Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mar thomhas ar leibhéal na farraige! as a measurement of sea level!
" Agus, bhí smaoineamh ag duine eile go dtiocfadh leis na figiúirí a bheith mar thomhas ar leibhéal na farraige! Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
ar ghrinneall na farraige at the bottom of the sea
" Sa leabhar seo, áfach, is éard atá againn ná léargas ar fhear óg muiníneach, lán le sprid, lán le ceol, le grá don saol, é i mbun fionachtana in iarthar na tíre ag cuartú saoil a bhí ag sleamhnú uainn, ag iascaireacht fonn a bhí beagnach ar ghrinneall na farraige agus ag fiach amhrán a bhí i bhfolach i bhforaoisí an ama.
ag amharc ar an bhfarraige, looking at the sea
" Chaith mé an tráthnóna ag siúl timpeall na háite agus ag amharc ar an bhfarraige, dála gach turasóra eile.
talmhaíocht agus ar an bhfarraige agriculture and fishing
" I bpobal Ros Dumhach, tháinig Ó Domhnaill ar phobail atá beo ar an talmhaíocht agus ar an bhfarraige.
le heolas a chur ar na farraigí siar to discover the western seas
" Chroch an naomh úd a chuid seolta le heolas a chur ar na farraigí siar.
shíorbhagairt na farraige ar the ongoing threat from the sea
" Síorchreimeadh agus Síorchostais =========== Is fadhb leanúnach atá ag comhairle ar bith deileáil le costaisí cothabhála agus is measa i bhfad mar fhadhb é sa Veinéis mar gheall ar shíorbhagairt na farraige ar fhoirgnimh na cathrach agus líon na gcuairteoirí a thagann gach bliain le hiontas a dhéanamh d’ailleacht na bhfoirgneamh céanna.
ar an bhfarraige to sea
" Thar chúig lá chuaigh an stoirm thar Iamáice, Cúba, agus Beirmiúda sula ndeachaigh sí amach ar an bhfarraige, agus b'é tuairim an chuid is mó de dhaoine go bhfanfadh sí amuigh os cionn an Atlantaigh is go n-imeodh an gus aisti.
Ar thrá na farraige when the tide ebbed
" Ar thrá na farraige, chonacthas dochar millteanach.
Athrú ar Chois Fharraige ó Shoin C. F. has changed since then
"Athrú ar Chois Fharraige ó Shoin ============== Baineadh amach go leor sna blianta sin: uisce reatha a chur sna tithe; páirc imeartha nua a fhorbairt don chlub áitiúil Chumann Lúthchleas Gael; nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú ar feadh roinnt blianta.
ar an bhfarraige mhór on the high seas
" Tá Donncha Ó hÉallaithe agus a chairde ag déanamh bealaigh ar an bhfarraige mhór ó thuaidh ach ní hí an aimsir is fearr atá feicthe acu ó d’fhágadar Gaillimh ina ndiaidh leis an Íoslainn a bhaint amach.