Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i lár an aonaigh where everyone will notice them
" Cinnte is féidir a rá go bhfuil Seachtain na Gaeilge ag briseadh thar teorainn amach leis an gceolchoirm seo, ag cur bannaí ceoil na Gaeilge i lár an aonaigh! Beidh an banna iontach *reggae* Gaeilge, Bréag as Béal Feirste, ag seinm agus ina ndiaidh beidh *Cajun* agus *Tex-Mex* againn ón Máimín Cajun Band.
dhíolfadh sí sin ar an aonach tú she'd buy and sell you
" "Shílfeá nach leáfadh an t-im ina béal, ach dhíolfadh sí sin ar an aonach tú," arsa Lillian.
aontaí leabhar book fairs
" Téann Micheál chuig aontaí leabhar thart ar an tsaol; bíonn sé in Frankfurt, bíonn sé i Nua-Eabhrac, rud nár tharla riamh i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge.
Aonach Urmhumhan Nenagh
" Nuair a bhí mé timpeall ocht mbliana d'aois chuamar go Willie Fogarty, ó Aonach Urmhumhan, chun ceol traidisiúnta a fhoghlaim.
aonach trádála earraí leighis medical goods trade fair
" Le déanaí bhí seastán ag dhá chomhlacht Éireannacha, Abbots Pharmaceuticals agus comhlacht beag ó Dhroichead Átha, ag aonach trádála earraí leighis i nDubai.
i lár an aonaigh in the middle of everything
" Thabharfadh sé an-dóchas do dhaoine as todhchaí na Gaeilge an teanga a bheith i lár an aonaigh, i gcuideachta na Laitvéise, na Máltáise, agus an fiche teanga eile a bheas aitheanta go hoifigiúil.
aonach seó funfair
" Níl sé chomh gleoite sin mar bhaile, measaim, ach tá atmaisféar breá réidh ann, leis na báid sa chuan agus aonach seó beag agus bialanna ag tairiscint iasc úr.
aonach teilifíse television fair
" Tá ceithre mhí caite agam féin agus muintir Telegael air agus táimid ag súil le margadh idirnáisiúnta a fháil dó ag an aonach teilifíse in Cannes.
seó aonaigh sideshow
" Beidh sé níos deacra ag lucht a cháinte, dá bharr seo, cur ina leith nach bhfuil ann ach seó aonaigh.
i lár an aonaigh at the heart of things
" Bhí sé dubhthinn ag cíoradh bhuntáistí agus mhíbhuntáistí áite amháin thar an áit eile, cé acu a bheadh an teach ósta i lár an aonaigh, agus dá mbeadh cé acu a bheadh sé róchallánach.
i lár an aonaigh at centre stage
" Bhí Aindí ar daoraí léi nó, cé gur breithlá Shusaidh a bhí ann, bhí Kate i lár an aonaigh mar ba ghnách.
i lár an aonaigh in the thick of things
" Táimid lonnaithe i lár na cathrach, i lár an aonaigh.
i lár an aonaigh in the thick of things
" I gcroílár na contúirte ======= Tá an clú ar Fisk go gcuireann sé tuairiscí níos fearr ar fáil mar go mbíonn sé féin i lár an aonaigh ag na láithreáin uafáis, i gcroílár na contúirte.
i lár an aonaigh in the thick of things
" Táimid lonnaithe i lár na cathrach, i lár an aonaigh.
i lár an aonaigh in the thick of things
" Ní minic a bhíonn an Ghaeilge chun cinn ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta de ach bhí sí i lár an aonaigh le déanaí ag Oíche Ghradam Bhlaganna na hÉireann, ceann de na hócáidí teicneolaíochta is suimiúla a tharla le tamall anuas.
aontaí leabhar book fairs
" Chomh maith leo siúd bíonn aontaí leabhar agus crannchuir againn.
i lár an aonaigh in the thick of things
" Ní minic a bhíonn an Ghaeilge chun cinn ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta de ach bhí sí i lár an aonaigh le déanaí ag Oíche Ghradam Bhlaganna na hÉireann, ceann de na hócáidí teicneolaíochta is suimiúla a tharla le tamall anuas.
aontaí leabhar book fairs
" Chomh maith leo siúd bíonn aontaí leabhar agus crannchuir againn.
aonach fair
" Ná téigh chuig an aonach muna bhfuil gnó agat ann, mar a deir an seanfhocal.
a gcuid saothar a chur i lár an aonaigh. to present their works to a wide audience.
" Is mór an deis a thabharfaidh IMRAM d'fhoilsitheoirí agus d'údair na Gaeilge a gcuid saothar a chur i lár an aonaigh.
i lár an aonaigh in the thick of things
" Bhí Marky Beag Ó Durcáin agus Séimí Mór Ó Mealláin ón SDLP (Still Doing Less Party) cuachta isteach i gcoirnéal ag dul fríd charn mór d’eolaithe fóin agus iad ag iarraidh teacht ar dhuine inteacht leis an locht a chur air nó uirthi nach raibh siad i lár an aonaigh ní ba mhó.
aonach seandálaíochta an archaeological fair
" Agus mise ansin, bhí aonach seandálaíochta ar siúl, a d’eagraigh The Council for Scottish Archaeology.
Aonach Carman Carman Fair
" An bhliain seo caite cuireadh Aonach Carman ar siúl den chéad uair le 927 bliain.
i bpáirc aonaigh in a fairground
" Tá na cnaipí ar cheamaraí digiteacha á mbrú gan tairiseamh agus roinnt de na déagóirí ag spraoi agus ag suairceas mar a bheidís i bpáirc aonaigh nó in iarsmalann ina bhfuil stair ársa á léiriú nach bhfuil aon bhaint acu in aon chor léi.
i lár an aonaigh in the thick of things, in the centre of things
" Bhraith mé, ón leabhar, gur bhain sé taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, agus gur thaitin sé leis go mbíodh sé i lár an aonaigh in amanna.
Aonach an Fhostaithe employee fair
" Insíonn sé dúinn faoin nós a bhí ag muintir na Gaeltachta gabháil ag obair ar an Lagán, is é sin “áit ar bith ó Leitir Ceanainn go Doire go Tír Eoghain”, áiteanna a raibh talamh maith feirmeoireachta, agus faoi Aonach an Fhostaithe ar an Srath Bán.
i lár an aonaigh) at the centre of things
" Sraith easurramach ab ea í (bhí carachtair mar Bhrian na mBromanna i lár an aonaigh) agus bhí an-ráchairt uirthi.
i lár an aonaigh. in the thick of thing, at the centre of things
" Mar is gnáth ag ócáidí móra spóirt mar seo, bhí na polaiteoirí i lár an aonaigh.
i lár an aonaigh in the limelight
" "Má bhí mise i m'imreoir riamh, de thaisme a tharla sé," a áitíonn O'Clery, "má bhí mé i lár an aonaigh, tharla sé de thaisme.
i lár an aonaigh the centre of attention
" Agus bígí ag súil le Mícheál Martin d’fheiscint i lár an aonaigh ar chuile ardán raidió agus teilifíse idir an dá linn.
i lár an aonaigh in the middle of the action
" Tá ceist achrannach lucht iarrtha tearmainn agus dúnghaois inimirce an rialtais araon, i lár an aonaigh arís i gcúrsaí polaitíochta abhus, áfach, i ngeall ar thubaiste a tharla ar na mallaibh.
Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! If u haven't a foot under u, put ur best foot forward!
" Seanfhocal nach sáraítear: Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! Balor: Bhuel, a Thaoisigh, ní gá dom dul i muinín na nuachtán le fáil amach go bhfuil slad i ndiaidh a bheith déanta ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, in ainneoin gur iarr tú ar mhuintir na hÉireann díriú ar cheisteanna beaga suaracha áitiúla agus dearmad a dhéanamh den tsáinn ina bhfuil an tír.
i lár an aonaigh centre field
" Is léir gur sochaí shaolta í an Astráil agus, dá bhrí sin, is fíorannamh a bhíonn cúrsaí creidimh i lár an aonaigh abhus.
i lár an aonaigh central
" Ach tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an cumas comhrá i lár an aonaigh sna scoileanna sin.
i lár an aonaigh the centre of attraction
" Measaim féin, cheal aon taighde ar an ábhar, gur meascán de Chumann na bhFiann, coláistí eile agus de dhream na gaelscolaíocht iad, dream iad a dtugann pocán gabhair na Gaeilge i lár an aonaigh, teilifís na Tulaí, misneach agus uchtach dóibh agus go bhfuil siad sásta thar mar a bhí riamh gabháil i lár aonaigh iad féin agus an teanga mar chuid ghníomach dá bpearsa.
Pocán Gabhair i Lár an Aonaigh the best foot forward
" Pocán Gabhair i Lár an Aonaigh =============== Tar éis dúinn teip go tubaisteach sa dá olltoghchán deireanach, dúirt na tráchtairí polaitiúla nár éirigh linn 'ár dteachtaireacht a dhíol.
lár an aonaigh centre stage
" An Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ag leithéidí Thaispeántas an Eolaí Óig a theastaíonn.
Lá an aonaigh the market day
" Lá an aonaigh a bhí ann nuair a bhain muid baile Avarua amach agus bhí an deis againn bia an cheantair a bhlaiseadh, mar aon le hearraí lámhdhéanta agus éadaí a cheannach.
i Lár an Aonaigh centre stage
" Go Feiceálach, i Lár an Aonaigh ================== **SMM: An bhfeiceann tú tábhacht le feiceálacht na Gaeilge i saol na Galltachta, nó iar-Ghaeltacht más fearr leat?** BNC: Ceapaim go bhfuil an rud feiceálach, - go mbíonn tionchar an-mhór aige ar an duine, ar an nGaeilgeoir agus ar an té nach labhraíonn í.
i lár an aonaigh centre stage
" Imirt an Dráimh ag an Mámh =============== Go tobann bhí an fothaispeántas i lár an aonaigh, le Trump ag spalpadh a scéil ar gach clár teilifíse a ghlacfadh leis.
go lár an aonaigh centre stage
" An toradh is mó dar liom as an aird seo atá ar SOPA agus reachtaíocht digiteach, idirlín agus cóipcirt ná gur tharraing seo ceist na cruthaitheachta sa ré dhigiteach go lár an aonaigh arís.
i lár an aonaigh center stage
" Bhí na liarlóga agus na comhairleoirí meáin chumarsáide i lár an aonaigh.
i lár an aonaigh the centre of attention
" Tá an cheist chéanna i lár an aonaigh i gcúrsaí polaitíochta abhus go rialta ó shin i leith, agus í ina hábhar achrainn idir na páirtithe móra.
i lár an aonaigh centre stage
" Luaitear aon taispeántas amháin le tosach na ré seo, ré ina bhfuil tóir as cuimse ar chineál damhsa a bhí faoi amhras i gcónaí sa tír seo féin: an léiriú don Chomórtas Eurofíse 1994, mar a raibh Jean Butler agus Michael Flatley i lár an aonaigh.
i lár an aonaigh ann in the midst of it all
" **SMM: Chonaic tú Fleadh na hÉireann sa Chabhán, do bhaile féin, agus an dream óg chomh fuinniúil i lár an aonaigh ann.
Tarraingt Siar ó Lár an Aonaigh withdrawal from centre stage
" Tarraingt Siar ó Lár an Aonaigh ============== Ar ndóigh, is beag nár aisghairmeadh gobharnóir Wisconsin, Scott Walker, i dtoghchán speisialta roinnt míonna ó shin tar éis dó iarracht a dhéanamh na ceardchumainn a bhriseadh, agus breathnaítear ar an rás seo mar athimirt den toghchán sin.
aontaí idirnáisiúnta international fairs
" Teastaíonn ón nGiollánach nascanna a dhéanamh idir saíocht na hÉireann agus cultúir ilghnéitheacha an domhain ina aiste, “Litríocht náisiúnta, aontaí idirnáisiúnta, oidhreacht dhomhanda”.
lár an aonaigh centre stage
" Scrúdaíonn sé teacht an idirlín agus a chlaochlú ó ghníomhaíocht imeallach i saol an domhain go dtí lár an aonaigh trí scéalta phríomhphearsana, leithéidí Alan Turing, athair na ríomheolaíochta agus na hintleachta saorga, agus Tim Berners-Lee, a chéadcheap an Gréasán Domhanda.
an bhréag féin, ina suí i lár an aonaigh even lies are center stage
" Tá an ní is neafaisí, nó an bhréag féin, ina suí i lár an aonaigh agus tá an fhírinne faoi sholáthar na línte ola faoi choim i dtuairiscí acadúla, ar shiúl ó aird an duine.
atá i lár an aonaigh which is the centre of activity
" Cur síos i bhfís agus i bhfocail ar thír aduain, anaithnid… atá i lár an aonaigh.
ar nós lá aonaigh such as fair day(s)
" Chuirtí na muartha fáilte i gcónaí roimh ridirí an bhóthair: bhídís le cloisteáil ag gach ócáid a mbeadh daoine bailithe le chéile ann ar nós lá aonaigh, margaí, cluichí peile agus iománaíochta agus mar sin de.
mura bhfuil agat ach pocaide gabhair bí i lár an aonaigh put your best foot forward
" Shílfeá gur chum gúrú caidreamh poiblí éigin an seanfhocal úd ‘mura bhfuil agat ach pocaide gabhair bí i lár an aonaigh’ go speisialta do na meáin Ghaeilge.
mná a chur i lár an aonaigh to put women into the centre of the action
" Tá sé sin fíor ach go háirithe ó thuaidh, áit a ndearnadh cúpla iarracht mná a chur i lár an aonaigh De réir ailt ar an Belfast Telegraph, ní thabharfadh 60% de mhná an tuaiscirt vóta d’aon cheann de na páiritithe polaitíochta ó thuaidh.
Aonach Urmhumhan Nenagh
" Ba é an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin an t-aoichainteoir a d’oscail Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite in Aonach Urmhumhan.
Jeaic an Aonaigh the Union Jack
" Ní beag an líon Astrálach atá míshásta le Jeaic an Aonaigh in uachtar cúinne a mbrataí.