Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
radharcanna aoibhne delightful views
" Áit lán fuaimeanna spleodracha, radharcanna aoibhne, an nádúr beo - gan trácht ar na seantaibhsí! Tuilleadh eolais: (www.
radharc aoibhinn delightful view
" Shroich mé barr an chnoic agus bhí radharc aoibhinn farraige agus oileáin romham.
guth binn aoibhinn beautiful sweet voice
" *Dún an Doras *an t-ainm atá ar an gceann is fearr ar fad acu; de réir traidisiúin, fuaireadar a n-ainm de bharr fógra a bhí scríofa ar dhoras an leithris i dteach tábhairne! Faraor, ní channann an t-amhránaí i nGaeilge mórán, cé go bhfuil guth binn aoibhinn aici, ach rinne sí "Seoladh na nGamhna" a thaifeadadh le déanaí (thugas cabhair di leis an bhfuaimniú), agus tá súil agam go gcuirfidh sí lena stór amhrán Gaeilge.
radharc aoibhinn beautiful view
" radharc aoibhinn a bhí ann: na crainn gléasta i nduilleoga úra, an sceach gheal faoi bhláth, agus clocha méithe phálás an easpaig agus abhainn ghléigeal dhonn ag rith fúthu.
An áit ab aoibhne liom the place I loved most
" An áit ab aoibhne liom ná an píosa talún ar a neadaíonn na puifíní.
An áit ab aoibhne liom the place I loved most
" An áit ab aoibhne liom ná an píosa talún ar a neadaíonn na puifíní.
Enda Aoibhiúil Aoibhinn Pleasant Delightful Enda
" D’ya know loike*?” Bhí ceist nó dhó ag Balor Béalchliste Beageaglach ar Enda Aoibhiúil Aoibhinn fosta, *so he had*, agus thosaigh sé amach le ceist chrua mar gheall ar chúrsaí na Gaeilge agus mar gheall ar chúrsaí as Gaeilge.
Is aoibhinn liom I love
" Ag tús mo sheala sa Nua-Shéalainn, bhíodh sé deacair orm in amanna a bheith cinnte cé acu an raibh daoine ag caint ar ghruaig, nó ar rud éigin a bheith ag a chríoch toisc nach ndéantar idirdhealú sa chaint idir hair agus here! Is aoibhinn liom a bheith ag éisteacht le caint na ndaoine, agus níl áit níos fearr lena aghaidh ná ar bhus.
is aoibhinn leo toghcháin. they love elections
" Is maith le Meiriceánaigh an pholaitíocht, agus is aoibhinn leo toghcháin.
mo ghnúis mhaorga aoibhinn. my dignified, delightful face.
" Ní raibh crochadh de dhíth áit ar bith eile seachas ar mo ghnúis mhaorga aoibhinn.
Aoibhinn pleasant
" Enda Aoibhinn Aoibhiúil a bhí ar an ridire seo agus dúirt nach raibh sé sásta leis an dóigh a raibh Brian ag bainistiú na ríochta.
is aoibhinn liom I adore
" "Mar sin féin, is aoibhinn liom San Francisco freisin" agus thosaigh ar an osnaíl arís.
Aoibhinn Aoibhiúil pleasant pleasant
" com/encyclopedia/Crom-Cruach) Seanadóirí bochta na hÉireann! Is gairid nach mbeidh fiú an méid a fhaigheann Balor bocht á fháil acu, nó deir Enda Aoibhinn Aoibhiúil go scorfaidh sé an Seanad má éiríonn leis riamh rialtas a chur le chéile.
Is aoibhinn liom I love
" Is aoibhinn liom féin an tsoiléire a bhaineann le maidin seaca, an bháine thréan a bhaineann le solas na gréine.
aoibhinn pleasant
" Ar leithinis aoibhinn Bhéarra tá Aoife Nic Dhiarmada agus a grúpa cuairteoirí trí na chéile.
Is aoibhinn liom I really love
" Is aoibhinn liom an t-am seo bliana!
Aoibhinn lovely
" ” Enda da Gabharment ============ Ar aghaidh le Balor chuig ceanncheathrú Fhine Gael, áit ar bhuail sé le hEnda Aoibhinn Aoibhiúil a bhí ag stánadh isteach sa scáthán agus ag cinntiú nach raibh oiread is ribe dá dhlaoi as alt.
beatha aoibhinn an scoláire the pleasant student life
" Ag tús na 1980í fuair sí scoláireacht le dul ar an Ollscoil i Meiriceá le bheith ag staidéar agus ag imirt leadóige ach in áit beatha aoibhinn an scoláire a chaitheamh, d'imigh Caitríona léi go Nicearagua agus go hEl Salvador, áit ar chuir sí faobhar ar a cuid polaitíochta.
Is aoibhinn liom I love
" Is aoibhinn liom mo phost agus caithfidh mé a rá go bhfoghlaimím rud éigin nua faoi na rónta nó faoin bhfarraige i gcoitinne, chuile lá.
aoibhinn nice
" org/> Ar ndóigh is féidir Facebook a úsáid chun griangraif a roinnt ach uaireanta bíonn tú ag iarraidh go bhfeicfeadh níos mó ná do chairde an griangraf aoibhinn a tharraing tú.
Aoibhinn pleasant
" Aoibhinn beatha an scoláire Bhíos ag déanamh a léighinn; Is follas daoibh, a dhaoine, Gurab dó is aoibhne in Éirinn.
Gurab dó is aoibhne in Éirinn he has the most pleasant (life) of all
" Aoibhinn beatha an scoláire Bhíos ag déanamh a léighinn; Is follas daoibh, a dhaoine, Gurab dó is aoibhne in Éirinn.
mBarrachaibh aoibhne pleasant Barry country
" B’fhíor freisin domhsa an oíche sin mar ab fhíor don fhile fadó – *‘I mBarrachaibh aoibhne taoibh le cuan Is fearra do fuaireas scéala….
láimh le glaschuan aoibhinn beside a pleasant sheltered inlet
" Trí oíche a bhí caite againn ar oileán Mljet tamall ó thuaidh de Dubrovnik: oileán sceirdiúil, crannach a raibh áit in óstán beag ann láimh le glaschuan aoibhinn do scór de Chumann na hÉireann agus na Cróite agus iad ag cur síos ar chúrsaí staire agus saíochta.
Is aoibhinn leis an gcosmhuintir ordinary folk love
" Is aoibhinn leis an gcosmhuintir, is cuma cén tír atá i gceist, scéal an reibiliúnaigh a chuireann “i gcoinne an chórais”, an duine sin a bhfuil crógacht ar leith ag baint leis nó léi.
Is aoibhinn liom I really love
" Dúil san Aighneas ======= Is aoibhinn liom na coinbhinsiúin.
is aoibhinn liom iad I love them
" Na hIodálaigh, na Spáinnigh chomh maith, na tíortha Laidineacha, is aoibhinn liom iad.
Ní haoibhinn an ceol é sin ach an oiread that’s not nice to hear either
" Ní haoibhinn an ceol é sin ach an oiread toisc gur chruthaigh an t-aitheantas dleathach sin deacrachtaí ilghnéitheacha don choimcne Gaelach.
Is aoibhinn liomsa I love
" **CF: An dtéann tú chuig an Oireachtas de ghnáth?** CAB: Is aoibhinn liomsa an tOireachtas.
binneas aoibhinn a beautiful sweetness
" Ar an díolaim seo, cloistear binneas aoibhinn i nglór Eithne agus í ag ceol amhráin óna dúchas.
gur aoibhinn saol an ambasadóra the ambassador has a great live
" Rith sé liom agus mé ag éisteacht leis gur aoibhinn saol an ambasadóra anois tharla an dá thír an-mhór le chéile.
as ceantar aoibhinn uaimhiúil from the pleasant cavernous area (of C. B.)
" Bhí cuimhní deasa draíochtúla le tabhairt abhaile liom as ceantar aoibhinn uaimhiúil Chathail Bhuí.
Is aoibhinn liom a bheith ag obair I love working
" Is aoibhinn liom a bheith ag obair sa Ghaeltacht.
san ionad aoibhinn in the beautiful centre
" Ba shin teideal tromchúiseach comhdhála a reáchtáil Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe agus Oifig na Gaeilge Mhaigh Eo - Comhairle Contae Mhaigh Eo san ionad aoibhinn i bPáirc an Turlaigh, Caisleán an Bharraigh lá deiridh na Samhna.
is aoibhne most beautiful
" Cór nó cumann ceoil agus iad ag tnúth le pianadóir den scoth a chloisteáil i gceann de na hallaí ceoil is aoibhne sa tír.
is aoibhinn linn we love the fact
" Táimid ar tí ár gcuigiú halbam a chur amach go luath, agus táimid go léir fós ag caint lena chéile, éacht suntasach ann féin! Táimid gafa i gcónaí leis an gceol is dual dúinn agus is aoibhinn linn go bhfuilimid ag baint slí bheatha as foirm ealaíne a bhfuil ár gcroí is ár n-anam inti.
Chaith mé tráthnóna aoibhinn I spent a very pleasant evening
" Chaith mé tráthnóna aoibhinn ag an Buenos Aires *Hurling Club*, d’fhreastail mé ar cheiliúradh mór Lá na Féile Pádraig in Plaza San Martin atá baiste as laoch mór agus fuasclaitheoir na hAirgintíne, José de San Martin agus ceol traidisiúnta, amhráin tíre agus callán na mbróg damhsa a lá Riverdance ag líonadh na cearnóige ag dul ó sholas dó.
aoibhinn beautiful
" Tá achan line chomh lán le fothéacs, tá sé aoibhinn, cé gur scannán do pháiste é.
Is aoibhinn le páistí dúshláin children love challenges
" Is aoibhinn le páistí dúshláin nuair a mhealltar iad ina dtreo, mar shampla chun sprioc a thabhairt dóibh go bhfuil deis acu a bheith ina mbuaiteoirí.
go haoibhinn freastal ar lovely to attend
" Bhí sé go haoibhinn freastal ar Oireachtas na Gaeilge chaon bhliain agus dream m’aoise féin, muintir Cunningham, agus níos óige, a fheiceáil i mbun an tsean-nóis.
Is aoibhinn a bheith ann it’s lovely to be there
ar mhodh aoibhinn éasca upon a simple pleasant method
" Tháinig Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile ar mhodh aoibhinn éasca le Sceir Mhór na hAstráile a shiúl gan tinneas farraige: ar bord an mhuireitleáin, nó an bád aeir.