Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar bior on a spit
" Hó, *bloody*, hó!” “Bhail, a Kebab,” a dúirt Balor, agus é ag caitheamh a shúil nimhe ar a raibh i láthair, “má shíleann tú go bhfuil na *ultra violet rays *contúirteach, gheobhaidh tú amach gan mhoill go bhfuil na GAMA rays níos contúirtí go mór! Hó, bloody, hó!” Bhí an bheirt bhleaistéirí ag baint sú as *barbecue *samhraidh Bhertie Bhig agus Mháire Mhóir i dTigh Fagan i nDroim Conrach, áit a raibh trí thréad beithíoch ar bior agus trí chéad galún pórtair sa bhairille mar cheiliúradh ar thús tréimhse eile laethanta saoire.
ar bior on a spit
" Cheangail na Rómhánaigh ar bior é agus lasadh tine faoi.
bior ealaíonta ar leith a particular artistic edge
" D’ól sé sé channa sa lá ar feadh 18 mbliana agus nuair a bhí an 39,000ú canna beorach ólta aige, bhí an teach tógtha aige! Ach tá bior ealaíonta ar leith ar thogra Frank Buckley.
ar bior sharpened
" Nuair a thagaim abhaile ní chodlaím néal: tá mo chéadfaí ar fad, mo chluasa ach go háirithe, ar bior: cloisim fuaimeanna nár thug mé suntas dóibh cheana.
an dá shúil ar bior ina cheann his two eyes intent
" ” Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.
bior nimhe ar shúile hatefully
" Cad ina thaobh a d'fhiafraíos díobh; bhí bior nimhe ar shúile an fhir bheáir ag féachaint orainn - de thoradh na Gaeilge dar leo.