Pota Focal Intergaelic
ard | ara | ard- | barda | carda | garda
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sála arda high heels
" Chualas bean á rá nach gcaithfeadh sí sála arda choíche arís.
aeróga arda tall aerials
" B'ait an rud é dá mbeadh fear na Gearmáine ag taispeáint do bhean na hÉireann conas portach a shioscadh! B'ait freisin breathnú thar an bhfál i lár an phortaigh ar na haeróga arda a leanann lorg chuile U-Boot ag cabhlach na Gearmáine - an rabhadar ag coinneáil súil freisin ar bháid mhóra agus ar ghleoiteoga Chonamara? Sa Moormusuem chonaic muid go raibh muintir na bportach sin lán chomh bocht le muintir na bportach in Éirinn tráth.
costais arda idirlín high Internet costs
" ) Tá sé seo tábhachtach i dtíortha le costais arda idirlín ar nós na hÉireann ach níl sé ina chur isteach mór i Meiriceá, mar shampla.
costais arda chothabhála high maintenance costs
" Is féidir le daoine a chaith blianta fada ag tógáil páistí tithe móra teaghlaigh a fhágáil ina ndiaidh, agus faoiseamh a fháil ó na costais arda chothabhála a bhaineann leo.
san airdeall ar phraghsanna arda on the alert against high prices
" Ba cheart go mbeadh gach custaiméir san airdeall ar phraghsanna arda agus ag cinntiú go bhfaigheann sé luach a chuid airgid.
ar phraghsanna arda at high prices
" Forbróirí príobháideacha a chuireann 90% de thithe an stáit seo ar fáil agus, ar an iomlán, is fearr leo líon beag tithe ar phraghsanna arda a thógáil ná líon mór tithe ar phraghsanna ísle.
mínte arda mountain grasslands
" Ó thaobh tírdhreacha de, tá an t-uafás le feiceáil - *el Salar de Uyuni *(limistéar fairsing de shalann nach bhfuil a leithéid feicthe riamh agam), oileán an éisc ina lár agus é breac le cactas; fásach "Salvador Dali" agus iliomad *lagunas* ann, in oirdheisceart na tíre; réigiún na mínte arda (nó *el altiplano *mar a thugann siad air); na hAindéis; Loch Titicaca san oirthear; agus réigiúin na hAmasóine san iarthar.
daoine ag a bhfuil cáilíochtaí an-arda a mhealladh to attract people with very high qualifications
" " Tuigeann sé go bhfuil an-chuid deiseanna fostaíochta ag daoine cumasacha sa lá atá inniu ann agus nach bhfuil an státseirbhís chomh tarraingteach is a bhí le linn a óige siúd, ach tá sé cinnte nach bhfuil deacracht ag an státseirbhís daoine ag a bhfuil cáilíochtaí an-arda a mhealladh fós.
cánacha agus táillí arda high taxes and fees
" Ar thaobh amháin, tá an stát sa mullach ar na daoine ag iarraidh cánacha agus táillí arda ar a shaoránaigh.
a mheall figiúirí arda which attracted high ratings
" Ach d'éirigh linn sraith den scoth - a mheall figiúirí arda - a dhéanamh taobh istigh de na teorainneacha airgeadais a leagadh síos.
síleálacha arda boghtacha high vaulted ceilings
" Tá déanamh neamhghnách ar na seomraí, agus síleálacha arda boghtacha iontu.
daoine arda tall people
" Réimse suíomh ======= Tá líon ollmhór suíomh déanta coinní ar an idirlíon, ag freastal ar gach cineál custaiméara, ina measc suímh d’fheoilséantóirí, úinéirí peataí, Poblachtánaigh, Daonlathaigh, céimithe de chuid an Ivy League, milliúnaithe, Giúdaigh, Críostaithe, Moslamaigh, daoine arda, daoine méithe, agus daoine atá buailte ag an abhcacht.
feidhmeanna arda sóisialta high social functions
" Tá na feidhmeanna arda sóisialta á gcroitheadh athuair agus á gcur i gceist, agus tá impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis sin.
chleachtais chama in oifigí arda corrupt practices in high office
" Ní dóigh liom ach an oiread gur chuir an pictiúr de bhean chéile agus d’iníon Ray Burke ag teacht amach as Príosún Mhuinseo a dhath leis an díospóireacht faoi chleachtais chama in oifigí arda.
feidhmeanna arda sóisialta high social functions
" Tá na feidhmeanna arda sóisialta á gcroitheadh athuair agus á gcur i gceist, agus tá impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis sin.
ar chrosa arda cloiche on stone high crosses
" Bhí dúil ag dealbhóirí ón Ré Luath-Chríostaí sa scéal seo, agus tá roinnt mhaith samplaí de ar chrosa arda cloiche in Éirinn.
trí choillte arda fionnuara through tall cool woods
" Siúlóid dheas atá i gceist, trí choillte arda fionnuara.
a éilíonn táillí arda. who demand high fees.
" Bíonn riaráistí móra oibre ag síceolaithe na Roinne, rud a thugann deis do thuismitheoirí a gcuid leanaí a chur faoi chúram síceolaithe príobháideacha a éilíonn táillí arda.
costais arda high costs
" costais ardaCaithfidh mé a admháil go bhfuil an prionsabal taobh thiar den chóras nua go maith, ach ní maith liom an tslí a bhfuil sé curtha i bhfeidhm agus na costais arda a bhaineann leis.
teochtaí arda high temperatures
" ” Cuireann an tuarascáil i gcuimhne dúinn nárbh iad na teochtaí arda le linn Lúnasa 2003 a ba chúis le bás breis agus 8,000 duine i bPáras agus ar fud na Fraince ach toisc gur fágadh na daoine seo leo féin.
chruacha arda high stacks
" Ansin, feicfidh tú an khat ina chruacha arda ag fanacht le ceannaitheoir.
luaitear táillí arda many high costs
" *In Living in Limbo: Migrants’ Experiences of Applying for Naturalisation in Ireland*, ar na lochtanna a fhaightear ar an bpróiseas iarratais ar shaoránacht in Éirinn luaitear táillí arda, tréimhsí fada feithimh agus caighdeán íseal seirbhíse do chustaiméirí.
Foirgnimh arda, iarchogaidh tall post-war buildings
" Foirgnimh arda, iarchogaidh ba shuntasaí ann anois, sin agus margaí ollmhóra, ilmheáin na linne seo.
táillí ró-arda ar cheadanna oibre exorbitant fees on work permits
" Bhí an Coiste den tuairim, leis, go ngearrtar táillí ró-arda ar cheadanna oibre, rudaí atá de dhíth ar dhaoine nach saoránaigh de chuid an AE iad má theastaíonn uathu post a fháil in Éirinn.
rátaí arda bochtanais high rates of poverty
" Meastar go bhfuil suas le 15,000 inimirceach ón Afraic Fho-Shahárach ag maireachtáil gan cead i Ríocht Mharacó, tír 33 milliún duine ina bhfuil rátaí arda bochtanais, dífhostaíochta is neamhlitearthachta.
ag ligean fuaimeanna arda míshásaimh astu making loud sounds of disapproval
" Níor luaithe na chéad teidil chreidiúna le feiceáil ar an scáileán nuair a thosaigh leath den lucht féachana ag ligean fuaimeanna arda míshásaimh astu a bhí le cloisteáil in ainneoin an bualadh bos a bhí á thabhairt ag an leath eile den slua a bhí bailithe le chéile i Sala Grande i bPálás an Chineama ar Lido na Veinéise.
in aghaidh farraige arda an Bhéarla in spite of the English threat
" Ba léir Dé Sathairn go bhfuil muintir na Gaeltachta i Maigh Eo ag lorg an tsaineolais len iad féin a threorú chun cuain in aghaidh farraige arda an Bhéarla.
Ag déanamh iontais de chruacha arda, scáfara amazed by high domineering mountains
" Ag déanamh iontais de chruacha arda, scáfara Meirionydd a bhí mé nuair a shroich muid baile Dolgellau leath bealaigh.
na tuarastail arda sin those high salaries
" Ní féidir leo éalú ó thaibhse anróiteach Jimmy Saville, agus fiú dá bhféadfaidís, seasann na tuarastail arda sin don bhainistíocht os a gcomhair amach freisin.
na sála arda the high heels
" Bhí mé an-tógtha le slachtaíocht na nIodálach: na sála arda, na gúnaí áille ildathacha, na hataí dubha agus dearga agus corcra, na blúsanna bláfara galánta.
costais arda taistil high travel costs
" Samhlaím go bhfuil níos mó airgid acu ar an gcéad dul síos ná mar atá ag an ngnáthleantóir sacair – tá costais arda taistil, lóistín agus bia (gan trácht ar ól) i gceist agus lucht tacaíochta i bhfad ó bhaile agus bíonn ticéid do na cluichí daor.
táillí arda high charges
" Tá go leor cainte in Éirinn le cúpla bliain anuas ar na táillí arda atá le híoc acu siúd a bhfuil fón póca acu.
costais arda teileachumarsáide high communications costs
" Tá na costais arda teileachumarsáide agus an líon íseal tithe a bhfuil ceangal leathanbhanda acu ag cur bac ar fhás na teileachomaitéireachta in Éirinn, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor\.
Tá claíocha arda le caitheamh high hurdles have to be overcome
" Tá claíocha arda le caitheamh ag an bhfoilseachán nua idirlín, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.