Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chor coise a chur ar dhuine to trip someone
" I measc na rialacha bhí an méid seo: an pháirc a bheith 150 slat ar fhad; cosc ar bhrú, ar tharraingt agus ar chor coise a chur ar dhuine; b'ionann cúl agus an liathróid a thiomáint faoin trasnán sa chúl; níor cheadmhach an camán a úsáid ach amháin chun an liathróid (ní raibh tagairt do "shliotar") a bhualadh nó a imirt agus chun go bhféadfadh an t-imreoir é féin a chosaint.
nach bhfuil go maith as ar chor ar bith that are not well off at all
" Tá cathracha agus bailte in áiteanna eile sa tír nach bhfuil go maith as ar chor ar bith, agus atá fós ag iarraidh teacht chucu féin i ndiaidh dheireadh ré an Chumannachais.
Cad a bhí ar bun aige in aon chor? What was he up to at all?
" Cad a bhí ar bun aige in aon chor? Thóg sé tamall fada orm oibriú amach cad a bhí feicthe agam.
ní chuireann sin as dom ar chor ar bith that doesn't bother me at all
" De dheasca bheith chomh gnóthach le hobair an choláiste samhraidh, níl an spórt chomh lárnach i mo shaol ó lá go lá is a bhíonn de ghnáth agus, le fírinne, ní chuireann sin as dom ar chor ar bith.
i dtaithí ar an chor nua seo sa tsaol, used to this new turn of events
" Is dócha nach raibh siad i dtaithí ar an chor nua seo sa tsaol, go raibh daoine ag teacht isteach chucu ó aicmí eile den phobal agus cuid acu fuair siad sin deacair go leor a láimhseáil.
go n-eagraítear ar chor ar bith anois é, that it is organised now at all,
" Ach thit stádas Chorn an Oireachtais an-sciobtha trí na 1980í, faraor, agus ní heol dom go n-eagraítear ar chor ar bith anois é, ach bhí an-mheas ar fad air blianta ó shin.
is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, little attention would be paid at all to violence with guns in America,
" Gan na heachtraí seo, is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, ach is uafásach iad na staitisticí, agus is iontach an méid daoine i Meiriceá a bhfuil gunnaí dulta i bhfeidhm orthu ar shlí amháin nó ar shlí eile.
sular tharla an bhuamáil ar chor ar bith before the bombing happened at all
" Bhí tuairimí eile ann, áfach, go raibh Picasso gafa leis na siombailí teibí a d’úsáid sé sa phictiúr sular tharla an bhuamáil ar chor ar bith agus nach freagairt “mhacánta” ar an lá a bhí ann ach deis do Picasso é féin a shásamh.
ar chor ar bith. at all.
" Chinn sé go luath go mbeadh sé ina shár-rachmasaí dá mbeadh sé chun a bheith ina rachmasaí ar chor ar bith.
shílfeá nach aisteoireacht a bhí ar siúl acu ar chor ar bith. you would think that they weren't acting at all
" Tá rud éigin ar leith le brath idir na príomhcharachtair sa scannán seo - shílfeá nach aisteoireacht a bhí ar siúl acu ar chor ar bith.
níl rudaí áirithe i ndiaidh athrú ar chor ar bith. some things haven't changed at all
" Ba sa bhliain 1992 a d’fhág mise, ach níl rudaí áirithe i ndiaidh athrú ar chor ar bith.
ar chor ar bith at all
" Íoctar a leithéid ar scrúdú i ngaráiste, gan aon bhall den charr a chóiriú ar chor ar bith chor ar bith! Coinnigh an t-airgead sin in do phóca.
ar chor ar bith at all
" Bhí an páirtí mar a bhí long a mbeadh poll ann faoi líne an uisce ach hiarradh orm seasamh agus mheas mé gur fearr guth a thabhairt do na daoine seo taobh istigh den pháirtí in áit gan guth bheith acu ar chor ar bith,” arsa an Críostaí athbheirthe.
nach luíonn leis an timpeallacht ar chor ar bith that don't fit in with the surroundings at all
" Is mór an trua go bhfuil go leor de na tithe seo nach luíonn leis an timpeallacht ar chor ar bith.
ar chor ar bith at all
" agus ní fhaca muid iad ar chor ar bith i rith an lae mar gheall ar an cheo chaochbhán thuas.
ar chor ar bith at all
" Go deimhin, is ábhar spéise an méid saothair chriticiúla a chíorann litríocht na hÉireann sa naoú haois déag agus san fhichiú haois agus nach dtagraíonn don Ghaeilge ar chor ar bith.
ar chor ar bith at all
" Níor luaigh sé May Mac Ránais ar chor ar bith, a múinteoir Gaeilge pearsanta a bhíonn ag briseadh a thóna ó cheann ceanna na bliana ag iarraidh cur leis an chúpla focal atá aici, in ainneoin na leithscéalta ar fad a bhíonn aici faoin obair bhaile gan a bheith déanta: cruinniú leis an Phápa; dinnéar le hAngela Merkel; lón le Nicolas Sarkozy… May bocht! Nach diabhalta an jab atá aige! Folúsghlanadh Tóna =========== Daoine eile a mbíonn jab deacair acu ná glantóirí na seomraí sna tithe ósta a mbíonn boic mhóra áirithe ag fanacht iontu.
lag ar chor ar bith weak at all
" Tugaim an freagra coitianta air agus deirim nach bhfuil a chuid Béarla lag ar chor ar bith agus go bhfuil sé i bhfad níos fearr ná mo chuid Sínise, sin í an fhirinne gan amhras.
ar chor ar bith at all
" Chonacthas don lánúin go bhfanann fear na Polainne i mbun na feirge agus an mhíshásaimh agus ní théann i muinín an ghrinn ar chor ar bith, in am ar bith, dá fhaide an comhrá.
ar chor ar bith at all
" Ar an Alliance a cuireadh an locht uilig (ainneoin go raibh Sinn Féin ag iarraidh nach gcrochfaí an bhratach ar chor ar bith) ach *“easy targets”* a bhí i bpáirtí an Chomhaontais.
ar chor ar bith at all
" Mar a tharlaíonn ní fíorscéal a bhí ann ón Daily Mail ar chor ar bith, ach mhúscail sé ceist spéisiúil atá cíortha agam i gcás na líonraí sóisialta i gcoitinne anseo cheana: cé leis d’ábhar digiteach i ndiaidh do bháis? Sea, ábhar iontach do mhí Eanáir! De réir scéal an Daily Mail bhí Willis ag tabhairt dúshláin Apple faoin gclásal ina dtéarmaí is coinníollacha a léiríonn go n-éagann úinéireacht do chuid ábhair leo.
nár pléadh ar chor ar bith not discussed at all
" Ceist amháin nár pléadh ar chor ar bith i rith na tréimhse sin ná cén bunús stairiúil a bhí leis an gcóras institiúideach sin a fuair greim docht ar aigne na hÉireann.
ní hionann ar chor ar bith is completely dissimilar to
" Laoch is ea í do mhuintir Learphoill, ní hionann ar chor ar bith is Thatcher - bhí an brat ar barr crainn ag Halla na Cathrach ar lá a sochraide agus bhí cóisir mhór ar ardchlár St Georges sa chathair.
sular tháinig mé ar chor ar bith before I arrived at all
" Ach bhí an cinneadh déanta acu sular tháinig mé ar chor ar bith.
ar chor ar bith at all
" B’fhiú dóibh fosta a bheith ag éisteacht nuair a fuarthas amach nach fiche milliún a bheadh le sábháil ar chor ar bith dá gcuirfí an Seanad ar scor, ach méid i bhfad níos lú go mór.
ar chor ar bith at all
" Mar a bheifeá ag súil, bhí conspóid ann maidir leis na híarsmaí a nochtadh, go háirithe nuair nár dheimhnigh aon phontaif riamh gur fíorchnámha an Naoimh a bhí iontu agus go gcreideann roinnt den lucht seandála go fóill nach mbaineann siad le Peadar ar chor ar bith.
níl siad ag tíocht ar chor ar bith leis they don’t agree at all with
" Ach an bhfuil aon bhunús leis na figiúirí seo? Ba bhreá liom a fháil amach ó Uinsionn agus ó Aodh, cé as a bhfuair siad an na figiúirí scantrúla seo, mar níl siad ag tíocht ar chor ar bith leis na praghasanna atá ag clódóirí i láthair na huaire! (Is cosúil gur thart ar €1 an chóip a bheadh ar nuachtán 28 lth.
Ní saol éasca é ar chor ar bith it’s not an easy life at all
" : Ní saol éasca é ar chor ar bith, go háirithe agus tú ag tosú ar an mbóthar i dtús báire.
róshean ar chor ar bith not so very old at all
" Ó Ré Nua na Cloiche atá na hulacha moghlaeracha seo, agus mar sin, ó thaobh na staire de, níl siad róshean ar chor ar bith ! Tá uirlis, lámhdéanta as breochloich idir 300,000 agus 400,000 bliain roimh Chríost, b’fhéidir, in Ard-Iarsmalann na hÉireann, ach de réir lucht saineolais ansin snoíodh í in áit éigin eile agus ba é an oighearchlúid a leag síos ina dhiaidh sin í gar do chósta na hÉireann.
Ní gá cadhnra a chur leis ar chor ar bith there’s no need to put a battery to it
" Ní gá cadhnra a chur leis ar chor ar bith agus geallann an chomhlacht go gcuirfidh siad ceann in ionad gach cinn tar éis bliana.
ar chor ar bith at all
" I mí Meán Fómhair, nuair a bheidh reifreann in Albain, beidh cuid den Riocht Aontaithe ag freagairt na ceiste ar chóir fanacht sa pholaití úd ar chor ar bith.
nach bhfuil ar eolas againn ar chor ar bith which we don’t know about at all
" Tá níos mó ná míle satailít i bhfithis timpeall an domhain, agus tá trealamh éisteachta agus spiaireachta ag na tíortha móra nach bhfuil ar eolas againn ar chor ar bith.
ar chor ar bith at all
" Is í mo cheist, an duine ciúin thú féin, an ndéarfá?** NFarrell: Ní fear ciúin mé ar chor ar bith.