Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar an ghannchuid in straitened circumstances
" " Bhí siopa ag a mhuintir nuair a bhí Abdullahi ina ghasúr, rud a chiallaigh nach raibh siad ar an ghannchuid.
ar an ghannchuid in straitened cirumstances
" Murach an obair pháirtaimseartha atá ar fáil i dtionscal na hiascaireachta sna Cealla Beaga agus ag Earagal Éisc i Mín an Aoire, bheadh Cill Chartha agus na paróistí buailte leis ar an ghannchuid ó thaobh oibre.
ar an ghannchuid financially strapped
" Chabhraigh sé leis an Aontacht an t-airgead a bhailiú leis an Chogadh Cathartha a bhuachan, ag am a bhí siad ar an ghannchuid.
ar an ghannchuid hard-up
" "Is furasta dó sin bheith ag gearán nuair nach raibh sé féin riamh ar an ghannchuid, agus nach mbeidh.
atá ar an ghannchuid who have very little
" Triúr creatúr atá ar an ghannchuid ó thaobh mhaoin agus earraí an tsaoil seo de atá mar phríomhcharachtair ann.
ar an ghannchuid lacking
" An príomhdhúshlán atá romhainn, a chinntiú go dtabharfar aire don té atá ar an ghannchuid, bíodh sé óg nó sean.
ar an ghannchuid in need
" 4% á mholadh go náisiúnta! An sliocht as tuairisc Choiste na gCiorraithe a tugadh ag tosach an ailt seo thuas, tugann sé le fios go bhfuil an t-airgead a chaitear ar scéimeanna sa Ghaeltacht á thógáil amach as cistí airgid dóibh siúd ‘atá ar an ghannchuid’.
ar an ghannchuid on peanuts
" Is léir nach bhfuil pobal labhartha na Gàidhlige ag maireachtáil ach ar an ghannchuid le hais na suáilcí atá ag pobalteanga na Gaeilge.
ar an ghannchuid in want
" Nach iontach é go dtiocfaidh na slóite síoraí amach ar na sráideanna lena bhféiniúlacht chultúir a léiriú, ach arbh’fhearr leo a bheith ag breathnú ar Neighbours ar an teilifís ná léirsiú in éadan na gciorruithe seo a fhágfaidh na slóite ar an ghannchuid.
ar an ghannchuid missing
" 
Bhí an daonnacht seo agus an dáimh le daoine ar an ghannchuid ina chroí istigh sular fhoghlaim sé faoi na teoiricí polaitíochta a bhí taobh thiar den chur chuige a chleacht sé ó shin.
ar an ghannchuid in want
" Bhí mé ag ullmhú an aithisc sin le tamall maith anois – leathuair an chloig, ar a laghad – agus bhí a fhios agam go n-éireodh liom an bua a fháil ar Sarcastic feckin’ Sarkozy agus an drong sin a bhí ag iarraidh na Paddies a choinneáil ar an ghannchuid agus ar an feckin’ trá fholamh.
ar an ghannchuid in straitened circumstances
" D’fhág sin go raibh os cionn 30 post foirne ar fud na Gaeltachta le himeacht agus suas le 100 duine eile ar an ghannchuid a bhí ag baint sochar as scéimeanna a bhí faoi stiúir MFG.
maireachtáil ar an ghannchuid surviving on next to nothing
" Má bhí gean agus grá ag daoine dá gcuid páistí, ba bheag an mhaith iad dá mbeadh ar an pháiste obair go dian seachtó uair sa tseachtain i monarcha chontúirteach, siúl ar scoil costarnocht, nó maireachtáil ar an ghannchuid.