Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tuar athruithe bunúsacha predicting basic changes
" Beidh aird á tarraingt sna míonna atá romhainn, ní hamháin ar an chóimheas agus ar an iolrú a chleachtann na páistí seo sa seomra ranga, ach ar an chuntas polaitiúil ar a bunaíodh an stát, cuntas atá anois ag tuar athruithe bunúsacha i nádúr an Tuaiscirt é féin.
faoi thionchar athruithe an domhain mhóir under the influence of world trends
" Maidir leis an iascaireacht, tá sé suimiúil a fheiceáil go raibh an tionscal seo faoi thionchar athruithe an domhain mhóir mar atá tionscal na ríomhaireachta sa lá atá inniu ann.
athruithe daonra population changes
" An é go bhfuil caighdeán na bhfoirne sin tite go sealadach nó an bhfuil géarchéim sna contaetha sin maidir le dul chun cinn na hiomána? Na scéalta atá ag teacht as Corcaigh is measa, sé sin, go bhfuil caighdeán na gclubanna íslithe an oiread sin nach bhfuil ar a gcumas dul san iomaíocht i gceart i gcraobhchomórtas chlubanna na Mumhan agus go bhfuil clubanna cáiliúla na cathrach, Naomh Fionnbarra, An Charraig Dhubh agus Fánaithe an Ghleanna tite i léig ar fad de bharr athruithe daonra agus thionchar an tsacair.
Caithfidh sé go bhfaca tú athruithe iontacha le do linn You must have seen great changes in your time
" "Caithfidh sé go bhfaca tú athruithe iontacha le do linn," arsa an polaiteoir.
athruithe a chur i gcrích to bring about changes
" Is é an freagra a bhí ag an gCathaoirleach ar a litir tamall ina dhiaidh sin ná post an bhainisteora a thairiscint dhó! In ainneoin an mhéid a tharla roimhe sin ghlac sé leis an gcuireadh sin go fonnmhar, mar bhí a fhios aige go bhféadfadh sé athruithe a chur i gcrích (ag an am sin bhí cúigear roghnóir ceaptha ach gan aon duine amháin i gceannas!) agus an bhliain dár gcionn bhuaigh Tiobraid Árann Craobh Mhionúr na hÉireann faoina stiúir i gcoinne Cill Chainnigh.
ar son na n-athruithe atá de dhíth orthu for the changes that they want
" Seo seans don DUP troid ar son na n-athruithe atá de dhíth orthu.
athruithe fadtéarmacha long-term changes
" Dar le roinnt de na saineolaithe atá ag forbairt na ngléasanna seo, d'fhéadfaí rudaí ar nós theocht agus luas na gaoithe a thomhas go leanúnach le clib bheag agus anailís a dhéanamh ar aon athruithe fadtéarmacha a bhí le feiceáil tar éis do léitheoir an t-eolas a bhailiú.
athruithe aeráide climate changes
" * Glactar leis go coitianta go dtarlóidh cibé athruithe aeráide atá i ndán dúinn de bharr thionchar an tí ghloine go réidh, de réir a chéile.
athruithe a thionscan i gcúrsaí polasaí initiate policy changes
" Gan amhras, ba cheart go mbeadh deis ag gach vótóir dul i bhfeidhm ar an rialtas agus athruithe a thionscan i gcúrsaí polasaí.
athruithe a chur i gcrích to make changes
" Ní hamháin go raibh saoirse chainte againn (murab ionann agus na Sóivéadaigh bhochta, na créatúir), ach dá dteastódh uainn athruithe a chur i gcrích, bhí an tsaoirse againn vóta a chaitheamh agus na hathruithe sin a dhéanamh.
athruithe changes
" " Agus fiche bliain caite aici in RTÉ, céard iad na hathruithe is mó atá feicthe aici le linn na tréimhse sin? "Dul chun cinn na teicneolaíochta, gan dabht," a deir sí.
athruithe áirithe certain changes
" Fógraíodh roimh an Nollaig go raibh sé i gceist ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) athruithe áirithe ar rialacha na peile agus na hiomána a chur ar a dtriail agus é sin a dhéanamh le linn na gcomórtas luathbhliana ar nós Chorn Uí Bhroin agus na Sraithe Náisiúnta peile agus iomána.
athruithe móra big changes
" "Tá uachtarán nua, John Hughes, againn ach tá mé den tuairim nach mbeidh athruithe móra ag titim amach anseo.
athruithe drámatúla dramatic changes
" Tháinig athruithe drámatúla ar a ealaín nuair a d'fhág sé an Róimh agus in áit a phictiúir a bheith lán de ghníomhaíochtaí pléisiúrtha an tsaoil, d'éirigh siad inbhreathnaitheach, dorcha agus machnamhach.
athruithe changes
" ” Is mór iad na hathruithe atá tagtha ar an tír seo ó bhí de Valera ina Uachtarán, áfach, iad feicthe ag Donncha Ó hÉallaithe sa nGalltacht agus sa nGaeltacht.
athruithe dochreidthe incredible changes
" Má thógaimid tréimhse ceathracha bliain, ó lár na seascaidí i leith cuir i gcás, tá athruithe dochreidthe feicthe ag cuid againn.
ó thaobh na n-athruithe polaitiúla as regards the political changes
" Bhí an t-am ceart chomh maith ó thaobh na n-athruithe polaitiúla a bhí ag tarlú sa dá thír.
aon athruithe a chur i bhfeidhm to implement any changes
" AÓF: An bhfuil tú sásta leis na córais éagsúla moltóireachta a bhíonn in úsáid nó ar mhaith leat aon athruithe a chur i bhfeidhm? LÓM: Tá.
athruithe ollmhóra sa gheilleagar huge changes in the economy
" Ach tá taobh eile ar an bhonn: nuair a imeoidh an fuinneamh saor, tarlóidh athruithe ollmhóra sa gheilleagar.
athruithe changes
" Agus is gnó é ina bhfuil an méid céanna athruithe ar siúl is atá i ngnó na bpaisinéirí.
go gcuirfear athruithe móra i gcrích that big changes will be made
" Is mian leo go gcuirfear athruithe móra i gcrích sula mbeidh siad sásta páirt a ghlacadh sa Bhord Póilíneachta agus tionchar níos mó a bheith acu ar chúrsaí póilíneachta ar mhaithe lena lucht tacaíochta.
athruithe a thiocfas changes that will come
" Mar gheall ar athruithe a thiocfas leis an chéad chlár eile de Chistí Struchtúracha na hEorpa 2007-13, beidh cead ag Albain maoiniú trasteorann a iarraidh faoin Territorial Co-operation Objective.
tá athruithe móra tagtha big changes have come
" Idir an dá linn, ámh, tá athruithe móra tagtha.
i bhfianaise na n-athruithe atá tarlaithe sa tionscal teilifíse. in light of the changes in the television industry.
" Ní dóigh leis, áfach, go bhfuil sé sin chomh réadúil céanna mar sprioc anois, i bhfianaise na n-athruithe atá tarlaithe sa tionscal teilifíse.
go raibh athruithe de dhíth that changes were required
" Bhí sé tuigthe ag an chuid is mó de phobal na cathrach go raibh athruithe de dhíth agus bhí dóigheanna éagsúla ann leis na hathruithe sin a thabhairt i gcrích.
cuid mhór athruithe a lot of changes
" An t-aon chosaint atá agam ná, taobh istigh den institiúid, bhí cuid mhór athruithe ag tarlú i rith an ama.
athruithe dearfacha positive changes
" Ní gá gur athruithe dearfacha atá iontu uilig, ach a mhalairt.
leasuithe agus athruithe improvements and changes
" Agus muid ag maireachtáil anois i ré seo na teicneolaíochta, sílim gur gá leasuithe agus athruithe a dhéanamh ar na polasaithe uilig agus ábhar nua a chur leo.
athruithe changes
" Tá go leor athruithe tagtha ar an leibhéal seo le blianta beaga anuas.
athruithe móra cinniúna big changes of fortune
" ” I ndiaidh am Cholm Cille, tháinig athruithe móra cinniúna ar an oileán.
tá athruithe tagtha ar an tsochaí. society has changed.
" Bhí an córas oiliúna atá ann oiriúnach go maith am amháin ach anois tá athruithe tagtha ar an tsochaí.
athruithe a chur i gcrích. to implement changes.
" Deirtear go minic faoi Peter gur acmhainn thábhachtach é d’eagraíochtaí ar mian leo dul chun cinn a dhéanamh nó athruithe a chur i gcrích.
dhá shórt athruithe two sorts of changes
" Ach tá dhá shórt athruithe le teacht.
céad bliain i ndiaidh athruithe suntasacha na bliana 1906. 100 years after the substantial changes of 1906.
" Is é an cluiche seo atá á imirt go fóill, céad bliain i ndiaidh athruithe suntasacha na bliana 1906.
inar fógraíodh athruithe in which changes were announced
" De bharr na gceisteanna dlíthiúla seo, is doiligh a mheas cén stádas atá ag an chiorclán a d’eisigh an tAire Oideachais i mí Iúil 2007, inar fógraíodh athruithe ar an luath-thumoideachas.
athruithe suntasacha significant changes
"athruithe suntasacha tagtha ar an atmaisféar sna staideanna cruicéid ó thosaigh mé ag freastal ar na comórtais thrialacha abhus níos mó ná tríocha bliain ó shin.
athruithe teicneolaíochta technological changes
" Ina cholún san eagrán deireanach de *Beo!*, phléigh Colm Ó Snodaigh na hathruithe teicneolaíochta atá tar éis tarlú sa tionscal ceoil.
Athruithe Suntasacha significant changes
" Athruithe SuntasachaCáipéis théagartha is ea Conradh Liospóin, a dhéanfaidh Athruithe Suntasacha ar chumhachtaí agus ar mhodh oibre chóras polaitiúil an AE.
Athruithe ag an bharr changes at the top
" ***Athruithe ag an bharr:*** Ón 3 Márta, is é Dónall Mac Giolla Chóill a bheas mar eagarthóir ar *Lá Nua* agus táimid thar a bheith muiníneach go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe.
mórán athruithe a lot of changes
" “An t-albam a rinne muid a thaifeadadh, ‘an t-albam dubh’, bhí ceol air a bhí muid tar éis a bheith ag cleachtadh le bliain roimhe sin, mar sin ní raibh mórán athruithe le déanamh air.
athruithe chun feabhais change for the better
" Bímis dóchasach gur athruithe chun feabhais a bheas i gceist agus gur fearrde astu a bheas an lucht spóirt.
athruithe ollmhóra huge changes
" Am suimiúil is ea é don té atá ag ceannach cairr mar tá athruithe ollmhóra ag teacht ar mhargadh na gcarranna i Meiriceá.
mór-athruithe big changes
" Bíodh sé maith, olc nó dona mar straitéis, cuireann mór-athruithe mar seo mearbhall ar dhaoine.
athruithe changes
" SMM: Le do shaolré féin a Rónáin, an bhfaca tú athruithe, an bhfuil sé feiceálach? RMAB: Á Dhia, tá sé feiceálach.
Athruithe changes
" Athruithe im’ iompar ba mhó a bhí i gceist, ach braithim gur chuidigh mo cheolmhacnamh chomh maith.
n-athruithe changes
" In ainneoin na tubaiste geilleagraí agus na n-athruithe atá i ndán dúinn, tá cónaí orainn i dtír atá, i gcomhthéacs idirnáisiúnta, go maith as fós.
Athruithe changes
" Athruithe ==== **SMM: Chonaic tú Athruithe go leor i scéal na Gaeilge ón gcéad lá ar leag tú cos ar thalamh ghlas na hÉireann.
roinnt athruithe some changes
" Mar sin féin d’fhéadfaí roinnt athruithe a chur i bhfeidhm ar scéimeanna atá ann cheana féin le hairgead a shábhailt anseo is ansiúd agus trí dheireadh a chur le díomailt airgid ar aistriúchán an uafás doiciméidí móra nach léitear.
athruithe dlí changes in law
"athruithe dlí a d’éascódh úinéireacht ghunnaí a thuilleadh curtha ar athló sa Bhrasaíl agus tá reifreann nua á mholadh faoin gceist ar cheart díolachán arm tine a chosc go hiomlán.
athruithe tosaigh initial mutations
" Is féidir an-fhreagra a thabhairt ar an cheist amaideach sin a chuirtí sách minic roimhe seo, "what good is Irish to anyone?" mar “it can save you for at least four years more from the effects of Alzheimer’s”! B’fhéidir ach an taighde a dhéanamh amach anseo, go bhfeicfear mar gheall ar éagsúlacht leagan amach na dteangacha a bheadh i gceist, vso móide athruithe tosaigh in éineacht le hateanga svo, iad siúd abraimis, le hais dhá theanga svo móide ateanga svo eile, go mbeidh i bhfad níos mó ná ceithre bliana saor ó dhrochthionchar na mallréire i gceist.
thairbhe na n-athruithe the results of the changes
" Rinne siad beag is fiú de thairbhe na n-athruithe, ag maíomh nach raibh aon fhianaise ann a léirigh go n-éireodh leo líon na gcaiteoirí a laghdú.
athruithe changes
"athruithe móra tagtha ar an tír seo le blianta anuas, i ngan fhios dúinn, ach táthar á sonrú go soiléir le bliain anuas.
athruithe suntasacha estimable changes
" Tar éis d'Alexander Dubček agus leasaitheoirí eile an Pháirtí Chumannaigh tabhairt faoi 'chrot nua' a chur ar dhúnghaoisí an pháirtí in Aibreán 1968 ('aghaidh dhaonna an tSóisialachais' a chur chun cinn ba ea a n-aidhm) mhéadaigh ar dhóchas na ndaoine go bhféadfaí athruithe suntasacha teacht ar an saol.
chlár athruithe program of change
" Ghlac na Sóivéidigh ceannas míleata ar an tír sula raibh deis an ag an bPáirtí Cumannach cur lena chlár athruithe, agus chuireadar fear nua, Gustáv Husák, in áit Dubček, a dhéanfadh de réir thoil Mhoscó.
mholann athruithe advises changes
" Foilsíodh tuarascáil, ar a dtugtar an Gonski Report, ar na mallaibh, ámh, a mholann athruithe do mhaoiniú scoileanna na tíre a réiteodh an cheist achrannach seo – dá gcuirfí i bhfeidhm iad.
athruithe suntasacha i bhfeidhm considerable changes in place
" Chuir Conradh Liospóin athruithe suntasacha i bhfeidhm ar ghnéithe casta a bhain le bunreacht an Aontais Eorpaigh.
athruithe móra major changes
" Comhdháil an Bhunreachta ======== Gheall Fine Gael agus an Lucht Oibre araon go gcuirfidís athruithe móra ar an bhunreacht.
Is beag athruithe few changes
" Is beag athruithe atá molta ag an Aire Phil Hogan ar údaráis áitiúla na tíre, cuirim i gcás, agus tá an rialtas ag leanstan leis an ghnás náireach cairde polaitiúla a cheapadh ar bhoird stáit.
athruithe suntasacha eile other remarkable changes
" Thug an daonáireamh is déanaí athruithe suntasacha eile chun solais, leis.
Athruithe ar Thír is ar Thalamh universal changes
" Athruithe ar Thír is ar Thalamh ========== Tá pobal na hÉireann i bhfiacha leis an Gearmánaigh ar na billiúin Euro; tá comhlachtaí móra na Gearmáine ag ceannach siopaí Shráid Grafton agus tá na Rúisigh, fiú, ag tosú ár gcuid óstán a cheannach (an t-óstán a raibh Tóstal na Gaeilge 2013 san áireamh).
athruithe suntasacha meaningful changes
" D’fhógair an rialtas coiméadach anseo, le Stephen Harper mar Phríomh-Aire aige, gur mhaith leo athruithe suntasacha a thabhairt isteach sa bheartaíocht, go háirithe maidir le cumhacht agus pleanáil na n-uiscebhealaí agus na talún ar fud na tíre.
athruithe aeráide climate change
" Is fada an t-úll ón úllort más ag leagan béime ar athruithe aeráide atáimid i dtaca le hocras agus gorta ar domhan.
i leith athruithe ar dhlithe gunna regarding changes in the gun laws
" Ba mhaith leo nach mbeadh gunnaí le ceannach ina siopaí ach níor éist an Seanad leo ná leis an gcuid is mó Meiriceánach i leith athruithe ar dhlithe gunna.
mórán athruithe suntasacha many remarkable changes
" Ní hamháin go raibh ar Oifig Gnóthaí Baile na Breataine leasuithe nua a chur chun cinn de thairbhe líon na bPoblachtach a bhí anois mar chimí acu ach bhí orthu riocht iomlán nua a chur ar an seanchóras coiriúil s’acu, córas nár cuireadh mórán athruithe suntasacha air ó ré na Géarleanúna ar aghaidh.
Níor mhiste athruithe a dhéanamh it’d be no harm to make changes
" Níor mhiste athruithe a dhéanamh i modhanna oibre an tSeanaid.
roinnt athruithe déanta ar an inneall some changes made to the engine
" Tá stíl i bhfad níos deise ar an gcorp – agus roinnt athruithe déanta ar an inneall freisin.
Athruithe de Dhíth changes needed
" Athruithe de Dhíth ======= É sin ráite, tá an córas idirchontae an-lochtach i gcónaí ó thaobh na féilire de: bhí foirne Uíbh Fhaillí agus Aontroim díbeartha as craobhchomórtas na hÉireann, 2013, tar éis dóibh dhá chluiche a imirt, ceann i gcomórtas Laighean agus ceann i gcomórtas Chorn Mhic Cárthaigh, lá sular imir Corcaigh a gcéad chluiche i gcraobhchomórtas na Mumhan.
athruithe móra tagtha big changes have taken place
" Ach tá athruithe móra tagtha ar an mbealach a bhfaightear na torthaí le cúpla bliain anuas.
oiread sin athruithe ar na bacáin so many changes in the planning
" Agus oiread sin athruithe ar na bacáin níor mhór ar bhonn práinneach d'iriseoirí agus staraithe teacht le chéile chun a chinntiú nach gcaillfear an chartlann thoirtiúil d'ábhar atá bailithe ag na meáin Ghaeilge agus nach gceillfear a dtábhacht ar an phobal.
athruithe changes
"athruithe agus tá plé ar siúl, ach tá an iomarca de ar siúl i gcomhthéacs airgid.
rinneadh athruithe suntasacha major changes were made
" Anuas air sin rinneadh athruithe suntasacha ar ghnéithe áirithe den tsochar leasa shóisialaigh a bhíonn ar fáil do phinsinéirí, ach is iad na ciorraithe is mó a chuirfeadh anró ar dhaoine.
glacadh le athruithe the changes were accepted
" ’ Rogha an dá díogha a bhí ag na ceardchumainn: glacadh le athruithe a bhí i socrú Bhóthair Haddington, a bhí oibrithe amach tré idirbheartaíocht leo, nó glacadh le hathruithe níos measa a chuirfí i bhfeidhm gan aon idirbheartaíocht.
Tionscadal Athruithe Sóisialta a social change project
" De réir a shuímh féin: “Is 'Tionscadal Athruithe Sóisialta' é SpeakTalkChat.
athruithe suntasacha substantial changes
" Screamh Mhín an 'endeavorachais' ================ Díol spéise go ndearna an rialtas athruithe suntasacha ar an ráiteas a bhí le heisiúint nuair a foilsíodh an Plean.
Athruithe Molta changes advised
" Athruithe Molta ====== Cé go raibh 100,000 cuairteoir gach bliain ar an iarsmalann bhí sé ag cailleadh airgid agus i 2009 thairg Comhairle Cathrach Manchain £2 milliún per annum dóibh le bogadh go dtí an chathair mhór sin.
a íomhá athruithe go tubaisteach his image has changed disastrously
" Táthar ag rá cheana féin go bhfuil deireadh le feachtas uachtaránachta an Ghobharnóra Christie, agus go bhfuil a íomhá athruithe go tubaisteach ó cheann an Fhir Ghnímh go ceann an Bhullaí Ghránna.
athruithe ar bun changes afoot
" Ag an am, bhí athruithe ar bun maidir le cúrsaí infheistíochta agus sealúchais.
nach bhfuil ar a gcumas athruithe a dhéanamh who can’t adapt
" Toradh na mí-oiliúna ná imreoirí nach bhfuil ar a gcumas athruithe a dhéanamh, an gníomh sciliúil gan choinne a chur i bhfeidhm faoi mar a dheineadh sárimreoirí na haimsire atá thart - Best, Maradona, Pele, Cruijff is araile.
athruithe radacacha radical changes
" Tá Fachtna Ó Drisceoil den tuairim gur gá athruithe radacacha a dhéanamh ar an Seanad chun é a dhéanamh níos daonlathaí.
athruithe changes
" Thug Barra Mac Giolla Iasachta cuairt ar an tSín i mbliana agus chuir na hathruithe atá ag teacht ar an tír alltacht air.
athruithe changes
" Déanann Colm Mac Séalaigh na hathruithe ar rialacha na gcluichí Gaelacha atá beartaithe don bhliain úr a mheas.
athruithe changes
" Bí ag caint ar an nath ‘tiocfaidh ár lá’! Tá muintir na hAstráile ag cur is ag cúiteamh faoin lá náisiúnta a athrú agus faoi athruithe eile chomh maith leis an mhéid sin a chur i bhfeidhm ag an am chéanna ar leagan amach reachtúil na tíre.
athruithe changes
"athruithe curtha i bhfeidhm ar chúrsaí inimirce na hAstráile ag rialtas an Lucht Oibre arbh fhéidir a rá fúthu, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, nach bhfuil siad aon bhlas éagosúil leis an Pacific Solution, córas na gCoimeádach féin.
ndéanfaí roinnt athruithe some changes ought to be made
" Molann Roseanne Smith go ndéanfaí roinnt athruithe in oiliúint lucht ríomhaireachta in ollscoileanna na hÉireann go luath.
ag iniúchadh athruithe checking out changes
" Bhí Alan Desmond ag iniúchadh athruithe in iompar na Stát Aontaithe i leith na nInimirceach, athruithe a bheas tábhachtach do na céadta míle Gael sna Stáit Aontaithe.
roinnt athruithe a chur i gcrích to put through some changes
" Ó hUigín ar Shasana, i mí Aibreáin seo chugainn, deis don dá rialtas roinnt athruithe a chur i gcrích.