Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tacú leis an argóint seo supporting this argument
" Deir na múinteoirí agus an Roinn Oideachais nach bhfuil fianaise ar bith ann ag tacú leis an argóint seo.
argóintí fíochmhara fierce arguments
" Uaireanta ionsaíonn siad daoine a dhiúltaíonn airgead a thabhairt dóibh agus is minic fosta a bhíonn argóintí fíochmhara acu le daoine.
argóintí arguments
" Tá gluaiseacht ann chun srianta nua a chur i bhfeidhm ar an leibhéal Eorpach: tá na comhlachtaí fógraíochta ag éirí chomh buartha sin faoin scéal go gcaitheann a gcuid cumann gnó cuid mhór ama ag réiteach argóintí i bhfábhar an *status quo *agus ag cur brú ar pholaiteoirí gan éisteacht leo siúd atá i gcoinne na bhfógraí.
ag réiteach argóintí preparing arguments
" Tá gluaiseacht ann chun srianta nua a chur i bhfeidhm ar an leibhéal Eorpach: tá na comhlachtaí fógraíochta ag éirí chomh buartha sin faoin scéal go gcaitheann a gcuid cumann gnó cuid mhór ama ag réiteach argóintí i bhfábhar an *status quo *agus ag cur brú ar pholaiteoirí gan éisteacht leo siúd atá i gcoinne na bhfógraí.
na hargóintí fiúntacha the worthwhile arguments
" Ach muna bhfuil aird á tabhairt ar an bpríomhbhealach siar go Gaillimh, cén seans atá ann go n-éistfear leis na hargóintí fiúntacha atá ag lucht West on Track? Mar a dúirt Romano Prodi, gan an t-airgead a chaitheamh ar an infrastruchtúr ní fheicfear forás eacnamúil sna limistéir chúlráideacha atá scartha amach ón lár.
argóint argument
" San aonú haois is fiche, níor chóir d'eagraíocht spóirt aon fhealsúnacht a chur chun cinn seachas fealsúnacht spóirt, an argóint a chuirtear chun tosaigh go minic, amhail is go bhfuil fealsúnacht eagraíochtaí ar nós an FAI agus an IRFU teoranta do chúrsaí spóirt amháin.
argóintí arguments
" Taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael déarfadh daoine go bhfuil níos mó ná sin i gceist, mar go mbíonn argóintí, coimhlintí, scliúchais, díospóireachtaí, troideanna agus scoilteanna ann an t-am ar fad ach nár chuir siad sin isteach an-mhór ar dhul chun cinn na heagraíochta le 120 bliain anuas.
argóint theibí abstract argument
" Is é an tátal a bhaineann siad as an staidéar ar fad ná gur mó i bhfad an chontúirt do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe a eascraíonn as athruithe san aeráid ná bagairt na sceimhlitheoireachta, agus gur chóir do na Stáit Aontaithe déileáil leis mar ghéarchéim shlándála - ní mar argóint theibí idir an lucht glas agus lucht na dtionscal mór.
aighneas síoraí constant argument
" Bíonn aighneas síoraí ann idir an dá rud sin.
achrann argument, quarrel
"achrann ar siúl i measc cuid Caitliceach Éireannach na Stát Aontaithe faoi láthair faoin pholaitíocht, mí-úsáid ghnéasach agus na sacraimintí, agus is beag seans go dtiocfaidh maolú air seo go luath.
údar aighnis agus argóna agus míshástachta cause of dispute and argument and dissatisfaction
" Pat O'Callaghan, Sonia O'Sullivan agus araile) ina údar aighnis agus argóna agus míshástachta, ach thugas faoi deara freisin thar na blianta nach leanann an plé i bhfad thar cúpla lá tar éis do na Cluichí Oilimpeacha a bheith thart.
na hargóintí éagsúla the various arguments
" Ach, ag filleadh arís ar "fhadhb" na hÉireann, táim ag éisteacht le fada leis na hargóintí éagsúla faoi easpa cumais na n-iomaitheoirí ón tír seo i gcomórtas leis na lúthchleasaithe is fearr ar domhan.
argóintí arguments
na hargóintí the arguments
"na hargóintí a mbaineann lucht an tobac úsáid astu cloiste agam cheana féin óir lean mé an díospóireacht faoin gcosc ar chaitheamh tobac a bhí ar siúl in Éirinn cúpla bliain ó shin.
na hargóintí the arguments
" Is frása é sin a chloistear go minic ach tá ciall agus loighic leis na hargóintí atá ag Friedman a mhíníonn go díreach conas atá an saol gnó idirnáisiúnta tar éis athrú.
argóintí maithe good arguments
" Cuirfear argóintí maithe chun cinn i gcoinne an mholta seo.
argóintí agus reitric arguments and rhetoric
" Úsáideann na brúghrúpaí seo argóintí agus reitric a chuirfeadh an *Wild West* i gcuimhne don Eorpach.
na hargóintí. the arguments.
" Chuaigh mé chuig an gcaint phoiblí i Te Papa inar pléadh an bhratach agus d’éist mé leis na hargóintí.
Is deacair gan aontú leis an chur síos sin it's difficult not to agree with that argument
"Is deacair gan aontú leis an chur síos sin agus cuireann sé téis de chuid an scoláire Breandán Ó Buachalla i gcuimhne dúinn.
argóint ghinearálta general argument
" Is minic a chomhairlítear do dhaoine nach dtig argóint ghinearálta a bhunú ar shamplaí aonair.
go dtéann daoine thar fóir leis an argóint áirithe seo, that people go overboard with this particular argument,
" In ainneoin go measaim féin go dtéann daoine thar fóir leis an argóint áirithe seo, tá firinne éigin ag baint léi.
cur is cúiteamh discussion, argument
" Is méanar liom gach a bhaineann leo: na postaeirí daite chuile áit, an cur is cúiteamh ar an raidió, an chanbhasáil, na breitheanna pobail, an vótáil féin agus ar ndóigh lá an chomhairimh.
hargóna argument
" Macalla na hargóna faoin gConradh i ‘The Wind That Shakes the Barley’.
aighneas dispute, argument
" com/watch?v=op-lX8B9iMk) Bhí fear ar an raidió a rá gur thuig sé an fáth gur tharla an t-achrann i bPort an Dúnáin agus gur eascair achrann an deireadh seachtaine as aighneas Bhóthar Gharbh Achaidh.
gcaingin plea, argument
" Níor ghlac cúirteanna na Céinia leis an gcaingin a rinneadh ar son na nEndorois.
iaróga arguments
" Cén fáth gur mar sin a bhíonn? Cén bunús atá leis an rud ar a dtugtar traidisiún agus cén tábhacht a bhaineann leis? An rud é atá ginte sa ghasúr, cuid dá DNA a bheith níos fearr ag an bpeil nó ag an iomáint ná mar a bheadh a mhacasamhail as contae eile? Ceisteanna iad seo nach féidir a fhreagairt ar bhonn eolaíoch, ach is ceisteanna iad a spreagann cur agus cúiteamh agus iaróga bríomhara ar oícheanta dorcha na dúluachra.
guthú argument
" Bhí go leor agallamh agus guthú liomsa ann ag an tús.
sheanáiteamh na gCríostaíoch the old Christian argument
" I Minister v Fourie, dhiúltaigh Sachs stádas dleathach a thabhairt do sheanáiteamh na gCríostaíoch nach féidir le bean amháin bean eile do phósadh.
iaróg amaideach foolish argument
" Sin críoch le gach tráth na gceist agus le gach iaróg amaideach faoin bpáirt a ghlac Alfeed Hitchcock ina scannáin féin.
is áiteamh é a chloistear coitianta go maith it’s an argument heard often enough
" Mar a dúirt an tOllamh Seán Ó Tuama cúpla bliain ó shin agus cosaint á thabhairt aige d’oidhreacht liteartha Daniel Corkery, “is áiteamh é a chloistear coitianta go maith ag antraipeolaithe lenár linn féin; go mbíonn bunchóras luachanna le haithint i ngach cultúr fé leith, córas a mbíonn cruth faoi leith agus buaine áirithe ag baint leis, agus mar ghnathnós, go mbíonn rian láidir den chóras sin le haithint ar shaothar agus ar iompar gach duine a bhaineann leis an gcultúr sin.
bunús an áitimh the basis of the argument
" Níl aon fhianaise ag tacú leis na bhfigúirí seo, áfach, agus ardaíonn sé ceist maidir le bunús an áitimh i gcoinne an fheachtais.
na háitimh éagsúla the various argument
" Mhaígh Ferguson anseo go mba chóir éisteacht le Dickens agus an nasc sin á mhionscrúdú, ach go háirithe na haistí uaidh a rinne beag is fiú des na háitimh éagsúla a dhéanadh buanna mórálacha Shasana a adhradh.
Is iomaí áiteamh maith many good arguments
" Is iomaí áiteamh maith is féidir a chur chun cinn ar son an bhirt seo, go háirithe i gcás inimirceach a bhfuil a lán ama tugtha acu i Stát áirithe agus i gcás daoine a bhfuil naisc teaghlaigh acu leis an tír ina bhfuil siad ag cur fúthu go neamhdleathach.
ar son an bhirt seo for this case, argument
" Is iomaí áiteamh maith is féidir a chur chun cinn ar son an bhirt seo, go háirithe i gcás inimirceach a bhfuil a lán ama tugtha acu i Stát áirithe agus i gcás daoine a bhfuil naisc teaghlaigh acu leis an tír ina bhfuil siad ag cur fúthu go neamhdleathach.
bhféadfaí áitiú eacnamaíochta a dhéanamh one couldn’t make an economic argument
" Nár chiallmhar mar sin pobal daoine sa Pholainn a mbeadh roinnt díobh acmhainneach ar obair a thabhairt chun rialtachta? Tabhairt chun Rialtachta in Éirinn ============== Déarfá nach bhféadfaí áitiú eacnamaíochta a dhéanamh in Éirinn ar son scéim a thabharfadh inimircigh lasmuigh den dlí chun rialtachta ach tá feachtas ar siúl ag Ionad Chearta na nInimirceach in Éirinn (MRCI) a mhaíonn go bhféadfadh an stát suas le 100 milliún euro a thuilleamh ó cháin a d’íocfadh inimircigh a thabharfaí chun rialtachta agus a bhfostóirí araon.
is deacair éalú ó hargóint it’s hard to escape from an argument
" Agus Guelzo á dhíleá, is deacair éalú ó hargóint Nietzsche nach féidir linn focail a chur i dteannta a chéile ach amháin do rudaí a fuair bás ionainn cheana féin.
maidir le hiaróga dhúluachair na bliana regarding deep winter arguments
" Tá lucht an drogaill i ndiaidh an chuairt bhliantúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach, agus tá gach aon duine i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste leis na neasghaolta sa bhaile maidir le hiaróga dhúluachair na bliana.
An-chrosnaíl go deo eatarthu a great argument entirely between them
Argóint thraochta a worn out argument
" Argóint thraochta na bpolaiteoirí is na meán, dar le Tarantino.
báúil don áiteamh sympathetic to the argument
" Cé go gceaptar go bhfuil móramh coimeádach sna naonúr, bhíothas den tuairim go raibh cúigear acu báúil don áiteamh.
ghlac an pobal le brí an áitimh the public accepted the gist of the argument
" D’éirigh leo na beartais seo a chur i bhfeidhm cionn is gur ghlac an pobal le brí an áitimh a bhí taobh thiar díobh, ’sé sin, go bhfuil calaois go forleathan maidir le sochar leasa shóisialaigh, agus go gcuirtear an-chuid airgid amú ar dhaoine nach bhfuil sásta obair a fháil de bharr gur rathúla ar fad iad gan post a fháil.
a gcuid áiteamh siar orainn their arguments home on us
" Ealaín áititheach is ea an pholaitíocht, áfach, agus is trí mheán na reitrice a chuireann polaiteoirí a gcuid áiteamh siar orainn de ghnáth.
dhíbh sé an t-áitiú sin but he dismissed that argument
" D’iarr na dlíodóirí cosanta ar an mbreitheamh le linn thriail an tSeisir gan admhálacha na bhfear a ligean isteach mar fhianaise mar go raibh siad gan síniú, ach dhíbh sé an t-áitiú sin.
Ní hionann an comhrá agus an tsáraíocht the argument and conversation is not the same
" Ní hionann an comhrá agus an tsáraíocht a bhíonn ar bun idir cairde agus idir strainséirí.
seanáiteamh the old argument
" Scríobhann sé in áit amháin: ‘Léitheoir is ea an criticeoir liteartha go bunúsach’, rud a chuireann seanáiteamh Brooks i gcuimhne dúinn óna leabhar cáiliúil mar gheall ar cheird léitheoir na filíochta, The Well Wrought Urn, ceird a bhí bunaithe ar chreathlach neamhspleách inmheánach an dáin féin, nó an ‘independent poetic structure’ a nochtfaidh an léitheoir stuama.
ag croí-lár scéal at the heart of (Kahneman’s) argument
" Tá eagna chinn lochtach an duine ag croí-lár scéal Kahneman.
cúpla áiteamh ina gcoinne some arguments against it
"cúpla áiteamh ina gcoinne.
dtabharfaidh siad cruth Janus na hargóna fé deara they’ll notice the Janus type of argument
" Agus an leabhar éirimiúil croíúil seo á léamh arís ag an nglúin nua, ní foláir go dtabharfaidh siad cruth Janus na hargóna fé deara.
an gcur is cúiteamh the discussion, argument
" Bhí Doireann Ní Ghlacáin ag caitheamh súile ar an gcur is cúiteamh a thosaigh le feachtas Invisible Children sna Stáit Aontaithe in aghaidh Joseph Kony i Uganda.
ar a éadan ná ar a áiteamh physically nor was his argument
" Má tháinig sé aníos as Loch Rúraí féin, níor fágadh ainimh ná máchail ar a éadan ná ar a áiteamh.
inar dhiúltaigh an binse d’áiteamh the judges refused the argument
" Bhí John-Paul Mc Carthy ag iniúchadh breith Ard-Chúirte inar dhiúltaigh an binse d’áiteamh Marie Fleming, a bhfuil an t-ilscléaróis ag dul di le blianta, ligean di éalú ó fhulaingt ghleann goirt na ndeor.