile ag féilte ceoil timpeall na tíre.
le dornán míonna anuas for the past few months
" Ach gan dabht ar bith is é an dianfheachtas atá ar bun ag na Gardaí le dornán míonna anuas an buille is troime atá faighte ag tionscal na dtithe leanna le fada.
ag caitheamh anuas air seo nó air siúd criticising this or that
" Bíonn daoine ag caitheamh anuas air seo nó air siúd – ach is léir go bhfuil an rud léite acu, agus go bhfuil tábhacht ag baint leis an gcaoi a gcuirtear os comhair an domhain iad i bhfoirm ficsin.
ag rópadóireacht anuas abseiling
" Gléasta i gcultacha uisce, clogaid agus úmacha sábháilteachta, chaitheamar an lá ag léim isteach in uisce fíorfhuar ó bhruacha agus ó charraigeacha, ag rópadóireacht anuas na heasa, agus ag streachailt leis an bhfáschoill sa Waitakere.
le daichead bliain anuas over the past forty years
" Ar an 24 Bealtaine, tiocfaidh cuid de na ceoltóirí is mó le rá i gceol traidisiúnta na hÉireann le daichead bliain anuas le chéile do cheolchoirm speisialta i Vicar Street i mBaile Átha Cliath.
fós ina bhró mhuilinn anuas uirthi, still a millstone around her neck,
" Ar an dara dul síos, tá a fear chéile, Bill clúiteach, fós ina bhró mhuilinn anuas uirthi, agus ní fios cén tionchar a bheas aige ar dhearcadh na vótóirí.
ag caitheamh anuas ar an aisteoir clúiteach criticising the famous actor
" Ach ní cóir dom bheith ag caitheamh anuas ar an aisteoir clúiteach nó is mór an leas a dhéanfadh Garage Ó Mórghuth do chúis Chónra na Gaeilge agus do mhuintir na Gaeilge ar fud na tíre.
le dornán blianta anuas for some years now
" Tá drochmheanma sa Gharda Síochána agus easpa muiníne ag an phobal san fhórsa mar thoradh ar shraith scannal a tháinig chun solais le dornán blianta anuas.
Anuas ar na fadhbanna uilig atá ag Ahern sa Dáil, On top of all the problems which Aherns has in the Dáil,
" Anuas ar na fadhbanna uilig atá ag Ahern sa Dáil, tá sé truamhéalach anois go bhfuiltear ag déanamh ceap magaidh de.
anuas orm. down on top of me.
" Bhí sé sin níb fhearr mar théadh an liathróid chugam ní ba mhinice agus bhíodh an-chraic agam á ciceáil as an bpáirc sula dtagadh an fhoireann eile anuas orm.
anuas air sin, on top of that (as well as that),
" Is dráma é atá thar a bheith go maith, ach, anuas air sin, ag pointe amháin bhí an chuma ar an lucht féachana gur chuid den dráma iad, gur bhraith siad ceangal fisiciúil, chóir a bheith, leis an scéal a bhí á insint ar an ardán.
le bliain anuas. for the last year.
" D’ainneoin na n-ionsaithe, beidh lámh in uachtar ag Kevin Rudd san olltoghchán, de réir gach pobalbhreithe le bliain anuas.
Anuas air sin, on top of that
" Anuas air sin, dúradh gur bunaíodh polasaí náisiúnta ar thuairisc cigire a scríobhadh i leith scoil amháin i dTrá Lí, agus gur tugadh an chluas bhodhar don mhéid a bhí le rá ag Gaelscoileanna, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) nó Foras na Gaeilge ar an ábhar.
Ach an oiread le blianta beaga anuas, The same as in most recent years,
" Ach an oiread le blianta beaga anuas, bhí Cill Chainnigh an-láidir san am sin agus bhí imreoirí den scoth acu ar nós Eddie Kehir, Ger Henderson, Frank Cummins agus araile.
is minic an chonspóid sna sála ag an Rialtas le sé mhí anuas. many controversies have dogged the government for the last six months
" Go deimhin, is minic an chonspóid sna sála ag an Rialtas le sé mhí anuas.
le dornán blianta anuas, in the past few years,
" Tá borradh faoi chúrsaí ealaíon agus cultúrtha sa tír le dornán blianta anuas, rud a chuireann go mór le muinín na tíre ar ndóigh.
le scór bliain anuas. for the last twenty years
" Déanann a leithéid de mhaistíneacht beag is fiú den imní atá ar dhaoine áirithe faoin luas lasrach - seachas éabhlóid nádúrtha a bheadh bunaithe ar mhianta phobal na mballstát – atá faoi Aontas na hEorpa le scór bliain anuas.
a bheith méadaithe as cuimse le dornán blianta anuas having undergone unprecedented growth in the last number of years
" Maítear go bhfuil gá lena leithéid mar thoradh ar an tAontas Eorpach a bheith méadaithe as cuimse le dornán blianta anuas - tá 27 ballstát ann faoi láthair.
ag fanacht le tamall anuas waiting for a while
" Bhí daoine ag fanacht le tamall anuas ar thuarascáil teangeolaíochta dar teideal *Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
le tamall anuas for a while now
" Aicíd eile atá ag éirí coitianta le tamall anuas ná an Easpazheimers.
le blianta beaga anuas in recent years
" Ach is iomaí uair a cáineadh “Liveline” le blianta beaga anuas as ucht é a bheith ag láimhseáil scéalta áirithe mar a bheadh nuachtán táblóideach ann, in ainneoin gur clár de chuid craoltóra seirbhíse poiblí é.
le blianta beaga anuas. in recent years
" Dar ndóigh, tá an scoil sin i ndiaidh a bheith sa nuacht cuid mhór le blianta beaga anuas.
ar na bacáin le tamall anuas, being prepared for some time
" Tá na jócanna ar na bacáin le tamall anuas, agus is amhlaidh go bhfuil comhairleoir teanga anois ag cabhrú le Des le cinntiú nach gcaillfear an ghramadach sa ghreann.
ceithre nó cúig huaire ar leith le seachtainí beaga anuas. on four or five separate occassions
" Ach tharla go raibh an Ghaeilge faoi chaibidil agam le cairde éagsúla de mo chuid ceithre nó cúig huaire ar leith le seachtainí beaga anuas.
Le blianta beaga anuas, in recent years
" Le blianta beaga anuas, tá tírdhreach na háite athraithe go mór ag lucht tógála dheisceart na Spáinne.
le blianta beaga anuas, in recent years
" Is é an sampla is fearr den dearcadh diúltach sin ná an dóigh ar mhéadaigh buiséad na Comhairle Ealaíon ó €20m go €83m le blianta beaga anuas, ach sa tréimhse chéanna nár mhéadaigh buiséad Fhoras na Gaeilge ach méid an-bheag.
le dornán blianta anuas in recent years
" ” Is í an aisteoireacht an phríomhghairm a bhfuil Carrie ag díriú uirthi le dornán blianta anuas agus tá sé i gceist aici cloí leis an obair sin san am atá romhainn fosta.
le seachtainí beaga anuas in recent weeks
" Ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, tá tábhacht mhór ag baint le pearsantacht an duine agus léiríonn eachtraí áirithe le seachtainí beaga anuas go mbíonn cuid mhór daoine sásta maithiúnas a thabhairt d’ionadaithe tofa as réimse leathan peacaí a bheith déanta acu – a fhad is go dtaitníonn na hionadaithe sin leo.
Tharraing sé bratach na Breataine anuas, he pulled the British flag down
" Tharraing sé bratach na Breataine anuas, agus ina háit, chroch sé bratach a raibh seamróg órga agus na focail “Erin go Bragh” scríofa uirthi! B’iomaí uair a bhí cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí spóirt fite fuaite lena chéile sna cluichí Oilimpeacha ó shin a leith.
le dornán blianta anuas in recent years
" **Reabhlóid** Tá dul chun cinn suntasach déanta le dornán blianta anuas ó thaobh theagasc na Gaeilge de agus tá ranganna á gcur ar fáil go forleathan.
Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, an arrangement has been reached in recent years
" Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go bhfuil an rud ar fad curtha chun leapa.
Anuas air sin, as well as that
" Anuas air sin, tá báid agus mairnéalaigh de chuid an chabhlaigh Astrálaigh páirteach sa phatróil idirnáisiúnta ar chósta na hIaráice.
tháinig sé anuas he came back down
" Is é a deir sé anois ná go ndeachaigh sé suas agus é ina bhall de bhanna amháin, agus gur tháinig sé anuas agus é ina bhall de bhanna eile! An amhlaidh go raibh Kíla cineál spréachta leis de bhrí gur fhág sé an banna go tobann ? “Is dócha go raibh ar feadh tamaill.
steallann báisteach anuas orainn rain pours down upon us
" Pléascann an spéir, steallann báisteach anuas orainn agus de cheal radhairc shoiléir, moillím an carr go cúig mhíle san uair.
go dtiocfaidh sé anuas that it will come down
" Is é an aidhm atá ag an teilgeoir ná go rothlóidh an cuaille 180° agus é thuas san aer agus go dtiocfaidh sé anuas agus an t-íochtar ar uillinn 180° leis.
ceist na dtáillí a tharraingt anuas to raise the question of fees
" Mar sin, bhí an ceart ag an Aire Oideachais, Bat O’Keeffe, ceist na dtáillí a tharraingt anuas le déanaí.
anuas air sin on top of that
" Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte? D'fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag.
Anuas ar sin on top of that
" Cé gur mhaígh Blankfein nach raibh sé ann ar son a bhainc féin, ach chun an córas airgeadais iomlán a chosaint, tharla gurb é AIG an comhpháirtí trádála is mó a bhí ag Goldman Sachs, agus go gcaillfeadh siad $20 billiún dá dtitfeadh AIG i bhféimheacht! Coimhlint Leasa Anuas ar sin, bhí Paulson féin ina chathaoirleach agus POF ar Goldman Sachs sular thosaigh sé ag obair mar Rúnaí Státchiste, post a fuair sé ina dhiaidh do Joshua Bolten, iarfhostaí eile de chuid Goldman Sachs, é a mholadh do George W.
dornán blianta anuas for some years now
" Thug an Roinn Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta breis is €12m do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann le dornán blianta anuas leis na hionaid ceoil seo a fhorbairt.
Anuas ar sin also, as well as that
" Anuas ar sin, tá mótarbhealach leathan agus bóthar eile eadrainn.
le dornán blianta anuas for some few years up to now
" Léiríonn na figiúirí a laghad ratha is atá ar pholasaithe an Rialtais le dornán blianta anuas tuilleadh fear a earcú.
Anuas ar sin on top of that
" Anuas ar sin d’admhaigh an t-iar-Aire Oideachais, Mary Hanafin, go fiú in alt do Loadzajobs.
bhrúnn a dtoil anuas press their wish(es) down
" Tá easpa an daonlathais áitiúil ag feidhmiú sna toghcháin, easpa a thig de dheasca cumhacht na bpáirtithe móra a bhrúnn a dtoil anuas ar na daoine, dá n-ainneoin.
anuas from above
" Tá easpa an daonlathais áitiúil ag feidhmiú sna toghcháin, easpa a thig de dheasca cumhacht na bpáirtithe móra a bhrúnn a dtoil anuas ar na daoine, dá n-ainneoin.
le tamall anuas for some time now
" Tá an cúlra eacnamaíochta agus airgeadais agam ach tá spéis níos mó agam san oideachas agus sa nuálaíocht, agus tá mé tar éis imeacht le sruth an oideachais níos mó le tamall anuas.
dornán blianta anuas for some years now
" Grád: C+ Mary Harney (Aire Sláinte): Gan ord ná eagar ar an chóras sláinte le dornán blianta anuas (nó Angola mar a bhaist an Taoiseach ar an Roinn fadó.
le glúin anuas for a generation
" Cá hionadh an tír a bheith trína chéile le glúin anuas.
Anuas ar in addition, on top of
" Anuas ar an airgead a tugadh dá freasúrach i gcomhair toghcháin do Theach na nIonadaithe i 2002, cuireadh isteach ar fheachtas McKinney ar bhealaí eile chomh maith.
Anuas ar sin on top of that
" Anuas ar sin, thiocfadh le heagrais stáit daoine a earcú a bhfuil cumas i nGaeilge agus i mBéarla acu seachas cumas in aon teanga amháin agus a bheadh ábalta tabhairt faoin obair aistriúcháin go hinmheánach.
Anuas ar sin on top of that
" Anuas ar sin dúirt Kieran Walshe, Leas-Choimisinéir na bpóilíní in Victoria, We think it's more opportunistic, because they (na hIndiaigh) are a very passive and very quiet-natured people and they do carry valuable items such as iPods and mobile phones.
anuas up to present, up to now
" De réir staidrimh ón Ministère de l’Education Nationale, tá titim 14% sa líon mac léinn atá ag freastal ar Ollscoil Rennes 2 sa tréimhse 2005/2008, ceann de na hollscoileanna is mó a buaileadh ag stailceanna le trí bliana anuas.
anuas ar sin on top of that
" Agus anuas ar sin, sa deich mbliana ó d’fhág a laoch Eric Cantona Manchester United, níor fhreastal Eric a’ phoist ar oiread agus cluiche amháin sacair.
le blianta beaga anuas over the last few years
" Pléascann an t-achrann siúd amach go fuilteach ó am go chéile, ach tríd is tríd, d’fheabhsaigh rudaí le blianta beaga anuas.
anuas prior to this
" Tá eagla a gcraiceann á cur ar mhuintir Uganda le corradh is scór bliain anuas ag Arm Muirthéachta Dé a bhfuil sé mar aidhm aige stát a bhunú a fheidhmeoidh de réir na nDeich nAithne.
anuas down
" Níltear cinnte go líonfar an loch go hiomlán i mbliana, ach tá níos mó uisce ann faoi láthair ná a bhí le 35 bliain anuas.
anuas air sin on top of that
" Ach anuas air sin, tá brú curtha ar acmhainní aiceanta, an talamh agus an t-uisce, cur i gcás, ag an méadú de dheasca inimirce an phobail Han.
glúnta anuas past generations
" Tá an fhadhb seo níos measa sna comhphobail ina bhfuil formhór mór na ndaoine iontu ag brath ar shocair leasa shóisialaigh le glúnta anuas.
anuas past, up to the present
" ” Comharlaítear do dhaoine dul ar mhalairt slí cionn is gur tharla trí sciorradh talún ann le chor a bheith bliain anuas.
Anuas ar sin on top of that
" Anuas ar sin, tá tuairim is céad míle duine ag maireachtáil i gcampaí sealadacha mar gur leagadh a dtithe sna círéibeacha agus san fhoréigean a tharla ann trí bliana ó shin.
le glúin anuas during this generation
" Níl lucht na heolaíochta chomh dúnárasach ná chomh dígeanta in aghaidh teoiricí na ‘hidéalaíochta’ is a bhíodh, mar gheall go díreach, ar a bhfuil foghlamtha acu le glúin anuas, agus go deimhin, le blianta gairide anuas.
Anuas ar sin furthermore
" Anuas ar sin, eagraítear ráschruinnithe fud fad na tíre ar an lá céanna agus bailíonn na sluaite acu, iad gléasta go lonrach.
anuas ar a chéile 'after another'
" An rabhadar beirt comhpháirteach ina bás siúd? An féidir dul i muinín tráchtaireacht an Mhúinteora? Ceisteanna anuas ar a chéile.
blianta anuas years past
" Is beag tionscnamh a bhain leis an teanga le dornán blianta anuas nár ionsaíodh go fíochmhar i nuachtáin bhaicle an Independent.
ag caitheamh anuas disparaging
" Cé nach bhfuil a fhios againn cad é atá muid á lorg, beidh a fhios againn go cinnte nuair a bheas sé faighte againn, nó tosóidh Pat Kenny agus a chairde ag caitheamh anuas go trom agus go leatromach ar na múinteoirí arís!” Ar Son na Drúise Beidh ar gach fíor-Ghael fíorghaelach sna Gaeltachtaí fíorghaelacha agus sna Galltachtaí breacghaelacha éirí as an Irish Star agus an Irish Sun agus an Irish Mirror a cheannach gach Céadaoin feasta, agus tosú ar an Irish Indo a cheannach ina n-áit.
Anuas air sin on top of that
" Anuas air sin, taispeántar nach féidir na muilte gaoithe a chur ag obair ach nuair atá an ghaoth ag séideadh ar luas áirithe (má tá an ghaoth rólag, ní fiú iad a chur ar siúl; má tá an ghaoth róláidir, ní féidir iad a chur ar siúl) agus go mbíonn siad díomhaoin 75% den am dá bharr! Fiú sa Danmhairg, áit a bhfuil 5,500 muileann gaoithe ann a sholáthraíonn 20% de chumhacht aibhléise na tíre, is gá aibhléis a allmhairiú go rialta as an tSualainn agus as an Iorua.
breathnú anuas looking down
" Anois tá tú ar an arrachtach ollmhór, ag breathnú anuas ar an domhan.
Anuas air sin also
" Anuas air sin tá foclóir ar líne acu.
anuas na cianta down the centuries
" Tugtar ar turas sinn anuas na cianta ón tréimhse roimh Chríost go dtí aimsir na Normannach.
dornán blianta anuas a few years up to now
" **BD: Tá cáil bainte amach agat le dornán blianta anuas mar dhrámadóir.
le glúin anuas for a generation
" Leis an bplaisteach féin tagann rudaí eile níos measa, mar tarraingíonn an plaisteach comhdhúile orgánacha as an uisce mar PCBanna agus DDT – ceimiceáin a chuireann isteach go millteanach ar shláinte an duine, mar is ró-eol dúinn le glúin anuas.
Anuas air sin furthermore
" Vótaí ó Cheann Ceann na Cruinne =============== Anuas air sin, soláthraítear vótaí neamhláithreacha do dhaoine ar lá vótaíochta ag bothanna speisialta i ngach toghcheantar agus bíonn vótaí poist ar fáil freisin, pé áit a bhfuil tú ar fud na cruinne.
Anuas ar to cap
" Anuas ar gach tubaiste eile, tá an priompallán ag caint faoi dhá cheann de na trí leithreas ar gach eitleán dá chuid a bhaint amach, agus suíocháin bhreise a chur isteach ina n-áit.
Anuas ar sin also
" Anuas ar sin, rinne na gabhálaithe Eorpacha léirscrios ar a ngnáthóga agus iad ag glanadh na talún le tionscail tuaithe éagsúla a bhunú.
anuas down
" Tráthnóna breá Fómhair a bhí ann, geal agus grianmhar go deimhin, agus gaoth mheasartha aduaidh ag séideadh i dtreo na farraige ón gcnoc anuas.
anuas air sin on top of that
" An féidir leis an matamaitic í a dhriogadh dúinn i bhfoirm dhíreach shimplí, foirmle a shlogann uimhreacha ar thaobh amháin di agus a chuireann os ár gcomhair amach radharc an rós ag bláthú, nó splanc an chló thintrí? Mar is léir ó na híomhánna ríomhghinte atá ar fáil ar an idirlíon, tá an cumas sin ann gan amhras, agus anuas air sin tá íomhánna á ndéanamh anois le cruthanna iontu nár shamhlaigh duine riamh, íomhánna a bhaineann bíogadh asainn lena gcuid áilleacht aduain.
blianta anuas years past
" Gabhaim pardún ó chroí le muintir na hÉireann, chan amháin as an tréimhse sin ach as a laige a bhí an páirtí mar fhreasúra le dornán blianta anuas.
leathchéad bliain anuas for the last 50 years
" Chinn Cumann Peile na hÉireann (ainm oifigiúil na heagraíochta a dtugtar an FAI air de ghnáth) sa bhliain 2004 gradam an imreora ab fhearr de chuid Phoblacht na hÉireann le leathchéad bliain anuas a bhronnadh ar Giles.
anuas ar on top of
" Mar mhalairt ar “pháirt-reo” ar thógáil áitreabh nua ar an mBruach Thiar ar feadh 90 lá, tabharfaidh SAM aerárthaigh troidbhuamála ar fiú $3 billiún iad d’Iosrael saor in aisce (anuas ar na billiúin a thugann siad gach bliain), crosadh ar rún ar bith de chuid Comhairle Slándala na Náisiún Aontaithe nach dtaitníonn le hIosrael, eisceacht maidir le tógáil áitreabh in Iarúsailéim Thoir, agus gealltanas scríofa nach n-iarrfaidh Obama “reo” eile ar Iosrael amach anseo.
anuas an staighre down the stairs
" Tháinig sé anuas an staighre ag léamh an leabhair gan breathnú soir ná siar, ar aon taobh, ach é ag breathnú ar an leabhar, ach bhí tobar, nó foinse, go díreach roimhe ag bun an staighre sin.