Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag obair as lámh a chéile working together, co-operating
" Bhí chuile dhuine ar an airgead céanna agus ag obair as lámh a chéile.
atá éirithe as a gcuid oibre who are retired
" Tagann páistí, déagóirí, daoine proifisiúnta agus daoine atá éirithe as a gcuid oibre.
éirithe as an obair retired
" Ach go minic ní bhíonn fhios ag na freastalaithe go bhfuil ailse orthu go dtí go mbíonn siad sean agus éirithe as an obair.
ag obair as lámh a chéile working together
" “Déanaimid ár ndícheall bheith ag obair as lámh a chéile.
chinn sí ar éirí as an obair sin she decide to give up that work
" ” Chaith sí beagnach bliain i mbun an ghnó ach ós rud é go raibh ag teip uirthi aon bhrabús a dhéanamh, chinn sí ar éirí as an obair sin.
ag obair as lámh a chéile working together, in cahoots
" Sráideanna faoi léigear, lánaí a fágadh gan chosaint agus sciúirse lasrach oíchiúil á fhearadh orthu ag póilíní agus ag dílseoirí a bhí ag obair as lámh a chéile.
éirithe as an obair retired
" Roinnt eile éirithe as an obair agus dúil acu sa saol éasca leamh leisciúil faoin ngrian.
ag obair as lámh a chéile working together
" Sin an fáth go bhfuil tábhacht leis an gcomhordú atá á dhéanamh anois, go bhfuil an Roinn agus an tÚdarás ag obair as lámh a chéile anois.
as feabhas a chuid oibre acadúla for the excellence of his academic work
" Ní raibh sa scoláireacht seo ach an chéad duais a ghnóthódh an Coileánach as feabhas a chuid oibre acadúla.
obair bhreise as a stuaim féin. extra work by their own initiative.
" Is cinnte go ndéanann imreoirí na gcluichí Gaelacha obair bhreise as a stuaim féin.
Bainim an-sult as mo chuid oibre I really enjoy my work
" ***An raibh sé deacair cinneadh a dhéanamh ******an Chomhairle Ealaíon a fhágáil agus tabhairt faoi dhúshlán úr?*** Is cinnte go raibh! Bainim an-sult as mo chuid oibre leis an Chomhairle Ealaíon.
ag obair as lámh a chéile working together
" Faoi láthair ar a laghad tá siad ag obair as lámh a chéile ar chláracha praiticiúla le dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla a bhaineann le saol dhúchasaigh na hAstráile mar atá sé faoi láthair.
ag obair as lámh a chéile working closely together
" * Dála Tim Rice agus Andrew Lloyd Webber, bíonn Menken agus Schwartz ag obair as lámh a chéile go minic agus bronnadh dhá dheilbhín órga draíochta orthu roimhe seo.
as ucht na hoibre tábhachtaí for the important work
" " Tá aitheantas bainte amach ag Landlife agus NWC as ucht na hoibre tábhachtaí atá curtha i gcrích acu, agus mar gheall air sin, fuair siad feirm thréigthe 300 acra ar léas ó Thiarna Derby i mbliana.
a bheith ag obair as lámh a chéile to be working together
" “Rachaidh sé chun sochair do gach aon dream a bheith ag obair as lámh a chéile mar seo.
obair as lámha dá chéile working to each other’s benefit
" An dá ghné sin ag obair as lámha dá chéile mar is ceart.
obair as láimh a chéile working together
" Tugadh na feisirí neamhspleácha tuaithe ar an triúr seo, atá ag obair as láimh a chéile le tamall anuas.
ag obair as lámh a chéile cooperating
" Le slua mór daoine ag obair as lámh a chéile is féidir táimhe nádúrtha na sochaí a shárú, agus fiú mian rialtas diongbháilte a athrú, mar a léiríodh sa Bhreatain.
ag obair as lámh a chéile leis working in tandem with
" Níl aon amhras ach go bhfuil baint ag Matiullah le saothrú lus an chodlata agus i dtrádáil na hearóine agus, níos measa fós, go bhfuil sé ag obair as lámh a chéile leis an Talaban.
bhfuilim ag baint an-taitneamh as an obair I’m enjoying the work
" Gníomhach i gCónaí ======= **CMS Cad é do ról le foireann peile Átha Cliath?** BD Ní féidir liom mórán a rá faoi sin, ach amháin go bhfuilim ag baint an-taitneamh as an obair.
gan íoc leo uaireanta as an obair not paying them at times for the work
" Fágann sin nach annamh a dhéanann fostóirí is fir eile na mná seo a éigniú, a chur ag obair ar feadh tréimshsí fada is gan íoc leo uaireanta as an obair a dhéanann siad.
chomh mórtasach sin as torthaí a chuid oibre so proud of the result of his work
" Bhí sé chomh mórtasach sin as torthaí a chuid oibre gur thug sé Hitler thart ar an taispeántas.
a chuaigh ann as a oifig oibre who went there from his office
" Thosaigh an tóraíocht ar an 1ú Meitheamh nuair a d'eitil Glenn Greenwald, iriseoir clúiteach as Meiriceá a oibríonn don Guardian, go Hong Cong chun bualadh le Snowden, a chuaigh ann as a oifig oibre in Hawai'i coicís roimhe.
as an obair stuama for the sensible work
" Tá fáth ag roinnt pobail Ghaeltachta a bheith buíoch go deo den Chomhdháil as an obair stuama a deineadh na blianta sin, obair nach raibh an tÚdarás ná An Roinn sásta drannadh leis.
ag obair as lámha a chéile working together
" Tá súil agam, leis an bhfóram comhpháirtíochta atá le bunú, go mbeidh comhphleanáil ar bun idir na heagraíochtaí agus go mbeimid ag obair as lámha a chéile.
in ann obair as a stuaim féin able to work on their own bat
" Féadfaidh an obair a bheith saghas uaigneach fosta ach dar léi, is gairm í ar cheart do dhaoine óga pointeáilte atá in ann obair as a stuaim féin, agus atá ag iarraidh a bheith ag cur snas agus feabhas ar a gcuid Gaeilge an t-am uilig a bheith ag smaoineamh uirthi - go háirithe má tá fonn taistil orthu.
as obair unemployed
" An té atá as obair abhus agus ar mhaith leis taithí saoil is oibre a fháil i dtír gheal eachtrach, tá comhairle ag Alex Hijmans dó: foghlaim blaiseadh den Phortaingéilis, faigh teastas TFL anois agus gabh chun na Brasaíle.