Pota Focal Intergaelic
ab | ar | Arab | arbh | barb
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
arb í mo thír féin í, ar ndóigh which is my own country, of course
" Agus mé ag foghlaim na Gaeilge, tá súil agam go bhfuil mé ábalta rud beag measa a thaispeáint ar chultúr agus mhuintir na hÉireann, arb í mo thír féin í, ar ndóigh.
arb as an Iúr dó who is from Newry
" Le linn na dTrioblóidí d'fheidhmigh an tUasal Fulton, arb as an Iúr dó, mar bhrathadóir do na seirbhísí slándála.
focal arb é is brí leis ná a word which means
" Thug an Ngunnawal, Bundúchasaigh áitiúla, an logainm Canberra ar an gceantar, focal arb é is brí leis ná “áit le haghaidh cruinnithe”.
arb iad of which they are
" com/watch?v=FSXZNm2jGVE) Is é an Coiste Giúdach Meiriceánach (CGM) ceann de na heagraíochtaí is tábhachtaí arb iad an Brúghrúpa iad.
arb acmhainn dóibh who are able
" I gcás na Mandaean arb acmhainn dóibh €20,000 a íoc le lucht smuigleála, tá tíortha an Iarthair sroichte acu.
arb íospartaigh who were victims
" Ar na milliúin duine arb íospartaigh ar an drochobair choitianta seo iad, is mná agus cailíní iad a bhformhór mór.
arb é a ndualgas whose duty it is
" Ní hionann sin is a rá nach raibh agus nach bhfuil contúirt i gcónaí ann do dhaoine, arb é a ndualgas, fírinne ceilte éigin a chur faoi bhráid an phobail.
dosna saoránaigh arb í an teanga chéanna sin a rogha for the citizens for whom that same language is their choice
" Le haird a tharraingt ar an éileamh bunúsach seo, ba mhaith an rud é ‘comóradh’ a dhéanamh an chéad bhliain eile ar an an buille is mó a buaileadh ar an nGaeilge ó bunaíodh an stát, ’sé sin cinneadh comhfhiosach an rialtais ar 29 Deireadh Fómhair 1974, deireadh a chur le riachtanas Ghaeilge sa státseirbhís agus a fhios ag Taoiseach na tíre ag an am, gurb é an toradh a bheadh ar an gcinneadh nach mbeadh an stát in ann seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge dosna saoránaigh arb í an teanga chéanna sin a rogha!
arb í an bealach ba ghaire taistil which was the shortest route to travel
" Agus iad ag fás aníos agus ag teacht in inmhe, ba ghnáth le deartháireacha Uí Chathasaigh a bheith ag dreapadh an tsléibhe in aice leis an mbothán inar tógadh iad nó ag rámhaíocht ar Abhainn na Snaidhme arb í an bealach ba ghaire taistil a bhí acu idir an baile, Bealach, agus An tSnaidhm, an baile ba ghaire dóibh.
arb as Maigh Eo ó dhúchas é, who is originally from Mayo,
" Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gContae Mhaigh Eo i mbliana agus is é Tadhg Mac Dhonnagáin, arb as Maigh Eo ó dhúchas é, atá roghnaithe mar uachtarán ar an fhéile.
fidléir arb as Na Gleannta i dTír Chonaill í, a fiddler who is from the Glenties in Donegal
" Tá Tara Connaghan, fidléir arb as Na Gleannta i dTír Chonaill í, díreach tagtha ar ais go hÉirinn tar éis di a bheith ar camchuairt san Fhionlainn.