Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is a ceapadh ar dtús as was first thought
" Is é sin le rá go raibh breis is dhá oiread caiteachais ar an scéim is a ceapadh ar dtús.
ar dtús báire at first
" Ar ndóigh, is fearr iarraidh orthu méid beag a phróiseáil ar dtús báire ionas gur féidir leat a chinntiú go bhfuil tú sásta leis an gcaighdeán íomhá a sholáthraíonn siad.
ó foilsíodh ar dtús é since it was first published
" Covey, The 7 Habits of Highly Effective People: Powerful Lessons in Personal Change agus cuireadh athchló le déanaí ar *How to Win Friends & Influence People*, an saothar ceannródaíoch le Dale Carnegie a bhfuil suas le cúig mhilliún déag cóip de ceannaithe ag an phobal ó foilsíodh ar dtús é i 1937.
Gealladh ar dtús it was initially promised
" Gealladh ar dtús go mbeadh líne ar a laghad leathbhealach go dtí an Uaimh faoi 2006.
iníon lánúine a chas ar a chéile ar dtús the daughter of a couple who first met
" Ach, mar a deir Deirdre Ní Fhaoláin, iníon lánúine a chas ar a chéile ar dtús sa Chumann sna 1940í, “Táimid ar ais anois, ag fás arís, ag foilsiú *An Gael* ar an idirlíon, agus ag obair ar son athbheochan na Gaeilge ar fud an domhain.
a mhúscail ar dtús who first woke
" Le scéal fada a dhéanamh gearr agus scéal gearr a dhéanamh suimiúil, ba é an Canónach a mhúscail ar dtús – thart faoin a ceathair a chlog ar maidin – agus ba eisean a thug faoi deara ar dtús é: bhí an Tóirse imithe.
ar dtús at first
" Thuig muid ansin go raibh cúrsaí ní ba thromchúisí ná mar a shíl muid ar dtús.
ar dtús at first
" Cláraíonn achan chlub leis an eagraíocht mar aonad nuair a thosaíonn siad ar dtús agus cuireann siad ranganna seachtainiúla sa tsiúl; ní bhíonn ballraíocht aonair i gceist.
Ar dtús firstly
" Ar dtús, an costas atá ar an aonad kWh.
Ar dtús firstly
" Ar dtús, b'éigean dom na róin a fheiceáil.
Ar dtús báire first things first
" BD: Ar dtús báire comhghairdeas a Aire as do cheapachán.
ar dtús initially
" Nuair a tháinig mé go Penn ar Bed ar dtús, is cuimhin liom seasamh le barr iontais ag rannóg na cáise san ollmhargadh ar feadh deich nóiméad ar a laghad.
Ar dtús initially
" Ar dtús níor úsáideadh gluaisteáin ach do thurais gearra timpeall na gcathracha, ó nach raibh bóithre cearta faoin tuath.
Ar dtús firstly
" Ar dtús, caithfear a chur san áireamh nach bhfuil cathair Brisbane tógtha i gceantar sléibhtiúil.
ar dtús at first
" Ó Ross Dumhach go Teamhair na Rí, tá an obair chéanna le feiceáil – ar dtús, seasann an pobal go láidir le cúis timpeallachta nó b’fheidir le caomhnú ionad staire, ag léiriú tacaíochta trí litreacha chuig na meáin, nó trí ainmneacha a fháil ar achainíocha, nó i léirsithe fiú amháin.
mura dtuigtear é ar dtús if it isn’t first understood
" Ní bhraitear ainm áite ná a n-iompraíonn sé, mura dtuigtear é ar dtús.
ar dtús initially
" Leath bealaigh tríd an chruinniú, chuala muid an fheadóg á séideadh agus rith muid trasna réamhchúirt an stáisiúin artola agus amach ar *Kilburn High Road*, rud a chuir mearbhall ar na póilíní ar dtús.
ceapadh ar dtús was first thought
" Druidim Siopaí ======== Níl deireadh le héabhlóid an idirlín fós, ná baol air, ach sílim go dtuigfimid anois nach mbeidh sé chomh cinniúnach is a ceapadh ar dtús.
ar dtús initially
" Ag craoladh ar fud Baile Átha Cliath ón mbliain 1993, is stáisiún raidió pobail é Raidió na Life a bunaíodh chun seirbhís raidió a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar dtús.
Ar dtús báire in the first place
" Ar dtús báire, measaim gur cheart líon na gcomhaltaí a laghdú ina leath – ó trí scór go 30 Seanadóir.
chóir do na cinn eile a fhoghlaim ar dtús he ought to learn the other ones first
" Dúirt Danny gur chóir do na cinn eile a fhoghlaim ar dtús! ’Sin rud atá i mo chloigeann, go bhfuil eolas i ngach ceantar.
Chruthaigh an t-údar ar dtús iad the author first created them
" Chruthaigh an t-údar ar dtús iad i mbunteanga amháin díobh sin agus rinne sé na haistriúcháin go dtí an dá theanga eile ina dhiaidh sin.
ar dtús initially
" Caithfidh sé go raibh daichead post agam! Staidéar san innealtóireacht leictreonach a rinne mé ar dtús agus níor bhain sé sin le teangacha ar chor ar bith.
le bheith ann ar dtús to be held beforehand
" Bhí an mórshiúl i mí Dheireadh Fómhair le bheith ann ar dtús, ach fuair na faisistigh scéala faoi agus rinne siad feachtas ar an idirlíon ina choinne.
Ar dtús firstly
" An Seanad, Blár Catha na Bliana ================= Ar dtús, Teach na nIonadaithe.
An cheasacht a bhí ar bun i dtús aimsire the initial complaint
" An Bhearna ag Dul i Méid ========== An cheasacht a bhí ar bun i dtús aimsire go raibh bearna rómhór idir na rialacha gramadaí in eagrán 1958 agus an chaint bheo, chuaigh sí i méid i gcaitheamh na mblianta.
Gheit mo chroí ar dtús my heart leapt initially
" Gheit mo chroí ar dtús ach d’éirigh liom guaim a chur orm féin tar éis tamaill.
gur muidne a bhí anseo ar dtús that we are the people who were here first
" ** Cú Chulainn: Cúig chéad seasca is a trí lá sa bhliain is cóir don bhratach a bheith thuas ann, a Bhaloir, chun go dtuigfidh na Poblachtaigh gur muidne a bhí anseo ar dtús.
samhlaígí ar dtús firstly just imagine
" - ‘Mea Maxima Culpa’ (Alex Gibney) - ‘Hors Satan’ (Bruno Dumont) - ‘Men at Lunch – Lón sa Spéir’ (Seán Ó Cualáin) Sara chíoraim scannán faisnéise Sheáin Uí Chualáin, samhlaígí ar dtús an Drochrud Do-shamhlaithe……… Is iomaí miotas uirbiach a rug greim ar shamhlaíocht phobal Chorcaí sna naoidéag seascaidí.
trína chéile ar dtús confused initially
" Bailithe ar Troigh gan Tuairisc ============ An Córas Scaipthe a bhí ann roimhe sin, ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach a cuireadh ar bun an chéad lá riamh é, rud a chiallaigh go raibh na húdaráis Bhriotanacha trína chéile ar dtús faoi conas déileáil leis na cimí nua sin, cimí a raibh córas ceannaireachta docht acu féin, laistigh den charcair agus ar an taobh amuigh freisin, cimí a raibh bá an phobail agus dreamanna cearta sibhialta leo go minic freisin.
a d’infheistigh tú ar dtús which you invested initially
" De réir an chórais chaipitiligh, is éard a dhéanfas tú, do chuid airgid a chur i bhfiontar a bhfuil scil agat ann, seirbhís nó táirge a sholáthar agus biseach éigin an airgid a d’infheistigh tú ar dtús ann a chur i leith na gcostas, tuarastail na bhfostaithe agus i do leith féin.
Ar dtús báire, máitear firstly it’s claimed
" Ar dtús báire, máitear go gcruthófar léar mór postanna i dtógáil na bhfeirmeacha.
ar dtús initially
" Ní chreideann Ciarán ar dtús í, ach is iomaí cineál draíochta atá ann.
ar dtús initially
" Chuala mé trácht ar theastas TEFL nó teastas i múineadh an Bhéarla mar theanga iasachta, ach bhí amhras orm ina leith ar dtús.
an áit ar tháinig mise ar dtús air where I found it initially
" ie/star-trek-continues/>) nó an áit ar tháinig mise ar dtús air, (FlickFilosopher)(http://www.
gan fiafraí ar dtús without first enquiring
" ** Freisin, níor cheart do bhean torrach aon rud a thógáil uaidh aon áit nó ó aon duine gan fiafraí ar dtús.
ar dtús at first
" Amharcann na daoine ar an dóigh ar chlis ar an daonlathas, an chaoi ar chuir sé díomá orthu, an bhearna a tháinig idir an gealltanas agus an saol mar atá, agus tagann fearg agus frustrachas orthu ar dtús.
an ceann a díoladh ar dtús the one first sold
" Cad chuighe nach dtiocfadh linne scéalta s’againne a thabhairt go Bologna agus go háiteanna eile agus iad a dhíol?’ Sin an fhís a bhí aige, amuigh ar an Spidéal, lá gairfin sa gheimhreadh! (gáire) An tIlteangachas ======= Scríobh mise ‘Cócó an Colgán Cairdiúil’ agus bhí Tadhg iontach sásta agus scríobh Bridget Breathnach ceann, ‘Lúlú agus an Oíche Ghlórach’, - sin an ceann a díoladh ar dtús.
i mbun an damhsa ar dtús to start dancing initially
" **SMM: Dhá cheist in aon cheist amháin: cá bhfaca tú an damhsa ar an sean-nós an chéad lá ariamh agus céard a spreag thusa tú féin i mbun an damhsa ar dtús?** Edwina Nig Eochaidhean: Is dóigh nár thuig mé céard a bhí ann féin an chéad iarraidh.