Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
athláimhe second-hand
" Chomh maith leis sin, tá suas le 30,000 leabhar, idir chinn nua agus athláimhe, teidil as cló agus cnuasach seandachtaí sa siopa trí urlár seo.
lucht díolta carranna athláimhe second-hand car sellers
" Ach sin ráite, tá ceisteanna le freagairt ag an triúr, agus bíonn cuma lucht díolta carranna athláimhe ar urlabhraithe Shinn Féin bunús an ama agus iad faoi agallamh faoin chás.
athláimhe second-hand
" Deir sé nár theastaigh uathu gur "eolas athláimhe ar Éirinn nó aithne athláimhe orthu féin mar Éireannaigh a bheadh ag ár gcuid leanaí orthu féin, go mbeidís ag brath orainne ar fad leis an nasc a dhéanamh le hÉirinn.
siopaí athláimhe second-hand shops
" Ansin chuaigh mé go dtí siopaí athláimhe ag lorg éadaí a bheadh fóirsteanach d'oifigí mar nach féidir T-léinte a chaitheamh iontu.
smaointe athláimhe second-hand ideas
" Thiocfadh dó gur ag diúltú dóibh a bhíonn sí ó nach léi féin iad mar smaointe sa chéad áit; ós smaointe athláimhe iad.
carr athláimhe second-hand car
" Bhí borradh nua san aer, agus cad a rinne m’athair Pat, an fear sa gharda onóra le Dev in athshealbhú na gcalafort cabhlaigh ar Inis Pic i 1938, ach a chéad ghluaisteán – carr athláimhe, Ford Prefect, uimhir DPI 206 – a cheannach.
siopaí athláimhe second-hand shops
" Téann Leith Walk, ar sráid mhór lán tráchta agus siopaí athláimhe í, ansin ó lár na cathrach, nó is féidir siúlóid dheas shuaimhneach, ar a dtugtar Water of Leith, a dhéanamh cois abhann.
dhíoltóirí carranna athláimhe second-hand car salesmen
" Más fíor do na suirbhéanna faoi dhearcadh na nAstrálach i leith na ngairmeacha éagsúla – a fhoilsítear sna meáin abhus go rialta – tá drochmheas ag muintir na tíre seo ar pholaiteoirí, mar atá acu ar dhlíodóirí, ar dhíoltóirí carranna athláimhe agus, sa lá atá inniu ann, ar lucht na teileamhargaíochta.
athláimhe secondhand
" Bímid ag sú tuairimí agus coincheapa athláimhe chugainn thar farraige isteach agus is minic a fhágtar na hathchoinceapa sin gan na hathruithe cuí atá riachtanach chun cultúr fíornuálaíoch a chothú.
athláimhe a cheannach to buy a second hand
" Faigh Ceann Díosail ======== Má tá tú ag smaoineamh ar Avensis athláimhe a cheannach, molaim go mór duit dul le díosal.
carranna athláimhe secondhand cars
" Ní bhíonn mórán difir eatarthu sa luach, ach tagann titim bheag ar luach carranna athláimhe a mbíonn cláruimhir 131D orthu.
gluaisteáin athláimhe i gcoitinne secondhand cars generally
" Is fíor go mbíonn fadhbanna ag baint le Alfa Romeo agus leis an 159, ach bíonn an-chuid de na fadhbanna sin ag gluaisteáin athláimhe i gcoitinne.