Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
atheagrú re-organising
" "Ollscoil na Réabhlóide" a tugadh air mar gur thapaigh an IRB an deis atheagrú a dhéanamh ar an eagraíocht taobh istigh den champa, atá suite ceithre mhíle ó Bala.
atheagrú cuimsitheach comprehensive re-organisation
" An é nach dtuigeann reachtóirí na tíre chomh tromchúiseach is a bhí an Tuarascáil? Nuair a bheas an focal deireanach scríofa fá imeachtaí an Bhinse, beidh ar an Aire Dlí is Cirt atheagrú cuimsitheach a dhéanamh ar na Gardaí - ón Choimisinéir anuas agus ón ábhar garda sa Teampall Mór aníos.
atheagrú cuimsitheach comprehensive re-organisation
" An é nach dtuigeann reachtóirí na tíre chomh tromchúiseach is a bhí an Tuarascáil? Nuair a bheas an focal deireanach scríofa fá imeachtaí an Bhinse, beidh ar an Aire Dlí is Cirt atheagrú cuimsitheach a dhéanamh ar na Gardaí - ón Choimisinéir anuas agus ón ábhar garda sa Teampall Mór aníos.
atheagrú re-organisation
" Mar is gnách, bhí an plé uilig chóir a bheith dírithe ar an mheá sheicteach, ar bhuaiteoirí agus chaillteoirí sa chluiche cumhachta idir náisiúnaithe agus aontachtaithe a leanfaidh an t-atheagrú ó bhun go barr ar an chóras rialtais áitiúil anseo.
atheagrú reorganization
" B’fhiú cuimhneamh, áfach, nach gcuirfeadh atheagrú ar theorainneacha na Gaeltachta aon bhac ar Fhoras na Gaeilge tacú leis na pobail a chaithfí amach as an Ghaeltacht.
D'atheagraigh an mhainistir an sráidbhaile, the monastery re-organised the village,
" D'atheagraigh an mhainistir an sráidbhaile, agus thosaigh sí ag gearradh cíosa ar dhaoine.
nó seanlipéad a atheagrú or to reorganise an old label
" Creidim go bhfuil deis iontach ann anois d’eagras nua nó do dhuine cruthaitheach lipéad nua don aois seo a bhunú – nó seanlipéad a atheagrú – ag úsáid na nuatheicneolaíochta agus an idirlín, agus ag teacht i dtír ar an tslí a bhfuil go leor daoine ann a bhfuil tallann acu nach bhfuil ceangailte le lipéad ar bith.
atheagrú to reorganize
" Ba cheart a rá leo dá bhrí sin, a bheith ag imeacht leo agus córas cánach, córas airgeadais a atheagrú ar bhonn Éireannach, agus ar bhonn Eorpach chomh maith; go mbeadh na forais airgeadais in úinéireacht phoiblí – ní chun bailout a dhéanamh orthu ach go mbeidís faoi smacht daonlathach, agus ins an tslí sin go mb'fhéidir airgead a thabhairt do dhaoine atá féinfhostaithe, do ghnónna beaga agus a leithéid chun forbairt a dhéanamh agus go mór mór, chun bonneagar athá riachtanach anso a chur chun cinn agus na mílte a chur ar ais ag obair.