Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cruthaíodh cothrom ar an domhan seo muid uilig we were all created equal on this earth
" Cruthaíodh cothrom ar an domhan seo muid uilig, agus tá a pháirt féin ag achan duine.
an tríú trá is áille ar domhan the third most beautiful beach in the world
" De réir comórtais dhomhanda, is í seo an tríú trá is áille ar domhan.
a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach to make out its location on the surface of the earth
" Ón difríocht ama idir na comharthaí sin, bíonn an glacadóir ábalta a fhad ó na satailítí a ríomh agus, uaidh sin, a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach.
iontach domhain ar fad very deep indeed
" Bhí amhráin an cheantair seo ag croílár mo *repertoire *i gcónaí agus de réir mar a rinne mé taighde, dom féin ag an tús, b'fhacthas dom go raibh an tobar iontach domhain ar fad.
ag na láithreáin is clúití ar domhan at the most famous sites in the world
" Ní bhíonn aon sluaite ag na láithreáin is clúití ar domhan - Petra mar shampla - agus bíonn rátaí an-réasúnta le fáil sna hóstáin is fearr.
an chartlann mionteanga is mó ar domhan the biggest minority language archive in the world
" Is ag RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin atá an chartlann mionteanga is mó ar domhan.
is ansa liom ar domhan that I like most in the world
" Ansin tosaíonn an tÍocharán ag caint) A Bhaloir, a iriseoir is ansa liom ar domhan, is mór an meas atá ag léitheoirí na cruinne ort féin agus ar do scríbhinní, ar do dheisbhéalachas agus ar do dhiongbháilteacht leis na ceisteanna crua; agus os rud é gur chuir tú an cheist chomh deaslabhartha agus chomh múinte sin, déanfaidh mé í a fhreagairt: na crúibíní! Sin freagra do cheiste! Ar mhaithe leis na crúibíní a tháinig mé anseo.
ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain paying attention to the World Cup in soccer
" B'fhéidir go mbíonn níos mó daoine ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain, ach is cinnte gur ag na Cluichí Oilimpeacha atá an t-aicsean, an dráma, an t-iontas agus an éagsúlacht is mó maidir le cúrsaí spóirt.
na taiscí ola is iargúlta ar domhan the most remote oil deposit in the world
" Ag an am dúradh go mbeadh na hollchomhlachtaí nua sin in ann na taiscí ola is iargúlta ar domhan a thochailt.
leis an fhear is cumhachtaí ar domhan a cheiliúradh to celebrate the most powerful man on the planet
" Tá baol ann, fiú i gcás cruinniú trí lá atá ann ar mhaithe leis an fhear is cumhachtaí ar domhan a cheiliúradh, go gcaillfear é i measc na broide go léir.
an traein is tapúla ar domhan the fastest train in the world
" Thug mé é seo faoi deara nuair a thóg mé an *MagLev* - an traein is tapúla ar domhan - ó Aerfort PuDong isteach go Shanghai.
ar chlár an domhain on the surface of the earth
" “Áit ar bith ar chlár an domhain seo seachas an Tuirc,” a d’fhreagair Kebab le gáire mór garbhghlórach.
ina gcuraí ar an domhan world champions
" Scóráil Maradona 34 cúl i 91 cluiche idirnáisiúnta ag imirt don Airgintín agus murach é ní bheadh an Airgintín ina gcuraí ar an domhan i 1986.
den mhullach ba mhó ar domhan of the highest summit in the world
" Dá gcasfadh sé a chloigeann agus é a chlaonadh siar idir a ghuaillí bheadh lán a shúl aige den mhullach ba mhó ar domhan, é ag lonradh faoi sholas an mheán lae.
ar fud an domhain fhorbartha throughout the developed world
" Is léir go bhfuil an-suim ag daoine in Éirinn agus ar fud an domhain fhorbartha sa ghalf.
na galfairí is cáiliúla ar domhan the most famous golfers in the world
" Ar aon nós, d’fhreastail daoine ar chomórtas Chorn Ryder ina sluaite móra gach lá ó Mháirt go Domhnach agus is dóigh gurb é an fáth ba mhó ná chun an deis a thapú le ceithre dhuine is fiche de na galfairí is cáiliúla ar domhan a fheiceáil i mbun imeartha.
ar fud an domhain i dteangacha éagsúla. all over the world in various languages.
" Cad é a bhí ann ach an grianghraf thuasluaite den Storrúil agus “Slieve League” mar theideal air! Pictiúr ó Bhord Fáilte a bhí ann agus is dócha go bhfuil sé le feiceáil i dtreoirleabhair ar fud an domhain i dteangacha éagsúla.
ar son daoine ocracha an domhain. for the hungry people of the world.
" Tá mé ag máirseáil ar son daoine ocracha an domhain.
ceannaire na tíre is cumhachtaí ar domhan the leader of the most powerful country in the world
" Ó tharla gur thug ceannaire na tíre is cumhachtaí ar domhan (agus an tír is mó is cúis leis an fhadhb, más fíor d’iar-Leas Uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá, Al Gore, ina scannán *An Inconvenient Truth*) droim láimhe do Kyoto, cad is fiú do thír bheag cosúil linne tabhairt faoi chéimeanna le dul i ngleic le téamh domhanda? Deirtear nach bhfuil in iarrachtaí suaracha s’againne ach sop in áit na scuaibe i bhfianaise aschur gáis na hIndia agus na Síne.
na piongainí is lú ar domhan the smallest penguins in the world
" Ba é Melbourne an chathair is mó a thaitin liom san Astráil, é lán atmaisféir, carachtair agus staire – is féidir básdreach Ned Kelly a fheiceáil sa seanphríosún, mar shampla, agus na piongainí is lú ar domhan a fheiceáil ar Phillip Island.
ar tí dul isteach i ndomhan ait, about to enter another world,
" Agus mé i mbun comhrá léi, thuig mé go raibh mé ar tí dul isteach i ndomhan ait, áit nach raibh ciall ar bith ag baint le rudaí.
ag rásaíocht thart ar chathracha an domhain. racing around the cities of the world.
" Tá an dara bua ag an ghontacht fosta; cuireann sí le luas an scéil agus na n-imeachtaí, rud atá fóirsteanach nó baineann an scéal le carranna gasta agus iad ag rásaíocht thart ar chathracha an domhain.
Ba churiarracht é sin áit ar bith ar domhan, that would be a record anywhere in the world,
" Ba churiarracht é sin áit ar bith ar domhan, déarfainn, ach i gcás na hÉireann de is údar iontais é, ag cur san áireamh gur tír bheag le daonra beag í Éire.
is mó a chuaigh i gcion ar dhomhan na hiomána that made the biggest impression on the world of hurling,
" Ina theannta sin, nuair a bhuaigh Tiobraid Árann Craobh na Mumhan i 1987 tar éis 14 nó 15 de bhlianta gan í, d’fhógair a gcaptaen go raibh an gorta thart! Laethanta órga cinnte! Le filleadh ar na nóchaidí, ba iad Uíbh Fhailí agus an Clár na foirne is mó a chuaigh i gcion ar dhomhan na hiomána agus a spreag spéis san iomáint i measc daoine a bhí neodrach.
oiread airde ar chruachás theangacha an domhain. so much attention of the predicament of the languages of the world.
" “Bhainfinn pléisiúr as an turas agus tá go leor daoine anseo (san ionad) a bheadh an-sásta mé a fheiceáil ag imeacht ón áit!” Is léir gur duine righin é Michael Krauss, a deir an méid atá ar a intinn agus nach bhfuil scileanna taidhleoireachta rómhaith aige, ach murach an righne sin bheadh go leor de shaibhreas theangacha mionlaigh Alasca caillte faoin am seo agus ní bheadh oiread airde ar chruachás theangacha an domhain.
an fána is géire ar domhan the steepest slope in the world
" San áit sin, a d’ainmnigh inimircigh Albanacha, tá sráid, Baldwin Street, a bhfuil an fána is géire ar domhan aici, deirtear (luaitear í i sa *Guinness Book of Records*).
ar bharr an domhain on top of the world
" I níos mó ná bealach amháin, táim ar bharr an domhain anseo.
dallamullóg a chur ar thithe móra ceantála ar fud an domhain. deceiving big auction houses all over the world.
" Baineadh preab uafásach as saol na healaíne nuair a tháinig sé chun solais go raibh na caimiléirí ealaíne John Drewe agus John Myatt i ndiaidh na milliúin punt a dhéanamh as dallamullóg a chur ar thithe móra ceantála ar fud an domhain.
Léiriú ar thús an domhain A depiction of the beginning of the world
" Léiriú ar thús an domhain atá le feiceáil in ailtireacht na *maraes*.
ar fud an domhain. all over the world
" Tá laghdú 7 faoin gcéad tagtha ar an ráta dífhostaíochta ó 2004, tá líon na n-earraí a onnmhairítear ag méadú an t-am ar fad, tá an-chuid infheistíochta coigríche sa Pholainn agus tá na céadta milliún euro á gcur abhaile ag Polannaigh atá ag obair i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.
gur thaistil siad an domhan ar luamh, that they travelled the world by yacht,
" Níl mórán daoine sa saol seo ar féidir leo a rá gur thaistil siad an domhan ar luamh, agus ansin, tar éis dóibh filleadh óna gcuid eachtraíochta, go ndeachaigh siad leis an bpuipéadóireacht mar ghairm bheatha!Ach sin mar a tharla do Dharach.
saothair de chuid na n-ealaíontóirí ba mhó cáil ar domhan works by the most famous artists in the world
" Bhí sé mar chuspóir aige saothair de chuid na n-ealaíontóirí ba mhó cáil ar domhan ag an am – saothair de chuid na n-impriseanaithe, cuir i gcás – a chur ar fáil do phobal na cathrach agus na tíre.
sna meáin chumarsáide ar fud an domhain in the worldwide media
" Bhí Seán ann, agus sin an pictiúr a bhí sna meáin chumarsáide ar fud an domhain tar éis a bháis i mí an Mhárta 1988.
nach bhfuil a dhath eile ar domhan agat that you have nothing else in the world
" " Cuireann sé síos uirthi mar chomrádaí agus deir sé nach bhfuil a dhath eile ar domhan agat má chailleann tú do chomrádaí.
faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain about the way in which record companies are continually failing around the world
" Buaileann Rónán isteach agus labhraíonn an triúr againn faoi chúrsaí ceoil i gcoitinne – faoin gcéad singil a cheannaíomar, “Mull of Kintyre”, a bhí mar bhronntanas do mo sheanmháthair; faoin gcéad cheolchoirm ar fhreastalaíomar uirthi, Lark in the Park le U2 i 1978; faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain (le sé mhí anuas, cuir i gcás, tá laghdú cúig déag faoin gcéad i ndiaidh theacht ar mhargadh na gceirníní sna Stáit Aontaithe).
go bhfuil muintir na hAstráile ar an dara daonra is raimhre ar domhain. that Australians are the second fattest population in the world.
" Baineadh geit astu ní ba luaithe i mbliana nuair a foilsíodh tuarascáil a léirigh go bhfuil muintir na hAstráile ar an dara daonra is raimhre ar domhain.
as gach cearn ar domhan from every corner of the world
" Dhún roinnt de na carthanais cheana féin, agus tá Ollscoil Yeshiva ag tuisliú le cailliúintí $110 milliún, ach an fáth gurbh fhéidir leis an Uasal Madoff a bheith bainteach leatsa ná go raibh infheisteoirí aige as gach cearn ar domhan, ina measc, BNP Paribas, Banco Santander, agus Royal Bank of Scotland.
an domhan ar barr ithreach the world in complete strife
" Ní shásófar na nuachoimeádaigh go dtí go mbeidh an domhan ar barr ithreach le cogadh dearg idir Iarthar Domhain agus Ioslam, agus mura ndúise muintir Mheiriceá gan mhoill, beidh a leithéid ar bonn, faraor.
ar fud an domhain world wide
" Aithnítear Robert Capa mar ghrianghrafadóir a chuir a shaol i mbaol ag lorg grianghraf a rinne fíorchur síos ar bhrúidiúlacht agus laochas na cogaíochta ar fud an domhain.
ar domhan on earth
" Níl stiúrthóir scannáin ar domhan is fearr a thugann meas agus urraim don mbreathnóir sa tsaoirse is a bhronnann sé orainn.
aon ní ar domhan anything in the world
" Tá sé á rá i mbólaí áirithe, i gcogar sollúnta, go mb’fhéidir go mbeidh 2010 ar an mbliain is fearr riamh ag an saghas Gaeil nach bhfuil aon ní ar domhan is ansa leis ná a bheith ag cur as faoi cheist na teanga.
ar dhroim an domhain in the wide world
" Áirítear go bhfuil tuairim is 200 milliún duine ag cur fúthu i dtíortha nach a dtíortha dúchais iad sa lá atá inniu ann agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur beag tír ar dhroim an domhain nach bhfuil an imirce seo dulta i gcion air.
ag cur moille ar fhorbairt an domhain slowing up world development
" Bíonn ceardchumainn agus rialtais ag creimeadh na tíre, agus ag cur moille ar fhorbairt an domhain dar leis.
is Mó ar Domhan largest in the world
" An Uathphéist is Mó ar Domhan ============== Is breá le muintir na hAstráile ainmneacha a ghiorrú, agus –y, nó –ie, a chur leis an leagan giorraithe.
ar fud an domhain world wide
" Ceiliúrtar féile an Beaujolais Nouveau ar an tríú Déardaoin i mí na Samhna gach bliain, ní hamháin sa Fhrainc ach in os cionn céad tír ar fud an domhain.
ar fud an domhain world wide
" Bhí a chuid grianghraf le feiceáil tar éis na tubaiste ar phríomhleathanach na nuachtán ar fud an domhain.
is deise ar domhan nicest in the world
" Is dócha gurb é seo an codladh is deise ar domhan, an geimhriú a dhéanann an t-ainmhí, nuair a mhoillíonn buille an chroí agus na hanála chomh maith ar an mbolg lán agus greim bia in aice lapa fosta, ligfidh an t-ainmhí néal an gheimhridh as a cheann ar a sháimhín só! Deirtear go mbíonn sé an-deacair ainmhí mar seo a dhúiseacht.
ar fud an domhain world wide
" Má thógann tú cúrsaí creidimh ar fud an domhain, braitheann sé ar an áit a saolaítear duine, an creideamh a bheidh aige nó aici.
ar fud an domhain world wide
" Níl an tseirbhís sin ó *Facebook* ar fáil ar fud an domhain go fóill, ach tá seirbhís Quora i ngach cearn a bhfuil an t-idirlíon ar fáil.
ar fud an domhain world wide
" Tá leacht cuimhneacháin breá ar an uaigh anois, mar is laoch é Noonan do sóisialaithe i Learpholl agus ar fud an domhain.
is mó ar domhan largest world wide
" Ceann Scríbe ======== Bhí sé ina chlapsholas faoin am a shroicheamar Les Trois Vallées, an ceantar sciála is mó ar domhan más fíor don suíomh idirlín www.
ar fud an domhan world wide
" Déanann níos lú ná 20 tír ar fud an domhan é seo, ina measc An Iaráin, An Chóiré Thuaidh agus An tSiombáib.
ar domhan in the world
" Tá na duaiseanna atá bronnta ar an gcríoch seo, ar nós ‘An trá is áille i Queensland’ agus ‘An trá is éiceabháiche ar domhan’, tuillte go maith aici.
ar fud an domhain world wide
" Tá ealaíontóirí agus dánlanna ar fud an domhain ag múscailt feachtais le haird a tharraing ar a scéal agus i measc na suíomhanna éagsúla idirlín atá ag tacú leis, déanann an láithreán atá cruthaithe ag a chairde, freeaiweiwei.
is mó ar an domhan largest in the world
" Cohen ó Ollscoil Nua-Eabhrac go bhfuil géibheann Ai Weiwei mídhleathach fiú de réir dhlí na Síne féin, agus más féidir duine chomh cáiliúil leisean a ghabháil agus a chur faoi ghlas, cén chosaint atá ag an ghnáthshaoránach Síneach? Is díol suntais é gur osclaíodh an iarsmalann is mó ar an domhan i gCearnóg Tiananmen díreach sular gabhadh Ai Weiwei.
Churadh ar Domhan World Champion
" Sé throid a bhí ar chlár na hoíche agus ba é ‘Laoch an Iarthair’, Annraoi Mac Giolla Chomhaill (Henry Coyle), as Gaoth Sáile i Maigh Eo, a bhí sa chró don phríomhbhabhta ar chlár na hoíche agus é ag tabhairt aghaidh ar Elio Cotena as Napoli na hIodáile, féachaint cé acu a bheadh ina Churadh ar Domhan de chuid Fondúireacht Dornálaíochta an Domhain (WBF) sa mheánmheáchan éadrom.
ar an domhan cláir in the whole world
" Ar a laghad, bhí sí ábalta a cuid frustrachas, seanbhlas agus searbhas a chur in iúl i litir, ach an dream gan meas acu ar oideachas agus ar shaothar cóir, an dream atá ciniciúil faoin saol ar aon chuma, chruthaigh iompar na mbaincéirí agus an rialtais dóibh nach raibh duine ar bith macánta ar an domhan cláir agus gur cheart dóibh a rogha rud a dhéanamh.
ar an domhain dhorcha on the deep dark water
" Lasadh na soilse beagaí bunúsacha agus bhogamar ar aghaidh, aon solas amháin ag taisteal go mall i ndomhan dorcha agus ar an domhain dhorcha.
ceann de na cnuasaigh is saibhre dá chineál ar domhan one of the richest collections of its kind in the world
" Ach is é Cnuasach Bhéaloideas Éireann ceann de na cnuasaigh is saibhre dá chineál ar domhan agus is acmhainn uathúil é ó thaobh staidéar chultúr traidisiúnta na hÉireann.
ar domhan in the world
" An Duais ==== **Bábógbaby** Is é Bábógbaby an chéad bhréagán ar domhan a labhraíonn Gaeilge.
tharla ar fud an domhain happened world wide
" Maidir le Kerouac, maítear gurb iad a chuid scéalta agus dánta siúd a chuir dlús faoin réabhlóid fhrithchultúir a tharla ar fud an domhain sna seascaidí agus i Meiriceá ach go háirithe.
thuas ar an ndomhan clár back up in the real world
" Braitheann sé an bás ina theannta agus tosnaíonn sé ag caint go macánta le Stephen, an lieutenant a bhíodh i bhfeighil air thuas ar an ndomhan clár.
ar camchuairt an domhain on a world tour
" Bhí mo chroí im bhéal agam mar ba léir gur gadhar an-speisialta a bhí anseo agam agus bhí plean rúnda agam é a ghoid agus é a thabhairt liom ar camchuairt an domhain.
ar fud an domhain world wide
" Ní fada go loiscfear a sciatháin mhaiseacha: cá bhfios dúinne nach bhfuil a fhios sin aige, freisin?" — Pádraic Ó Conaire Tá cáil bainte amach ag Henri Charrière ar fud an domhain de bharr an leabhair, Papillion, a scríobh sé faoi gach rud a tharla dó agus é i ngéibheann i gcarcair i nGuáin na Fraince.
i mainistir le machnamh domhain a dhéanamh ar in a monastery to ponder deeply
" Seoladh an fear bocht isteach i mainistir le machnamh domhain a dhéanamh ar thábhacht shuáilce na humhlaíochta, agus le go mbeadh deis aige breith ar a aiféala.
ar fud an domhain throughout the world
" Teorainn i ngan a Fhios =========== D'oibrigh sé mar iriseoir sa Tuaisceart sna 1980s nuair a bhí sé ina chónaí ansin agus ina dhiaidh sin mar chomhfhreagraí cogaidh leis an BBC ar fud an domhain.
Níl a sárú ar domhan le fáil her better is not to be found anywhere
" Níl a sárú ar domhan le fáil, tá sé chomh simplí leis sin.
ar fud an domhain world wide
" Má tá neamhfheidhmiúlacht Ghaeilge curtha i leith ranna rialtais ó bhunú an tSaorstáit anuas, tá athbheochaint i gceol na hÉireann, i saol rince agus dam(h)sa gaelacha – ar fud an domhain, i ngnóthaí spóirt (na Gaeil Óga, foireann ag Gael-Taca, Comórtas Laochra Loch Lao 7 eile nuair a thiocfas ann dóibh), sa damsa aonair, sna hamhráin sean-nóis, i scolaíocht lán-Ghaeilge, i ngnóthaí físe agus craolta na Gaeilge le glúin anuas.
ar domhan in the world
" Baile an Droichid ======== **SMM: Dar liom, is é Baile an Droichid le Joe Steve an reacaireacht is treise Gaeilge ar domhan ar aon mheán raidió, físe nó leabhair ó ré Mháirtín Uí Chadhain anuas.
an t-aon teanga ar domhan the only language in the world
" An í an Ghaeilge an t-aon teanga ar domhan a mbíonn bród ar dhaoine nuair a admhaíonn siad nach bhfuil siad in ann í a labhairt? *'It was Peig wot done it!'* an port is coitianta.
ionad ar dhromchla an domhain geographical position in the world
" Duine ar bith a ghlacfas le tréith na gnaíúlachta, bronntar aitheantas an Éireannaigh air nó uirthi ar neamhcead do dhath, creideamh agus dá h/ionad ar dhromchla an domhain.
ar domhan in the world
" Finné ar Riasc an Choimheascair ============== Thíos fúm, tá Béal Feirste agus an sliabh ar a bhfuil mé mar fhinné ar an stair - chonaic sé fás an bhaile ó bhí sé ina *“dismal swamp”* go dtí an baile mór tionsclaíoch ina raibh cuid de na monarchana ba mhó ar domhan, tráth.
chomh domhain is gur leasc le rialtas ar bith so deep that every government was reluctant
" Faoi láthair tá na corparáidí airgeadais chomh mór agus na naisc eatarthu chomh domhain is gur leasc le rialtas ar bith ligean do cheann acu cliseadh.
as gach cearn ar domhan from the four corners of the world
" Mheas mé gurbh fhiú amharc ar chúrsa ÙLPAN agus is é seo an chéad am a eagraíodh cúrsa ÙLPAN i bPoblacht na hÉireann! Cúrsa ÙLPAN ===== **SMM: Cad é atá in ÙLPAN?** AW: Thosaigh sé in Iosrael i ndiaidh an Dara Cogaidh nuair a tháinig an draoi daoine as gach cearn ar domhan agus gur theastaigh aon teanga amháin laistigh den arm go háirithe agus é a dhéanamh go beo.
ab áille ar domhan most beautiful in the world
" Bhuaileamar bóthar an lá dár gcionn, agus taobh istigh d’uair an chloig bhí ceann de na háiteanna ab áille ar domhan sroichte againn – teach dísirt Loretto Mary Holme ar shealúchas ollmhór glas os cionn Loch Simcoe i mbaile beag darb ainm Keswick.
ionad ar domhan place(s) in the world
" Tá sé an-chuimsitheach agus soláthraíonn sé gach eolas i gcóir níos mó ná dhá mhilliún ionad ar domhan.
ar thuiscint dhomhain upon a deep understanding
" De réir a chéile, tagaim ar thuiscint dhomhain – a mhalairt ar fad den tuiscint a mbeifeá ag súil leis, b’fhéidir.
ar domhan in the world
" Beidh leath de na cluichí thart, b’fhéidir, faoin am a léifeas aon duine an t-alt seo ach ina ainneoin sin, ba dheacair neamhaird a dhéanamh ar an bhféile spóirt is mó ar domhan in 2012.
ar fud an domhain world wide
" Aontaím léi, ár ndóigh, ach bhí sé go maith an tuairim chéanna a chloisteáil ó bhean a raibh a lán taistil déanta aici ar fud an domhain.
ar fud an domhain world wide
" Má ghoilleann sé ar aos óg Thoraí an t-oileán a fhágáil le slí bheatha úr a leanúint, tá an scéal amhlaidh ar fud an domhain.
ar fud an domhain world wide
" Tugadh breithiúnas géar orthu agus anois tá aird daoine ar fud an domhain dírithe ar rialtas Vladimir Putin, an gaol atá aige leis an Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach agus ar a laghad cead cainte atá ar fáil sa Rúis i láthair na huaire.
is clúití ar domhan most famous in the world
" Níor leor dó Uachtarán na hÉireann agus iar-Uachtarán na hÉireann a bheith ag freastal ar an chúrsa ann – duine acu ar feadh ceithre bliana déag agus an duine eile díreach tosaithe i mbliana; beirt ambasadóirí de chuid na Breataine; ambasadóir na Sualainne; airí rialtais agus teachtaí Dála agus seanadóirí… Cé a shamhlaigh go dtabharfadh Daniel cuairt ar Ghleann i mbliana? Ní Daniel Day Lewis atá i gceist agam, ná Daniel Boone; ní Daniel Radcliffe a bhí ann, ná Daniel Craig; ach Daniel O Donnell, an Daniel is clúití ar domhan, réalta Thír Chonaill agus réalta na hÉireann.
is sine ar domhan oldest in the world
" Tá roinnt de na pobail Chríostaí is sine ar domhan i mbéal a ndíothaithe má leanann an cogadh sa tSiria ar aghaidh.
n-aithníonn sé láithreach cá háit ar domhan it recognizes where in the world
" com ná go n-aithníonn sé láithreach cá háit ar domhan a bhfuil tú nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh.
a tharraing aird an domhain ar an triúr which drew world attention to the three
" Níorbh é a n-éacht ar an raon rásaí a tharraing aird an domhain ar an triúr, ámh, ach a n-iompar misniúil conspóideach le linn an tsearmanais nuair a bronnadh na boinn orthu.
shéanadh cearta teanga ar chlár an domhain denial of language rights in the whole wide world
" Mar thoradh ar an eachtra, tharla ceann de na cásanna ba mheasa de shéanadh cearta teanga ar chlár an domhain nuair nár tugadh cothrom na Féinne do fhianaise a tugadh trí mheán na Gaeilge agus nuair a crochadh fear san éagóir dá dheasca.
an comhphobal daonna ar fud an domhain the world community (has not created)
" Ní mé cén fáth nár chruthaigh an duine, an comhphobal daonna ar fud an domhain, dóigh thart ar na huafáis seo sular tharla siad.
phobail an domhain ar a chéile by the world populations on each other
" , nach bhfuil an duine in ann éirí aniar leis na deacrachtaí a eascraíonn as míreachtú nó forlámhas phobail an domhain ar a chéile? Ar cheart do na hÉireannaigh a gcuid féin a dhéanamh de thaighde agus de staidéar na síochána agus torthaí a n-iarrachtaí a roinnt le muintir eile an domhain ar dhóigh a dhéanfadh leas na comhdhaonnachta? Bíonn *‘Centre for Peace Studies’* thall is abhus sna forais tríú leibhéal in Éirinn agus i dtíortha i bhfad is i ngar.
ar domhan in the world
" Tá sé ar dhuine de na daoine óga is cumasaí faoi scór go leith bliana d’aois ar domhan atá luaite sa chomhluadar céanna le Mark Zuckerberg, Adele agus Lady Gaga, ach ní chuirfidh an clú agus cháil go léir an dallamullóg ar an gCorcaíoch a chuir tús le gluaiseacht Coderdojo, James Whelton.
thar áit ar bith ar domhan more than anywhere in the world
" Ní ag Dul i Míne atá Chuile Líne ============== Is iomaí áit a raibh mé lá Nollag, más sa bPolainn é, ag coinneáil bia leis na bochtáin, nó ag taifeadadh seanamhrán sa Rómáín, ach is i Málta is measa a bhí uaigneas orm Lá Nollag thar áit ar bith ar domhan.
ar fud an domhain globally
" Ní oibreoidh an córas mar atá sé gan daoine a ghortú agus a mharú, ar fud an domhain.
ar domhan in the world
" Sa bhliain 1995 chuaigh mé ag obair le Ericsson, ceann de na comhlachtaí is mó teileachumarsáid ar domhan.
ar cheann de chúlacha speisialta an domhain to one of the world’s special places
" Bhí mé rófhada gan chuairt a thabhairt ar cheann de chúlacha speisialta an domhain.
ag coinneáil súil ar an domhan watching the world
" Beidh sí ag coinneáil súil ar an domhan ar do shonsa agus gheobhaidh sí na jabanna a gealladh dúinn, a luaithe a ghoidfear a bhfuil ann amuigh ansin, cibé cén áit.
ar an tír is Gaelaí ar domhan is the most Irish country in the world
" Deirtear go minic go bhfuil an Astráil ar an tír is Gaelaí ar domhan, taobh amuigh d’Éirinn féin, agus is iomaí Gael a bhain clú amach sa tír seo.
Cé ar domhan a thógfadh sin air who in the world would blame him for that
" Cé ar domhan a thógfadh sin air? Ach is achasán an-bheag an gearrán seo agam i bhfianaise snas an iomláin.
ar fud an domhain anois world wide now
ar fud an domhain world wide
" Ní dream ar leith sinn, agus tá na milliúin duine ar fud an domhain nach bhfeicfidh foracan maith béile sula dté siad i dtalamh.
i dtaca le hocras agus gorta ar domhan in regard to world hunger and famine
" Is fada an t-úll ón úllort más ag leagan béime ar athruithe aeráide atáimid i dtaca le hocras agus gorta ar domhan.
ar fud an domhain world wide
" Nuair a phléasc na buamaí ag sprioclíne an ráis i mBostún cúpla mí ó shin, bhí uafás ar mhuintir Mheiriceá chomh maith le daoine ar fud an domhain.