Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go bhfreastalóidís that they would attend
" Gheall a bhformhór go bhfreastalóidís ar an gcéad chúrsa eile a bheadh ar siúl againn.
go bhfreastalóidís that they would attend
" Gheall a bhformhór go bhfreastalóidís ar an gcéad chúrsa eile a bheadh ar siúl againn.
freastal ar to attend
" Is mian leo go leanfadh bunadh na cathrach orthu ag freastal ar a gcúraimí laethúla, agus teastaíonn uathu go leanfadh turasóirí orthu ag teacht chun na cathrach.
le freastal ar na riachtanais to attend to the needs
" Ní raibh gach duine sa rang ag an leibheál céanna agus bhí bealach an-chliste ag na múinteoirí le freastal ar na riachtanais a bhíodh ag na gasúir.
ag freastal ar riachtanais an phobail attending to the public's needs
" Chaill an daonra pé muinín a bhí acu sna páirtithe polaitíochta mar gur tháinig siad ar an tuairim nach raibh siad ag freastal ar riachtanais an phobail ach ar a gcuid riachtanas féin.
ag freastal ar attending
" Níl an leabhar ar fáil go fóill, ach deir an Free Press: "Tar éis dó a shaol a chaitheamh ag freastal ar an Aifreann gach Domhnach, tá deireadh curtha ag Breslin leis an cheangal atá aige leis an Eaglais a raibh oiread grá aige di tráth, agus, sa leabhar tábhachtach seo, atá lán feirge an duine a bhraitheann gur tréigeadh é, míníonn sé cén fáth.
ag freastal ar attending
" Chaith sé samhradh 2003 ag taisteal na tíre agus ag freastal ar chluichí peile agus iomána.
ní fhéadfainn freastal air ach go hannamh I could only attend it occasionally
" Bhíos ag freastal ar an rang seo ar feadh b'fhéidir trí nó ceithre de bhlianta agus ag baint an-taitnimh as, ach ansin thosaigh mo chuid oibre ag méadú agus ní fhéadfainn freastal air ach go hannamh.
d'fhreastalaímis ar na cúrsaí we used to attend the courses
" Bhíodh m'athair ag múineadh sa choláiste agus d'fhreastalaímis ar na cúrsaí chuile bhliain.
a d'fhreastail ar who attended
" Thug sé an-tacaíocht don Ghaeilge i gcónaí, mar shampla, bhí sé ar dhuine de na chéad daoine a d'fhreastail ar chúrsaí Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus a thug tacaíocht don nuachtán *Lá* agus do na scoileanna lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.
ag freastal ar attending
" asp) Cuid 4 le fáil anseo Agus mé ag freastal ar Centro Koinè i Lucca, rinne muid dhá thuras an-taitneamhacha taobh amuigh den chathair, agus fuair muid roinnt eolais mar gheall ar an saol faoin tuath sa seanam agus sa atá inniu ann.
freastal ar to attend
" Cé go raibh mé tar éis freastal ar ranganna sna Stáit Aontaithe, agus go raibh beagán eolais agam ar an ghramadach agus ar fhocail, ní raibh cleachtadh ar bith agam ar bheith ag labhairt na Gaeilge ná bheith ag éisteacht léi.
freastal ar to attend
" Cé go raibh mé tar éis freastal ar ranganna sna Stáit Aontaithe, agus go raibh beagán eolais agam ar an ghramadach agus ar fhocail, ní raibh cleachtadh ar bith agam ar bheith ag labhairt na Gaeilge ná bheith ag éisteacht léi.
freastal attend
" Tá breis is 600 comhlacht agus eagraíocht a thagann faoi fhorálacha an Achta agus dúshlán an-mhór a bheidh ann freastal ar riachtanais na ndreamanna seo sna blianta atá romhainn.
freastal attend
" Tá breis is 600 comhlacht agus eagraíocht a thagann faoi fhorálacha an Achta agus dúshlán an-mhór a bheidh ann freastal ar riachtanais na ndreamanna seo sna blianta atá romhainn.
ag freastal ar attending
" De ghnáth, bíonn ar a laghad trí imeacht againn gach deireadh seachtaine agus bím féin i láthair ag na himeachtaí sin ar fad, nach mór! AÓF: Céard faoin bpobal áitiúil? An mbaineann siadsan úsáid as an áit nó cé hiad na daoine a bhíonn ag freastal ar na hócáidí? SMP: Bíonn an teach in úsáid go rialta ag an bpobal áitiúil.
ag freastal ar scoil de chuid an rialtais attending a government school
" Tá siad ag freastal ar scoil de chuid an rialtais faoi láthair ach an bhliain seo chugainn, rachaidh siad go dtí meánscoil príobháideach.
a fhreastalaíonn ar ranganna Gaeilge who attend Irish classes
" Tá mic léinn eile ann a fhreastalaíonn ar ranganna Gaeilge mar go bhfuil spéis acu sa cheol traidisiúnta, go háirithe san amhránaíocht.
le freastal ar thórramh seanmhúinteora dá cuid to attend the funeral of an old teacher of hers
" Ach tarlóidh sé fós, b’fhéidir!” **Múinteoir faoi leith** Nuair a bhuail mé le Muireann, bhí sí díreach i ndiaidh pilleadh as Ciarraí, áit a ndeachaigh sí cúpla lá roimhe sin le freastal ar thórramh seanmhúinteora dá cuid ón bhunscoil, Mícheál Ó Dubhshláine.
ag freastal ar attending
" foghlaimeoirí Gaeilge idir 11 bhliain agus 18 mbliana d’aois), múinteoirí agus mná tí, ag freastal ar sheisiún ceoil anois is arís, agus ag baint thaitneamh an domhain as an obair agus as an saol difriúil a bhíonn ann i rith an tsamhraidh.
ag freastal go rialta attending regularly
" Ach chuir an Coileánach é féin ar fáil dóibh le seans a thabhairt dóibh bheith ar aon leibhéal le daoine a bhíodh ag freastal go rialta ar na ranganna.
ag freastal ar attending
" Is dócha go bhfuil níos mó ná tríocha míle páiste ag freastal ar Ghaelscoileanna na tíre faoi láthair agus an uimhir seo ag méadú in aghaidh na bliana.
ag freastal ar na trí phríomhócáid: attending the three main events:
" “An chéad rud a dúirt mé ná, agus ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, agus bhí ríméad orm glacadh le honóir iontach mar seo, ‘ach nach seanl*ads* is mó a bhíonn ag plé leis?’” Is é dúirt Liam ar ais ná go mb’fhéidir gur cheart do Thadhg breathnú ar a theastas breithe agus an dáta a sheiceáil! Cineál ambasadóra don Fhéile is ea Uachtarán an Oireachtais agus beidh Tadhg ag freastal ar na trí phríomhócáid: Oireachtas na Cásca i Leitir Ceanainn, bronnadh na nduaiseanna liteartha i mBaile Átha Cliath, agus Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart.
ag freastal ar attending
" Tá suas le 30,000 páiste ag freastal ar ghaelscoileanna ar fud na tíre; tá 10,000 páiste ag freastal ar scoileanna Gaeltachta.
Ba ghnách le Gráinne freastal ar choláistí samhraidh Gráinne used to attend summer colleges
"Ba ghnách le Gráinne freastal ar choláistí samhraidh fosta, le feabhas a chur ar a cuid Gaeilge, ach admhaíonn sí gur ar mhaithe leis an chraic a chuaigh sí ann fosta.
ag freastal ar cheolchoirmeacha attending concerts
" Nuair a thosaigh mé ag cur spéise sa cheol traidisiúnta, ag freastal ar cheolchoirmeacha agus ag ceannach ceirníní, bhí lámh Dhónal Lunny ar beagnach gach rud maith.
ag freastal ar attending
" Tá cúigear clainne ag Derek agus a bhean Eilis agus bhog siad go Birkdale in 2004 le bheith níos cóngaraí dá gcuid mac, atá ag freastal ar Scoil Stoneyhurst i Lancashire.
shocraigh sé go bhfreastalódh sé ar an gcluiche. he decided that he'd attend the game.
" Bhí athair Peter náirithe agus shocraigh sé go bhfreastalódh sé ar an gcluiche.
freastal ar an ollscoil. to attend university.
" AÓF: Cén chaoi ar thosaigh tú ag déanamh fidleacha? YB: Bhuel, nuair a chríochnaigh mé mo chuid scolaíochta, níor theastaigh uaim freastal ar an ollscoil.
le freastal ar chomhdháil to attend a conference
" Cúpla mí ó shin, chuaigh mé go Rotorua le freastal ar chomhdháil de chuid léiritheoirí Maoracha teilifíse.
ag freastal ar na cluichí attending the games
" I gcás gach ceann acu, na cinn mhóra ach go háirithe, bíonn corradh agus 80,000 duine ag freastal ar na cluichí gach Satharn.
ar bhunscoil ullmhúcháin phríobháideach (attended a) preparatory private primary school
" D’fhreastail na daoine eile ar bhunscoil ullmhúcháin phríobháideach agus ba léir gur shíl siad go rabhadar níb éirimiúla, ní ba chliste agus ní ba shofaisticiúla ná lucht na scoile náisiúnta.
ag freastal ar chruinnithe attending meetings
" Thosaigh Tommy féin ag freastal ar chruinnithe de chuid Chomhairle na Breataine sa bhliain 1949, agus baineann sé úsáid as a chuimhní féin chun an scéal a insint.
caithfear freastal ar lot ar bith atá ag cur fola. any wound which is bleeding must be attended to
" Ó thaobh na garchabhrach de, agus an “ABC” déanta, caithfear freastal ar lot ar bith atá ag cur fola.
a fhreastalaíonn ar a gcuid seónna. who attend their shows.
" "Fíbín: pléascadh lúcháire agus sonais" Ba sa bhliain 2003 a bunaíodh Fíbín agus ó uair a bhunaithe tá aisteoirí de chuid an chompántais puipéad ag cur gliondair ar chroí na ndaoine a fhreastalaíonn ar a gcuid seónna.
freastal attend (to), serve
" Dúirt sí leis go gcaithfí freastal chomh maith orthu sin gan Ghaeilge nó go raibh a gcuid Gaeilgle chomh lag sin nach dtiocfadh leo foghlaim i ranganna a bheadh go hiomlán i nGaeilge.
ag freastal ar ranganna Gaeilge in Éirinn attending Irish language classes in Ireland
" Tá na mílte foghlaimeoir ag freastal ar ranganna Gaeilge in Éirinn agus i dtíortha eile ar mhaithe le forbairt phearsanta agus phroifisiúnta a bhaint amach dóibh féin.
ar a fhreastalaíonn páistí an iarrthóra, which the applicant's children attend,
" Dúirt sí gur cheart go gcuirfí an scoil ar a fhreastalaíonn páistí an iarrthóra, an fonn atá air an teanga a fhoghlaim agus tinreamh ag ranganna Gaeilge san áireamh fosta.
ag freastal ar attending
" Bhí Carrie ag freastal ar m’ardrang agus is cuimhin liom gur chuir sí go mór leis an chúrsa.
ag freastal attending
" ” Bhí mé ag freastal ar ranganna oíche Gaeilge do dhaoine fásta i Learpholl i 1985 agus chuala muid ansin go raibh athbheochan iontach ag dul ar aghaidh i mBéal Feirste, áit a bhfuil gaolta agam.
a fhreastalaíonn ar na comhdhálacha móra who attend the big conferences
" Rinne sé cur síos thar a bheith siamsúil, tráth den saol, ar chuid de na daoine a fhreastalaíonn ar na comhdhálacha móra a reáchtálann eagraíochtaí teanga – “*Anoraks* na Gaeilge”, a thug sé orthu, “ a mbíonn *orgasm* acu nuair a bheireann siad greim ar an micreafón lena gcuid a rá!” D’fhéadfaí a rá go mbíonn gothaí móra agus buillí beaga i gceist go minic i saol na Gaeilge.
Phléigh na hionadaithe a bhí i láthair the representatives who attended discussed
" Phléigh na hionadaithe a bhí i láthair a dtaithí phearsanta i leith na gcúrsaí seo.
freastal attending
" Thosaigh sé ag freastal ar Chumann Chluain Ard, an cumann Gaelach is clúití i mBéal Feirste.
cruinnithe le freastal meetings to attend
" Bíonn cruinnithe le freastal agus cinní le glacadh.
lucht na bainise (those) who attended the wedding
" Bhí sé suimiúil go ndúirt bean de lucht na bainise “fáilte go tír a bhfuil bóithre ann atá níos leithne ná leithead carr amháin”.
freastalaíonn attend
" org) agus freastalaíonn idir ceathrar agus ochtar páistí air, gach Satharn, in éineacht lena dtuismitheoirí.
freastalaíodh was attended
" Ní íocfar an tsuim seo gan deimhniú gur freastalaíodh ar an Chomhdháil, ach ní gá aon chruthúntas a chur ar fáil gur thaisteal tú i do charr féin nó gur fhan tú san óstán atá luaite leis.
gcaithfidh sé freastal he has to attend
" Sa leabhar L’Adversaire a scríobh Emmanuel Carrère agus atá bunaithe ar shaol Romand, feictear an príomhcharachtar ag imeacht as an teach chuile mhaidin chun dul ag obair, mar dhea, nó ag ligint air go mbeidh sé imithe ón mbaile ar feadh tréimhse cúpla lá toisc go gcaithfidh sé freastal ar chomhdháil éigin i dtír iasachta a bhaineann lena chuid oibre.
freastalóidh shall attend
" Chomh maith le páirt a ghlacadh i gCuairt na hÉireann, freastalóidh Mac Tréanlámhaigh ar an Livestrong Global Cancer Summit a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath idir 24 agus 26 Lúnasa.
freastal attending
" Bhíos ag freastal ar chomhdháil staire le gairid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a eagraíódh faoin teideal ‘*Irish Socialist Lives’*.
d'fhreastail mé I attended
" Bhí neart sléibhteoirí i láthair nuair a d'fhreastail mé ar shochraid Joyce Taylor (an bhean a tháinig slán ón Dochtúir Shipman, Beo, eagrán 9, Eanáir 2002) ar 7ú Eanáir i Hyde, in aice leis an Peak District, cuid de Na Sléibhte Pennine, agus d'inis siad dom go raibh an Kinder Downfall reoite.
freastal attending
" Buíochas le Dia, bhí athbheochan den cheol tradisiúnta sa cheantar nuair a thosaigh mé ag freastal ar chúrsaí Gaeilge ag Oideas Gael i lár na 1980s agus an caiséad 'Ó bhun Shliabh Liag' a cheannaigh mé ansin san am, tá sé agam go fóill.
freastal attend
" Tagann na céadta míle mac léinn as tíortha éagsúla san Áis chun na hAstráile gach bliain le freastal ar chúrsaí oideachais.
freastal ar attend
" Toisc nach raibh na mic léinn in ann freastal ar ranganna i rith an ama sin, ná an obair leanúnach a mbíonn céatadán den mharc iomlán ag dul di a chur ar fáil, tá amhras ann faoin stádas a bheas ag na scrúduithe deireadh bliana sna hollscoileanna seo.
freastal ar attending
" Dúirt sé gurb é an sprioc a bhí aige go leanfadh a gcuid páistí ag freastal ar an scoil ionas go mbeadh seans acu éalú ón chruatan.
Freastlaíonn attend
" Freastlaíonn a cheathrar páiste scoil lán-Bhreatnaise agus sheas sé sa toghchán don Tionól i gCaerdydd i 2007.
D'fhreastail mé I attended
" D'fhreastail mé ar shochraid chara a fuair bás amuigh ar na na cnoic ar na mallaibh.
freastal attending
" Reáchtálann siad ranganna teanga anseo san Oireachtas do na baill ar suim leo feabhas a chur a gcuid Gaeilge agus tá sé ar intinn agam freastal ar na ranganna sin nuair a bheidh na leanaí níos sine.
d'fhreastlaíos I attended
" Blianta níos déanaí agus spéis fós agam san ábhar, d'fhreastlaíos ar chúrsa leis an modh a fhoghlaim ag ionad TM, cois canálach, i Raghnallach, i ndeisceart Bhleá Cliath.
freastal attend
" Gnáthlá Oibre ag Roinnt Daoine Ní féidir le gach duine freastal ar ráschúrsa ar an lá, ámh, ach reáchtáiltear imeachtaí éagsúla le deiseanna a thabhairt dóibh siúd a bheith páirteach sa cheiliúradh náisiúnta.
fhreastalaíonn attend, frequent
" Mhol mé dóibh mar sin, suaitheantas go bhfaighfeadh úsáideoirí ‘Fáinne’ nuair a fhreastalaíonn siad ar áiteanna ina bhfuil Gaeilge infheicthe (m.
ag freastal attending
" Teanga i nDiaidh a Chéile Thug mé faoi deara go raibh Clare ag freastal ranganna Ghaeilge ag Oideas Gael i mbliana, chomh maith le siúl na sléibhte.
D'fhreastlaíos I attended
" Hippí na hEolaíochta agus an Tonnrith D'fhreastlaíos ar léacht a thug seana-hippí as California, Bruce Damer, amach in eireaball mhí Dheireadh Fómhair in ionad taighde SmartLab i Londain.
riaradh attend to, deal with
" Ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm sa bhliain 2003, tá dualgas ar an stát agus ar chomhlachtaí poiblí cásanna cúirte sibhialta a riaradh i nGaeilge más í sin rogha teanga an pháirtí eile.
freastal attend
" Chomh maith leis sin, d’fhéadfaidís an otharlann a sheachaint nuair ab fhearr freastal air.
freastal attending
" ” Cohen » Al-Khattab === In alt amháin dá chuid, luann Miller gur mar Giúdach darb ainm Joseph Cohen a rugadh al-Khattab, agus gur iompaigh sé ina Mhoslamach tar éis freastal ar scoil raibíneach Ceartchreidmheach.
níor fhreastail didn't attend
" Bhí sé i gceist é a eagrú ar an gCeathrú Rua ach nuair a eagraíodh cruinniú sa gCeathrú Rua leis an gclár a phleanáil, níor fhreastail oiread is ionadaí amháin as an gCeathrú Rua air.
D’fhreastáil attended
" D’fhreastáil mé ar phicéad taobh amuigh d’oifig earcaíochta arm Shasana i Norwich ar 30ú Éanair a d’eagraigh Clann na hÉireann.
D’fhreastail attended
" D’fhreastail na mílte duine ar a shochraid rud a léirigh an meas a bhí air.
Chuas ar I attended
" Chuas ar Scoil Naomh Eirc ar an bhFeothanaigh agus as san go dtí an cheardscoil sa Daingean.
ag freastal air attending
" Bhí ollscoil i lár na hÉireann breis is míle bliain a raibh na mílte mac léinn as tíortha thar lear ag freastal air, chomh maith leis na hÉireannaigh iad féin.
D’fhreastail attended
" D’fhreastail mé ar thórramh Ian McKeane ag Hamilton Memorial Church, Penbedw, Glannau Merswy ar an 9ú Meán Fómhair i mbliana.
freastal attend
" Ní raibh cead aici dul amach as an teach ina haonar is níor ligeadh di freastal ar sheirbhísí Meitidisteacha.
ag freastal ar attending
" Ní raibh beár ar bith san óstán ná ar an bhaile féin ar oscailt roimh a deich a chlog maidin ar bith, rud nár shásaigh Balor, ná nár shásaigh leath na ndaoine a bhí ag freastal ar an fhéile, agus iad ag dul thart ag lorg leigheas na póite.
ag freastal go tiubh quickly attending
" Sna siopaí císte agus seacláide, bíonn furú oibre agus fuadar faoi lucht an tsiopa agus iad ag freastal go tiubh ar chustaiméirí idir óg agus aosta le linn mhí na Nollag, an tréimhse is cruógaí dóibh i rith na bliana ar fad.
d’fhreastail mé I attended
" Nuair a bhí mé ag réiteach le dul amach chun na hAfraice chun mo chuid taighde a dhéanamh ar an teanga KiSwahili, d’fhreastail mé ar chúpla cúrsa a bhí Joshua Fishman a mhúineadh mar aoi-léachtóir ag an ollscoil sa samhradh.
ag freastal attending
" An locht is mó a bheadh a’msa orthu, nach mbíonn a leath acu ag freastal ar an rang go rialta.
ag freastal ar attending
" Cé nach bhfuil an teanga ar fáil i ngach scoil, tá an-chuid spéise inti anois, agus tá neart páistí ag freastal ar scoileanna Diwan nó scoileanna dátheangacha.
D'fhreastail muid we attended
" D'fhreastail muid ar Scoil Lorcáin.
Freastalaíonn roinnt some attend
" Freastalaíonn roinnt anseo as ceantar na Mullaí chomh maith.
ag freastal ar attending
" D’imir mé peil agus iomáint agus mé ag freastal ar Choláiste Mhuire i gCearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath.
chun freastal ar to attend
" Is féidir an trá chiúin a shiúl chun freastal ar bhialanna éagsúla san oíche.
freastal to attend
" **SMM: Bhog tú go Gaillimh le freastal ar an ollscoil anseo, an bhfuil an ceart agam?** BNC: Tá.
ar ar fhreastail sé féin which he himself attended
" Ar maidin an 7 Aibreán, chuaigh Wellington Menezes de Oliveira, 23, isteach sa mheánscoil ar ar fhreastail sé féin tráth, sa bhruachbhaile Realengo i gcathair Rio de Janeiro.
fhreastail sé he attended
" org, David Keyes, fear a d’oibrigh mar chomhordaitheoir faoi Sharansky ar chláir um daonlathas ag an Institiúid Adelson, go Nua Eabhrac agus Washington, áit ar fhreastail sé ar chomhdháil faoi easaontas Idirlín ag an Washington Institute for Near East Policy (WINEP), meitheal smaointe a chuir an *American Israel Public Affairs Committee* (AIPAC) ar bun.
D'fhreastail sé he attended
" D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
freastal uirthi to attend there
" Táthar ag rá le fada an lá gur fearr na laethanta scoile ná aon tréimhse eile i saol an duine agus is dócha gurbh fhearr fós na laethanta ollscoile dóibh siúd a mbíonn an deis acu freastal uirthi.
molaim dul ann I advise attending
" Bhí an dráma an-sásúil agus molaim dul ann.
freastal ar to attend
" Tá eagla ar mhuintir Beijing freastal ar an iarsmalann, áfach, agus is beag freastal atá déanta ar na salons agus ar na cainteanna a bhaineann leis an taispeántas, de réir na dtuairiscí.
fhreastalaíonn attend
" Tapaíonn sé a chuid suime san fhilíocht chun na mná saonta a fhreastalaíonn ar oícheanta filíochta a mhealladh.
d'fhreastail sé ar he attended
" An t-Aire Ealaíne, Oidhreacht agus an Gaeltacht, Séamas Ó Duineacháin TD, an t-aoi speisialta a bhí againn Dé Domhnaigh 16ú Deireadh Fómhair nuair a d'fhreastail sé ar imeachtaí ag Féile Learphoill amuigh faoin aer ag seanduga Albert.
le freastal ar to attend
" Mar thoradh ar an tsiléig seo, ceileadh deiseanna ardú céime ar chainteoirí Gaeilge agus cuireadh an t-uafás airgid is ama amú chuile bhliain ag seoladh státseirbhíseach chun na Gaeltachta le freastal ar chúrsaí a chuirfeadh snas ar a gcuid Gaeilge, cé gur dócha nach bhfaighfidís a dhath ar a shon.
dream na hÉireann the Irish (attending)
" Rud a bhí deas faoi ná go raibh daoine idirnáisiúnta ann chomh maith le dream na hÉireann.
freastal ar thórramh a n-athar to attend their father’s burial
" Sé mhí roimhe sin, cháin polaiteoirí ó go leor páirtithe éagsúla cinneadh údaráis na Breataine gan cead a thabhairt daofa freastal ar thórramh a n-athar, Ownie a' Ghabha, ar an Bhun Beag.
D'fhreastail attended
" D'fhreastail sí ar an bhunscoil taobh thiar den séipéal, ach nuair a fuair a deirfiúr bás, agus ansin a máthair, i 1919, d'fhill an teaghlach go Muineachán, áit ar chaith Owen seal leis an fheirmeoireacht.
D'fhreastail attended
" D'fhreastail an tUas Mac Gabhann ar an scoil chéanna leis an iar-Thaoiseach, Cathal Ó hEochaidh, agus sheol sé litir phearsanta chuige ar an 20 Nollaig 1979 ag impí air é a cheapadh ar bhord na heagraíochta nua.
le freastal ar to attend
" Thug mé féin turas ar an oileán i lár mhí Dheireadh Fómhair le freastal ar an bhféile agus ba mhór an taitneamh a bhain mé as.
ag freastal attending
" Is as Baile an Teampaill i mBaile Átha Cliath do Dhaithí Ó hEithir (nó David O Hare mar is fearr aithne air) agus is imreoir óg leadóige é atá ag freastal ar Ollscoil Memphis i Tennessee, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Freastalaíonn attend
" Freastalaíonn pobal dílis Chill Mhantain Thuaidh - pobal atá meánaosta, méanaicmeach, agus ar an mórgóir, dea-mhúinte.
freastal ar to attend
" Bhí cead faighte agam féin ó lucht an cheoil freastal ar an mbainis a raibh sé ag gabháil ann.