Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar feadh scaithimh for a while
" Chaith sé tamall ina chonstábla freisin agus bhí teach tábhairne aige ar feadh scaithimh.
ar feadh scaithimh for a while
" B'fhéidir gurb é tábhacht na Féile seo ná go bhfuil muintir an domhain, nó cuid mhór díobh ar aon nós, dírithe ar rud éigin nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leis ar bhealach amháin ach a tharraingíonn daoine le chéile agus a thugann deis dóibh a gcuid fadhbanna agus cúraimí a chur i leataobh ar feadh scaithimh.
ar feadh scaithimh mhaith for a good deal of time
" Rud a rinne siad ar feadh scaithimh mhaith den dara leath.
ar feadh scaithimh for a little while
" Labhair Geldof mar a labhair sé riamh – bhí sé soiléir, greannmhar agus lán *fuck*anna! Níos déanaí, i dTeach an Ard-Mhéara, labhraíos leis ar feadh scaithimh ach bhí an iomarca daoine timpeall air, ag lorg grianghraf agus cúpla focal leis, le haon chomhrá fada a bheith againn.
ar feadh scaithimh for a while
" Buanna éagsúla Ar chaoi ar bith, d’imigh na blianta agus chuamar ó neart go neart mar fhoireann iomána agus ar feadh scaithimh ní raibh ár sárú i measc chlubanna sóisearacha agus idirmheánacha iomána Átha Cliath.
ar feadh scaithimh for a while
" Tá a fhios agam go bhfuil gach rud ar fáil i Nua-Eabhrac, ach scoil mhaidí luascán? Sheasamar ar feadh scaithimh ag féachaint ar a dteicníc.
ar feadh scaithimh for a bit, for a time
" Bhí buachaillí óga le feiceáil timpeall na tíre ag baint úsáide as a gcuid camán mar bhata cruicéid agus as a gcuid sliotar mar liathróid chruicéid, ar feadh scaithimh i rith an tsamhraidh ar aon nós! Maidir le 2008, beidh le feiceáil cé acu an bhfuil sé de chumas ag lucht an chruicéid teacht i dtír ar an aird agus ar an dea-thoil a tugadh dó in 2007 nó nach bhfuil.
raibh sé croite go maith ar feadh scaithimh maith he was really shook for a fair while
" Labhair Stringer faoin eachtra tar éis an chluiche agus dúirt go raibh sé croite go maith ar feadh scaithimh maith tar éis na heachtra.
ar feadh scaithimh for a while
" Mar sin féin, de dhroim riachtanais is dócha go mbeadh ceannasaíocht an pháirtí toilteanach a gcuid prionsabal a chur ar leataobh ar feadh scaithimh ar mhaithe le cothromaíocht na cumhachta.
ar feadh scaithimh for a while
" Ba bhainisteoir ar mhonarcha ceimiceán é in Éirinn ar feadh scaithimh agus d’oibrigh sé mar fhear scripte i Hollywood lena chois sin.