Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar na gaobhair in the vicinity
" Mar sin, má bhíonn tú ar na gaobhair ag tús mhí Lúnasa bliain ar bith, buail isteach.
ar na gaobhair in the vicinity
" Tá mé i mo chónaí i gceantar beag Caitliceach ar na gaobhair, agus bíonn eagla an domhain ar mo chomharsana dul ansin.
ar na gaobhair near
" Ó thuaidh, tá todhchaí gheal ar na gaobhair, is cosúil.
ar na gaobhair in preparation
" Agnóisithe Caitliceacha agus Protastúnacha ag imirt le chéile, an seicteachas díbeartha, sástacht go bhfuil ag éirí go maith le foireann na Poblachta ach nach bhfuil athaontú na tíre ar na gaobhair.
ar na gaobhair near
" Déarfar, a bhuíochas don IRA, go bhfuil Éire shaor, aontaithe ar na gaobhair ach gur mithid anois an chuid dheireanach den bhealach a shiúl gan na gunnaí.
ar na gaobhair, near by,
" “Tá Bealach an Doirín ar na gaobhair, baile dúchais Matt Molloy agus b’as Goirtin do Shéamus Tansey agus Peter Horan, Fred Finn agus fiú na ceoltóirí sin ó na 1920í a rinne ceirníní 78 i Nua-Eabhrac – leithéidí Michael Coleman, James Morrison, Paddy Killoran – b’as ceantar mo mháthar iad uilig.
réiteach ar na gaobhair a settlement was near to hand
" “Ag deireadh 2005, bhí na hIosraelaigh díreach i ndiaidh tarraingt amach as Gaza, bhain siad féin na lonnaíochtaí midhleathacha anuas as a stuaim féin agus bhí an dóchas forleathan go raibh réiteach ar na gaobhair.
ar na gaobhair very near
" Is iomaí buille a buaileadh ar an Ghaeilg in imeacht an ama, ach tá an ceann is tromchúisí ar na gaobhair - fear beag féasóige as tuaisceart Bhéal Feirste! Cuireadh Reacht Chill Chainnigh i bhfeidhm sa 14ú céad, 1367 le bheith beacht, 35 reacht a raibh sé d'aidhm acu smacht a chur ar an lucht plandála sin a bhí ag éirí níos Gaelaí ná na Gaeil féin, i gcodanna den tír.
ar na gaobhair near at hand
" (Cén stádas atá ag Robinson agus ag Foster anois? An bhfuil biseach ar Iris?) Bhí na nuachtáin lán dóchais go mb’fhéidir go raibh socrú ar na gaobhair, go raibh fuinneamh úr sa chóras agus go raibh an DUP réidh leis an bheart a dhéanamh maidir le hAistriú Cumhachtaí Póilíneachta agus Cirt.
ar na gaobhair in the vicinity
" Is iomaí oíche a sciúr mé mo dhrad le huisce nuair nach raibh 'Fiacla' le fáil i siopa ar na gaobhair, óir ní cheannóinn aon chineál taos fiacaile eile.
ar na gaobhair againn féin in our own vicinity
" Chuaigh mé chuig lá oiliúna agus míníodh dom go bhfuil an t-eolas amuigh sa saol, ar na gaobhair againn féin.
ar na gaobhair in the offing
" Ach tá fadhb chasta nó áiméar mór ar na gaobhair – cuimhneacháin.
bhfuil réiteach ar bith ar na gaobhair no settlement within reach
" Léirigh fear Newsnight go glinn an fhreagracht atá ar an Bhreatain as síoraighneas marfach na Palaistíne nach bhfuil réiteach ar bith ar na gaobhair 64 bliain i ndiaidh an *Balfour Declaration*.