Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lean mac athar sa deasghnáth the custom/practice was passed on
" Bhí an nós ann ar fad a dhul ag tórraimheacha na gcomharsan sa dá pharóiste agus lean mac athar sa deasghnáth sin.
thagadh deartháireacha m'athar anuas my father's brothers used to come down
" "Oícheanta áirithe thagadh deartháireacha m'athar anuas ó na Bronx.
dealbh de chuid a athar one of his father's statues
" Ní hamháin sin, ach tá rud níos pearsanta ag tarlú anseo dó, óir dhá chéad slat ón stáitse tá dealbh de chuid a athar – Bikki.
dílis do spiorad ealaíne agus spiorad Ainu a athar loyal to the art spirit and the Ainu spirit of his father
" Ach anocht tá mac Oki, a iníon, a bhean chéile agus roinnt dá theaghlach anseo chun éisteacht leis ag canadh i láthair spiorad a athar – é dílis do spiorad ealaíne agus spiorad Ainu a athar ach níos dílse fós dá theaghlach.
Chuaigh bás a athar i bhfeidhm air His father's death affected him
" Chuaigh bás a athar i bhfeidhm air “go leibhéal tubaisteach” agus é ar scoil, agus thosaigh a thorthaí ag dul in olcas dá bharr.
Eilvéis an athar the father's Switzerland
" Tearmann, a dúirt mé – cineál Eilvéis an athar, áit nach mbíonn ach amháin daoine fásta eile.
lorg fealltach a athar his father's treasonous path/example
" ” Lean John McCain lorg fealltach a athar nuair a mhol sé The Liberty Incident, leabhar le Jay Cristol a foilsíodh i 2002 a thacaigh le leithscéal ar leathmhaig na n-Iosraelach.
iníon athar father's daughter
" Murach go raibh seirbhísí r-phost saor in aisce á dtairgeadh agus á nglacadh ag gach mac máthar agus iníon athar sna nóchaidí, ní bheadh an bhuncloch faoin gcuid is mó de na seirbhísí nua snasta seo.
brideach athar the father's bride
" Tá na mórthéamaí uilig anseo – dílseacht agus brath, mac a d’éalaigh le brideach athar, laochas agus tréas, an grá agus an drúis.
freagra a athar his father’s answer
" Cur na Ceiste ====== Ach, níor mhaith liom imeacht rófhada ón scéal, agus mar sin pillfidh mé ar Bhalor Óg bocht ina sheasamh go faiteach ag béal na pluaise, é ag bogadach thart le teann faitís, agus é ag fanacht le freagra a athar faoin bhrí atá le ‘polaitíocht’.
gcillín a athar his father’s cell
" Bhí an tAthair Mallin i láthair i gcillín a athar an oíche sular cuireadh chun báis é.
saol a athar his father’s life
" Labhraíonn an tAthair Mallin faoi oíche dheireanach a athar chomh maith le saol a athar roimhe sin agus faoina shaol féin ó shin i leith.
Muintir m’athar my father’s family
" **SMM: Agus is as Árainn do shloinne?** SÓD: Muintir m’athar.
an Athar Father
" Má bhreathnaítear ar staid na Gaeilge ag deireadh an 19ú aois agus an seasamh atá aici i measc an phobail anois, de réir taighde an Athar Mac Gréil, feictear athrú mór.
shláinte m’athar my father’s health
" ) “Nuair a theip ar shláinte m’athar, thit gach rud as a chéile agus bhí orainn, mé féin is mo dheartháir, bogadh amach chun na tuaithe le fuireach le mo mháthair.
mac an athar shleamchúisigh the careless father’s son
" Ba ghealt é Íosa Chríost dar leis, an chéad ghealt sa stair fiú; luaitear mac an athar shleamchúisigh a chuir iachaill air dul fé chúram dhlí na Rómhánach, an t-athair a dhiúltaigh aon chúnamh a thabhairt dá mhac agus a cholainn á réabadh ag tairní, an t-athair a nasc an grá le ciapadh agus céasadh poiblí, an mac dar ghlac leis an dearcadh seo.
fadhb ólacháin a athar his father’s drinking problem
" Sé atá sa leabhar, aistí beathaisnéise faoin saol a bhí ag an údar le linn a óige i Brooklyn Nua-Eabhrach agus i Luimneach chomh maith lena choimhlint le bochtanas agus le fadhb ólacháin a athar agus faoi iarrachtaí a mháthar an teaghlach a choimeád beo.
freastal ar thórramh a n-athar to attend their father’s burial
" Sé mhí roimhe sin, cháin polaiteoirí ó go leor páirtithe éagsúla cinneadh údaráis na Breataine gan cead a thabhairt daofa freastal ar thórramh a n-athar, Ownie a' Ghabha, ar an Bhun Beag.
corpán an athar os cionn cláir his father’s body is laid out to rest
" Diachair an Athar ====== Ar shroichint Nua-Eabhrac dó, tá corpán an athar os cionn cláir.
dhiachair an athar his father’s pain
" Deis an athmhuintearais caillte, glacann Cheyenne seilbh ar dhiachair an athar.
grá an athar his father’s love
" ”* Má shantaíonn Cheyenne grá an athar, sin cneasú nach dtagann.
An ligfear spiorad an athar chun suain shall his father’s spirit find rest
" An dtiocfaidh eochair éalaithe a chruacháis féin as an tóraíocht? An ligfear spiorad an athar chun suain? Ná lig do Cheyenne an dallmullóg a chur ort lena thuin monotónach.
ghoill teip ghrá an athar air the failure of his father’s love affected him
" Tuigtear do Cheyenne, ag coirm cheoil de chuid David Byrne, cé chomh mór is a ghoill teip ghrá an athar air, agus an t-anamghortú a chuir deireadh obann lena chuid ceoil féin.
Dílseacht an athar her father’s loyalty
" Dílseacht an athar agus dásachtacht na haintíne san aon bhean bheag amháin.
lorg a athar his father’s footsteps
" Gach uige mar a hábhar a deirtear agus i 1975, lean Aage Bohr lorg a athar nuair a rug sé Craobh Nobel leis i ngort na fisice eithní.
gach mac agus iníon athar agus máthar absolutely every living soul
" Sprioc an Dá Dheich ========= An 10ú Craobh ag Brian Mac Óda mar bhainisteoir agus an 10ú bonn mar imreoir ag Henry Ó Seibhleáin – is iad sin spriocanna muintir Chill Chainnigh do 2013 agus bímis deimhin de go mbeidh gach mac agus iníon athar agus máthar de chuid phobal Chill Chainnigh ag obair ar son na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfóire Dia ar gach foireann a gcastar orthu! D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafadh foireann éigin ar Chill Chainnigh i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn ar nós mar a rinne Gaillimh in 2012 ach cén seans go dtarlóidh sé an dara huair i rith na bliana céanna? Seans faoin spéir déarfainn, mar a chonacthas i mbliana agus is lú é mar sheans agus an dá sprioc thuas luaite ina spreagadh ar leithligh ag Cill Chainnigh an chéad bhliain eile.
ag cuardach taisí an athar searching for their father’s remains
" Cuireann uacht na máthar Liobáinigh, imirceach, an cúpla a rugadh di i gCeanada ag cuardach taisí an athar, agus an dearthár sa Mheán-Oirthear.
De réir a athar according to his father
" De réir a athar, bhíodh “dúil aige sa ghalf agus bhí cis aige a bhí thart ar a naoi nó a deich.
ar fhód dúchais a athar to his father's native land
" Gníomhaire na bPribhéid ========= É seo ar fad mar go raibh ceannaire an CIA, John Owen Brennan, le cuairt a thabhairt ar fhód dúchais a athar.
ar sheanbhuaile a athar his dad’s old milking parlour
" Cé gur tugadh cuireadh do John Brennan cuairt a thabhairt ar sheanbhuaile a athar mar go bhfuil sé anois ina cheannaire ar an CIA, ní raibh an fear féin sásta rud ar bith a rá faoina phost ach gur “pribhléid mhór dom a bheith i mo cheannaire ar an CIA, ar na fir agus na mná a choinníonn Meiriceá – agus an domhan mór –slán sábháilte.
oidhre beannaithe an athar the father’s favoured son
" B'é a dheartháir Bassel oidhre beannaithe an athar go dtí a bhás tobann i dtimpiste cairr i 1994.
an t-ainm athar agus mic the father’s and son’s name(s)
" 'Trenacatus' agus 'Maglagni' an t-ainm athar agus mic atá ar an gcloich sin ̵ 'tréanchath', 'málán' (> Maoláin; 'prionsa') agus 'cú' an trí fhocal ansin is dóigh.
ceadúnas an athar a úsáid to use the father’s licence
" Ach bíonn cead ag an mac ceadúnas an athar a úsáid.
sochraid a athar his father’s funeral
" Níor shroich an fealsúnaí William James sochraid a athar, ach nuair a tháinig sé abhaile chum sé litir dá phater muirneach agus léigh sé í os ard sa reilig.
cheol m’uncail agus mo shean-athar my uncle and my grandfather’s music
" Bhí an-mheas ag an gcosmhuintir ar cheol m’uncail agus mo shean-athar agus bhaineadar cáil mhór amach fud fad na tíre.