Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag obair as lámh a chéile working together, co-operating
" Bhí chuile dhuine ar an airgead céanna agus ag obair as lámh a chéile.
as lámh a chéile together
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? Láidreachtaí na heagraíochta ná go bhfuil tacaíocht mhaith agus maoiniú measartha faighte ón tús aici ón Roinn Oideachais, agus go bhfuil Oifigigh Aosoideachais na gcontaetha éagsúla Gaeltachta ag obair as lámh a chéile sa tionscadal, seachas a bheith ag obair astu féin, gan tacaíocht nó aitheantas.
as lámh a chéile in co-operation
" Ní bheadh aon eagraíocht ag géilleadh a neamhspléachais nó ag cailleadh cumhachta; bheadh siad uilig ag obair as lámh a chéile agus i dteagmháil lena chéile go laethúil.
ag obair as lámh a chéile working together
" “Déanaimid ár ndícheall bheith ag obair as lámh a chéile.
ag obair as lámh a chéile working together, in cahoots
" Sráideanna faoi léigear, lánaí a fágadh gan chosaint agus sciúirse lasrach oíchiúil á fhearadh orthu ag póilíní agus ag dílseoirí a bhí ag obair as lámh a chéile.
ag obair as lámh a chéile working together
" Sin an fáth go bhfuil tábhacht leis an gcomhordú atá á dhéanamh anois, go bhfuil an Roinn agus an tÚdarás ag obair as lámh a chéile anois.
as lámh a chéile together
" D’oibrigh na daoine, idir mhisinéirí agus dhúchasaigh, as lámh a chéile chun turasóirí a mhealladh.
ag obair as lámh a chéile working together
" Faoi láthair ar a laghad tá siad ag obair as lámh a chéile ar chláracha praiticiúla le dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla a bhaineann le saol dhúchasaigh na hAstráile mar atá sé faoi láthair.
ag obair as lámh a chéile working closely together
" * Dála Tim Rice agus Andrew Lloyd Webber, bíonn Menken agus Schwartz ag obair as lámh a chéile go minic agus bronnadh dhá dheilbhín órga draíochta orthu roimhe seo.
a bheith ag obair as lámh a chéile to be working together
" “Rachaidh sé chun sochair do gach aon dream a bheith ag obair as lámh a chéile mar seo.
as lámh a chéile in tandem
" Déarfadh an duine ba shaonta amuigh gur as lámh a chéile a bhí Shell is údaráis na Nigéire ag obair.
as lámha a chéile together
" Nuair atá an t-aisteoir, an solas, an lionsa agus an stiúrthóir ag obair as lámha a chéile, fuasclaítear pé rud atá ar siúl san anam istigh.
ag obair as lámh a chéile cooperating
" Le slua mór daoine ag obair as lámh a chéile is féidir táimhe nádúrtha na sochaí a shárú, agus fiú mian rialtas diongbháilte a athrú, mar a léiríodh sa Bhreatain.
oibrionn muid as lámha a chéile we assist each other
" Tá an comhoibriú mar sin ann agus tá an ceangal sin eadrainn agus is muid na meáin chraolta Ghaeilge sa tír seo, cuid díofa, agus oibrionn muid as lámha a chéile nuair is féidir.
ag obair as lámh a chéile leis working in tandem with
" Níl aon amhras ach go bhfuil baint ag Matiullah le saothrú lus an chodlata agus i dtrádáil na hearóine agus, níos measa fós, go bhfuil sé ag obair as lámh a chéile leis an Talaban.
ag obair as lámha a chéile working together
" Tá súil agam, leis an bhfóram comhpháirtíochta atá le bunú, go mbeidh comhphleanáil ar bun idir na heagraíochtaí agus go mbeimid ag obair as lámha a chéile.