Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ascaill na Lus Botanic Avenue
" Bhí an oifig suite i gceantar an-deas, is é sin Ascaill na Lus, cóngarach d'Ollscoil na Ríona.
faoina ascaill under his arm
" Spéaclaí gréine ar a cheann, agus cúpla leabhar faoin scannánaíocht agus scripteanna faoina ascaill aige.
faoi m'ascaill agam under my arm
" An lá seo, bhí mé ag dul chuig teach mo mháthar móire agus pictiúr den Mhaighdean Mhuire a raibh fráma úrnua curtha ag m'athair air faoi m'ascaill agam.
faoi ascaill aici under her oxter
" Faoi dheireadh, thit an páipéar nuachta a bhí faoi ascaill aici ar an talamh.
faoi ascaill aici under her oxter
" Faoi dheireadh, thit an páipéar nuachta a bhí faoi ascaill aici ar an talamh.
faoina n-ascaill under their arm
" Dé Domhnaigh seo chugainn, 5 Márta, beidh súile an domhain ag amharc ar na réaltaí móra scannáin ag déanamh a mbealaigh go lonrach suas an cairpéad dearg chuig an Kodak Theatre i Hollywood, iad lán dóchais go mbeidh siad ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus an deilbhín beag clúiteach sin, a aithníonn achan duine mar Oscar, faoina n-ascaill acu.
in ascaill fhoscúil in a sheltered cavity
" D’ith muid ár lón in ascaill fhoscúil in aice leis an bharr agus ansin lean muid ar aghaidh go dtí an Pointe Triantánaithe, is é sin, an pointe is airde, ag 493 méadar.
faoina dhá ascaill under his two arms
" Chroch Balor an dá bhairille pórtair a bhí fágtha aige faoina dhá ascaill agus anonn leis go dtí an taobh eile den fhorhalla, áit a raibh scaifte eile dá sheanchairde ag ceol agus ag ól.
agus deilbhín beag clúiteach faoina n-ascaill acu. with a small little famous statue under their arms
" Bhí cuid de na daoine dóighiúla a sheas os comhair bholgáin na ngrianghrafadóirí agus os comhair na gcriúnna teilifíse a bhí tagtha ansin ó gach cearn den domhan lán dóchais go mbeidís ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus deilbhín beag clúiteach faoina n-ascaill acu.
faoina ascaill aige. under his arm
" ” Agus amach leis, a chlogaid agus a chóta faoina ascaill aige.
faoina ascaill aige under his arm
" Tráchtann sé fosta ar a bheith ag siúl costarnocht ar scoil agus dhá fhód móna faoina ascaill aige agus ar a bheith ag buachailleacht i ndiaidh na scoile.
ascaill oxters
" Stán Balor go mailíseach ar an ghléas ghránna, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile aonaraí leis, chaith an fearas fuafar ar leataobh agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
ascaillí avenues
" *, idir ascaillí a seacht agus a hocht, is iomaí amhrán iomráiteach a scríobhadh anseo.
ascaill nook
" Táimse féin ag blagadóireacht, cuirim i gcás, ó 2003 nuair a tháinig mé ar bhlag de thaisme is mé ar fánaíocht síos ascaill an eolais tráthnóna amháin.
faoi ascaill in the care of
" Tá cuid den fhreasúra go fiú ag tacú leis an mholadh, agus é ráite ag Éamon Gilmore, gur cheart go mbeadh cúram na Gaeltachta faoi ascaill Roinn an Taoisigh feasta.
Ascaill avenue
" Deireanach istoíche, dearg ar meisce in Ascaill Dhumhach Thrá.
m'ascaill my armpit
" com/watch?v=FezsFM5AEsM&feature=related)"Ceart go leor," arsa mise liom féin, ag crapadh mo chulaith snámha chugam faoi m'ascaill.
faoina ascaill under his arm
" Beidh le feiceáil cén nuachtán a bheas faoina ascaill ag an tábhairneoir dalba úd san athbhliain.
hAscaill Uí Ghríofa Griffith Ave.
" Samhlaigh droichead ag dul ó bhun Shráid Uí Chonaill go hAscaill Uí Ghríofa! B'aoibhinn liom a rá gurbh é seo an chuid ba shuimiúla den turas, ach chaitheas an t-am ar fad faoi scamaill chomh fuar sin go mb'éigean dom stopadh agus cóta a chur orm.
go hascaillí armpit high
" Bhí siad seal ar sodar, seal ar cosa in airde agus seal eile ar coisíocht mhall, síos mala agus suas cnoc, fríd choillte agus ghleanntáin sléibhe, seal ar an N5 agus seal ar an M50, seal go hioscaidí agus seal go hascaillí i dtuairisceoirí polaitiúla ó stáisiúin raidió agus ó stáisiúin teilifíse agus ó stáisiúin de gach sórt agus aicme, fríd fhraoch, cíb dhubh, draighean agus fuinseog.
faoina ascaill under his arm
" D’fhág sé an cruinniú le cóip den leabhar *‘Football and its Fans: Supporters and the Relations with the Game, 1885-1985’* faoina ascaill aige.
a dhá ascaill his armpits
" Agus an mhonalóg thart, stán Balor go mailíseach ar an ghuthán phóca, scríob sé a gheadán go gangaideach leis an ghléas, ansin a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile; dhruid sé an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
faoi ascaill in the armpit
" Tar éis leathuair an chloig a chaitheamh á scrúdú agus á cheannach, feicfidh tú na fir, ina n-aonar nó ina mbuíonta, chuile dhuine acu agus leathphluic líonta le khat, mála plaisteach lán le duilleoga, nó píosa de sceach faoi ascaill, agus iad ag déanamh ar an mbaile.
in ascaill a chéile next to each other
" ‘Go maire tú, go maire tú…’ Fear ar bheagán Polannaise agus fear ar bheagán Béarla in ascaill a chéile i bpasáiste faoi thalamh oíche Nollag i bPoznań.
i ngreim ascaille uirthi linking her underarm
" Shiúil sí go mall ón seomra, beirt chara i ngreim ascaille uirthi.
Ascaill avenue
" Bhí sé sin i dtigh ar Ascaill Dhoire Bholgaidh agus bhí Joe agus seisear eile, is dóigh liom, ag déanamh drámaí le Yeats.
in ascaill, cláiríní breac-chearnógacha ar an urlár in a corner with speckled tiles on the floor
" Tá tuama Liam Flannbhuí le feiceáil sa tsaothar seo in ascaill, cláiríní breac-chearnógacha ar an urlár agus dhá chuaille thaibhseacha lasta le solas geal lonrach ar an dá thaobh.
in ucht agus in ascaill a chéile entwined in each other
" Bhí an lucht éisteachta in ucht agus in ascaill a chéile, rud a chuir le sprid na hoíche.
faoina ascaill aige under his arm
" Bhí an t-amhránaí traidisiúnta Muiris (Mossie) Ó Scanláin tagtha ar ais arís ón Astráil go dtí a bhaile dúchais, Baile an Lochaigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, le déanaí agus an dara dlúthdhiosca, Gan Teorainn, faoina ascaill aige.