Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
hartola petrol
" Agus praghas na hartola íseal sna nóchaidí, thugadar neamhaird ar an ráta ‘mílte sa ghalún’ agus rinneadar ollcharranna mar an Cadillac Escalade agus an Hummer.
artola petrol
" Tá IKEA mar a bheadh monarcha gluaisteán sa Chóiré ann, tá clóin Ross O'Kelly Carroll agus a chlann (dá mbeadh sé pósta) ar ruathair threallchogaíochta ar ionaid thráchtála an tuaiscirt, ag tabhairt leo tolgleapacha Sualannacha, artola as an Mheánoirthear, agus a oiread óil is a líonfadh an Life.
artola fossil fuel
" Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann: Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.
hartola petrol
" Ina theannta sin, agus costas na hartola ag ardú go seasta, bhí costas seasmhach ar an gcumhacht eithneach.
artola petrol
" Maraíodh daoine ina bpampútaí, nó ag díol as artola, nó ag siúl fríd an pháirc.
artola petrol
" Os rud é go raibh scaifte mór i Kilburn le haghaidh an mhórshiúil, thug na póilíní/rialtas cead dúinn cruinniú le chéile ar thaobhshráid , áit a raibh stáisiún artola.
artola petrol
" Os cionn dhá euro in aghaidh an lítir á ghearradh ar lucht tiomána ag cuid de na stáisiúin artola i bPáras.
artola of petrol
" An ar leas na teanga a bheadh sé, mar shampla, dá mbeadh an 220 post úd in Indreabhán líonta ag daoine a bheadh ag teacht anoir ó chathair na Gaillimhe, a bheadh ag Béarlóireacht go tréan agus gan de bhuntáiste le fáil ag an ghéilleagar áitiúil uathu ach corrcheapaire agus líotair artola i Siopa an Phobail? Mura gcuirtear an tionchar a bheas ag forbairt faoi leith ar staid na teanga sa cheantar san áireamh, tá an baol ann go gcaillfear raison d'être na heagraíochta.
B'fhiú an artola a choigilt it’d be worth saving the petrol
" B'fhiú an artola a choigilt pé scéal é, ó bhí na stáisiúin go léir dúnta, cheal leictreachais chun an breosla a chaidéalú.
ciondáil artola i bhfeidhm acu having fuel rationing in place
" Ach diaidh ar ndiaidh thosaigh na stáisiúin artola ag athoscailt le gineadóirí, agus ciondáil artola i bhfeidhm acu, rud a d'fhág scuainí fada ar na bóithre agus fanacht cúig uair an chloig orthu siúd a raibh práinn breosla orthu.
charr a lochtú le hartola to fill the car with petrol
" Sea, ní i lár na cathrach ná le taobh an bhaile mhóir, ach amuigh faoin tír ar an bhealach mhór idir Gaillimh agus Tír Chonaill, bíonn deis ag duine a charr a lochtú le hartola agus labhairt le duine i bPolannais.
dtiomáineann sí mar ghluaisteán artola it drives like a petrol (engine)
" Tá an cineál seo innill go maith toisc go dtiomáineann sí mar ghluaisteán artola.
luaidhe san artola lead in the petrol
" Ó na seachtóidí i leith, nuair a cuireadh deireadh le luaidhe san artola, tá leibhéal na luaidhe san aer ag titim.
stad artola fuel stop
" Deis sosa agus deis éalú ar do mharana atá san ‘aire de service’, nó sa stad artola, le taobh an bhealaigh mhóir ar an Mhór-Roinn.
toibreacha na hartola the oil wells
"toibreacha na hartola á dtaoscadh i rith an ama agus tá PJ Mac Gabhann den tuairim go mbeidh cinneadh i leith ghiniúint aibhléise le déanamh ag muintir na hÉireann.