Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
as a chéile in a row
" I mbliana bhuaigh Luimneach cluiche ceannais na hÉireann sa ghrád faoi bhliain is fiche den dara huair as a chéile.
as a chéile in a row
" Maidir leis an Lucht Oibre, seo é an tríú toghchán as a chéile caillte acu, rud nár tharla le breis is scór bliain.
ag obair as lámh a chéile working together, co-operating
" Bhí chuile dhuine ar an airgead céanna agus ag obair as lámh a chéile.
ag spóchadh as a chéile ragging each other, taking the piss
" Agus ba mar sin a bhí an saol i gcónaí idir Fiachra agus Féilim agus iad ag spóchadh as a chéile agus gach re duine acu ag tabhairt comhairle nach raibh an fear eile ag iarraidh a chluinstin.
as lámh a chéile together
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? Láidreachtaí na heagraíochta ná go bhfuil tacaíocht mhaith agus maoiniú measartha faighte ón tús aici ón Roinn Oideachais, agus go bhfuil Oifigigh Aosoideachais na gcontaetha éagsúla Gaeltachta ag obair as lámh a chéile sa tionscadal, seachas a bheith ag obair astu féin, gan tacaíocht nó aitheantas.
as a chéile in a row, consecutively
" Tá roinnt páistí tar éis fanacht le Cummiskey féin agus lena bhean Pat, duine a tháinig sé bliana as a chéile ina measc.
as éadan a chéile one after the other
" I ndáiríre, is é an tsamhail a bhí i m'intinn ná go raibh daoine ag dul i gcré as éadan a chéile, faoi bháisteach a bhí ag titim gan stad! Sea, *An Béal Bocht.
as a chéile in a row
" Cén fáth sin? Mar tá sé ina rún daingean ag foireann Chill Chainnigh, mar a admhaíonn Brian Cody, bainisteoir na gCat, gradam ar leith a bhaint amach dóibh féin agus an stair a scríobh tríd an dara Craobh as a chéile a bhreith leo.
trí lá as a chéile three days in a row
" Mí na Bealtaine seo caite, ghlac sí páirt i dtrí mharatón siúil trí lá as a chéile, 26 míle gach lá, d'Ospís an Fheabhail i nDoire agus don Ionad Altranais atá á thógáil faoi láthair i nGaoth Dobhair.
réabtha as a chéile blown apart
" ) Ach leis an spotsolas á dhíriú ar "an chogadh salach" tá seans (caol) ann go mbeidh an íomhá dhubh agus bhán den choimhlint ó thuaidh réabtha as a chéile.
as a chéile in a row
" Ach de réir na bhfigiúirí is deireanaí, beidh laghdú ar an uimhir sin arís i mbliana don tríú bliain as a chéile.
ar tí titim as a chéile about to collapse
trí huaire as a chéile three times in a row
" Ach cad a tharlóidh má dhéanann tú dearmad air? Bhuel tá polasaí "*three strikes and you're out*" á chur i bhfeidhm - má theipeann ar do chuid iarrachtaí an uimhir cheart a úsáid trí huaire as a chéile rachaidh an cárta "faoi ghlas" agus beidh ort dul i dteagmháil le do bhanc chun go n-oibreoidh sé arís.
as a chéile in succession
" Ina dhiaidh sin, d'éirigh le foirne de chuid Ollscoil Cornell a raibh McEneaney i gceannas orthu craobhchomórtas an NCAA a bhuachan dhá bhliain as a chéile, i 1976 agus 1977.
as lámh a chéile in co-operation
" Ní bheadh aon eagraíocht ag géilleadh a neamhspléachais nó ag cailleadh cumhachta; bheadh siad uilig ag obair as lámh a chéile agus i dteagmháil lena chéile go laethúil.
as a chéile in a row
" In ainneoin ceithre chluiche dhéag as a chéile a chailliúint, bhí beagán le ceiliúradh ar deireadh ag iománaithe Átha Cliath tar éis dóibh a stádas sa chéad roinn a choinneáil slán bliain eile.
ag obair as lámh a chéile working together
" “Déanaimid ár ndícheall bheith ag obair as lámh a chéile.
trí bliana as a chéile three years in a row
" Nuair a d’éirigh na laochra úd as a bheith ag imirt, líon Mattie an ról mar chinnire na dtosaithe ar an bhfoireann ab fhearr a bhí ag Gaillimh riamh, foireann a bhuaigh an Chraobh trí bliana as a chéile idir 1964-66.
ag obair as lámh a chéile working together, in cahoots
" Sráideanna faoi léigear, lánaí a fágadh gan chosaint agus sciúirse lasrach oíchiúil á fhearadh orthu ag póilíní agus ag dílseoirí a bhí ag obair as lámh a chéile.
ag obair as lámh a chéile working together
" Sin an fáth go bhfuil tábhacht leis an gcomhordú atá á dhéanamh anois, go bhfuil an Roinn agus an tÚdarás ag obair as lámh a chéile anois.
ag buachan dhá chraobh peile as a chéile arís winning two football championships in succession again
" Is fada go bhfeicfimid contae ar bith ag buachan dhá chraobh peile as a chéile arís, gan trácht ar thrí cinn.
dhá chraobh as a chéile two championships in a row
" Má tá sin fíor, is foireann thar barr ar fad í foireann Chorcaí tar éis dóibh dhá chraobh as a chéile a bhuachan in 2004 agus 2005 agus cáiliú do cheithre chluiche ceannais as a chéile.
den ochtú bliain as a chéile for the eighth consecutive year
" Beidh neart Gaeilge le cloisteáil sa United Irish Cultural Center, sa Sunset District, in aice na farraige i San Francisco, idir Dé hAoine, 22 Meán Fómhair agus Dé Domhnaigh, 24 Meán Fómhair mar go mbeidh Deireadh Seachtaine Gaeltachta ar siúl ansin den ochtú bliain as a chéile.
don dara babhta as a chéile for a second time in a row
" Ach oiread le galfairí Mheiriceá, is deacair a thuiscint cén fáth go bhféadfadh peileadóirí Mhaigh Eo a bheith chomh dona don dara babhta as a chéile (2004 an uair dheireanach) ar an lá is mó sa bhliain i gcúrsaí peile.
a thit as a chéile who fell apart
" Pádraig a thit as a chéile chomh minic céanna is a chuir sé é féin ar ais le chéile arís.
den dara bliain as a chéile. for the second year running.
" Lean cúilín cúilín eile agus ar deireadh bhí bua cuimsitheach ag peileadóirí Átha Cliath ar Chiarraí den dara bliain as a chéile.
as a chéile in succession
" Lean cúilín cúilín eile agus ar deireadh bhí bua cuimsitheach ag peileadóirí Átha Cliath ar Chiarraí den dara bliain as a chéile.
ag titim as a chéile falling apart
" Thuigfeá an fáth a bhfuil pobal na cathrach ag séideadh an deannaigh óna rothair agus ag tabhairt faoin mbóthar ar dhá roth – níl an dara rogha acu a thuilleadh! Tá na bóithre ag titim as a chéile mar thoradh ar an mbrú tráchta agus tá táillí taistil ag dul i méad, ach caithfear a admháil go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun cúnamh a thabhairt do rothaithe trí rianta nua rothaíochta a thógáil i ngach ceann de na cúig bhuirg atá sa chathair.
as lámh a chéile together
" D’oibrigh na daoine, idir mhisinéirí agus dhúchasaigh, as lámh a chéile chun turasóirí a mhealladh.
muinín a bheith acu as a chéile to trust each other
" Cosúil le haon seirbhís eile ar líne – agus sa saol dáiríre – caithfidh baill de chlub faoi leith, ar nós Facebook, muinín a bheith acu as a chéile agus as na daoine a eagraíonn rudaí.
ag obair as lámh a chéile working together
" Faoi láthair ar a laghad tá siad ag obair as lámh a chéile ar chláracha praiticiúla le dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla a bhaineann le saol dhúchasaigh na hAstráile mar atá sé faoi láthair.
ag obair as lámh a chéile working closely together
" * Dála Tim Rice agus Andrew Lloyd Webber, bíonn Menken agus Schwartz ag obair as lámh a chéile go minic agus bronnadh dhá dheilbhín órga draíochta orthu roimhe seo.
a bheith ag obair as lámh a chéile to be working together
" “Rachaidh sé chun sochair do gach aon dream a bheith ag obair as lámh a chéile mar seo.
rinne siad iad a stolladh as a chéile. they ripped them apart
" D'oscail siad doras an bhus, ghoid siad róbaí an tsagairt a bhí in éineacht leis na buachaillí, an tAthair Terry Murray, agus rinne siad iad a stolladh as a chéile.
ag titim as a chéile. falling apart
" Thaistil mé féin ar sheanbhus a bhí ag titim as a chéile.
thit an scéim as a chéile the scheme fell apart
" Ba mhilliúnaí an t-Uasal Ponzi faoin am ar thit an scéim as a chéile.
dtitfeadh sé as a chéile would fall apart
" Bhí an bád in anchaoi, an chuma ar an scéal go dtitfeadh sé as a chéile agus léim cuid de na paisinéirí amach san fharraige.
as lámh a chéile in tandem
" Déarfadh an duine ba shaonta amuigh gur as lámh a chéile a bhí Shell is údaráis na Nigéire ag obair.
as a chéile in a row
" Ní raibh deacracht ar bith an mhí seo áfach agus biaiste na hiomána idirchontae díreach thart agus ba é sin oirbheart agus gaisce iománaithe Chill Chainnigh a mholadh agus a mhóradh tar éis dóibh an ceathrú craobh shinsear iomána uile-Éireann as a chéile a ghnóthú.
as lámha a chéile together
" Nuair atá an t-aisteoir, an solas, an lionsa agus an stiúrthóir ag obair as lámha a chéile, fuasclaítear pé rud atá ar siúl san anam istigh.
obair as láimh a chéile working together
" Tugadh na feisirí neamhspleácha tuaithe ar an triúr seo, atá ag obair as láimh a chéile le tamall anuas.
ghaol a thit as a chéile a friendship that fell apart
" Tugann dhá ghrianghraf sa leabhar léargas breise ar scéal a insíonn an Seanchánach faoi ghaol a thit as a chéile.
oibriú as láimh a chéile work together
" Dar liomsa go bhfuil foireann eile ar an bpáirc ag leibhéal idir chontae, an réiteoir agus na maoir, agus caithfidh an fhoireann sin oibriú as láimh a chéile faoi cheannaireacht an réiteora.
ag obair as lámh a chéile cooperating
" Le slua mór daoine ag obair as lámh a chéile is féidir táimhe nádúrtha na sochaí a shárú, agus fiú mian rialtas diongbháilte a athrú, mar a léiríodh sa Bhreatain.
as a chéile in a row
" Athruithe faoin Bhunsraith =============== Cé gur bhuaigh Fianna Fáil sé thoghchán as a chéile, bhí siad ag imeacht ó chaidreamh ar na daoine.
thit gach rud as a chéile everything fell apart
" ) “Nuair a theip ar shláinte m’athar, thit gach rud as a chéile agus bhí orainn, mé féin is mo dheartháir, bogadh amach chun na tuaithe le fuireach le mo mháthair.
ag baint na bputóg as a chéile gutting each other
" Fan go sáfaidh mise mo chuid fiacla isteach i bhfeoil bhog bhlonagach an Oireachtais! Beidh lucht amhránaíochta ar an sean-nós ag baint na bputóg as a chéile ar mhaithe le deich Euro mar chéad duais i gcomórtas Chorn Uí Riada.
ag titim as a chéile falling down
" Bhaineamar roinnt tithe amach tar éis tamaillín, iad go léir folamh agus ag titim as a chéile.
thiteann saol duine as a chéile a person’s life falls apart
" Meabhraíonn an t-údar Dave Duggan ar an mhéid a tharlaíonn nuair a thiteann saol duine as a chéile ina leabhar nua, *A Sudden Sun*.
oibrionn muid as lámha a chéile we assist each other
" Tá an comhoibriú mar sin ann agus tá an ceangal sin eadrainn agus is muid na meáin chraolta Ghaeilge sa tír seo, cuid díofa, agus oibrionn muid as lámha a chéile nuair is féidir.
ag obair as lámh a chéile leis working in tandem with
" Níl aon amhras ach go bhfuil baint ag Matiullah le saothrú lus an chodlata agus i dtrádáil na hearóine agus, níos measa fós, go bhfuil sé ag obair as lámh a chéile leis an Talaban.
trí huaire as a chéile three times in a row
" Tá bonn óir na hEorpa buaite ag Katie trí huaire as a chéile agus Craobh an Domhain in 2006.
firinní an tsaoil iarbhír as a chéile the truth of real life
" Réabann an tsamhlaíocht firinní an tsaoil iarbhír as a chéile.
a bhriseadh as a chéile to break asunder
" Go bunúsach, is éard atá faoi Haneke a dhéanamh ná an dearcadh status quo sin a fhéachann ar an scannánaíocht mar ghné éadrom siamsaíochta a bhriseadh as a chéile agus feidhm níos bunúsaí agus níos dáiríre a bhronnadh ar an bhfoirm ealaíne seo in athuair.
an saol stróicthe as a chéile life torn apart
" Cad a leanann an gníomh? Conas mar a théann sé i bhfeidhm orthu siúd a bhfuil an saol stróicthe as a chéile go deo na ndeor agus gan faoiseamh ceart le fáil riamh arís acu.
ag spochadh go neamhurchóideach as a chéile teasing each other ina friendly way
" Is breá leis an dá dhream araon a bheith ag spochadh go neamhurchóideach as a chéile agus is oth liom a admháil go bhfaigheann na Sasanaigh an ceann is fearr ar na hAstrálaigh den chuid is mó.
thit a thriail as a chéile his trial fell apart
" Tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfaighfidh íospartaigh an iarcheannasaí choláiste samhraidh Gaeilge, Domhnall Ó Lubhlaí, amach go deo na cúiseanna gur thit a thriail as a chéile i nDeireadh Fómhair 2002, óir ní léir go bhfoilseoidh an Aire Dlí is Cirt, Alan Shatter, toradh an athbhreithnithe atá ar bun ag Gardaí ar an cheist.
a thit an cás as a chéile of the trial’s collapse
" Moilleadóireacht an stáit agus fianaise a chaill na Gardaí na húdair ba mhó a thit an cás as a chéile.
ag titim as a chéile falling apart
" I gCluain Sceach tosaíonn roinnt de na reathaithe ag titim as a chéile.
as a chéile apart
" Thit réimeas Mc Greevey (agus a phósadh) as a chéile.
ag obair as lámha a chéile working together
" Tá súil agam, leis an bhfóram comhpháirtíochta atá le bunú, go mbeidh comhphleanáil ar bun idir na heagraíochtaí agus go mbeimid ag obair as lámha a chéile.
as a chéile in succession
" Bhí díoma orm nuair a d’amharc mé ar RTÉ *Primetime* ar 30ú Aibreán mar bhí mé díreach tar éis seal a chaitheamh mar cheannaire ar an chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, in iardheisceart Dhún na nGall agus bhí na daoine ar an chlár teilifise ag cíoradh ceist a bhaineann le ceart slí in Éirinn – ceart nach bhfuil ann i ndáiríre! D’éirigh go hiontach le Lá Náisiúnta Chosáin an Oilithrigh i nGleann Cholm Cille ar 19ú Aibreán, nuair a rinne scaifte mór cuairteoirí Turas Cholm Cille (amharc an nasc Na Seanoilithreachtaí ar dheis) ach bíodh go raibh an aimsir go hálainn ar feadh deich lá as a chéile, bhí easpa cuairteoirí eile ann.
as a chéile in a row
" Is í an cheist anois, an ndéanfaidh Cill Chainnigh cúig chraobh as a chéile de an bhliain seo chugainn?