Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar an ábhar sin for that reason
" Ina theannta sin bhí áthas ar mhórán daoine gur bhuaigh Port Láirge Craobh na Mumhan tar éis ceathracha bliain nó mar sin agus, ar an ábhar sin, bliain mhaith iomána a bhí inti.
An bhfuil ábhar grinn ar bith againn? Have we anything to laugh at?
" An bhfuil ábhar grinn ar bith againn? Tá, ach is ar éigean é, ainneoin eisceachtaí suntasacha.
Ba ar an ábhar seo It was because of this
" Ba ar an ábhar seo a d’éirigh Steven Spielberg as a phost mar chomhairleoir ealaíon do na cluichí.
ar an ábhar on the matter
" " Tír gan Anam, Riamh! Ba pléisiúr domsa léacht an Ollaimh Daniel Cassidy a chloisteáil ag coláiste Oideas Gael arú anuraidh agus é ag caint faoin sórt 'Béarla ' a bhí acu i Nua-Eabhrac agus an leabhar a scríobh sé ar an ábhar sin :"*How the Irish Invented Slang*.
ar an ábhar pertaining to it
" Ba sa *Sunday Independent* a bhí an t-alt ba mhaslaí ar an ábhar ó pheann Donal Lynch ar an 21 Meitheamh: “*Call a government department and try to get an answer in Gaeilge and hear the stutters of confusion.
ar an ábhar because
" org/wiki/An_Gorta_M%C3%B3r) D’athraigh sé sin an tír ó bhonn ar an ábhar gur chailleamar mórán daoine den ocras, d’aicíd agus den imirce.
ar an ábhar because
" Chuir mé suim sa dá alt ar an ábhar go raibh cuid mhaith d’éirim an dá alt ag teacht le mo thuairim féin faoin bpeil Ghaelach.
ar an ábhar sin for that reason
" Ní le hábhar scannáin a thabhairt do dhaoine, ní le go mbeadh lucht staire ag plé an raibh an Piarsach ciotach nó an raibh sé deasach – ní ar an ábhar sin atá stát againn.
ar an ábhar because
" **CMS: Cad é an chéad chomórtas a bhuaigh tú agus cá raibh sé ar bun?** KT: Níor bhuaigh mé Craobhchomórtas Náisiúnta riamh ar an ábhar nach raibh aon chéile comhraic le fáil in Éirinn.
chur an t-ábhar ar fáil supplying the material
" Agus ar ndóigh, bhí na cumadóirí ann ar nós Tom a’ tSeoighe, Ciarán Ó Fatharta agus Seán Cheoinín a chur an t-ábhar ar fáil.
ar an ábhar for the reason
" Dá mba chathair bheag nó baile mór 100,000, nó baile beag fiú amháin, abair 20,000 duine, ár linne féin a bheadh i gceist, níor cheart a shuíomh le taobh cósta ar an ábhar nach féidir taisteal isteach is amach ann 360° céim den chompas.
ar an ábhar sin for that reason
" Measann go leor daoine gur ar an ábhar sin a chuir a pháirtí, Páirtí na nOibrithe, iarrthóir nach bhfuil aghaidh dá cuid féin aici chun tosaigh – Rousseff.
ar an ábhar by reason of the fact
" Aon duine a chonaic na himreoirí thuasluaite ag imirt (níl Jackie Carey feicthe ag mórán ar an ábhar go mbaineann sé le ré réamhtheilifíse, idir 1936 agus 1947), is iondúil gurb é John Giles a rogha.
ar an ábhar because
" Chuir mé suim sa tionscadal seo ar an ábhar go mb’fhéidir go bhféadfadh an t-aireagán nua seo anailís a dhéanamh chomh maith céanna ar luascadh an chamáin agus ar an mbuille a tharraingítear ar an sliotar.
ar an ábhar because
" com/alerts*, ba chóir go bhfaigheadh tú foláirimh ar an ábhar gur spéis leat ó *Quora* leis.
ar an ábhar because
" Tarlaíonn seo ar an ábhar nach bhfuil dhá fhuaim éagsúla sa tSeapáinis do R agus L agus is doiligh mar sin, don chainteoir Seapánaise an dá fhuaim a chluinstean, a dhealú lena chéile ná a fhuaimniú.
ar an ábhar on the matter
" Mar fhocal scoir ar an ábhar, rinne sé bagairt mar seo a leanas: ní mór aghaidh a thabhairt ar aon chliseadh ar dhílseacht do rialacha na heagraíochta agus níl ach réiteach amháin ar an gceist agus is é sin tacaíocht airgeadais a choinneáil siar ó chontaetha a sháraíonn rialacha an amaitéarachais.
Ar an ábhar sin for that reason
" Ar an ábhar sin, tá an baol ann go dtiocfadh dúire ar an teanga.
Ar an ábhar sin for that reason
" Ar an ábhar sin, thug mé faoi deara nach bhfuil biseach ar bith ar Sliabh Liag ón Samhradh anuraidh.
trácht ar an ábhar mention the matter
" Phostáil Geller sraith de phostanna gríosaitheacha faoi Mhoslamaigh san Iorua ar “Atlas Shrugged,” áit a ndéanadh Breivik trácht ar an ábhar go minic.
filleadh ar an ábhar to revisit the matter
" Cé go bhfuil sé pléite cheana agam is dóigh liom gur ceart filleadh ar an ábhar toisc é bheith chomh tromchúiseach sin agus go bhféadfadh sé an CLG a athrú ó bhonn ag brath ar an gcinneadh nó ar na cinntí a ghlacann baill na heagraíochta sna míonna agus sna blianta atá le teacht.
Ar an ábhar sin for that reason
" I léacht a thug sé i gColáiste na Tríonóide ar na mallaibh, léirigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, amhras áirithe faoi cé chomh dáiríre is atá an próiseas maidir le leasú an Achta: “An dtapóidh muid, mar stát, an deis stairiúil seo nó ar mugadh magadh, cleasaíocht agus cur i gcéill a bheidh i gceist leis?” Ar an ábhar sin, is cúis díomá é nach bhfuil aon chinneadh déanta ag an Roinn maidir le moladh stuama a tháinig ó shaineolaí idirnáisiúnta ar phleanáil teanga faoin dóigh a chuirfí na haighneachtaí seo i dtoll a chéile.
dul i mbun taighde ar an ábhar to do research on the matter
" ”* Bealach Amháin nó Bealach Eile =========== Sé an freagra simplí ar cheist an Chathaoirligh ná gurb é an comhlacht comhairleoireachta Mazars a mhol an tsamhail tar éis don Fhoras iad a choimisiúnú le dul i mbun taighde ar an ábhar.
ar an ábhar because
" Shílfeá go mbeadh an riail mar a bhí i bhfad níos éasca a chur i bhfeidhm i gcás na peile ar an ábhar go bhfuil liathróid mhór, fheiceálach i gceist, go mbíonn imreoirí agus liathróid ag taisteal achair níos giorra agus ar luas níos moille ná mar a bhíonn san iomáint agus go mbeadh deis níos fearr ag an gcúigear maor a bhíonn gar don chúl suíomh na n-imreoirí i limistéir na ‘cearnóige’ bige a fheiceáil.
an t-ábhar a chíoradh ar mhodh discuss the matter in a way
" "Le deireadh na trioblóidí sa Tuaisceart, is féidir linn an t-ábhar a chíoradh ar mhodh nach bhfuil chomh teasaí ná chomh contúirteach," a dúirt sí linn.
ar an ábhar about the matter
" Agus í ag caint ar an ábhar, dúirt Frances Fitzgerald, An tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, “is féidir le maistíneacht tionchar uafásach agus creimeach a imirt ar ár gcuid páistí agus ar dhaoine óga, ar a bhféinmhuinín, a bhféinmheas, a sláinte intinne.
ar an ábhar because
" Thabharfadh go leor daoine ‘seó gnó’ seachas ‘féile’ ar na cluichí samhraidh ar an ábhar go mbíonn tionchar nach beag ag cúrsaí gnó, airgead agus gnóthaí polaitíochta orthu.
ar an ábhar seo in the matter of
" Mífhoighid Faoi Dheireadh =========== Ach caithfimid bogadh chun tosaigh seacht mí eile sula seoltar ríomhphost giorraisc chuig an Roinn ar an ábhar seo: “An bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir leis an Scéim a aontú leis an Oifig?” Trí mhí ina dhiaidh sin agus is léir go bhfuil mífhoighid ag teacht ar Oifig an Ombudsman faoin easpa dul chun cinn: “Mar is eol duit, sheolamar dréachtchóip dár dara scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla chun na Roinne ar an 14 Nollaig 2008; agus chuireamar cóip leasaithe chun na Roinne ar an 13 Aibreán 2010 tar éis dúinn bualadh leat agus an chéad dréacht a phlé leat.
léiríonn gach pobalbhreith ar an ábhar all polls taken on the subject show
" Fuarchúis an Phobail ========= Cé go bhfuil ceist na mbád neamhúdaraithe ina chnámh spairne idir na páirtithe polaitiúla, léiríonn gach pobalbhreith ar an ábhar go bhfuil bunáite mhuintir na hAstráile patuar faoin gceist.
ar an ábhar seo about this matter
" Seo é an dara leabhar ar an ábhar seo a foilsíodh le deich bliana anuas.
ar an ábhar gur shatail because (he) stomped
" Cárta buí agus deich nóiméad i mbosca na bpeacaí a bhí i gceist ar an ábhar gur shatail an Drisceolach lena bhróig ar imreoir de chuid na hIodáile a bhí sínte ar an talamh.
cheistigh mé í ar an ábhar sin go díreach I quizzed her on that matter exactly
" Polannais a labhróidh sí leis an naíonán sin, mar cheistigh mé í ar an ábhar sin go díreach thart ar sé bliain ó shin agus d’fhreagair sí amhlaidh mé, go diongbháilte.
ag brath ar an ábhar depending on the subject
" Don chuid is mó anois, is ar líne nó thar r-phost a sheoltar isteach aistí ach, ag brath ar an ábhar, beidh gach seans go mbeidh clódóir uait.
sraith altanna ar an ábhar seo a series of articles on the matter
" I mBéarla atá sé - cé gur scríobh mé sraith altanna ar an ábhar seo do Beo.
sula ndéarfadh sí tada eile ar an ábhar before she’d make any other comment on the matter
" Aire na Leanaí, Frances Fitzgerald ================ Dúirt Aire na Leanaí, Frances Fitzgerald, le Coiste Sláinte an Oireachtais ag an am go bhfanfadh sí go dtí go mbeadh athbhreithniú déanta ag an Gharda Síochána ar na líomhaintí atá déanta in aghaidh Dhomhnall Uí Lubhlaí sula ndéarfadh sí tada eile ar an ábhar.
ag caint ar an ábhar talking about it
" ach tá an chuma ar an scéal ó chuile dhuine ar labhair mise leo nach bhfuil tada tarlaithe sa sé mhí sin agus go bhfuil súil ag daoine go bhfaighfidh an scéal seo bás mar a déarfá; nach leanfaidh daoine a bheith ag caint ar an ábhar agus ag brú na ceisteanna seo.
Ar an ábhar for the reason
" Ar an ábhar nach bhfuil bealach ar bith le bheith go hiomlán cinnte cé acu iarsmaí Naomh Peadar atá ann b’fhéidir sa deireadh thiar thall gur ceist chreidimh é seo.
ar an ábhar seo for this reason
" ly/ReamhraInrochtanaGreasain> Ina réamhrá ar an ábhar seo luaitear nach iad muintir na héalainge amháin gur fiú leo gréasán inrochtana: cabhródh sé go mór leo siúd atá in áit le rochtain idirlíon mall nó a bhfuil míchumas sealadach orthu: lámh bhriste nó a leithéid.
ar an ábhar seo about this matter
" Gheobhaidh tú tuilleadh nodanna uaim ar an ábhar seo in alt a scríobh mé anuraidh.
ar an ábhar for (the reason)
" Siar sa bhliain 2003 ghabh baill de chuid an PSNI buachaill 12 bliain d'aois, Garvan Brown, i gcathair Dhoire ar an ábhar gur i nGaeilge a labhair sé nuair a chuireadar ceist air.
ar an ábhar gur uaidh because it is from there
" Tá sibhialtacht an iarthair go mór faoi chomaoin ag cultúr na Gréige ar an ábhar gur uaidh a tháinig daonlathas, an eolaíocht, ealaín, ailtireacht chomh maith leis na Cluichí Oilimpeacha.
chuig cruinnithe ar an ábhar seo to a meeting on the matter
" Agus é ag dul isteach chuig cruinnithe ar an ábhar seo, bhí miongháire le feiceáil ar bhéal Vladimir Putin.
ar an ábhar reason being, because
" Bhí Eugene Mac Aoidh, iarbhainisteoir peile Uíbh Fháillí agus iriseoir, in aghaidh an mhargaidh ar an ábhar gur shíl sé nach mbeadh cuid den seandream a chaith a saol ag saothrú ar son an CLG in ann cluichí áirithe a fheiceáil toisc nach raibh Sky TV acu agus nach mbeadh sé acu toisc nach mbíonn uathu san ach na cluichí Gaelacha a fheiceáil.
ar an ábhar sin for that reason
" Scríobh mé cheana faoi seo ach is leor a rá ag an bpointe seo nach foireann amháin a bhí ag Ciarraí idir '75 agus '86 ach trí nó ceithre cinn éagsúla agus ar an ábhar sin gur dóigh gurbh iad Ciarraí an contae ab fhearr thar tréimhse fhada.
ag teacht salach ar an ábhar falling foul as to the material
" ie, a sheolfar san fhómhar, ag teacht salach ar an ábhar atá ar fáil in Beo.
go leor plé ar an ábhar seo plenty of discussion on this matter
" Bhí go leor plé ar an ábhar seo le déanaí le linn Chorn na Cruinne sa sacar nuair a bhí tráchtairí agus lucht scagtha ag iarraidh teacht ar mhíniú ar dhrochthorthaí fhoireann Shasana agus fhoireann na Brasaíle go háirithe.
Chuir leabhar ar an ábhar iontas ar a book on the matter amazed
" Chuir leabhar ar an ábhar iontas ar Robert McMillen.