Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go bhfeidhmeoidh an chomhairle nua ar nós an Star Chamber that the new council would function like the Star Chamber
" Ach más rud é go bhfágtar faoin rialtas baill na comhairle preas nua a cheapadh, gach seans go bhfeidhmeoidh an chomhairle nua ar nós an Star Chamber.
de réir an phobalmheasa seo ar aon nós according to this opinion poll at least
" Moladh an Aire ======= Nuair a mhol an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, John O'Donoghue, go raibh sé in am ag an CLG sacar agus rugbaí a cheadú isteach i bPáirc an Chrócaigh, bhí sé, de réir an phobalmheasa seo ar aon nós, ag caint thar cionn an chuid is mó de dhaonra an stáit seo.
An réitíonn saol na cathrach le bean tuaithe ar nós thú féin? Does city life agree with a country woman like yourself?
" Ní dochar ar bith é do chuile Éireannach “printíseacht” a dhéanamh san ardchathair! AÓF: Agus an dtaitníonn Baile Átha Cliath leat? An réitíonn saol na cathrach le bean tuaithe ar nós thú féin? RNicD: Réitíonn faoi láthair ar aon nós cé nach bhfuil sé chomh héasca céanna aithne a chur ar dhaoine ann is atá sé amuigh faoin tuath.
ar nós thromlach an daonra! like the majority of the population!
" Cad faoi nithe pearsanta? Bhuel, ba bhreá liom mo chaighdeán aclaíochta a ardú go suntasach – ar nós thromlach an daonra! Roinnt meáchain a chailliúint, éirí as caife a ól, ceithre lítear uisce a ól gach lá agus díriú ar bhia níos folláine ar nós torthaí agus glasraí.
ar nós an tsaighdiúra Ghréagaigh like the Greek soldier
" Maratón atá ann i ndáiríre – táimid ar nós an tsaighdiúra Ghréagaigh Pheidippides, a seoladh ó bhaile Maratón go dtí an Aithin le cur in iúl go raibh an bua faighte ar na Peirsigh i gcogadh Mharatóin.
ar nós an chomhcheoil like the harmony
" Dúras leis an innealtóir, Mark Gavin, go raibh mo smaoineamh féin ar nós an chomhcheoil ar "Come Together" leis na Beatles.
go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann. that he will be a talented sean-nós dancer
" Caithfidh duine a bheith tumtha sa traidisiún seo sa dóigh is go mbeidh bunbhrí nó eisint an traidisiúin ina fhéitheacha, nó sa dóigh is go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann.
Má thagann an Márta ar nós an leoin, if March comes in like a lion
"Má thagann an Márta ar nós an leoin, imeoidh sé ar nós na huaine, agus má thagann an Márta ar nós na huaine, imeoidh sé ar nós an leoin,” a deireadh na seandaoine, leithéidí iareagarthóir *Beo Ar Éigean*.
ar nós an diabhail like the devil
" Sínigh amháin, is cosúil, atá sa ghnó seo, agus déarfainn gur fhoghlaim siad a dtiomáint i sléibhte na Síne freisin - tiománann siad ar nós an diabhail! Tír Fuinidh – Luí na Gréine Ba ar an "Sunset" a bhí mo thriail - ceantar cónaithe ciúin ar chósta thiar na leithinse, agus dá réir sin an t-ainm, ar ndóigh.
ar nós an mhadaidh like a dog
" Agus ní chasfar orthu ag teacht aniar ach Céasar Éamonus féin ar a bhealach abhaile ó Chorr na Móna agus an Rabbi Gearódius Denvirorum agus an Scríobaire Fearghas Mac Lochlannorum agus duine nó beirt eile ag casadh thart ar nós an mhadaidh i ndiaidh a rubaill, ag iarraidh cuimhneamh ar an áit sa domhan Gaeltachta a dtáinig siad as.
ar nós an phréacháin like a crow
" An bhfuil sé ag éisteacht? Cad a chloiseann sé? An dtuigeann sé cad is ceol ann? An dtuigeann sé gurb é a dheaidí atá ag canadh - an gceapann sé go bhfuil a dheaidí ag canadh ar nós an phréacháin nó ar nós aingil!? Deirtear go dtagann éisteacht chuig leanbh san ochtú mí i mbroinn na máthar.
ar nós an fhíona mhaith like good wine
" Tá siad i mbarr a sláinte agus a n-aclaíochta i gcónaí agus más dada é is ag dul i bhfeabhas agus in aibíocht atá siad ar nós an fhíona mhaith, gan aon lagú ná maolú tagtha ar a gcuid imeartha ná ar a ndúil sa choimhlint agus sa bhua.
nósanna agus ar luachanna an phobail public values and practices
" Ar ndóigh, bíonn an dóigh a gcaitheann tuismitheoirí lena gcuid páistí ag brath ar nósanna agus ar luachanna an phobail fosta.
an amhránaíocht ar an sean-nós old style singing
" “Anuas air sin, tá beagnach 250 duine, idir óg agus aosta ag foghlaim uirlisí ceoil agus bíonn coirmeacha ceoil agus léiriúcháin de na healaíona traidisiúnta - an damhsa agus an amhránaíocht ar an sean-nós - sa Chultúrlann agus tá cumann fuinniúil óige bunaithe sa Chultúrlann” ar sé.
ar nós coirce roimh an speil like corn before the scythe
" Is ina dhiaidh sin, áfach, a thit an lug ar an lag ar fhoireann na hÉireann nuair a thosaigh imreoirí ag titim gortaithe ar nós coirce roimh an speil.
ar nós an scríbhneoir cáiliúil such as the famous writer
" Bhí Fine Gael, faoi thionchar an Language Freedom Movement ag an am, dream a bhí nimhneach in aghaidh na Gaeilge ar an gcuid is mó acu, cé go raibh corrdhuine páirteach leo nach bhféadfaí sin a chur ina leith ar nós an scríbhneoir cáiliúil ó Lios Tuathail, John B.
an amhránaíocht ar an sean-nós traditional singing
" Ní rómhinic a shamhlaítear cultúr na Gaeilge, nó an “Gaelachas”, le fochultúir na homaighneasachta, agus shílfí gurbh as riocht a bheadh an amhránaíocht ar an sean-nós, cuirim i gcás, dá gcloisfí é i dteach tábhairne aerach i mBaile Átha Cliath.
ar an sean-nós old style
" Gan Bunchleite Isteach ná Barrchleite Amach ======================= Teach ósta ar an sean-nós a bhí sa Feathers.
ar nós an chomhionannais like equality
" Fíorluach na hOla ======= De réir Browne is fearr d’Albain dul i ngleic le fadhbanna ar nós an chomhionannais má tá sí ina chuid de thír atá níos mó.
ar an nós agus ar na deacrachtaí the habit and the problems
" Breathnaíonn Niamh Ní Shúilleabháin ar an nós agus ar na deacrachtaí a bhaineann leis an iompar frithshóisialta ar líne.